Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cailleach (19)

 
abair
Tá sí in a cailleach seamluis, mar adéarfá = pour ainsi dire; so to speak
+
Teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tiacht = duine a bheith ag iarraidh freastal de dhá rud in éindí agus gan aon-déanamh ar cheachtar acu, nuair nach mbeadh sé indon a dhúracht a chaitheamh le ceachtar aca
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneál an rud eile sin. Sin é teanam an dá chailleach agus gan aon-chailleach ag tíacht. Ach sén chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Mrucha ná Mánas aige
Níl Gaeilge ná Béarla ag an dream óg sin an taobh suas anois. Sé teanam an dá chailleach é agus gan aon-chailleach ag tiacht
 
"Punt do dheaideo agus punt do mhamó, agus punt eile len ól ag cailleach an airgid. 'Sí mo mhamó í; 'sí go deó deó í, 'sí mo mhamó í, 'Sí cailleach an airgid" (caint a chuirtear le port, "Tadhg an Ghrádha" sílim nó na "Rockie Roads to Dublin". Bíonn sé le crónán páistí freisin)
 
deas 1
Ba deas í mo cheird muis, ag brú sean-chaillí thart i gcáirrín! Dhá mbeinn gan aon-bhuille oibre a fháil le mo ló, ní dhéanfainn é
 
deifir
Bhí an oiread deifir' air agus a bheadh ar fhear a bheadh ag dul ag iarraidh cailleach do bhean a bheadh air a céad-pháiste
 
deois
Sheas sé i bhfus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin feai'nt an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteóig bhradach. Sháruigh sé sean-chailleach
 
dia 2
'Bhfeiceann tú í sin thuas nach leigfeadh aon-luaith amach Dé Luain. Deir sí nach bhfuil sé sonaí. Sin í an chailleach a bhfuil na pirseógaí aice
 
díle 1
Tháinig an mac isteach agus scéal Chailleach an Uathbháis aige. Shílfeá gurb í an díle a bhí ag teacht air, bhí sé ag cur dó cho h-éascaidh sin. Ach leis an uathbhás a bhí air, agus leis an séideán a bhí ann, níor fhéad muid a thuiscint ach gur eirigh rud eicínt do Bheartla. C. J. a d'innis an scéal thríd síos agus thríd suas duinn, an uair a tháinic muid amach ar an mbóthar
 
ding
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
 
Cheannuigh mé hata breagh nuadh — luach punt — agus fébrí cé'n chaoi ar leag mé ar an "sate" le m'ais é, dheamhan easna de shean-chailleach nar tháinig isteach agus nar ghróig sí í féin síos in a mhullach. Ní fhaca tú carghas go dtí é. Bhí sé dingthe brúighte ar fad. Chinn orm ariamh a chumraidheacht féin a chur air in a dhiaidh sin. Is mór dhá fhonn a bhí orm, bíodh a fhios agad a dhul ag "blasteáil" na sean-mhná
 
"Arán cam a ghníos bolg díreach" adeir an Chailleach Bhéara. "Thug tú éitheach a chailleach" adeir an buachaill "Ní h-eadh, ach a fháil ar bord go bhfaghaidh tú fuighleach" (cuid de'n aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéara leis an mbuachaill)
 
dris
Chinnfeadh ar chailleach éisc aon-cheart a bhaint di siúd. Bheadh sé fánach aice. Tá sí cho cantalach le dris.
 
droch-
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Bhéara. Is gearr a sheasfá-sa di. Tá droch-fhaobhar críochnuithe agad
 
M'anam muise go sílfeá agus go raibh drugall ar Mh. a dhul leis in a dheidh sin, th'éis gur h-éidtreorach an cimleacháinín é J. Cailleach cheart é M. sin. Tá sé sáthach bastalach nó go bhfeicidh sé fear olluighthe (ollmhuighthe) ar achrann, ach an uair a fheicfeas, tuitfidh an driúll ar an dreáll air
 
dúil
Is beag a bhainfeadh mo dhúil as an ól th'éis an méid sin. Bean a chonnaic mé idteach ósta imBaile Átha Cliath, agus í ar dearg-mheisce. B'éigin do bheirt fhear a h-iomchur eatorra amach go dtí carr. Ní thiubharfainn sunntas ar bith di, dhá mbadh sean-chailleach í, ach mo léan níorbh eadh ach rúisc de bhean óg — plandóg de bhean!
 
Nach maith dúlaidhe anois a bhí sé ag dul in a éadan agus gur eirigh sé suas ó'n a dhinnéar agus go (gur) b'sheo amach é gur ionnsuigh sé ar an mbóithrín é. Ach chlaon sé uaidh in a dheidh sin an uair a chuir an ceann eile stiúir achrainn air fhéin. Ní raibh ann ach cailleach th'éis (tar éis) a chuid gláimhthéisce. Sin é an méid
 
Buail anois do dhubhshlán. Is cailleach thú in a dheidh sin