Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

deir sé (50+)

 
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
 
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
 
fios
Deir siad go raibh fios ag M. na T. annsin thoir. D'innis sé faoin gcogadh = buadh targaireachta
 
focal
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
 
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
fág
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
 
féar
Níl a fhios cén talamh atá socruithe aige l'aghaidh fataí agus gan aon-tsop leasú ag gabhail leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathuíonn an féar an phis.
 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
+
cailm
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm a' bith air, a's go srianfa sé thríd, ach dheamhan fhios agham.
TUILLEADH (1) ▼
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamh-chodladh le seachtmhain, a's dar príosta má tá is beag a' chailm atá air, in a dhiaidh.
 
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh a' chéad-fhear. A's mara bhfuil ag Dia, ní tús ná deire dhi. Tá'n camán luaithe chomh gártha sa teine anocht, a's bhí sé oidhche ar bith le seachtmhain.
 
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
 
ceal 1
Déarfa mise suas leis a' smut aige, gurab é fhéin is cionntaighe ó thús deire go tosuigh, a's deanadh sé a rogha ceal di má's breagh leis.
 
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
+
cleite
A Dhia dhá thárrtháil muis! Is iongantas é 'bheith díbliú ar Mhac A. Uí Ch. 'Séard deir sé i gcomhnuidhe, gurb shin é an cleite is fhearr in a sciathán fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Níor iarr duine 'bith ort do chleite a chur sa gcainnt. Eatorrainn fhéin a bhí sé ó thús, deire, go tosuigh.
 
Dhá mbeadh sé in a shagart faoi chéad, níor chumaoin dó gan beannú dhomsa. Ba mhinic a bheadh a mháthair ar deire marach mise, ach ní móide go bhfuil fhios aige-san sin.
+
Má tá sé ann ingan fhios ná i gcoimhfhios, gheobha an póilidhe ruadh atá annsin thiar é. Ní bheadh sé istigh i bpoll srathaire ingan-fhios dó. Deir na 'stiléaraí' gur sháruigh sé a bhfaca siad ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Níor thaobhuigh sé ingan-fhios ná i gcoimhfhios í anois, le bliadhain. Ach deir siad go bhfuil sé thar bharr a chéile in a diaidh igcomhnuidhe. Níor mhaith liom ' anshógh bheith orm. Droch-bhodach é 'hathair.
 
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
 
Ó'n gcosamhlacht a chuir sé air fhéin, deir [tú] leat fhéin go ndéanfadh sé cat a's dá rioball, ach badh gearr le dhul é 'na dheidh sin, nuair a féachadh amach é.
+
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Má chothuigheann sé an ghlas-aimsir seo i bhfad eile, dheamhan 'fhios beo cé'n aimsear bhreagh a thiocfas na diaidh. Deir siad nach bhfuil rud a' bith is siúráilte na cothromacan síne na h-uaire.
 
Deir B. liom indiu go bhfuil éan coideáin ar a cuid cearc fhéin. Shanntuigh mé a rádh léithe, marach faitchíos go liobróchadh sí mé, gurb shin é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.
 
Tá sé coimhriaghalta go leor mar sin, ach inDomhnach deir siad, go bhfuil neart maistínteachta ann, má bhaintear as é. Ach cé milleán air sin, ach an oiread le scéal.
+
baile
'Nois céard deir tú le Gaillimh a's gan ann ach baile beag? A Thighearna Dé, sé'n duine deireannach é, a ndéanfainn a leitheide de rud a shamhailt leis!
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr ó bhaile 'chuaidh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhoruis fhéin. Ach deir siad 'pósadh ar a' gcárn aoiligh, a's do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile'.
+
An fhad's 'bhí siubhal a' bhealaigh chor a' bith aige, níor fhága sé an t-Aifreann ar deire (theigheadh sé 'na n-Aifrinn).
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh fhios aige go raibh an bealach sin léithe, is dóigh nach bpósfadh sé í. Ach deir siad go bhfaluigheann grádh gráin.
Má chinneann a' bealach sin air, is beag a' mhoill air siúd bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin. Mise imbannaí nach mbeidh sé ar deire ar aon-chaoi. = má chinneann a bheatha a bhaint amach mar tá sé, gheobha sé posta, nó ceird eicínt eile, ach ní bheidh sé d'uireasbha slighe, ar aon-nós.
 
beann
Is mór adéarfá leis gan aon-bheann a bheith aige ar Mh. Mh. ach deir sé nach bhfuil aon-bheann aige ar Ch. B. ach an oiread.
+
beart
Tá sé ceart go leor fós, thálta (thárla) nach bhfuil aon-chúram air. Ach amach annseo, nuair a bhuailfeas sé faoi'n saoghal, mara mbí sé indon a bheart a tharraingt, beidh sé ar deire.
TUILLEADH (1) ▼
Chonnaic mise an saoghal a raibh soighleas 'sna daoine, a's nar mhiste le comharsa, lá nó dhá lá a thabhairt isteach do dhuine aonraic, nuair a bheadh an chruadhóg ann. Ach a' té nach bhfuil indon a bheart fhéin a iomchur anois, beidh sé ar deire.
 
Tá mo phíobán calcuighthe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deire dhó, mara bhfuil ag Dia.
 
Ó ar chuala tú ariamh é, 'má's feall filleann'. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tighearnaí sa deire, cuid mhaith aca(b) a chriogadh, a's iad a dhóghadh a's a loisceadh as teach a's árus.
+
crígh
Thárluigh an Púca leis é, a's chaith sé isteach i gcrích mhóir annsin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Badh shin í an 'mharcuigheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé míllte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
TUILLEADH (1) ▼
'Beirimse mo mhallacht' adeir sé 'do chrícheannaí an T.', a's bhí ughdar aige. Deir siad dheamhan snáth éadaigh a bhí air, ach streachlán de léine ar a theacht amach ar a' mbóthar dó.
 
beo 1
Níor mharbhuigh sé muc ná mart ná caora ariamh, nach roínnfeadh sé le 'chuile dhuine ar a' mbaile í. Bhí sé an-chóir ar a' mbealach in. Ro-chóir, go minic, b'fhéidir, arae is iondamhail go mbíodh sé fhéin ar deire. 'Go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána' aige, arae is maith an aghaidh sin air.
 
biorach 2
Deir tú leis a' suc de laogh sin, nach leagfadh smut ar aon-deoir bhainne, ó cuireadh a' bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfe tú fhéin air, nuair a theánnfas an t-ocras leis.
 
Deir siad nach bhfuil aon-mhaith a' biorrú le fear a' bith, mara bhfuil sé indon an scolb a bhiorrú le dhá scor scine.
 
bior
Deir siad a' té nach mbeadh bior-eanga air, dhá bhfaghadh sé feoil chearc, smior mairt nó bainne bó gamhnach ar feadh aon-mhí amháin, go mbeadh sé tuithte i bhfeoil in a dhiaidh.
 
bocht 1
Nach bocht dó go deimhin a bheith as cionn a chuid oibre, a's an congnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic, fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór 'un deire le 'chuile dhuine.
 
bocht 2
Tiocfa sé 'un dreabhláis críochnuighthe anois, ó thosuigh sé ar an ól aríst. 'Má theigheann bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain', mar deir a' sean-fhocal.
 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoidhte, ach mise imbannaí gur beag a' bhreoiteacht a bheidheas air, má bhíonn aon-damhsa in aon-áit.
 
breá
Níor íoc sé an fear fánaighe deire a bhí aige fós, a's nach breágh a chuaidh fear eile leis in a dheidh sin = níor íoc sé tuarastal an fhir páighe a bhí aige go deireannach, a's nach iongantach a chuaidh fear eile ag obair aige 'na dheidh sin.