Dinglis
—ainm-fhocal buineann
—tuiseal geineamhnach uathaidh = dinglise.
—Fuaim — n ar lár ar an Achréidh agus g le srónaighil. Déantar g de'n d tosaigh scaithtí ar an Achréidh freisin
—
cineál drithlíní a bhíos induine agus má theangmhuighthear leo, tosuigheann sé ag preabadh agus ag léimneach. Bíonn siad is gach uile áit indaoine; indaoine eile ní bhíonn siad ach i bpuill a n-ascalla, in a n-ioscadaí, i mbuinn a gcos agus rl.
a.
+–
Tá dinglis ionnam
Nach innte atá an dinglis
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh mé dinglis ionnad
Chuir sé dinglis ionnam
Chuaidh dinglis ann agus léim sé de'n stól. = cuireadh dinglis ann
An ndeachaidh dinglis ariamh imbonnaidheachaí do chos
Ní fhaca tú a leithide de dhinglis induine ar bith ariamh agus atá ann
+–
Tá sé faoi dhinglis fré chéile
Tá sé ag dul as a chranna cumhachta le dinglis
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn cuid de na daoine gan dinglis ar bith
b.
+–
Tá sé ag cur dinglise in inghin Mh. Bh. anocht = dhá cláradh; ag suirghe léithe
Is deacair dinglis a chur innte sin. Tá sí an-ghiongach.
TUILLEADH (2) ▼
Nachar bhreagh an rud a bheith ag cur dinglise innte. Thuitfeadh sí agad in aon-chuaille amháin — marbh ar fad!
Níl aithne ar bith agad uirre! Is minic muise a chuir tú dinglis innte, má sin é do scéal!
Féach freisin
Dinglis in iontrálacha eile (3)
+
Níl ort ach do láimh a leagan ar a ghualainn agus eireochaidh sé de chothrom talmhana le dinglis. Ní fhaca mise aon-duine ariamh is dinglisighe ná é. Is mó dinglis é ná N. agus tá sin sáthach dona
TUILLEADH (1) ▼
An-fhear dinglis' é. Ní bheadh ort ach do lámha a chur amach mar sin, mar dhóigh de go raibh tú ag cur dinglis' ann, agus thosóchadh sé ag léimneach ar fud an tighe. Is gránna an rud a bheith cho dingliseach sin
Nach drilleach an mhaise di é. Níl ort ach do láimh a chur in a goire, agus eireochaidh sí de chothrom talmhana ar an toirt. Diabhal an dinglis é ach an oiread. Is iomdha duine a bheadh dingliseach nach mbeadh ar an gcaoi siúd