Dara
—/dārɴə/, /dārə/, /darɴə/
—ord-aidiacht uimhreach de dhá.
1.
+–
An dara h-inín is óige aige atá le pósadh
An dara duine déag, an dara duine fichead, an darna duine déag agus fiche agus rl.
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé annseo gach darna seachtain (chaon darna seachtain) = gacha le seachtain
Ní bhfuighidh chaon dara duine dhíob sin obair
·
Is maith scéala nó go dteagaidh an dara scéala = má chloiseann tú leagan amháin ar rud b'fhéidir go ngéillfeá dhó, nó go gcloistheá malrait leagain
2.
·
An dómhadh lá déag d'Fhómhar = deirtear dómhadh in áit dara scaithtí ach ní abruítear é mara dteaga déag isteach ann ach amháin san leagan "an dómhadh nó an tríomhadh" (lá, duine, etc). Fc. damhadh réag san gcnuasach seo. "Bhí sé an damhadh réag nuair a tháinic sé abhaile". Dómhadh é is cosúil .i. an dara h-uair déag; an dó dhéag san oíche
Dara in iontrálacha eile (16)
→
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
+
Sin anois fear a bhainfeadh dara thairt as duine an-éascaidh, agus go mór-mhór má tá sé ar a bhog-mheisce = thiubharfadh sé cartadh dhó an-éascaidh; d'ionnsóchadh sé duine agus bhainfeadh sé cuid mhaith sníomh as
TUILLEADH (7) ▼
Chruinnigh cluiche de'n dream seo thoir air, 'chuile lá dhá dteigheadh sé soir, agus bhainidís an dara thairt as i gcomhnaí, dá bhrughadh agus dhá chartadh eatorra, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fiadh muise, bhí sé in a dhóigh ceart aca! Ach tháinic an oiread críonnacht' dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uatha uiliog!
Beidh sé taithighthe síos annsin muis nó go mbainfidh na buachaillí báire atá síos ann an dara thairt as. Is orra nach mbeidh an mhoill má chuireann siad rómpa chor ar bith é
Bainfidh siad an dara thairt as an Jap bocht anois, má's cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daor-bhasctha de'n Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith aca ag craitheadh na gcrúb, shul a chuirfeas siad i dteanta é
Tabhair an dara thairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionnad. Má tá an sramacháinín sin ag cínnt ort, is mairg a bheadh de do bheathú!
Má d'airigh tú faoi do neart chor ar bith é, breagh nachar thug tú an dara thairt dó. Ní tada eile a bhí ag teastáil uaidh. 'Muire muise, dhá gceapadh seisean go raibh aon-fhearasbarr aige ortsa ní imeochthá uaidh cho réidh sin
Thug siad an dara thairt di ceart annsin idtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan seadh na seoladh ionnta. Thuit an driúll ar an dreall ar fad orra, ó chuaidh na Sasanaigh isteach do'n Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) 'sna fáscaí ag téicheadh (/ə t′ɛ̄w/) uatha
Bhain siad an dara thairt as shul a d'fhéad sé an fhaic a fhastú! 'Dhiabhail is é a fuair garbh é! Baineadh aithinneadhachaí as an druim aige deirimse leat
→
dia 1
'Choimrí Dé, Mhic Dara agus Mhic Duach thú" = le duine ag dul ar aistir nó a leithide, curachaí ag dul 'un fairrge etc.
→
dícheall
Th'éis mo dhichill, gabhfaidh sé righte liom a bheith críochnuighthe an tseachtain seo. B'fhéidir dhá mbeadh freastal agam i gcomhnaí go mbeadh iarracht mhaith air, ach nuair a chaithim fhéin 'chaon dara súileoig a scaradh, is deacair dhom mórán dubhachain a dhéanamh. Tá an cúl siúd leis an gclaidhe thiar sáthach buan freisin.
→
ding
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
→
dol 1
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad-dola féin fós imbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céadna an chloch is faide siar ar mo pháidrín. Cuiridís an sirriam agam má's breagh leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir len a mbuachfai[dh] duine ar bith ar thalamh ins an saoghal atá ann, 'sé cuid an bheagáin é
→
drabhlás
Diabhal mé go sílfeá go mbíodh an-drabhlás ins an éadach a bhíodh ann fadó. Dá mbeadh méid ar bith in do ghiota flainín nach bhfeisteochadh sé amach lán tighe. Ach an leámháinín siopa sin, gheobhfá an saoghal dó (de) agus ní thiocfadh sé i bhfad ná ingearr in a dheidh sin. Ní mór do dhuine a bheith imighthe dhá cheannacht 'chaon dara lá. A Thighearna Dé nach hé an saoghal a d'imigh ó'n uair a mbíodh mná ag sníomhachán ó oíche go maidin. Is gearr nach mbeidh túirne ins an tír
→
drandal
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é