Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dúirt sé (41)

 
Dúirt sé é sin as faitíos
+
fios
Ní thiúrfadh sé aon-fhios dom thairis sin, ach dúirt go mbeadh sé ag caint liom aríst gan morán achair
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt Liam gur taidhbhse a bhí ann, ach bhí (ag) Colm ní b'fhearr a fhios. D'aithin sé capall an tincéara ar an toirt
+
focal
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. san gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé in a dheidh sin é. Chuaigh sé siar san gcaint
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go goirid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire = dúirt mé leis péire a choinneáil dom, agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh. Agus bhí. Ab é an ceann cipín sin ru?
 
fág i
Dúirt sé an méid sin. Lasc leis annsin, agus d'fhága sé mise annseo i bpiolóid
 
Tá fálróid mhór ar mhaor. An maor sin a bhí thuas ag S. i bhF. dúirt sé linn thíos annsin anuiridh go mbíodh siúl deich míle air chuile lá, agus len a chois scaití. Tá an domhnaíocht chaorach annsiúd. Agus caithfidh sé aithne chinn a bheith aige ar chuile cheann ar an bhfeáin aca
 
Dúirt sé é ceart go leór, ach ba fánach é = gan aon-ró-shuim a chur ann; a rádh gan anró ar bith ar nós chuma liom; casually
 
fóir
"An bhfuil fionnuardas ná fóirínt le fáil agam ar an bpian", adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: "Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirínte d'anamnacha na bhfianna ón bpéin"
 
feac 2
Ní fhéadaim mo chois a fheacadh chor ar bith le pianta. Dúirt an dochtúr liom a bheith dhá haclú, ach tá a scéal breá go leór. Dhá mbeadh mo phiansa air, ba bheag an aclú a dhéanfadh sé deirimse leat.
+
Má dúirt sé sin thug sé fiainise bhréige = mhionnuigh sé bréag
TUILLEADH (2) ▼
Dúirt sé leat go bhfaca sé mise ag dul isteach idteach ósta aréir! Sin í fiainise ghiolla na bréige. Ní tada eile í
Dúirt sé go raibh fabhar ag an dream a phasáil. Mar dhóigh dhe go raibh a mhac fhéin cho maith leó, ach go ndearnadh éagóir air. Fiainise giolla bhréige ar a bhean, 'ar ndú'. B'fhada uaidh a bheith cho maith leo
+
frapa
Dúirt sé suas len a bhéal é gan frapa gan taca. Dheamhan lascainí muise a thug sé don tsagart ach an oiread agus dhá mba fear den bhaile é = he said it bluntly
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt an dochtúr leis gan frapa gan taca go raibh a sheal tugha. Nach raibh sé cho maith dhó? Cén mhaith an fhírinne a cheilt ar dhuine nuair nach bhfuil indán bisigh dhó?
 
fás 1
Dúirt sé nach raibh na "bicycles" ann: go raibh siad imithe. Chuir sé as m'fhás mé. Scanruigh mé gur goidhe a bhí siad. Ba mhaith an tsíleachtáil dom é … 'Ar ndú' ba é P. a thug isteach san teach iad
 
féith 1
Is fíor dhuit é. Dúirt sé go dtiocfadh sé aniar anocht, agus muid a bheith roimhe ag ceann an bhóithrín. Ní raibh féith de mo chroí air. Dheamhan é muis.
 
Dúirt mé liom fhéin nachar tráth dhá fháillí é, agus má bhí an bhean len "iarraidh" go raibh sé cho maith a "hiarraidh" as láimh
 
folach 2
Rinne sé cur i bhfalach annsin ar na crainnte, agus dúirt sé leo a gcaitheamh = na rudaí a bheadh agad le crainnte a chaitheamh (clocha, soip etc.) a gcur in do ghlaic i riocht agus nach bhfeicfí iad
 
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
+
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. 'Ar ndú' mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí muid ag "stillhouse" agus an iarraidh críochnuithe go díreach. Dúirt duine eicínt go mba chosúil le póilíos a bhí ag nochtadh aníos ar an gC. B. Bhí sé in a fhuile faile san stillhouse, ag rith leis an bhfuisce agus leis an oirnis agus le bairillí. Dheamhan a dhath a bhí ann ach beithigh leis an mbaile ó dheas
Ní fhaca tú aon-fhuile faile ariamh ó rugadh thú mar a bhí faoi mhuinntir an tí seo thíos aréir. Chuaigh P. soir, agus dúirt sé léithe seo thíos go dtiocfadh sé ar cuairt ar a theacht anoir dó. Bhí gasúir amuigh ag iarraidh bainne, agus tae siúicre ar an toirt, agus díocas uirre fhéin ag fuint aráin. Go deimhin dhá dteagadh, bheadh óstachas faoin a chomhair. Ach baol air sin a theacht. Níor chuimhnigh sé amháin air
 
fáth
Dúirt sé liom an chois a scríobadh thar cionn, mar sén fáth é (sén fáth é sin) go bhfuil máthair an ghoir istigh fós, agus cuirfidh tú amach í le corp scríobadh
+
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó a chonnaic mé cho fáilí é, dúirt mé liom fhéin, nach mbeinn danra
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé rud eicínt faoin a fhiacail, ach níor thug mé liom é. Is dóigh nach haon-deagh-rud é ar aon-chor
 
Dúirt an dochtúr nach raibh tada ar an amharc agam, ach gur ar fhor-chraiceann na súl agus ar na foraí a bhí sé. Tá sí an-tinn
 
Tháinig fruch frach air agus an corp dhá thógáil amach. Shílfeá gur duine é a mbeadh saochan céille air. Dúirt sé nar cuireadh a mháthair i gconra mar ba cheart. Ba é a thráth é, agus an chonra dúinte, ba é sin
 
Bhí an ghail bhruite as an gcoca féir an lá ar chuir mé isteach é. Dúirt chuile dhuine go dtéafadh sé. Ach d'fhuaraigh sé aríst. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé meath-dhreóite mar sin fhéin
 
Tá sé in a fhudar fadar ó dúirt tú é sin leis. Dheamhan a fhios aige in a luighe nó in a shuí atá sé, agus maidir le obair níl sé ach breathnú uirri. D'agródh Dia ort a bheith ag cumadóireacht do dhuine bhocht ar bith mar sin
 
Dúirt sé go dtiocfadh sé, ach ar tháinic? Mo léan géar! Deághealladh: droch-choimhlíonadh
 
deamhas 1
Ar dhúirt sé sin a dhiabhail? 'S a dheabhais má dúirt!
+
de
Dúirt sé an t-amhrán de ghlór breá láidir
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé an méid sin de chogar liom
 
dia 1
'Sé M. an dia beag atá aca uiliog go léireach annsin. Níl ann ag fear aca, ach "dúirt M. é." "Dúirt M. é." Diabhal aithne orra nach h-í targaireacht Cholm Cille 'chuile smid dhá gcaithfidh M. as a bhéal
 
Chuaigh mé soir ann ag ceapadh go bhfuighinn cupla céad síol coirce ach tháinic mé abhaile aríst druimnochttha. Ní thiúrfadh sé dhom ach leathchéad, agus dúirt mé leis é a chur san áit ar chuir Cúmar an bhloinic!
 
Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon-tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí annseo anuiridh, nachar chaith sé gionnóid (dionnóid) dhe ann. Nach h-íontach an áit é míle buíochas le Dia!
 
Dúirt sé sin agus bhí sé dháiríre (faoi) freisin = ní bréag ná cumadóireacht a bhí sé a dhéanamh; an rud adúirt sé, bhí rún aige cur in a cheánn