Deireannas; Deireannadas; deireannaighe
—/d′erɴəs/, /d′erəɴəs/; /d′erɴədəs/; /d′erɴī/, /d′erəɴī/
—ainm-fhocla; fireann ach amháin deireannaighe
—mar ainm-fhocal, freagruigheann sé do dheireannach = late. Tá "deireannas" agus "deireannadas" tréan i gcaint. Is tréine "deireannas", is dóigh ná "deireannadas", ach ní mórán é. Níl deireannaighe ann mórán. Déantar riar maith focal ar mhúnla "deireannadas" .i. meirbheadas, cuthaileadas, fionnfhuartas, grinneadas agus rl.
1.
mall 'san ló, 'san oiche, 'san mbliain, 'sa maidin agus rl.
+–
Tá an deireannas ag teacht = tá sé ag eirghe deireannach
Is gearr uaidh an deireannas (nó deireannadas) anois
TUILLEADH (10) ▼
Le teacht an deireannais chuaidh mé abhaile
Ní mór dhuit na beithidhigh a bheith teáltuighthe istigh agad shul a mbeiridh an deireannadas ort (shul a bhéas sé in a deireannadas, shul a dteagaidh deireannadas ort agus rl.) = tuitim na h-oíche, nó mall 'san ló
Ní am ar bith dhuit an deireannas le bheith dhá dtóraidheacht sin. Cuir cipín leo anois
Bhí bun-deireannadas maith ann, 'nuair a chonnaic mé ag dul tharm é
Níl moill ar bith ar an deireannas an t-am seo — i lár an gheimhridh thall
Bhí deireannas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóruigh muid go h-íseal agus go h-árd in a ndiaidh, ach chinn orainn aon-amharc a fháil orra. "Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo níos fuide a Ph." adeirim fhéin. "Cá bhfios nach romhainn 'san mbaile a bheidís sin." Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn
Caithfidh muid imeacht roimh an deireannas
Bhí deireannadas na maidne ann nuair a d'imigh sé
'Séard atá agad a dhéanamh fanacht go deireannas, agus ní aithneochaidh aonduine thú
Bhí an deireannas ann nuair a tháinic sé
+–
Féadfaidh sib fanacht scaithín eile. Is beag de'n deireannas atá ann fós.
Is beag de'n deireannas a bhí chor ar bith ann ar imeacht dóibh = ní raibh sé an-deireannach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí roint de'n deireannas ann, ach má bhí fhéin, níor chuir sin aon-treampán orm faoi obair a dhéanamh
+–
Sin é a cheird sin i gcomhnaí: a dhul is 'chuile áit ar dheireannas na h-oíche
Ar dheireannas na h-oíche a tháinic sé abhaile, igcaoi agus nach bhfeicfeadh aonduine é
TUILLEADH (3) ▼
Leis an deireannas a tháinic sé
Teigheann sé amach ag spaisteóireacht leis an deireannas (le deireannas)
Le deireannas a thiocfas an sionnach amach ag sireoireacht i gcomhnaí
+–
Tá sé ag dul 'un deireannais = ag eirghe deireannach
Tá bealach fada roimhe. Tiocfaidh sé 'un deireannadais air ar an mbóthar = béarfaidh an deireannadas air ar an mbóthar
TUILLEADH (2) ▼
Teacht an deireannadais a d'fheicfeá ag corruighe amach i gcomhnaí é. Do dhubhshlán feic amuigh é i gcaitheamh an lae.
'Sé imeacht an deireannadais aige é igcomhnaí = imigheann sé leis an deireannas i gcomhnaí
+–
Thug tú an deireannas leat ag teacht dhuit = tá sé deireannach ort
Ní fhaca mé ariamh fhéin é nach mbeadh an deireannadas aige ag teacht dhó
TUILLEADH (4) ▼
Ná tabhair an deireannadas leat anois. Bí in am
Rug an deireannas orm aniar ag an T. = tháinic an oíche orm
Ní chorróchaidh sé anois go bhfaghaidh sé an deireannas ann
Dhá bhfaghainnse an deireannadas ann, bhuailfinn bóthar
+–
Shílfeá gur mian leat an deireannas a leigean ort féin aríst. Corruigh amach!
Ná leig an deireannas ort féin anois
TUILLEADH (6) ▼
Nach maith a chaithfeadh sé an deireannadas a leigean air féin ag teacht!
Tá an deireannas air. 'Chuile lá ariamh!
Bhí cuid de'n deireannas orm shul má bhí mé 'san mbaile = bhí sé mall ach ní raibh sé an-mhall
Bhí deireannas portaigh orm indiu = ní raibh mé ar an 'bportach nó go raibh sé mall 'san maidin; nó, d'fhan mé ann deireannach 'san trathnóna
Is beag de'n deireannas eirghe seo a bheadh ort dá ndéanthá aithris ar do chomharsa bhéil doruis. Is maith moch a bhíos seisean in a shuidhe 'chuile lá
Ní raibh sé ariamh gan deireannadas oíche agus lae a bheith air ag dul in áit ar bith. Níor facthas ariamh ar bóthar é 'nuair a bheadh 'chuile dhuine ann
2.
an aimsir le goirid; an saoghal le goirid, le scathamh anuas.
+–
An raibh sé annseo le deireannas (nó le deireannaighe: sin é an t-aon-chaoi ar chuala mé deireannaighe) = le goirid, le tamall
Níl le feiceál di le deireannaighe chor ar bith. Meastú ar ghlan léithe aríst. Dheamhan a cos nó ghlan!
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh mé istigh ann chor ar bith le deireannas. Is beag an iarracht atá orm ann anois faoi rádh agus nachar thaobhuigh mé iad an lá a raibh an méitheal aca. Bheidís sin ar fheabhas dhá bhfaghaidís daoine len a gcuid oibre a dhéanamh in aisce dóibh
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
Ní chaithim gail ar bith le deireannas. Tá mé eirighthe as ar fad. Is beag bídeach nachar chaill mé mé féin leis
Deireannas in iontrálacha eile (3)
→
deifir
Tá sé cho maith dhaoib imeacht anois agus ní ag cur deifir lib é, ach má leigeann sib an deireannas oraib féin, beidh tús na h-oíche an-dorcha
→
diogáil
Má's leat fanacht leis sin tá faitíos orm go mbeidh an deireannas ort. Nach bhfuil fhios agad cé hé sin. Caithfidh sé an lá dhá dhíogáil agus dhá shlíocadh féin. An uair a bheidheas uair d'oíche ann feicfidh tú é ag teacht amach agad (chugad) in a phéacóig.