Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díriú
briathar.
Dírighim, agus rl.
rud a dhéanamh díreach; an chaime a bhaint as rud; stiúir nó slis a chur ort féin.
+
Dírigh do spreangaidí. Tá siad ar fud an tighe is 'chuile áit dá siubhailim
Níl aon-ghoir agam mo chiotóig a dhíriú le dhá lá. Tá pian isteach annsin orm i maol na gualann. Tá, agus pian ghártha scaithtí.
TUILLEADH (6) ▼
An mbeadh goir ar bith agad na lámha seo (lámha rothair) a dhíriú. Tá siad cho cam le adharc pocaide
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreochadh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ó'n saoghal. Dhá leathchéad nachar mhór a chur siar faoi'n a mhuinéal i gcruth agus go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mara ndírigheadh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil len a anshógh féin. Tá sé in a chamalóid ro-mhór len a dhíriú choidhchin
Tá sé dhá dhíriú féin
'Bhfuil tú indon an maide sin a dhíriú ar ais. Bhí an buachaill báire siúd ag pléidh leis gur fhága sé an dronn sin air
Ní féidir an t-adhmad sin a dhíriú. Tá sé strumptha leis an bhfuacht
Ní dhíreochadh a bhfuil de dhruifí (doruighthe) in Éirinn é. Tá sé ó dhíriú anois
+
Dhírigh sé aniar chugam
Níl sé indon díriú aniar ins an leabaidh ach léar (de réir) mar dhíreochas duine eicínt eile é
TUILLEADH (4) ▼
Dhírigh sé aniar ins an gcathaoir ar an dá luath agus ar caintigheadh ar na bróga. Deirimse leatsa go raibh cluais air uaidh sin amach
Dírigh suas! Cé'n sórt codladh atá ort! Is diadhachta dhuit codladh a bheith ort agus ar chodail tú aréir
Breagh nach ndírigheann tú suas. Ní féidir gur chuir an teirgéis sin meisce ort!
Dírigh dhíom nó déanfaidh tú sprúdháin do mo láimh. Tá sí i bhfastós idir thú féin agus an balla

Díriú in iontrálacha eile (8)

 
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
 
Chuaidh mé thar mo dhicheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhruim mar atá sí ó shoin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
+
Chonnaic mé é ag díriú an mhaide siar ar an teach = chuir sé an maide amach mar a bheadh sé ag teasbáint an tighe leis
TUILLEADH (4) ▼
Tá mé ag brath ar díriú air anois = a dhul ag triall ar áit nó ar dhuine
Foighid ort anois! Is gearr go mbeidh mé ag díriú air. Má bhím féin, sílim go bhfuil sé ag tarraint ar an am agam
Thosuigh sé ag díriú orm. D'aithin mé ar an bpuínte air go raibh rún aige mé a dhonú (Díriú orm = i gcásanna den tsórt seo cialluigheann sé gur chuir duine gothadh achrainn air féin le duine eile)
D'aithneochadh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rí-rá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
 
Dhá bhfaghadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé indon díriú faoi'n gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agad-sa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an aghaidh mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (Díriú faoi ualach = a dhul faoi ar an talamh agus eirghe faoi agus é ar do dhruim, nó go mbeitheá i gcruth siubhail faoi)