Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Droma
ainm-fhocal, buineann
fuaim u ar o annseo agus ní a
cnoc, leirg (níl sé ach in ainmneacha áiteachaí .i. Droma Bheag agus Droma Mhór: tamhnachaí atá in aice Mhuigh Cuilinn; agus Droma: baile imbarr na Gaillimhe. Ní bhíonn an t-alt ann).
·
"Tá sí pósta thoir in Droma".
"Fear as Droma Bheag."

Féach freisin

Droma in iontrálacha eile (23)

+
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann-finne, ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bun-righeachaí a bhí air
Annsin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sáitheadh é. Dhá dteigheadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrídhn a chuid aobha, agus leagha na bhFíann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaidh sé as
Is diabhlaí leigthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirrlighe. Bheadh an síneadh fada aice.
 
Ní stró duitse máistreás scoile a fháil, ach caithfidh mise déanamh suas le talmhaidhe eicínt a mbeidh dhá chráig mhóra gharbha uirre agus clár droma l'aghaidh an chléibhín!
 
Is Árannach déanta í. Tá an-tslinneáin agus an-chlár droma aice, baile ó Dhia agus ó Mhuire uirre
 
dioc
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fiadh beidh gioc air, ach a mbeidh an tsean-ghráinseach siúd saothruighthe aige
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é len a chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi ins an leabaidh é. D'innis S. Sh. dó cá raibh an dochar. "Annseo" arsa seisean agus bhuail sé a shean-dorna anuas ar an gcaoldruim air, agus chuir sé snamannaí (snadhmannaí) ins an leabaidh air. Ach cho luath agus a fuair S. a anáil leis, d'eirigh sé de léim chascartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh leigthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlóchadh sé aon-fhata go bráth aríst!
 
"Cuirim faoi gheasa droma (dubha freisin agus troma) draoidheachta tú", adeir sé "gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an dárna h-oíche a chodladh ar aon-leabaidh, nó go dtugaidh tú agamsa … "
 
dreach
Sin iad thuas ag T. Mh. na budógaí a bhfuil an dreach orra. Mise imbannaí dhuit nach gcomhnóchaidh an braon i logán an droma aca sin mar a bhíodh sé ag comhnú ar bheithidhigh Ch. 'Sé an scéal é, ní bheadh call dó sin a dhéanamh ach a gcoinneál istigh ins an gcró agus gan ghiollaidheacht ar bith a dhéanamh orra, agus bheidís ramhar slachtar aige in a dheidh sin. Tá an míádh ann do dhaoine agus an t-ádh do dhaoine eile mar adeir S. G.
 
Tá scair eangaighe curtha againn siar ins an gcuisle. Ní raibh a shúil innte ar maidin, ach facthas dom go bhfaca mé driúillíní ar an uisce in aice a droma indiu. Caithfidh muid a tógáil anocht
+
droim
Buail ort é. Cuirfidh mise geall leat nach beag leat é, ach a n-iomchruighidh tú leath-mhíle é. Is trom cearc i bhfad adeir siad. Is beag an rud é sáith droma duine
TUILLEADH (10) ▼
Níl mé indon mé féin a dhíriú chor ar bith le tinneas droma le cupla lá. Tá mé thart aige. Neamh-chleachta a rinne é, is dóigh. Níor chuir mise aon tsúileoig fhataí le dhá bhliain déag go dtí an tseachtain seo caithte. Diabhal bréag nach maith a shaothruigheas an druim an bolg, ar chuma ar bith
Bhuail sé isteach ar alt an droma mé = an áit a bhfuil na hailt ins an druim
Airighim driog eicínt isteach in alt mo dhroma, maran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é.
Anuas annsin díreach ar alt an droma a fuair mé é. Shíl mé go raibh mo chreach déanta
Shílfeá go bhfuil bearradh droma aige ar na caoirigh = bearradh a tugtar ar chaoirigh faoi Shamhain, ar fhaitíos go bhfuighidís fuacht. Bearrtar an druim aca, ach fágtar an bolg gan bearradh
Ní fheicfeá an oiread ag tabhairt bearradh droma ar na caoirigh anois agus a thugadh fadó, igcruthamhnas duit go gcaithfidh sé nach bhfuil an aimsir cho fuar agus a bhíodh sí roimhe seo. Ní túisce lá Samhna ar fáil fadó, ná a chloisfeá 'chuile fhear a mbeadh caoirigh aige ag rádh: "sin é in a Shamhain é. Ní mór dhom an bearradh droma a thabhairt ar na cupla caora seo, nó ní sháróchaidh siad an geimhreadh". Is beag an bearradh droma atá anois ann, mara bhfuil sé ag lucht an tsléibhe. Ach ní fuláir dóibh sin é. Tá an fuacht mór faoi shliabh
B'annamh liom muise an bearradh droma a thabhairt ar na caoirigh, ach tháinig sé an-fhuar i mbliana. Ba é a chosamhlacht an uair sin faoi Shamhain go dtiubharfadh sé geimhreadh cruadh uaidh. Ach inDomhnach shílfeá nachar tháinig sé cho dona sin fós, mara romhainn amach atá
Deir daoine go gcoinnigheann an bearradh droma siar na caoirigh, ach ní mheasaim féin go gcoinnigheann. Is fad ar a shaoghal é, má tá indán agus go mbíonn geimhreadh cruadh ann. Agus níl aon-gheimhreadh dhá bhfuil ag toidheacht anois nach geimhreadh cruadh é. Feacha an geimhreadh anuiridh …
M'anam a mhuirnín nach bhfuil siad againn, ní ag ceasacht ar Dhia é, le bearradh droma, ná bearradh bradach ná aon-bhearradh eile a thabhairt orra. Cailleadh dhá uascán bhreagha orainn anuiridh le cnuimhe, agus trí cinn an bhliain roimhe sin, agus dubhairt muid linn féin annsin ó thárla nach raibh siad ag eirghe linn nachar bhfiú duinn a bheith dhá (dhár) meath féin leo, agus leig muid uainn ar fad iad
Druim an Fhir Ruaidh, Druim an Bháire, Corr an Droma, an Druim, Scoil an Droma (ainmneachaí áiteacha. Tá an Druím a bhfuil Scoil an Droma ann scaithín aniar ó Bhaile na Cille in Oileán Gharomna)
 
'M'anam muise, bíodh a fhios agad go bhfuil spreacadh thar cionn 'san druinníneach sin té (cé) gur beag a cheapfadh dó é. Tá an-chlár droma aige