Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
Satharn
fc. dia

Satharn in iontrálacha eile (32)

 
daigh
Sin í ansin an cailín a bhfuil na daitheachaí inti. Tá poll inti agus fearsaid eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feictear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcónaí. Beidh a shliocht uirthi: ní bheidh sí ann ach feadh is mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
 
Níor dhealaigh na diabhail de dhaitheachaí seo liom fós. Tá an tseachtain saothraithe go maith agam [...]éid a shliocht orthu: tabharfaidh mise gaoth bhoird amach dóibh Dia Sathairn seo chugainn faoina bheith slán dúinn
 
Tús Aoine nó deireadh Sathairn, níor thriomaigh siad ariamh dhá dteagaidís fliuch — deirtear seo
+
dia 2
Teagann sé chuile Shatharn
TUILLEADH (18) ▼
Bainfidh tú amach go Satharn anois (ar do chuairt). Ní fiú dhuit imeacht go dtí sin
Tháinig an Satharn agus d'imigh sé, ach dheamhan cos Ph. a tháinig
Ní thabharfaidh sí an Satharn léithe go deo ─ ní mhairfidh sí go Satharn
Ní dhéanann sé aon bhuille ó Luan go Satharn ─ ar feadh na seachtaine
Níl aon cheo ag cur imní air ó Luan go Satharn ach ag guairdeall ar na coirnéil sin
Dheamhan smeach a ghníos sé ó Luan go Satharn ach mar a fheiceas tú é
Níl ag dul síos leis ó Luan go Satharn ach an cheird sin
Obair! Dheamhan buille a ghníos T. ó mhaidin go faoithin ná ó Luan go Satharn, ach istigh sa gclúid ag léamh nuaíochtaí
Níor choinnigh sé ach ó Luan go Satharn é go dtug sé bóthar dhó aríst (seachtain)
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
Sin é an marú salach Sathairn! Ní thaitníodh sé le seanBh. chor ar bith go ndéana Dia grásta uirthi!
Más pisreog ná pisreog anois é, is gránna é an marú Sathairn. Marú salach Sathairn! Chuala muid caint chuile lá ariamh air!
Tús Aoine nó deireadh Sathairn ─ má theagann tús na hAoine fliuch, níl i ndán aitealla dhó go faoithin. Tá sé mar sin le deireadh an tSathairn
Éirigh as anois agus teara abhaile. Ní bhfaighidh tú fábhall aríst inniu. Tús Aoine nó deireadh Sathairn a mhic ó
Má fheiceann tú deireadh Sathairn ag teacht anuas, tá tú réidh le triomach a fháil an lá sin
Sin é boislín broghach an tSathairn ─ is iondúil an níochán a ghnítear Dé Sathairn go mbíonn fuíoll an fhoraithe air, mar gur le haghaidh an Domhnaigh a bhíos chugat é
Boislín broghach an tSathairn atá mise a dhéanamh. Dheamhan folach léine a bhí agam a chuirfinn le mo chraiceann amárach
Satharn mór na Nollag (an Satharn roimh Lá Nollag)
 
díle 1
Is gearr an tobar abhus déanta chor ar bith: ó rinneadh tigh J. Ach tobar Ch., sin seantobar ón Díle. Bhí tobar beannaithe sa ngarraí gleannach ó dheas agus dhún sé suas ar fad an áit a ndeachaigh bean — bean de na D. í — ag níochán éadaigh ann Satharn amháin. Nach gann a chuaigh an saol uirthi go gcaithfeadh sí a dhul dhá dhéanamh sin. Boislín broghach an tSathairn arsa tusa
 
Cailín diomalach í. Ní tada eile í, dar mo leabhar. Cuireadh síos Gaillimh í Dé Sathairn agus dhá phunt aici. Tháinig sí abhaile tráthnóna agus péire beag bróga páipéir aici agus trí is sé pínne. Is mór adéarfá le fear a bheadh ag ól …
 
Tá an-láíocht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé diongbháilte ina dhiaidh sin féin. Breathnaigh air Satharn ar bith i nG. Níor léir dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige, féint (féachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
 
dochar
Má tá sí beaite féin is beag an dochar di. Sin é a maith agus a maoin ó Luan go Satharn
 
Tús Aoine agus deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus ardú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Déardaoin sonaí soir nó siar: anois an bhfuil aon cheann eile acu agat. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caite in aer anois
 
droim
Dar diagaí, dhéanfadh an cráiteachán sin slí amach ar dhroim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-éiríodh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann seascach na gcearc lena cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó Lá Fhéil Míchil go Lá Fhéil Bríde
 
dubh 2
Ní dhearna sé a dhubh ná a dhath (nó ní dhearna sé a dhath báistí fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnaithe anois
 
dúil
Ó tháinig dúil aige san ól, is beag a bhíos de bhrabach air. Chuir sé taobh le dhá scilling muid as luach na cruib mhóna Dé Sathairn seo (gha)bh thart. Dheamhan sásamh ná séanadh a bhí le fáil uaidh faoi
 
Tá sí cuibhrithe istigh sa mbráicín údan anois agus gan mac an aoin bheo dhá taobhachtáil ó Luan go Satharn. Ach is beag an mhaith d'aon duine í a thaobhachtáil. Tá an oiread den dúnáras inti agus nach n-inseodh sí dhuit é, dhá mbeadh cruóg an tsagairt uirthi. Mura bhfuil ag Dia, sin é an chaoi a mbeidh sí maidin eicínt: básaithe gan ola gan aithrí
 
Bhí mé i nG. le trí Shatharn anois agus 'sé a raibh ag dul fúm is tharam chuile Shatharn, miodachín eicínt de scian bheag a cheannacht a ghearrfadh mo ghráinne tobac dhom. Agus meas tú ar fhéad mé cuimhneachtáil uirthi lá ar bith ina dhiaidh sin