Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aer

óige (50+)

 
fliuch 2
Sé moladh na mná óige a druim a bheith fliuch = ag tarraint cléibh fheamainne agus le obair shraimlí
 
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim 's chúig bhliana fichead, agus sé a chloch neart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
 
Ní bhfuair sé aon-chinnireacht as tús 'óige, a's tá a shéala air anois.
 
M'anam gur maith uaidh cosamhlacht na h-óige a choinneál.
 
'Sé atá ag (dh)ul imbealach a bhasctha anois muise, dhá mbeadh fhios aige é. Ach 'is cuma leis an óige, cá gcuirfe sí a cois'.
 
Tá siad i gcrích uileag aice anois, cé's moite de'n inghin is óige, ach is deacair í sin a shású faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fhaghail.
 
beo 1
Diabhal bean in do thír, chomh beo, chomh scolbánta léithe fós. Chonnaic mé ag dul thar chlaidhe annsin thiar í, an lá faoi dheire, a's dar mo choinsias, ba mhaith an dicheall dhom a dhul thairis, má's agam atá an óige.
 
'Truagh géar gan mé in mo smóilín, is deas a leanfainn thríd a' ród thú; le cumha 'ndiaidh Bláth na h-Óige, mar bhreodh sí mo chroidhe' ("An Sceilpín Draighneach")
 
aer
Bhí seacht n-óige an aeir a' seinnm 'sna crainnte = spideoga, fainleoga, riabhóga, feadóga, fuiseogaí, glasogaí, buidheogaí (féach "óige")
 
aice 2
B'fhearr do dhuine in a n-aice ná i dtír na h-óige
 
Chuaidh mé go 'Meiriocá idtús m'óige, agus níl tada dhá aithmhéala orm = níl aon-aithmhéala orm go ndeachas.
 
Má's léithe bualadh faoi'n saoghal chor a' bith, tá sé 'síneadh suas len am aici anois. 'Ní fhilleann an óige faoi dhó'.
 
buan
Is beag a' cheapfadh go gcuirfeadh a' sean-fhear é, ach ar chuala tú ariamh, 'ní bheadh fhios agad cé's túisce craiceann na sean-chaorach nó craiceann na caor' óige ar a' bhfragh', a's m'anam gur h-iomdha rud is buaine ná'n duine.
 
buille
Tá sé idtír na h-óige ann a mhic ó! Togha na beatha a's gan buille maitheasa ar bith!
 
buinne 2
'Go dteaga bláth buidhe ar an eorna, a's go dtosuighe an Foghmhar a' dul 'un finne; Is deas lághach an rud í an óige, a's indiaidh mo stóirín atá mise' (As "Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndeana Dia maith air! — gur "imbuinne" a bhí annseo ó cheart, i leaba "'un finne", ach ní mheasaimse gurb eadh. Ar aon-chor teigheann an foghmhar 'un finne, ach is fada indiaidh a dhul 'un buinne dhó é).
 
ainm
Ní chuirfeadh sí isteach a h-ainm leis a' bpinsean, a' leigint óige uirre féin.
 
airde 2
Mar bhfuil aoirde ann, ní le óige é.
 
B'aige a bhí an fhiannaíocht go ndéana Dia grásta air: Laoi Airicín Mhic Annagair, agus Laoi Shadhb na Sadhbhann Óige agus Laoi an Deirg agus a raibh aca ann
+
Dhá rud nach bhfuil aon-trust le bheith asta: oíche Fhómhair nó intinn mná óige = bíonn an bhean óg luath-intinneach, agus an oíche Fhómhair luainneach; ní túisce go breá í (an oíche Fhómhair) ná a ghabhfadh sí ar stoirm nó ar bháistigh
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-deagh-chosúlacht ar an oíche, ach ní bheadh a fhios agad. Tá an ghealach an-ghreadhnach. Ní rachainn faoi dhuit nach báisteach a d'fheicfeá roimhe mhaidin. Deir siad nach féidir oíche Fhómhair a thrust. Oíche Fhómhair nó intinn mná óige. Sin é adeir siad. Dheamhan a mbíonn de ghaisce ar chuid de an mná óga muis!
 
Ní chuirfeadh sí isteach ar an bpinsean, a' leigean óige uirre féin mar dhóigh dhe.
 
lia 1
Ní leithe lúibín ar do chúilín casta ná grádh mná óige in do chroidhe idtaisge (amhrán)
 
M'anam nach bhfuil an chlann baol ar chomh fáilí leis an athair. Deir siad go bhfuil an ceann is óige bruasánta go leór
 
fír
Níor cuireadh fír na maitheasa ann in am. Is furasta aithinte air fhéin nachar cuireadh. Ní mian leis aon-bhuille a dhéanamh = níor taithíodh é leis an obair in a óige; níor cuireadh bruid nó dúracht nó smior na hoibre ann; níor cuireadh an obair san gcnáimh aige in am (ní minic adeirtear "fír" ar a aghaidh féin. "Fír na maitheasa", "fír na hoibre" etc. adeirtear go hiondúil)
 
Ní raibh sé daor-bhasctha as tús a óige. Minic go maith a d'fheicfeá ag imeacht ar a bhog-mheisce é agus glaodhmaireacht an tsaoghail mhóir aige. Ach ó buaileadh an tsuaróigín siúd air leig sé faoi, agus rinne sé fear críonna. Cé a d'fheicfeadh anois ag teacht súgach d'aonach ná de mhargadh é. Siúd í an cailín aige!
 
dara
An dara h-inín is óige aige atá le pósadh
+
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine
TUILLEADH (2) ▼
Is breagh an scéal atá agad: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn annsin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrútuighthe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile ins an mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go mí-thráthamhail an uair is mó an chruadhóg. Diabhal mé go sílfeá gur h-aisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: imbrollach an Fhoghmhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Narba hé amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana in geall air
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin droch-thúnnáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfuighidh an túnnáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruithte as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba shin é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilleamhaint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosóchadh sé ag flith-mhagadh fút faoi. "Níl siad ag cur tada asam dhom" adéarfadh sé. 'Ar ndú' bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
'Sábhálaidh Dia sinn nach uirre atá an deimheas. Sin í a bhfuil bás na caillighe agus pósadh na mná óige aice ar chaoi ar bith
 
Diagantacht uiliog iad sin: mná riaghalta, sagairt agus bráithre. Diabhal mé go sílfeá nach bhfuil an fear is óige sin an-tugtharach do dhiagantacht. Feicim ag cláradh mná soir ar an mbóthar 'chuile oíche é. Ní bhíonn tréad ar bith gan cuilíneach adeir siad
 
diaidh
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
 
Séard atá sa gceann is óige cailín Domhnaigh críochnuighthe. Ní dhéanann sí faice ach dhá gléas agus dhá feistiú féin
 
domlas
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin 'un domblais le mná, le ól, le spóirt agus 'chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaímneas
 
Ná teagadh aon-droch-mhisneach ort. Ní túisce craiceann na seanchaorach ar an bhfraigh ná craiceann na caorach óige
 
Ar na drochóirí dó nar phós an uair a bhí aige pósadh, agus gan é a bheith ag imeacht in a shraithrín anois indiaidh cailíní óga, agus ag caoineadh na h-óige. An uair a bhí aige gna (gno) a dhéanamh leis an óige níor thapuigh sé í — níor thapuigh sin
+
droim
Sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice = má bhíonn druim mná óige fliuch is cruthú é sin gur deá oibrí í; fágann sin go mbíonn sí ag tarraint fheamainne nó a leithide, agus amuigh faoi fhliuchán
TUILLEADH (4) ▼
Sin í an cailín agad nach bhfuil aon-tolgán aice cléibhín feamainne a chur aníos ar bruach. Sé moladh ná mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad
Níl aon-drugall aice sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach 'ar ndú, sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad
Tá sé ráite a mh'anam: sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice. Dar príosta muise, is beag aca atá molta anois mar sin, mar is duine sé nó seachráin aca a bhfuil a ndruim fliuch. Ní thiúrfaidh siad an tsiocair dhóib féin
Chuaidh sé soir annsin agus bláth na h-óige air. Tháinic sé anoir tráthnóna agus é in a shean-fhear de dhruim an lae sin. Rud ar bith ach nach raibh sé cromta.
 
Tá srón dhronnach ar a mac is óige sin aige. Tá mo choinsias! D'fhéadfá do mhaide láimhe a chrochadh uirre
 
dán
Ní leigfidh mise de bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as 'chuile chúilín cho uain's sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choidhchin. Tá sé sáthach luath ag duine pósadh ach a mbailighidh sé na deich mbliana fichead
 
Is maith an dicheall di a gcumhdach ar fad — cheithre dhuine dhéag aca. Cé'n bhrigh ach tá an chuid is sine aca cho h-ámhuilleach len a bhfaca tú ariamh, agus an chuid is óige an-chantalach
 
díle 1
Ara cé'n donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ó'n Díle, agus is beag an chlóic air in a dheidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul 'un aois na h-óige atá sé, seadh sin.
 
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Níl aon-mhéid ann — bráicín beag ceann-tuighe, ach tá sé an-díonmhar, an-teoluidhe. Chuirfeadh sé lóchrann ar do chroidhe breathnú isteach air: brat nua tuighe sheagail air, agus í curtha go slachtar; eidheann ar na ballaí; "flowers" agus crainnte beaga spíonán agus ubhla is 'chuile áit taobh amuigh, drisiúr breagh ornáilte le feiceál isteach ann, agus sean-fhear agus péire spéacláirí air ag léigheamh páipéar nuaidheacht' i gcathaoir thuighe ag an dorus. "B'fhearr liom seachtain dá gcaithinn frób ná i dtír na h-óige le mo shaoghal" mar adeir an t-amhrán
+
díth
Ní féidir óige agus dícéille a scaradh ó chéile, adeir siad = bíonn dícéille ag dul do'n té a bhíos óg
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfaidh ciall dó leis an aimsir, ach ní féidir dícéille agus óige a scaradh ó chéile
Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orra, ná a bheith ag baint scathamh siamsa amach 'fhad agus atá an óige aca. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus dícéille a scaradh ó chéile. Diabhal mé go raibh muid féin sáthach aerach lá de'n tsaoghal