Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draidín
ainm-fhocal fireann as drad
drad beag. Thiubharfaí ar na draid ar éigin a bhíos ag miolgairí é, nó ag naoidheanáin ach a gcuid fiacla a bheith ag tosuighe ag teacht. Tugtar freisin ar dhraid bheaga a bheadh in innil é, cuirim igcás an dá chorr eangacha a bhíos ar an bpláta a chuirtear as cionn na lainne is na rásúir "safety". Tugtar le droch-mheas é ar dhaoine a mbíonn "drad" nó cáir orra nó a bhíos ag drannadh .i. "scread mhaidne ort a dhraidín" (fc. drad).
·
Tá bualadh draidín air leis an bhfuacht (fc. bualadh)

Féach freisin

drad

Draidín in iontrálacha eile (5)

+
Tá bualadh draidín air leis a' bhfuacht = tá déidín tuithte aige leis a' bhfuacht; tá bualadh-fiacal air le teann fuaicht; tá sé thart leis a' bhfuacht.
TUILLEADH (3) ▼
Tháinic bualadh-draidín orm leis a' bhfuacht.
M'anam a Dhia a's do Mhuire, mara bhfuil bualadh-draidín orm le faitchíos!
Bhí an oidhche a' cur sheaca thar cionn, a's tháinic bualadh draidín orm, le neart an fhuaicht.
 
fuacht
Tháinig bualadh draidín (gioscán fiacal, bualadh fiacal) air leis an bhfuacht