Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mála (50+)

+
folach 1
Dheamhan mála ag gabhail liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuiridh, ach níl snáth dhíobh indiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos san dá theach sin thíos, agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orra
TUILLEADH (1) ▼
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
 
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Ní bheadh aon-mhála freagrach agad. Tá meaisín bhuailte an choirce le theacht inniu
 
Ba í a scóig a d'fhága mála na déirce aniar ar a dhruim
 
'Séard a b'fhearr dhuit a dhéanamh leis a' mionudhas móna sin, í a chaidhleadh suas aisti fhéin in áit eicínt, a's í 'thabhairt abhaile 'sna cléibh nó i málaí.
 
Má's leat a dhul ar cúlóig, ní f'learr dhuit mála 'fhaghail le cur fút fhéin ar chairthín a' chapaill. Tá'n capall sin chomh suaidhte sin, a's go dtiocfadh a goramhnaí thríot mar bheadh snáthadaí ann.
 
ceas
Chuir sé ceas air fhéin, le muicfheoil a's gabáiste. Ba gheall le mála arbhair é, sa gclúid.
 
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
 
Níl aon-choimhneas dhá raibh a' gabhail le teach ariamh nach bhfuil aige siúd. Ní raibh acra ariamh ag siúinéara ná ag gabha nach bhfuil aige. Má's í an tsnáthad mhálaí fhéin í, tá sí aige.
+
Tá'n teach ar a' ndeis aca(b), ó thárla é bheith ar shúil a' bhóthair. Tarraingeann an ceannuidhe mála ann ag iarraidh lóistín na h-oidhche, fámuirí a' cur tuairisc a' bhealaigh, 'gaedhilgeoirí' ag iarraidh nathuidheachta, a's chuile chineál duine dhá dteigheann a' bóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (i.e. le dochtúr a dheanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é 'chaitheamh sa bhfairrge ná é 'chailleadh leis, mar amudha a chuaidh 'chuile phighinn dhi.
+
beo 1
M'anam muise mara gcuire tú i bhfocal anois go beo, tapa í, go mbeidh tú réidh léithe. Chuala mé go raibh sí ídighthe aige, go dtí mála amháin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh cupla mála gaineamh bheo caithte ar a' tsráid sin, ba mhór a' slacht a's a' ghlaineacht uirre é
+
borr
'Bhí sé 'borradh a's ag at mar bheadh cat i mála' (leath-fhocal) = duine 'mbeadh an-teacht suas faoi, nó duine 'bheadh a' cur stiúir achrainn air fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé istigh sa gcúinne a's é a' borradh a's ag at mar bheadh cat i mála.
Bhí sé a' borradh a's ag at mar bheadh cat i mála le neart fonn achrainn.
 
Nímé 'bhfuil duine a' bith ar a' mbaile a mbeadh mála móna de bhrabach air? Tá mé fhéin ro-chruadhógach le dhul 'na phorta(igh) anois.
 
Níl aon-sean-bhriocán dhá gcuireadh ceannuidhe in a mhála, nach raibh caithte ann.
+
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuighe, píosa mhálaí, nó rud a' bith ba thúisce aghainn. Choinneochaidís ó sciorradh thú ar a' leic oidhre.
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhí mise ag eirighe suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon-ghasúr sa tír, ach iad ag imtheacht cos-nochta, geimhreadh a's samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór annsin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí 'mhálaí — le teas a dhéanamh dhóib ar a' bhfuacht.
+
Bhí sé chomh maith do dhuine mála a bhualadh air fhéin, a's a dhul ag iarraidh a chodach, le 'bheith i gcleitheamhnas talmhana anois.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an saoghal cínnte uirre mar sin, nach bhféadfa sí mála a bhualadh uirre fhéin (i.e. a dhul ag iarraidh a codach) a's má bhuaileann fhéin, is aice atá a dhruim = tá druim leathan láidir uirre l'aghaidh mála nó ualaigh.
 
D'ionnsuigh air a' rúscadh an cheannuidhe (ceannuidhe mála) le buailteán a' tsúiste, ach níor leis a' gceannuidhe ab fhaillighe é mo léan! D'fhastuigh sé an buailteán, as chuir sé cor ann, gur bhris an iall le teann fuinnimh, a's tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc de'n bhuailteán d'fhear a' tighe annsin, a shín é in a staic ar an urlár.
 
Ní fhaca mé aon-mhála plúir ariamh, ba lugha buaineadas, ná'n mála sin, ach ní atann a' plúr céadna chor a' bith a's thú dhá fhuint.
 
buille
Tá'n mála sin buille trom dhuitse len' iomchur.
 
buta
Ní buta bhí ann ach rampaire mór míllteach de mhála.
 
Is maith a chruthóchas sé nó fágfa an ágóid de bhean atá aige, mála na déirce air (aniar faoi na dhruím, ar a dhruím etc) = déanfa sé tíoghbhus maith nó cuirfe sí a' lorg na déirce é.
 
Thárla nach raibh aon-duine agam leis a' mála árdú orm, b'éigin dom eirghe faoi.
 
folamh 1
"Ní féidir le mála falamh seasamh ar a cheann" = duine a bhfuil ocras air, níl acmhainn oibre aige; duine nach bhfuil aon-teannadh ar a chúl aige, ní fhéadfaidh sé achrann a tharraint ná a bheith neamhspleách; mara bhfuil cuid is maoin agad, beidh tú in do chis ar easair ag gach duine
 
Falmhuigh an mála (an tubán, an cró, an cliabh, an ghloine, an garraí etc.)
 
fonn
Croch suas strionncán fuínn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Cho maith agus nach bhfuil aon-amhrán agad! Tá lán mála agad agus sriogán (sreangán) cuachóige air!
 
Caithfidh tú seol fascadh a dhéanamh nó ní fhágfaidh an ropadh seo gráinne ariamh agad. Fagh cupla sean-mhála. (Cuireann gasúir a bhíos ag fosaíocht, nó in a suí amuigh, seól fascadh suas freisin scaití)
 
Níl filleadh ná feacadh ionnam, ó shníomh mé mo dhruim ag iomchur málaí = níl mé indon mé fhéin a lúbadh etc.
 
ídigh
Tá'n mála mine ídighthe go dtí sin = caithte.
 
Ná cuir thú fhéin thar t'fhulainn leis an mála sin. Sin é an chaoi ar bhris sé sin thiar, íochtar a bhrún; go sábhála Dia sinn! = mara n-eirighe leat an mála a árdú gan an iomarca stró, ná teirigh ro-dhian ort fhéin (is minic nach mbíonn t ar bith sa bhfocal mar ainmfhocal)
 
Fáisc an mála seo ar an asal = cuir air é
 
abair
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon-fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orra
 
Is damantach an chaoi atá air. Níl snáth de na seacht n-éadaigh air, ach ag imeacht mar sin ins na briollachaí. Is geall le ceannuidhe mála é
 
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
 
dearmad 1
'Sé a mála-sise a chroch mé liom indearmad
+
de
Sin é an geóspailín beag d'fhear a mbíodh an mála de dhiallaid aige ar an mbicycle
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nach bhfuil sé de rath ort an mála a iompar
+
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach in a dheireadh" (sean-fhocal. fc. sparán)
TUILLEADH (1) ▼
Deir sibse gur indeireadh na bliana a rugadh mise, ach deirimse nach bhfuil a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh. Má tá mé mall féin, is minic freisin a rug cú mhall ar a cuid, agus ní bhíonn de chailleadh ar dheireadh an mhála féin
 
deis
Níl deis eirighthe ar bith agam faoi'n mála seo. = rud ar bith a bhéarfadh bantáiste dhom
 
deo
Ní bhfuighidh sé aon-mhála annseo, go deó ná go bráth aríst
 
diaidh
Sílim gur beag a bhí indiaidh Sheáin, ach bhí sé indiaidh an dearbhráthar eile — lán mála dhe
 
doras
Cé'n sórt mála é sin leis an doras dúinte?
 
drad
M'anam go bhfuair sé taoscán maith fataí. Chuaidh mé go drad leis an gcliabh mór sin amuigh faoi dhó. Bhí congnamh maith de thrí mhála Gaillimheach aige