Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draidín
ainmfhocal, fireann as drad
drad beag. Thabharfaí ar na draid ar éigean a bhíos ag miolgairí é, nó ag naíonáin ach a gcuid fiacla a bheith ag tosaí ag teacht. Tugtar freisin ar dhraid bheaga a bheadh in innill é, cuirim i gcás an dá chorr eangacha a bhíos ar an bpláta a chuirtear os cionn na lainne sna rásúir safety. Tugtar le drochmheas é ar dhaoine a mbíonn drad nó cáir orthu nó a bhíos ag drannadh .i. scread mhaidne ort a dhraidín (fc. drad).
·
Tá bualadh draidín air leis an bhfuacht (fc. bualadh)

Féach freisin

drad