Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

diallaide (4)

 
Sin í an tsrathar in áit na diallaide = sop in áit na scuaibe.
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
 
B'fhearr liom a dhul ar chapall druimnochttha uair ar bith ná a dhul i dtuilleamuí diallaide. Má theigheann scéin ar bith innte (ins an gcapall) is mór an chontabhairt í an diallaid. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht indiallaid, má thugann an capall léim leathtaoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon-chor is mó go mór a thóigfeas an diallaid duine ná an capall druimnochttha. Is beag is ionann iad.
 
dúil
Dá dteagadh dúil ag duine ins an bpíopa aon-uair amháin, ní dhéanfadh na "fags" sin maith ar bith dhó. Corr-uair má bhímse d'fhuireasbhaidh tobac, tugann siad ceann aca dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne 'sé'n tsrathar in áit na diallaide é. B'fhearr liom aon-ghail amháin de'n phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain aca