Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dronn
/drūɴ/, ach bíonn /drun/ ar an Achréidh
ainm-fhocal, fireann (níor chuala mé buineann é)
geineamhnach uathaidh — an druinn
uimhir iolraidh — dronna.
cruit, buiric mhór, crotghail, druim amach, builsceántacht.
+
Tá dronn ar an "tyre" sin. An bhfuil píosa taobh istigh dhó?
Tá dronn ro-mhór ar an bpíosa sin. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an tiúb amach ann th'éis do dhíchill. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é, arsa tusa
TUILLEADH (10) ▼
Is diabhlaí an dronn a tháinic ar an mballa sin le goirid. Is gearr gur tabhairt uaidh ar fad a dhéanfas sé.
Tá dronn air — an bitheamhnach — len a bhfuil d'éadach air. Is ceart dó siúd an-scráib-neart a bheith ann
D'fhága sé dronn ar an mbróig annsin, ach chreidim diabhal neart a bhí aige air. Is ait a chruthuigh sé agus a dhéanamh cho maith sin féin, agus cho caithte agus a bhí sí
Sin droch-shlata. An bhfeiceann tú an dronn atá ar an gcliabh annsin, mara 'sa gcaoladóireacht a bhí sé
Mo chreach an tuigheadóir muis. An bhfaca tú an dronn a d'fhága sé ar an teach i lár an stráca. Níl sé indon tuighe ar bith a chur
Is deas uaidh cruach choirce a dhéanamh go deimhin! Ní raibh é a leigean suas ar chruach ar bith. Breathnuigh ar an gcruach sin amuigh agus an dronn a d'fhága sé uirre. Níl díon deoir innte
Tá dronn ar a shrón = cruit uirre in a lár
Bainfidh mise an dronn de do shrón le iarraidh. Ní bheidh sé tada níos lugha agad
Céard a chuir an dronn ar an gcantín sin? Níl millteanas ar bith ag dul ó chuid de na daoine. Agus cho daor agus atá "cantíní". Dheamhan clár a ghabhfas air sin go deo aríst. Tá sé réidh leis!
Níl aon-ghaisce leis in a fhear ceirde in a dheidh sin. Breagh nachar mhínigh sé amach an dronn sin

Féach freisin

Dronn in iontrálacha eile (6)

 
amach
Tá dronn amach ar a' gcoca féir (ar rotha an rothair etc)
 
Tuitfidh an sean-teach siúd lá ar bith. Tá an balla ar formhás. Feacha an dronn atá amach air
 
Tá dronn isteach ar an mballa = tá slis isteach, ar fiar air (dronn = corr; rud a bheith crotach; drúnn adeirtear faoi Chois Fhairrge agus Conamara siar, ach dronn ar an Achréidh)
 
Ná leig é sin suas ag déanamh na cruaiche. Níl ann ach fleascach. Beidh dronn soir agus dronn siar uirre in a dhiaidh — agus 'chuile dhronn ach an dronn ceart.
+
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreochadh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ó'n saoghal. Dhá leathchéad nachar mhór a chur siar faoi'n a mhuinéal i gcruth agus go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mara ndírigheadh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil len a anshógh féin. Tá sé in a chamalóid ro-mhór len a dhíriú choidhchin
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfuil tú indon an maide sin a dhíriú ar ais. Bhí an buachaill báire siúd ag pléidh leis gur fhága sé an dronn sin air