Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ard (16)

 
dairt
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
+
de
Is airde é P. ach is mó de cholainn atá ag D. ná aige
TUILLEADH (1) ▼
B'airde é de thrí troithe ná S.
 
deamhan 1
Dheamhan níos airde ná sé troighthe é. Féach leis é anois
 
Ní thóigfí sna "peelers" é díobháil airde (áirde)
+
díol 1
Díol ar an bpighinn is airde má fhéadann tú.
TUILLEADH (1) ▼
Díolann sé igcomhnuí ar an bpighinn is airde, nó is cinneamhaint air é
 
Níl rud ar bith is dlúthasamhla ná a bhfuil d'fhataí annsin thoir a ghlanadh. Tá siad ithte le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde cránn báid ionnta
 
dóigh 1
Sílim go mbadh mhaith an dóigh do dhuine trí nó ceathair de bhoscaí móna a thárlú anuas chuig an teach a fhad agus atá an aimsir seasta mar seo. Ní fheicfidh tú seachtain ó indiu go mbeidh airde sneachta ar an talamh, agus ní bheidh sé ionrásta ag tada a dhul 'na phortaigh annsin. Tuairt shneachta a thiocfas as an bhfuaraidheacht seo
 
dóirt
An bhfuil a fhios agad an áit a bhfuil an bóthar ag dóirteadh síos, thíos in aice le tigh Ph. Th. Sin é an áit a bhfuil siad ag obair anois. Tá siad ag baint an aird mhóir agus an chuir as. Theastuigh sin uaidh.
 
driull
Níor thuit an driúll ar an dreáll críochnuighthe air, go raibh muid ag teacht anoir in aghaidh Árd Bh. Rinne sé an luighe mór orm mar adubhairt an t-Árannach, in ucht an aird. Shíl mé a mh'anam gur sliabh gortach a bhí dhá bhualadh, agus nach hé an siubhal chor ar bith a bhí ag cur air. "T'anam cascartha ag an diabhal" arsa mise. "Eirigh as sin. Ní stró ar bith dhuit é a shrianadh siar in aghaidh an aird anois, agus gheobhaidh muid lón eicínt i dteach an ósta annseo thiar"
 
dubh 2
Is iomdha lá nach leigeann sé uaidh iad nó go mbíonn an dubh ar an oíche. Cén bhrí ach an bealach fada atá rómpa. Tabhair bealach fada air suas in aghaidh na n-aird siúd
 
dún
Ara, níl siad cho dúinte sin in aghaidh a chéile. Beannuigheann siad dhá chéile agus thiocfaidís ag a'n a chéile le anshógh, ach níos airde ná sin níl ann. Is maith mór le chéile a bhí siad scathamh
 
Chuaigh trí troithe d'airde ar an mballa sin ó a chonnaic tú cheana é = cuireadh
 
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do réithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do réithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aonduine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt 'un dlí faoi fhoghail, ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas