Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
buail síos
1.
buailte síos = tinn; in a luighe; a' gabhail thrídh ruaig thinnis; aith-thinneas ("Buailte suas" a's "buailte síos". D'fhéadfadh duine a bheith "buailte suas" gan a bheith "buailte síos". Bíonn duine buailte suas le "scoilteachaí", nó tinneas ar bith nach mbíonn sé indon corruighe amach leis. Go h-iondamhail cnámha a bhíos as úsáide. Ach nuair a bhíos duine "buailte síos", bíonn air a' leaba a choinneál, go h-iondamhail, agus is galra nó tinneas cuirp a bhíos igceist).
+
Tá sé buailte síos le seachtmhain = tinn; ruaig thinnis air; é 'coinneál na leapthan.
Bhí biseach aige Dé Domhnaigh, a's d'eirigh sé. Ach bhí sé buailte síos Dé Luain aríst.
TUILLEADH (15) ▼
Tinneas aithmhéalach é an slaghdán céadna. Ní túisce biseach ag duine ná 'bhio(nn)s sé buailte síos aríst leis.
Má tá Seáinín buailte síos aríst, gheobha sé rud le déanamh, a's srianadh thríd.
Tá sé buailte síos le slaghdán.
Trí h-uaire imbéal a chéile a buaileadh síos mé, shul dhár chuir mé as mo chrioslaigh é (i.e an "fliú").
Tá sé chúig seachtmhainí imbéal a chéile buailte síos anois.
Buaileadh síos tinn é.
Chuir sé an chéad ruaig dhe, ach de bharr an fhliucháin a fuair sé lá an aonaigh, tá sé buailte síos aríst.
Bhí aige, marach an chaoi ar buaileadh síos aríst ar ais é.
Is fánach a' tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa a' fiadhach, seachtmhain go Domhnach seo caithte, a's ná raibh ann, marar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'eirigh ó shoin, a's níl gaisce 'bith air, fós fhéin.
Tá sé buailte síos, le dul 'un trí seachtmhainí. Má's í an eitinn atá a' priocadh leis, tá a chaiscín meilte.
Níl pian ná tinneas air, ach go bhfuil sé fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
Deir tú leis a' sean-fhear a buaileadh síos, oidhche an chleamhnais, go mí-thráthamhail. Cailleadh é seachtmhain 'na dhiaidh sin, a's b'éigean a' pósadh a chuir siar, go ceann míosa.
Dheamhan a' feasach a' dochtúr, céard tá air, ach an oiread linn fhéin, ach go bhfuil sé buailte síos.
Tá sé buailte síos, a's buailte síos a bheidheas sé, mara bhfuil ag Dia.
Buaileadh síos ar fad é, ó tháinic an uair ghlas. Sílim go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh. Ach tá Dia láidir in a dheidh sin!
2.
+
Buail scáird uisce síos ins na fataí sin = cuir, taosc
Buail síos scallach tae = cuir síos scáird tae.
TUILLEADH (4) ▼
Shíl sí steall uisce bhuig a bhualadh idir an gob 's an tsúil orm.
Buail síos na fataí feasta.
'Bhfuil cuimhne 'bith agad a' dinnéar a bhualadh síos?
Buail síos st(r)eall uisce sa 'gcitil' go mbearra mé mé fhéin.

buail síos in iontrálacha eile (50+)

 
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
 
Bíonn a' dream sin siar a' saigheadóireacht nó a' coinnleoireacht chuile oidhche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán áirde ag na maora eile orra(b), nidh nach iongnadh, ó thárla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
+
Níor fhága an slaghdán bradach sin siubhal a' bhealaigh agham. Seachtmhain a bhí mé buailte síos leis, a's ba mheasa dhom é, ná dhá gcaithinn bliadhain in mo leaba.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán le siubhal a' bhealaigh, a d'fhan ionnam, ó bhí mé buailte síos annseo imbliadhna (féach "ithe a chodach", "iarraidh a chodach", etc)
Tá sé na cianta ó chonnaic mé imbealach ná indearmad í, go dtí indé, inGaillimh. 'Sí atá tuartha snuighte as a ceann-aghaidh, a's má tá fhéin, cé h-iongnadh dhi sin, a's an fhad a's bhí sí buailte síos.
Is fada aríst, tá faitchíos orm, go bhfeice tú imbealach ná indearmad é, mara dteighe tú de mhaol de mhainge 'na tighe a' breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtmhain seo caithte, a's beidh liostachas fada air, mara bhfuil ag Dia.
 
Dheamhan fascadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde a's buaileadh chuile dheoir ariamh de'n chraobh-mhúr sin orm. 'Séard a bhí do mo speidhreadh ar fad, go raibh sí tuitim mar bheithí dhá dóirteadh as criathar, a's bhí sé 'na scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, a's bhí sé chomh tirm a's dá mba amach ar leaba chlúmhaighe a d'eireochadh sé, a's mise in mo líbín.
 
Is maith a rinne siad é, a's athrú síos Conndae na Midhe. Níorbh áit buaile ná sean-bhaile dóib, an tamhnach sin thiar.
 
aer
Is mór a' t-aer dhuit, bualadh síos go Bóthar na Trágha ar feadh coicíse = is mór an t-eirghe-amach duit é.
 
Tá'n galra sin chomh h-aithmhéalach, agus má bhuailtear duine síos leis, go mbeidh liostachas fada air = má thagann an galra sin ar dhuine is fada a chaithfeas sé an leaba nó'n áit istigh a choinneál.
 
Má tá fonn air bualadh faoi, ná bac thusa é, é fhéin a bheidheas síos leis.
+
buail
Scoth-bhláthan maith a bhuail mé, ach nuair a bhí mé dhá réidhteach as a' dubhán, ná raibh ann marar sciorr sé thrídh mo mhéarachaí, síos sa bpoll aríst. Is beag bídeach nar cailleadh mé le cantal, a's leig mé liom fhéin abhaile go goirid in a dhiaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail sé síos ar shlata na Gaillimhe, nuair a chinn air aon-tsaothrú 'fhaghail sa mbaile, a's má bhuail fhéin, níor dhonaide sin é: tá siopa láidir aige anois.
Tá'n casán buailte síos rómhat ar a' gceann-fhearainn, a's tá maol-bhearnaí 'sna claidhtheachaí le na dhul tharstu.
 
buille
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon-bhuille sa mbéim a bhualadh, le na mharthainn.
 
Ní raibh sé sáthach áirdeallach air fhéin an chéad uair, nó gur buaileadh síos aríst é = aireach
 
aire
Bhí fuigheall slaghdáin air, agus níor thug sé aon-aire dhó fhéin, gur buaileadh síos in ath-uair é. Bhí sé mall aige annsin (aire a thabhairt dó fhéin).
+
Buail síos go Bearna. Nach mór an t-eirghe amach duit é go ceann-seachtmhaine, fharrus a bheith cruptha istigh san áit seo igcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Nach conórach a' mhaise dhó é, bualadh síos ar an eirighe-amach sin.
 
anuas
Tá sé buailte síos aríst, le ceathair nó cúig de laethanta anuas.
 
Tá funóid ar a aire anois sílim, ó a buaileadh síos é. Tá a chuid bainne slainte ólta. Ní chuirfidh sé an chois siúd faoi len a ló. Nach bhfuil sí seacáilte ar fad, agus an fhuil cruinnithe in a carcair taobh thuas dhá ghlúin
 
Má tá tú ar thaobh an fhascadh den scéal, fan amhlaidh. Má bhuaileann tú do ladar chor ar bith ann, thusa a bhéas síos leis ar ball. Ní bhíonn duine ar bith buíoch d'fhear an réitigh
 
fraigh
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
 
Bhí sé buailte síos sgathamh annsin, ach tá sé in a shean-léim arís = bhí sé tamall tinn, ach tá biseach air arís, agus é indon siubhal thart agus a dhul is 'chuile áit.
 
Tá fuilint mhór ag an duine bocht. Cáid buailte síos anois é?
 
fuacht
Fuair sé fuacht ar an bportach an lá báistí údan, agus tá sé buailte síos ó shoin. Tháinig an dochtúr aige
 
Is damáisteach an ruaig shlaghdáin í seo. Tá an tír buailte síos
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuidhfinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoruidhe an bhéil bheo níos goire dhom ná seo, agus ní bheadh aon-scáth orm. Ní bheadh — a dhuth ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos annsin cho maith agus atá sé annseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil.
 
Tá an diachair ar chuid de na strainséaraí sin. Chonnaic mé gearrchaile as Baile Átha Clia a bhí annseo an bhliain cheana, agus tá aill annsin thiar, agus níor chomhnaigh sí go ndeachaidh sí amach ceachrach ar chiúis na h-aille, gur bhreathnaigh sí síos, agus gan tada thíos fúithe ach an poll duibheacáin. Dhá mbuaileadh rae roilleacán í, bhí a cnaipe déanta. Is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan
 
Ba diachta dó nar fhan ins an mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cá'r fhága tú an conórtas 'ar ndú! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nar leigidh Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimneochadh J. Mh. a theacht aniar do shiubhal a chos ag breathnú air. Tá baoghal beag air go deimhin
 
'Sé a bhí diomdhach dhíom nachar thaobhuigh mé é an t-am a raibh sé buailte síos. Shílfeá nachar cheart dó guth ar bith a bheith aige ormsa agus cho fada amach uaidh agus a d'fhan daoine a bhí i bhfad ní ba ghoire dhó ná mise
 
Bhí diúltú aige roimh an Aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorrú claidheachaí a bhuailfeadh sé ar uair an Aifrinn, sé sin cho uain agus a bhí sé de rath air aon-bhuille mhaitheasa a dhéanamh.
 
dlús
Mo chomhairle-sa dhuit dlúthas a chur le do chuid airgid. Droch-dhíolaidhe é sin. Ní mian leis scaradh le pinginn ar bith dhá mbeidh aige. Buail síos go dtí é de mhaol de mhainge agus abair leis é a thabhairt duit
 
Bhí sí ro an-tlásach ag an mbiadh. Chuir sí an iomarca suas in éindigh, agus chuaidh sé len a h-anáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirre é a chur aníos, agus sheas sé in a muineál. Thosuigh siad ag bualadh bosógaí ins an dromán uirre, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí ins an ngeampa feola a chuir sí suas, a chriog í. Is maith nar mhór do dhuine a bheith ar a áirdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís cho h-uathbhásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontabhairt é sin 'sábhalaidh Dia sinn. Ar aon-chor ní bhíonn aon-mhaith ins an mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirre
+
Buaileadh síos le donacht eicínt é aréir = tháinig donacht (tinneas) eicínt air aréir (b'fhéidir dhó a bheith tinn cheana ach go dtáinig árdú air)
TUILLEADH (1) ▼
Ní féidir gur buailte síos atá sé aríst, ach aithníonn an donacht a duine féin
 
Tá an bhean óg sin cho doscudhach le aon-fhear indo thír. Dhá gcloistheá í sin ag cur síos ar a ndearna sí i Sasana, chuirfeadh sí gruaig do chinn in a seasamh. D'innis sí thíos gan cás gan náire an oíche cheana, faoi'n gcaoi ar bhuail sí féin agus bean eile aniar, saighdiúr Meriocánach a bhí ag iarraidh a dhul in éindigh leo gan bhuidheachas. Ach ní tada é sin le h-ais ar innis sí …
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó indiu go dtí ambáireach go dteigheadh sé ann. Ag strócántacht 'chuile lá ag iarraidh imeacht an uair a chonnaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leath-bhliain imighthe — an duine bocht — an uair a marbhuigheadh é … i gCoventry an t-am a raibh na "haeroplanes" ag caitheamh anuas. Níor fritheadh a dhuth ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an "shelter". Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nar criogadh. Níor fritheadh a gcnámha féin.
 
droim
Bhí oíche shíorraidhe bháistighe ann agus an aimsir an-mharbhthánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'eirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an baladh. "Sin gaoth atá ag eirghe de dhruim dubhachain" arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. "Ní féidir go mbeadh sé in a dhubhachan cho luath seo ins an mbliain" adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaol a' (ar) mainge inGarrdha Árd T. Mh. Bhreathnuigh muid ar an mbarrainn. Bhí siad cho glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fútha rodtha as éadan, agus leagfadh an baladh bréan a bhí uatha thú
 
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
Tháinic díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos len a thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaghadh sé an té a dhéanfadh leis é bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marbhú
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. An uair a bhí an dinnéar ithte againn, bhí sé in a shuidhe síos, agus ag seanchus cho spleodarach agus a bhí sé aon-oíche ná aon-lá ariamh. Th'éis an dinnéar bhuail sé siar ar an leabaidh. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafruigh sí dhó (dhe) a raibh aon-cheo air, agus dubhairt sé nach raibh. An uair a bhreathnuigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoidh sí orm féin anoir as an ngarrdha. Ní bhlaodhfadh marach cho scanruighthe agus atá sí. Bhreathnuigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céadna i gcomhnuí. An uair a shamhluigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dubhairt sé nach raibh cruadhóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir ins an ngarrdha agam trathnóna. 'Mhuire is truagh, ní raibh mé leath-uair thoir ins an ngarrdha aríst, an uair a rith sí aniar agus é in a h-uaire móire uirre. Siar liom fhéin cho tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agad gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharamhail. Ach ní cás é, míle buidheachas le Dia, ó a rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
 
díol 1
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
 
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí leigthe isteach ar shúil an droichid. Dair liom féin go raibh aimhreas aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na h-áite
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh grinn do dhuine a bheith ag breathnú air ag cur na tuighe. Dheamhan blas ariamh ach a bualadh síos in a straoilleogaí mar a bhí sí agus scoilb a fháisceadh innte. Is breagh slachtar an teach a bhéas aige ach a mbeidh sé réidh
 
dóigh 2
Níor dhóighide cleas di anois ná thíos ar a cuairt tigh J. Is beag a bhéarfadh orm bualadh síos go bhfeicinn an mbeadh
 
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
 
Tá a chuid féin de dhúnárus Chloinn Mhac Confhaola ag siubhal leis sin. An té is críonna a rugadh ariamh — Sola féin agus deir siad go mba chríonna an fear é — ní bheadh a fhios aige, cé air a mbíonn sé sin ag cuimhniú. Scaithtí ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeitheá, agus scaithtí eile dheamhan fear is laetheamhla ná é. Mar sin atá sé ag dul dó — in a dhaolannaí. An t-am ar tháinig sé abhaile as Sasana, bhuail an cliamhain aniar de mhaol a mhainge, seacht míle bealaigh le theacht ag breathnú air. Casadh dhó é annsiúd imbéal an tseoil, ag ceann an bhóithrín. Ó diabhal an smid! Síos le P. ag an gcladach agus d'fhan sé scathamh thíos ann. An uair a tháinig sé aníos ag an teach, bhí an cliamhain ann roimhe, agus é ag ól tae. Shílfeá gur ó mhullach an aeir a thuit sé chuig P. Anonn leis go gcraitheadh sé láimh leis, ach thug an ceann eile do'n diabhal é féin agus a láimh. 'D'eile céard a dhéanfadh sé