dodaighil
—ainm-fhocal; buineann.
—
stainceamhlacht, contráilteacht, gruamántacht, do-shástacht. (Is cinnte mar ghníomh agus is aibéisighe é dod ná dodaighil. "Bheadh capall ag gabhail le dod" an uair a bheadh sí ag eirghe in áirde agus ag stealladh, ach d'fhéadfadh sí gan a bheith cho dona sin le "dodaighil").
+–
Shílfeá go bhfuil dodaighil innte. Níor mhian léithe mé a leigean in a goire len a bleaghan idtosach nó go dtug mé cupla failm di a shuaimhnigh í. Ní cheannóchadh muide í gan marach eicínt a bheith uirre. Tá an smál sin orainn i gcomhnuí. Bhí, 'chuile lá ariamh
Má theigheann sí chun dodaighil' ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla criogaide aniar ar an dromán uirre, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin 'un míneadais í. Mara gcuiridh fág annsin í go trathnóna, gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
TUILLEADH (4) ▼
Bhí dubh-dhodaighil uirre anocht. Thug sí cic do'n tsoitheach agus chuir sí in aer é. B'éigin dom an bhuarach a chur uirre annsin, nó ní fhéadfainn sdriog a thabhairt uaithe. Is cailín críochnuighthe í.
Leig de do chuid dodaighle anois a raibiléara nó beidh rud ar a shon agad … Ó a dhiabhail áluinn an ceaintín bainne dóirtthe aice. Is mór an carghas é, th'éis m'anró. Diabhlánach ceart í, go maithidh Dia dhom é!
Nach diabhlaí an dodaighil a bhíos orra thar agus beithidhigh na tíre. Feicimse ar fud an bhaile iad agus dheamhan cruadhóg buarach a bhí ariamh dóib. Bíonn a gcuid beithidheach breagh sásta i gcomhnuí. Ach ní choinneochadh R. na rópaí bhuaraigh leis an teach seo.
Má fheiceann tú aon-rún aice a dhul ar dhodaighil, ceangail scóthach a driobaill dá h-ioscaid, agus feicfidh tú féin air go bhfuighidh tú bainne uaithe mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithe le fada
·
Dodaighil an óil a bhí air. Ní chuímneochaidh sé ar a dhath dhó (de) sin ambáireach. Bíonn a dhonacht fhéin ins an ól, agus ní mara chéile a theigheas sé do 'chuile dhuine
Dar príosta muise bhí fear in aice liomsa, agus dodaighil dhá bhualadh cho maith le duine. Chuir mé féin aithne air uair nó dhó stuaim a choinneál ar an bhfoighid, ach marach cho h-éaascaidh agus a stopadh an scliúchas, bheadh sé istigh in a cheartlár
Féach freisin
→
dod
dodaighil in iontrálacha eile (1)
→
dallán
Tá an bhó seo imighthe amach nó mara bhfuil níl aon-deor bhainne ag teacht thrí na dalláin. Maran dodaighil atá uirre. Má's eadh féin is minic minic léithe