Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

éasc (50+)

 
Runnachaí ar fad a bhí san eangach. 'Chuile bhreac ar an bhfeáin aca. Diabhal mé go sílim go raibh trí chéad aige. Ba bhreá an dola éisc é
 
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
+
B'fhearr go mór aobha éisc ná geir le fáideóig a dhéanamh. Chonnaic mise 'chaon cheann aca
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghann tú fáideóg ghiúsaí gabhfaidh muid ar an abhainn oíche eicínt! Ní féidir nó eireóidh béilí éisc linn
 
ceal 1
Tá'n faltanas sa mbitheamhnach ceart go leor. Ní cheal droch-mhúineadh ná droch-éisc atá air, ach cheal spreactha a's neirt.
+
ceas
D'th mé an-fhoracún éisc indiu. Tá ceas orm aige.
TUILLEADH (1) ▼
Má d'eirigh an oiread sin éisc indiu leis, cuirfe sé ceas air fhéin, le blatháin anocht.
 
Chinnfeadh ort aon-choinnleoireacht a dhéanamh anois ag maora a's ag báirseoirí éisc. Tá duine aca(b) romhat le 'chuile chor.
 
Ní bheadh Tom Sh. contanásach i láthair sagairt ná easbuig. Dá mbadh é an té ba mheasa leat beo é, leigfead sé amach a chuid droch-éisc in a láthair.
 
Is iomdha sin annlann in aice cladaigh. Tá'n bhealuidheacht éisc ann a's an cnuasach cladaigh, a's deirimse leat gur beag a' locht toit bháirne fhéin, dhá mbeadh goile géar agad.
 
bocht 2
'Tá sé ag (d)ul ar an iasc' adeir sí 'mar tá sé gránuighthe ar a' bhfeoil'. InDomhnach shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh bhuidhe bocht leis, an ruainne éisc fhéin a fheiceál ar a chiseoig tamall.
+
Is diabhluidhe an bhrachlainn éisc atá aige adéarfá nuair a d'fheicfeá an stropa nó'n máilín éisc caithte amach ar a' gcarraig, ar a' talamh, nó sa mbád ag iascaire.
TUILLEADH (3) ▼
D'eirigh an-bhrachlainn éisc leis indiu. Is mór a' fátalluidhe é.
Chuaidh mé 'na chladaigh le cupla urchar iascaigh a chaitheamh roimh an gCingcís, a's ní chreidfeá ach a' bhrachlainn éisc a thárluigh mé liom.
Is mór an saothruidhe tú, má mharbhuigh tú fhéin an bhrachlainn éisc sin, fré chéile.
 
Tá'n droch-éisc istigh. Marach go bhfuil, ní bheadh sé a' broimseálacht mar sin, go h-acht a's go h-áithrid.
+
Ní fhéadfadh aon-bhualadh éisc a bheith ortsa, arae ní bhuailfe an t-iasc an baoite atá agad — portáin. Má's leat aon-chúis a dhéanamh, ní mór dhuit logaigh a's péiste ruadha a fhaghail.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí báiridheachaí éisc ann thar a chéile, ach dheamhan bualadh a bhí ar na h-eangachaí ina dheidh sin.
Ní bhíonn aon-bhualadh éisc ghlais ar na glas-chuanta sin. Sa tsean-fhairrge is mó a chothuighea(nn)s siad.
Níl aon-bhualadh éisc orm indiu = níl aon-ádh éisc orm; níl aon-chonách éisc orm.
Ná fagh caidéis a' bith dhom anois, le faitchíos, nach mbeadh aon-bhualadh éisc orm (iascaire, le duine a chasas dó faoi bhealach, a's é 'dul ag iascach).
 
Bhuail cuir-amach mé, i gcead (d)o(n) chomhluadar th'éis an éisc 'ithe.
+
Tá a chuid droch-éisc a' teacht amach anois = tá a dhroch-fhaltanas dhá theasbánadh aige anois, nó tá sé 'leigean a chuid uilc amach anois.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfa a chuid droch-éisc amach anois.
 
D'eirigh foracún éisc linn aréir. Dar fiadh, d'eirigh agus foracún maith
 
fraigh
Bhí mé caite amach annsiúd le frogh ach dhá mbeinn ann go deo, ní bhfuighinn aon-phriocadh ná cuid de phriocadh. Níl aon-ádh éisc orm cheapfainn
 
Dhá bhfáinnse leigean ceart air (bradán) bhí a chnaipe déanta, ach ní bhfuair. Bhí flith-ghob na camóige faoin a bholg agam, nuair a shín sé uaim. Ba mhór an feall é. Bhí béilí maith éisc air
 
Is ait an fátallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'eirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as "cur oíche". Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
 
istigh
Nuair a bhíos an braon istigh aige, leigeann sé amach a chuid droch-éisc = nuair a bhíos sé óltach, tugann sé le teasbánadh go bhfuil droch-bhraon ann; nó go bhfuil sé fealltanach (féach "iasc")
 
fríd 2
Sén sórt rudaí a chonnaic mise a chaitheamh iad i Sasana, mar bheadh saighdeannaí ann, agus sórt frídíní nó lannaí ar nós lannaí éisc orra. Bhídís in a n-éadan sna tithe ósta
 
Tá fuigheall na bhfuigheall de chuile chineál éisc san bhfarraige sin amuigh, an té a bhfuil de rath air a mharú
 
Ith suas te bruite iad agus ná fuaraídís ort. Deir siad nach fataí tura fataí teó. Nach diabhlaí nach mbeadh annlann ar bith le fáil san mbaile sin thoir. Níor facthas aon-ghreim éisc ann leis an fhad seo
 
Cá'r eirigh an daigéad de bhallach sin leat. Dar príosta tá béilí maith éisc uirre ar chuma ar bith. Is iongantas go raibh freagairt ar bith ins an bpoll indiu agus cho geal agus atá an lá. Níorbh fhiú liomsa mo shlat a thabhairt síos beag ná mór
 
Níl d'áirge ins an líamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir len a chuid éisc caithtear ag an deachma é. Is maith géar an drad nar mhór duit a bheith agad, le dhul in éadan liamhán gréine
+
dealg
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg droighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc agus rl. = cineálachaí dealg atá ann
TUILLEADH (1) ▼
Dealg éisc a sheas in a mhuinéal, agus a thacht é.
 
Thug sé dioscán mór éisc as Gaillimh leis. Diabhal bréag nach dtug. Bhí tóir ar an annlann ariamh féin aige. Ní bheidh an turaidheacht aige nó is cinneamhaint air é
 
Nach bhfuil scair eangaighe annsin agadsa? Cuir le suain í agus deisigh amach í. Tá báire éisc ar ghob an Bh. Feicfidh tú bualadh ar iasc glas, má sheasann an aimsir seo
 
Tá an-dolaidheacht éisc annseo thíos i mbliana
+
dol 1
Mharbhuigh muid dol mór éisc ins an gcurrach anuiridh: faidhtíní. Bhí muid dhá gcur tharainn cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indon freastal dóib. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orra in mo shaoghal ariamh agus a bhí an lá céadna. Cé'n bhrígh ach ní raibh deich gcurrach ar meath ó fhágfas tú seo go dteighidh tú go C.
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an dola éisc a d'eirigh le fear an phosta indé. Bhí suas le trí chéad aige, agus gan é amuigh thar chupla uair an chluig. Chaith muid an lá arbhú indé ar fad amuigh agus dheamhan a shúil a bhí againn, i gcruthamhnas duit go mbíonn ádh éisc ar dhaoine thar a chéile.
Bhí suas le deich gcinn aca ann in a smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
Tugaim corr-dhol dhó de réir mo láimhe léar (de réir) mar a fhaghaim ionbhadh air. Is iomdha dola éisc a d'eireochadh liom marach go bhfuil mo chuid eangachaí roistthe ar fad, agus ní féidir scair eangaighe a fháil anois
 
draoi
Tá an draoi breacach de na faoilleáin agus de na cailleachaí dubha ann, bíodh iasc ann nó ná bíodh. Is cosamhail le áit é a mbeadh iasc ar aon-chor. Ní bheadh an staighean sin ag lonnú in áit ar bith mar sin, ach in áit a mbeadh báire éisc.
 
dris
Chinnfeadh ar chailleach éisc aon-cheart a bhaint di siúd. Bheadh sé fánach aice. Tá sí cho cantalach le dris.
 
Is minic a chonnaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc annsin agus mé ag breathnú orra as seo. Tá faoi na h-uláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agad, ba gearr a bheitheá ag marú stropa éisc ann …
 
Ní dhéanfainn mór léithe dhá mbeadh Éire taobh léithe. Ba deas é m'fhéirín muis: scaoinn mhór fhada bhealuighthe, agus muineál corr-éisc uirre. Ba mhaith an dóigh í le t'ais ins an leabaidh maidin sheaca!
 
díle 1
"Troscadh a rinne mé Dé h-Aoine; Bhí fuighleach éisc agham 'mo dhiaidh ar clár —; Go mbadh sean-iasc lobhtha é a bhí saillte ó'n Díle; Agus é faoi shaltpetie ó bhun go barr" (As amhrán: "Seán Ó Maonaigh")
 
Bhí sé thuas agus ciseog fhataí in a mhiainis (fiadhnuis) agus díocas air ag ithe éisc. Má bhíonn aon-bhreac ó'n mBreatain anall gheobhaidh sé siúd é
 
Má tá tú ag iarraidh éisc ar foghnamh, ceannuigh trosc nó langa — iasc mór eicínt. Maidir le na runnachaí agus na faidhtíní sin, níl ionnta ach an díogha. Líonfaidís do bholg agus is ánnlann iad, mara mbeidh bealtuidheacht ar bith eile agad, ach má bhíonn, níl tú ach ag cur do ghoile amú len a dhul dhá n-ithe