Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deacair, deocair
/d′akər′/: /d′ækər′/: /d′ekər′/: tá an dá leagan cho tréan le céile air
aidiacht
breis agus sár-chéim: deacra; deocra.
doiligh; cruadh; do-dhéanta; anróiteach; easonórach; tuaifisceach; danra, dian, drugallach, docht, roighin, calctha. (Fc. doiligh. An chuid is mó do na leagain a fhreagruigheas do "dheacair", freagruigheann siad do "dhoiligh" freisin).
a.
+
Is deacair (deocair, doiligh) a dhéanamh
Is deacair a bhaint as greim
TUILLEADH (16) ▼
Is deacair hata bán a rádh leis (fc. hata)
Is deacair fuiliú ar cheann carrach (fc. carrach, fuiliú)
Is deacair araoid a chur air anois
Is deacair "thug tú éitheach" a rádh leis = fear borb taghdach
Is deacair a chur in a thost nuair a thosuigheas sé
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó; is deacair a chomhairliú
Is deacair féar a bhaint ar an aimsir seo
Is deacair gan é a bhualadh
Is deacair gan é a thógáil air mar sin féin
Is deacair gan a bheith anuas air; agus cho failligheach agus atá sé
Is deacair a bearradh anois (fc. bearradh)
Is deacair a fháil leat ceart ar sheól na braiche
Is deacair a bhladar má dhíol sé na muca faoi na luach
Is deacra é a rómhar ná an bóthar sin annsin
Is deacair rud mar sin a dhéanamh. Is cuma céard adéarfas tusa, feicimse gur deacair a dhul in aghaidh sagairt in a dheidh sin
Is deacair an béal a bhaint do'n chapall sin
+
Tá sé deacair a dhéanamh
Tá sé dubh-dheacair (sár-dheacair, an-deacair, fíor-dheacair, rí-dheacair, meath-dheacair, roint deacair, buille deacair, réasúnta deacair, sáthach deacair, bun-deacair, deacair go leór, an-deacair de'n tsaoghal, an-deacair go deó agus rl.)
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé cho deocair le na bhfaca tú ariamh
Tá sé deacair fataí a bhaint agus cho moirteamhail agus atá an chreafóig
Sin é an rud atá dhá dhéanamh deacair
+
Níor thug sé aon-fhata do'n chliamhain! Is deacair dhó, agus gan iad aige féin
Níor íoc sí an fear fánaighe a bhí aice! Is deacair di, agus gan é aice
TUILLEADH (7) ▼
Ní thiubharfadh siad aon-phighinn dó! Is deacair dhóib, agus gan an oiread aca agus a dhéanfadh torann ar leic
Is deacair do Ph. faice a dhéanamh agus an deis atá ar a láimh
Is deacair do'n duine bocht teach ná árus a bheith aige agus a bhfuil ag glaodhach air
Is deacair do na daoine bochta cúis ar bith a dhéanamh agus an saoghal atá ann
Is deacair do mhuintir an bhaile seo móin ar bith a bheith aca, agus an t-aistear portaigh atá orra
Is deacair do'n cheann céadna a bheith ar chaoi ar bith eile, ach ar an gcaoi a bhfuil sé. Tá sé ro-shleamchúiseach
Is deacair do dhuine a bheith scanruighthe ag obair i gcomhnaí. Ní mór do na daoine scíth corr-uair
+
Bhí sé deacair go leór air móin a bhaint anuiridh, agus cho h-aonraic agus a bhí sé
Chaithfeadh sé go raibh sé deacair air é sin a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé deacair orm a dhul ann i lár mo chruadhóige
Tá sé deacair ag fear aonraic freastal do 'chuile rud
Tá sé ag dul deacair go leór leis a bheart a tharraint ar an aimsir seo
Tá sé ag dul deacair liom tada a dhéanamh ag láimh atá agam. Tá sí 'un óthrais ar fad!
b.
+
Is deacair leis corruighe amach = bíonn sé drugallach; ní maith leis
Is deacair leis an gceann céadna tada a dhéanamh = bíonn drugall air tada a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair léithe scaradh le cianóig ar bith
Ní fhaca tú aonduine ariamh ar deacra (deocra) leis eirghe ná é ar maidin
Is deacair le na Séamais sin buille ar bith a dhéanamh mara gcuirtear 'un caitheachtála dhóibh ceart é
Nach deacair leis a bhéal a dhúnadh
c.
+
Sin talamh deacair = talamh roighin, do-churtha. Bheadh sé greamuighthe nó taitthe in a chéile ag clocha ag fréamhrachaí láidire, fearacht bruimfhéir agus rl., agus ba doiligh fód a chasadh air ná an láighe a chur thríd beag ná mór
Céard a bhéarfadh an áit sin deacair? 'Ar ndú' níl cloch-bhuailte an iarainn ann!
TUILLEADH (5) ▼
Is deocra do chuid-se ná mo chuid-se. Áit ar bith a bhfuil an bruimfhéar bradach sin, bíonn sé deacair i gcomhnaí
Garrdha dubh-dheacair é siúd. Tá bonn cloch ar fad faoi
Tá mé ag iarraidh a bheith ag mianadóireacht annsin thoir, agus má tá féin, tá mé ag saothrú an tsaoghail. Tá an garrdha sin thar a bheith deacair a mhic ó
Níl fód ag gabhail liom ach talamh deacair. Tá sé fuaighte in a chéile, tá sé cho deacair sin
Tá sé cho deacair leis an Diabhal: fearbán agus bruimfhéar agus bunannaí créachtachaí agus clocha
+
Ní portach deacair é an portach dearg-laoch siúd againn. Diabhal mé go bhfuil mé ag baint ceart maith dhó
Tá an barr siúd cho deacair cho roighin sin agus go bhfuil sé ag cinnt orm fód ar bith a mhunláil ann. Tá mé in mo phuca aige
TUILLEADH (4) ▼
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé 'chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láighe i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá giodáin dó éascaidh go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann, atá dhá dhéanamh
M'anam go raibh portaigh éascaidhe againn anuiridh, ach nach shin é do phortaigh na bliana seo é. Tá siad deacair
Bíodh a fhios agad go bhfuil an bínnse a bhfuil mise air anois cho deacair sin, agus go gcaithim mo chois a chur ar an mbróigín scaithtí. Déarfá go bhfuil sin sáthach suarach
Is maith deacair an lag-pholl é siúd atá sé a bhaint, agus is breagh an léana móna atá aníos aige as in a dheidh sin
·
Tá an coiléar siúd an-deacair. Gruadháin mhóra atá uiliog ann … A ní raibh goir ar bith ag an gcoiléar thiar air siúd. Clocha reatha ar fad a bhí 'san gcoiléar thiar

Deacair in iontrálacha eile (50+)

 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach árduithe den talamh uiliog aca. Ní theagann fútha, nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas ionnta ach oiread
 
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
 
fios
Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr cé gur deacair a rádh gurb ea = níl a fhios nach mar is measa (dona) is fhearr cé gurb deacair a rádh gurb ea (fc. deacair, doiligh)
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
+
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
fága
Ba deacair a dhul ar farraige inniu tharéis go bhfuil an aimsir suaimnithe. Tá fágaí ann
 
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
 
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
 
Is deacair an sean-fhocal a shárú = bíonn sé ceart i gcomhnaí; is den chríonnacht áird a thabhairt ar an sean-fhocal
 
Má tá sé chomh beag-chontanásach le chuile dhuine is tá sé liomsa, is deacair triall air. = má tá sé comh beag a (de) chontanás le chuile dhuine a's atá sé liomsa, is deacair teanntás ar bith a dhéanamh air.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé's moite d'aon-chatóig amháin atá thoir le claidhe, ach is deacair le na catógaí céadna a dhul ar gcúl.
+
Is deacair 'parasól' a chinnireacht lá garbh. = is deacair 'parasól' a láimhseail nó a choinneál as do chionn fhéin.
TUILLEADH (2) ▼
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
+
Is deacair dhom tada a dhéanamh, a's mé chomh h-aonraic a's tá mé. 'D'orduigh cinnire congnamh', agus sin rud nach bhfuil aghamsa, ná fáill a' bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhágtar 'chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóib ar fad. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
 
A' mbeadh an oiread de'n bhallséire ort a's go dtiubharfá bhót (vote) dhóib sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta aca(b) de'n tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dheanamh, nuair nach bhfaghaim aon-fhreastal. Nach bhféadfadh sib na slata sin a bhruith a's a dhlaoithiú, 'thárla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
Marach a' coimhightheas atá air romhat-sa anois, mise imbannaí, go mbadh deacair cainnt a choinneál leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
+
colg
Ní féidir breith ar bhod gorm le na bhfuil de chuilgní air, a's tá sé amhla le n'ithe. Is deacair solamar a' bith 'fhaghail air, le na bhfuil de chnámha ann.
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa, má thagann colg ar a' mbruithteachán sin leat, gur deacair é 'mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaidhe leat in do shiubhal ionnsuidhe.
 
Meastú marach é bheith faoi chumaoin dom ingeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, a' ndeanfadh sé an méid sin gar dom. Baoghal air go deimhin! Sin é an buachaill céadna gur deacair leis soighleas a dhéanamh d'aonduine.
 
cora
Tá réidh-charra fhánach ann, ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirm uaithe, is deacair sin.
 
Sé'n chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha annsiúd ar a' tráigh thirm, gan Murrchadha gan Maghnus. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá uirre, a's chomh deacair a's atá sé í 'shású faoi fhear. = ní iarrfa fear a' bith í, as deire na cúise.
 
Shílfeá go raibh sé in am aghad eirghe as a' slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosamhlacht fós ort a's thú a' céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céadna a chur as do chreatalaigh.
 
baile
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
 
bannaí 1
InDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul imbannuidhe air, mar is olc a' díoluidhe é, marar athruigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, badh deacair dhom é 'eiteachtáil.
+
Is deacair do dhuine an bealach a shiubhal ag madraí.
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach annsiúd a's a bhfuil sa mbealach air.
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh a's a bhfuil dhá fhaghail de chaidéis dom = is doiligh dhom mo bheart a tharraint ná treabhadh liom, chor a' bith, a's a bhfuil de bhiadán a's de chainnt dhá dhéanamh fúm.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt do'n cheann céadna. Bhí bealach maith cheana aige in Ameriocá, a's páighe mhór, a's leig sé uaidh é le cion-faillighe.
Is deacair bealach maith a fhaghail ar a' saoghal seo = is doiligh slighe-mhaith maireachtála a dheanamh amach.
 
Mara bhfuil de mharach agad uirre, ach a' bhéalóig sin atá in a drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adubhradh).
+
coiric
Shílfeá go mbadh deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor a' bith lá gála a's na coirriceachaí atá asta(b).
TUILLEADH (2) ▼
InDomhnach muise, má theigheann rudaí de'n tsórt sin sa gcoirricín aige,tá faitchíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfe cíor ná raca as iad ar aon-chor! = amhuilleacht a' bith a ghlacfadh duine 'na chloigeann.
Is deacair é sin a chuir as a' gcoirricín aige anois, aindeoin nach raibh géilleamhaint a' bith aige dhó, an chéad uair = smaoineadh nó tuairim.
+
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál, a's bíonn siad chomh roighin, a's gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaghaim a' cainnt liom aca(b), go ceann fada scaithtí.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céadna scaradh leat! Tá sé in am aca(b) feasta, má's leo(b) scaradh leat go deo.
 
Tá siad i gcrích uileag aice anois, cé's moite de'n inghin is óige, ach is deacair í sin a shású faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fhaghail.
 
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad in a moirt le uisce, a's tá sreangannaí broimfhéir ionnta(b), a's fhobair go gcinnfeadh sé ort an láighe a chur thríotha(b) chor a' bith.
+
beo 1
Is deacair imeartas ar siúd! Tá sé beo, bíodhgamhail — tá sé sin!
TUILLEADH (1) ▼
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a thárlú leat ar bhealach a' bith ach le máilín. Ar a' gcaoi sin fhéin, is deacair é 'líonadh sa máilín fhéin.
 
bior
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur, a's gan agam ach bior in aon-tsúil.
+
bocht 2
Is deacair a' bocht 'aithneachtáil thar a' saidhbhir ar a' saoghal seo.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair é a cheannsú anois, arae ar chuala tú ariamh é: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, tiocfa sé go gabhail éadain'.
B'fhurast' aithinte ar an imtheacht a bhí faoi, go ndeanfadh sé rud eicínt as a dheire. Is deacair an sean-fhocal a shárú: 'nuair a theighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.
Ba deacair a díol d'fhear a fhaghail di, scathamh, ach is buidhe bocht léithe cimleachán a' bith anois = is corr-fhear a mbeadh sí sásta leis scathamh, ach is furasta í 'shású faoi fhear anois.