Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deacair, deocair
/d′akər′/, /d′ækər′/; /d′ekər′/: tá an dá leagan chomh tréan le céile air
aidiacht
breis agus sárchéim: deacra, deocra
doiligh; crua; dodhéanta; anróiteach; easonórach; tuaifisceach; danra, dian, drogallach, docht, righin, calctha. An chuid is mó de na leagain a fhreagraíos do deacair, freagraíonn siad do doiligh freisin (fc. doiligh).
a.
+
Is deacair (doiligh) a dhéanamh
Is deacair a bhaint as greim
TUILLEADH (16) ▼
Is deacair hata bán a rá leis (fc. hata)
Is deacair fuiliú ar cheann carrach (fc. carrach, fuiligh)
Is deacair araoid a chur air anois
Is deacair "thug tú éitheach" a rá leis — fear borb taghdach
Is deacair a chur ina thost nuair a thosaíos sé
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó; is deacair a chomhairliú
Is deacair féar a bhaint ar an aimsir seo
Is deacair gan é a bhualadh
Is deacair gan é a thógáil air mar sin féin
Is deacair gan a bheith anuas air, agus chomh faillíoch agus atá sé
Is deacair a bearradh anois (fc. bearr)
Is deacair a fháil leat ceart ar sheol na braiche
Is deacair a bhladar má dhíol sé na muca faoina luach
Is deacra é a rómhar ná an bóthar sin ansin
Is deacair rud mar sin a dhéanamh. Is cuma céard adéarfas tusa, feicimse gur deacair a dhul in aghaidh sagairt ina dhiaidh sin
Is deacair an béal a bhaint den chapall sin
+
Tá sé deacair a dhéanamh
Tá sé dubhdheacair (sárdheacair, an-deacair, fíordheacair, rídheacair, meathdheacair, roinnt deacair, buille deacair, réasúnta deacair, sách deacair, bundeacair, deacair go leor, an-deacair den tsaol, an-deacair go deo srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé chomh deacair lena bhfaca tú ariamh
Tá sé deacair fataí a bhaint agus chomh moirtiúil agus atá an chréafóig
Sin é an rud atá dhá dhéanamh deacair
+
Níor thug sé aon fhata don chliamhain! Is deacair dhó, agus gan iad aige féin
Níor íoc sí an fear fánaí a bhí aici! Is deacair di, agus gan é aici
TUILLEADH (7) ▼
Ní thabharfadh siad aon phínn dó! Is deacair dhóibh, agus gan an oiread acu agus a dhéanfadh torann ar leic
Is deacair do Ph. faice a dhéanamh agus an deis atá ar a láimh
Is deacair don duine bocht teach ná áras a bheith aige agus a bhfuil ag glaoch air
Is deacair do na daoine bochta cúis ar bith a dhéanamh agus an saol atá ann
Is deacair do mhuintir an bhaile seo móin ar bith a bheith acu agus an t-aistear portaigh atá orthu
Is deacair don cheann céanna a bheith ar chaoi ar bith eile ach ar an gcaoi a bhfuil sé. Tá sé róshleamchúiseach
Is deacair do dhuine a bheith scanraithe ag obair i gcónaí. Ní mór do na daoine scíth corruair
+
Bhí sé deacair go leor air móin a bhaint anuraidh, agus chomh haonraic agus a bhí sé
Chaithfeadh sé go raibh sé deacair air é sin a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé deacair orm a dhul ann i lár mo chruóige
Tá sé deacair ag fear aonraic freastal do chuile rud
Tá sé ag dul deacair go leor leis a bheart a tharraingt ar an aimsir seo
Tá sé ag dul deacair liom tada a dhéanamh ag láimh atá agam. Tá sí chun othrais ar fad!
b.
+
Is deacair leis corraí amach — bíonn sé drogallach; ní maith leis
Is deacair leis an gceann céanna tada a dhéanamh — bíonn drogall air tada a dhéanamh
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair léithe scaradh le cianóig ar bith
Ní fhaca tú aon duine ariamh ar deacra leis éirí ná é ar maidin
Is deacair le na Séamais sin buille ar bith a dhéanamh mura gcuirtear chun cathachtála dhóibh ceart é
Nach deacair leis a bhéal a dhúnadh
c.
+
Sin talamh deacair — talamh righin, dochurtha. Bheadh sé greamaithe nó táite ina chéile ag clocha ag fréamhrachaí láidre, fearacht broimfhéir srl., agus ba doiligh fód a chasadh air ná an láí a chur thríd beag ná mór
Céard a bhéarfadh an áit sin deacair? Ar ndóigh níl cloch bhuailte an iarainn ann!
TUILLEADH (5) ▼
Is deacra do chuidse ná mo chuidse. Áit ar bith a bhfuil an broimfhéar bradach sin, bíonn sé deacair i gcónaí
Garraí dubhdheacair é siúd. Tá bonn cloch ar fad faoi
Tá mé ag iarraidh a bheith ag mianadóireacht ansin thoir, agus má tá féin, tá mé ag saothrú an tsaoil. Tá an garraí sin thar a bheith deacair a mhic ó
Níl fód ag gabháil liom ach talamh deacair. Tá sé fuaite ina chéile, tá sé chomh deacair sin
Tá sé chomh deacair leis an diabhal: fearbán agus broimfhéar agus bunannaí créachtachaí agus clocha
+
Ní portach deacair é an portach dearglaoch siúd againn. Diabhal mé go bhfuil mé ag baint ceart maith dhó
Tá an barr siúd chomh deacair chomh righin sin agus go bhfuil sé ag cinnt orm fód ar bith a mhúnláil ann. Tá mé in mo phuca aige
TUILLEADH (4) ▼
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láí i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá geadáin dó éasca go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann atá dhá dhéanamh
M'anam go raibh portaigh éasca againn anuraidh ach nach in é do phortaigh na bliana seo é. Tá siad deacair
Bíodh a fhios agat go bhfuil an binse a bhfuil mise air anois chomh deacair sin, agus go gcaithim mo chois a chur ar an mbróigín scaití. Déarfá go bhfuil sin sách suarach
Is maith deacair an lagpholl é siúd atá sé a bhaint, agus is breá an léana móna atá aníos aige as ina dhiaidh sin
·
Tá an coiléar siúd an-deacair. Gruáin mhóra atá uileag ann … A ní raibh gair ar bith ag an gcoiléar thiar air siúd. Clocha reatha ar fad a bhí sa gcoiléar thiar

deacair in iontrálacha eile (50+)

 
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
 
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
 
fios
Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr cé gur deacair a rá gurb ea — níl a fhios nach mar is measa (dona) is fhearr cé gurb deacair a rá gurb ea (fc. deacair, doiligh)
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
+
Nach mór a bhíos ag fortabháil ar mháistir scoile fhéin. Bíonn clann mhór aige! Is deacair dó iad ar fad a chur ar a leas!
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
fága
Ba deacair a dhul ar farraige inniu thar éis go bhfuil an aimsir suaimhnithe. Tá fágaí ann
 
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
 
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
 
Is deacair an seanfhocal a shárú — bíonn sé ceart i gcónaí; is den chríonnacht aird a thabhairt ar an seanfhocal
 
Má tá sé chomh beagchuntanósach le chuile dhuine is atá sé liomsa, is deacair triall air — má tá sé comh beag a (de) chuntanós le chuile dhuine is atá sé liomsa, is deacair teanntás ar bith a dhéanamh air.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé is moite d'aon chatóig amháin atá thoir le claí ach is deacair le na catógaí céanna a dhul ar gcúl.
+
Is deacair parasól a chinnireacht lá garbh. — is deacair parasól a láimhseail nó a choinneáil os do chionn fhéin
TUILLEADH (2) ▼
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
Shílfeá go mba deacair dóibh (do na mná) na hataí coiricíneacha sin a chinnireacht chor ar bith dhá mbeadh farra ar bith ann.
+
Is deacair dhom tada a dhéanamh agus mé chomh haonraic agus atá mé. D'ordaigh cinnire cúnamh, agus sin rud nach bhfuil agamsa, ná faill ar bith air.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
 
An mbeadh an oiread den bhall séire ort agus go dtabharfá bhót (vote) dhóibh sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta acub den tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
Murach an coimhthíos atá air romhatsa anois, mise i mbannaí go mba deacair caint a choinneáil leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
+
colg
Ní féidir breith ar bhod gorm lena bhfuil de choilgní air, agus tá sé amhlaidh le n-ithe. Is deacair solamar ar bith a fháil air lena bhfuil de chnámha ann.
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse leatsa, má thagann colg ar an mbruiteachán sin leat, gur deacair é a mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaí leat in do shiúl ionsaí.
 
Meas tú murach é bheith faoi chomaoin dom i ngeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, an ndéanfadh sé an méid sin gar dom. Baol air go deimhin! Sin é an buachaill céanna gur deacair leis soilíos a dhéanamh d'aon duine.
 
cora
Tá réchora fhánach ann ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirim uaithi, is deacair sin.
 
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
 
Shílfeá go raibh sé in am agat éirí as an slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosúlacht fós ort agus thú ag céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céanna a chur as do chreatlaigh.
 
baile
Cér chás dom é dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agam, ach dheamhan cianóg rua a bhí ag gabháil liom, agus mo sheaneire ocrais orm. Agus deirimse leat gur deacair an seanfhocal a shárú: fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar.
 
bannaí 1
I nDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul i mbannaí air, mar is olc an díolaí é murar athraigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, ba deacair dhom é a eiteachtáil.
+
Is deacair do dhuine an bealach a shiúl ag madraí.
TUILLEADH (4) ▼
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach ansiúd agus a bhfuil sa mbealach air.
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh agus a bhfuil dhá fháil de chaidéis dom — is doiligh dhom mo bheart a tharraingt ná treabhadh liom chor ar bith agus a bhfuil de bhéadán agus de chaint dhá dhéanamh fúm.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt don cheann céanna. Bhí bealach maith cheana aige i Meiriceá, agus páí mhór, agus lig sé uaidh é le cion faillí.
Is deacair bealach maith a fháil ar an saol seo — is doiligh slí mhaith maireachtála a dhéanamh amach.
 
Mura bhfuil de mharach agat uirthi ach an bhéalóig sin atá ina drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adúradh)
+
coiric
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
TUILLEADH (2) ▼
I nDomhnach muise, má théann rudaí den tsórt sin sa gcoiricín aige,tá faitíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfidh cíor ná raca as iad ar aon chor! — ámhailleacht ar bith a ghlacfadh duine ina chloigeann.
Is deacair é sin a chur as an gcoiricín aige anois, ainneoin nach raibh géilliúint ar bith aige dhó an chéad uair — smaoineadh nó tuairim.
+
Déanann na crochaillí cnap thíos in mo mhuineál agus bíonn siad chomh righin agus gur deacair iad a chur aníos. Ní fhaighim an chaint liom acub go ceann fada scaití.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céanna scaradh leat! Tá sé in am acub feasta, más leob scaradh leat go deo.
 
Tá siad i gcrích uileag aici anois, cé is moite den inín is óige, ach is deacair í sin a shásamh faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fháil.
 
Tá na crúbáin siúd deacair, arae tá siad ina moirt le uisce agus tá sreangannaí broimfhéir iontub, agus fhóbair go gcinnfeadh sé ort an láí a chur thríothub chor ar bith.
+
beo 1
Is deacair imeartas air siúd! Tá sé beo bíogúil — tá sé sin!
TUILLEADH (1) ▼
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a tharlú leat ar bhealach ar bith ach le máilín. Ar an gcaoi sin fhéin, is deacair é a líonadh sa máilín fhéin.
 
bior
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur agus gan agam ach bior in aon tsúil
+
bocht 2
Is deacair an bocht a aithneachtáil thar an saibhir ar an saol seo.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair é a cheansú anois, arae ar chuala tú ariamh é: nuair a théanns bocht go nocht, tiocfaidh sé go gabháil éadain
B'fhurasta a aithinte ar an imeacht a bhí faoi go ndéanfadh sé rud eicínt as a dheireadh. Is deacair an seanfhocal a shárú: nuair a théanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
Ba deacair a díol d'fhear a fháil di scaitheamh, ach is buí bocht léithe cuimleachán ar bith anois — is corrfhear a mbeadh sí sásta leis scaitheamh ach is furasta í a shásamh faoi fhear anois.