Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diabhlánach
/d′əulānəx/
droch-dhuine, rógaire, duine gangaideach nó ámhailleach nó a leithide; is measa go minic é ná diabhal.
+
Nach hé an diabhlánach anois é ag gortú an asail!
Diabhlánach corónta é sin. Ní tada eile é
TUILLEADH (7) ▼
Meastú cá ndeachaidh an diabhlánach d'asal? Isteach ingarraí guirt eicínt!
Níl an diabhlánach de dhochtúr seo ann inniu ach an oiread. Ní hé is measa ach an tír dhona atá ag éisteacht leis
Ní leanfaidh an diabhlánach de mhadadh sin tada, agus nuair a leanfas féin bíonn sé ro-ghéar. Níor múineadh ceart i dtosach é
Nach hé an diabhlánach in a chraiceann anois é, a chuaigh in mo bhéal faoin bhfeamainn! Nach deacair bheith ag iarraidh comharsanacht air sin!
Dhá dtiomálfá (tiomáin) an diabhlánach sin amach ag obair 'chuile lá, is beag de'n cheird sin a bheadh air deirimse leat. Ach is beag an dochar dhó uabhar féin a bheith air, agus é ag fáil a bheatha ó neamh
Diabhlánach olc é sin. Ná cuir chuige ná uaidh
Nach hé an diabhlánach mí-oibliogáideach anois é, agus nach dtiúrfadh sé aníos an beart slat dom, th'éis an carr a bheith falamh aige

Diabhlánach in iontrálacha eile (24)

 
dairt
B'uathbhás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigin dom imeacht ar mo chromadadh istigh faoi'n gclaidhe gur bhailigh mé suas an Ch. nó sciochaidís an cloigeann dom (díom). 'Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marbhú duine orra
 
Bheadh S. sin ar siubhal go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach indon na cártaí a dhathú. Marach go bhfuil, ní bheadh buadh imeartha aige mar atá.
 
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte asta. Sin é an chosamhlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brigh na míonn agus bhainfinn an t-anam asaibh mara gcrapaidh sib lib — agus crapadh lib go beo freisin! Nach raibh a fhios agad pé'r bith céard a mhillfidís sin in do thímcheall nach leasóchaidís tada. Tá an millteanas de bheith orra. Ní millteanas go dtí é
 
Tá mé damnuighthe ag an diabhlánach d'asal sin ag imeacht i mbradghail 'chuile ré soluis. Dar mo choinsias dá mbeadh an ghlaicín mhóna atá annsiúd thuas amuigh, bheadh a shliocht air. Gheobhadh sé ruaigeadh na Muice Báine 'nan aonaigh. Diabhal baoghal go mbeidh mise dhá bhuachailleacht níos fuide, agus mé sceannta ag an mbaile dhá fhuagairt 'chuile lá
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach anois. Sháruigh sé a bhfaca mé ariamh len a chuid ámhuilleacht'
 
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean marbhuighthe aige. Is mór an díol truaighe anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil truaighe ar bith do'n chréatúr bocht atá faoi'n gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharbhú
 
diaidh
Fuair sé an leabhar sin tá trí seachtainí ó shoin, agus níl a dhath di indiaidh a chéile anois aige. Sin é an diabhlánach agad. Nach beag an tsuim atá aige, cá bhfuighfear airgead
 
Tá rún aige díoghaltas a bhaint amach nó is cinneamhaint air [é]. Siúd é an diabhlánach céadna nach leigfidh tada le aonduine. Is mian leis an buille deireadh a bheith aige féin i gcomhnuí
 
Tá dialúnach de laogh annsin thuas agus caithfear a dhul roimhe ar chaoi eicínt. Tá an diabhlánach ag diúl a bhodalaigh. Ní fhaca mé aon-laogh ar foghnamh dhá dhéanamh ariamh
 
'Ar ndú' ní ag dul ag fiachadh ar an díthreabhach bocht sin a bheadh sé. Má seadh muis, is beag a shúil le Dia atá aige. Ach níl scruball ar bith fanta ins an diabhlánach úd
 
dligh
Mo chreach-mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil ins an teach seo, agus níor chumaoin daoib a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon-fhuil ionnaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sib fhéin thíos aige-san agus ar leig sé amach sib agus déidín tuithte agaibh leis an ocras. Ach sin é. Marach a bheith gan náire dhó is fada amach ó'n teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon-chor.
 
Labhaireann an diabhlánach sin cho teann agus dhá mbadh mac dlisteanach é … tuige dhá mbadh eadh. Ní h-eadh muis. Sin é anois an chaoi é
 
Leig de do chuid dodaighle anois a raibiléara nó beidh rud ar a shon agad … Ó a dhiabhail áluinn an ceaintín bainne dóirtthe aice. Is mór an carghas é, th'éis m'anró. Diabhlánach ceart í, go maithidh Dia dhom é!
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
dóigh 2
Ní dóighide cleas do'n diabhlánach siúd ná a bheith ar meisce in áit eicínt. Nach muid an truagh-Mhuire aige
 
don
Mo dhona agus mo dhóirne ort a dhiabhlánach asail! Tá sé imithe ar an scuir aríst. Nach gearr goirid a bhí sé ag leagan an chlaidhe!
 
donas 1
Is maith nach mór dhuit a bheith ar do mhaidí nó gheobhfaidh tú droch-iarraidh ó'n diabhlánach siúd. Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh
 
doras
Cuir amach as béal an dorais é, an diabhlánach
+
drad
An bhfeiceann tú an drad atá ar an diabhlánach anois? Ba deacair magadh a dhéanamh faoi t'athair féin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chut anois. Tá drad air th'éis 'chuile dheoir de'n bhainne a ól
 
Ní mór liomsa do dhranndal an diabhlánaigh sin an méid sin. Is fada dhá thuaradh dó fhéin é.
 
drann
Ná tabhair blas an gharrdha sin do'n diabhlánach do ghamhain sin anois, nó ní choinneochaidh do chumhachta as é. Ní fhéadfaidh sé drannadh leis sin go mbeidh na garrantaí seo thíos creinnte aca
 
dris
An bhfaca tú aon-diabhlánach ariamh is neamh-áirdeamhla ná P. siúd. Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Chaithfeá uair ag cur caoi ar rud eicínt dó, agus an uair a bheadh sé ceartuighthe ar fad agad, sin é an uair adéarfadh sé: "céard deir tú"
 
Tá dúthruach ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claidhe amach as an ngarrdha indiu. As go bráth léithe síos an bóthar agus fhobair gur mharbhuigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaidhe T. Sh. agus chuir sí na beithidhigh thrín a chéile. Dheamhan comhnú a rinne sí annsin go ndeachaidh sí ins na cosa in áirde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar adtuaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag ionntú soir an bóthar marach go ndeachaidh mé roimpe agus a cur aníos go teach. Shíl mé idtosach gur dúthrúach dárach a bhí uirre ach dheamhan glaedh ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirre. Fuighleach a thug sé le déanamh dhom coinneál léithe ar an mbealach anuas, agus marach scuraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailighthe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhichill. Sin í an diabhlánach agad. Bhí an dúthruach céadna anoir aríst uirre — ag rith, ag géimneach agus ag gabhail dhá tóin in áirde. Ach dar brigh an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóchaidh sí annsin go n-athruighidh sí béasa. [Dheamhan] greim le n-ithe a thug mé di ó shoin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúthruach di. Mara mbainidh, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céadna