Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dírigh
briathar.
díriú, dírím, srl.
rud a dhéanamh díreach; an chaime a bhaint as rud; stiúir nó slis a chur ort féin.
+
Dírigh do spreangaidí. Tá siad ar fud an tí i chuile áit dá siúlaim
Níl aon ghair agam mo chiotóig a dhíriú le dhá lá. Tá pian isteach ansin orm i maoil na gualann. Tá, agus pian ghártha scaití
TUILLEADH (6) ▼
An mbeadh gair ar bith agat na lámha seo (lámha rothair) a dhíriú. Tá siad chomh cam le adharc pocaide
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreodh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ón saol. Dhá leathchéad nár mhór a chur siar faoina mhuineál i gcruth is go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mura ndíríodh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil lena anó féin. Tá sé ina chamalóid rómhór lena dhíriú choíchin
Tá sé dhá dhíriú féin
An bhfuil tú in ann an maide sin a dhíriú ar ais. Bhí an buachaill báire siúd ag plé leis gur fhága sé an dronn sin air
Ní féidir an t-adhmad sin a dhíriú. Tá sé stromptha leis an bhfuacht
Ní dhíreodh a bhfuil de dhruifí (doruithe) in Éirinn é. Tá sé ó dhíriú anois
+
Dhírigh sé aniar chugam
Níl sé in ann díriú aniar sa leaba ach léar (de réir) mar a dhíreos duine eicínt eile é
TUILLEADH (4) ▼
Dhírigh sé aniar sa gcathaoir ar an dá luath is ar caintíodh ar na bróga. Deirimse leatsa go raibh cluais air uaidh sin amach
Dírigh suas! Cén sórt codladh atá ort! Is diachta dhuit codladh a bheith ort agus ar chodail tú aréir
Breá nach ndíríonn tú suas. Ní féidir gur chuir an teirgéis sin meisce ort!
Dírigh dhíom nó déanfaidh tú spruáin de mo láimh. Tá sí i bhfostós idir thú féin agus an balla

dírigh in iontrálacha eile (25)

 
Ní bhfaighidh sé sin aon bhás choíchin. Beidh sé ag dul sna céadéaga mar sin, agus ualaí ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail den tseandúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó rugadh mé, agus dheamhan bás ná bascadh fós air
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
 
diaidh
Tá sé chomh caite amach i ndiaidh a bhéil agus atá mé féin atá in mo sheanfhear chríon liath, théis nach bhfuil annsan ach fear óg. Shílfeá go ndíreodh sé é féin thairis siúd. Téarma a bhí a thabhairt san arm dó. Dhíreodh neart maide ansin é
 
Chuaigh mé thar mo dhícheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhroim mar atá sí ó shin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
 
Ní maith liom díchúis ar bith a dhéanamh ar aon duine ar an mbaile thar a chéile, agus sin é anois an roinnt is dírí a fhéadaimse a thabhairt air — dochar; oirille; gan an méid is fiú é a chur in ómós gach rud
 
Tá sé ina ghiocachín ag na neascóideachaí. Ní fhéadann sé a chloigeann a dhíriú beag ná mór ag péire atá ar chinc a mhuiníl. Tá siad ina mbúistiúin ar chaon taobh agus beireann siad ar chába an tseaicéid má bhaineann sé feanc ar bith as féin
 
díol 2
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
 
Is maith díreach an mhóin í. 'Sí an mhóin uicht is dírí ina dhiaidh sin. 'Sí, agus is seasmhaí
+
Dhírigh sé an gunna orm — thug sé aghaidh an ghunna orm
TUILLEADH (8) ▼
Chonaic mé é ag díriú an mhaide siar ar an teach — chuir sé an maide amach mar a bheadh sé ag taispeáint an tí leis
Dhírigh sé cois na fuipe ar shráid a bhí síos ann. 'Téirigh síos ansin anois,' adeir sé, 'go gcastar teach dearg duit … '
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí ligthe isteach ar shúil an droichid. Dar liom féin go raibh amhras aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na háite
Tá mé ag brath ar díriú air anois — a dhul ag triall ar áit nó ar dhuine
Foighid ort anois! Is gearr go mbeidh mé ag díriú air. Má bhím féin, sílim go bhfuil sé ag tarraingt ar an am agam
Thosaigh sé ag díriú orm. D'aithin mé ar an bpointe air go raibh rún aige mé a dhonú (i gcásanna den tsórt seo ciallaíonn sé gur chuir duine gotha achrainn air féin le duine eile)
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
Má dhíríonn sé siúd agat (chugat) ina stoithneachán, rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh gnaithe do do dhícheall agat
+
Dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé in ann díriú faoin gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agatsa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an oidhe mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (díriú faoi ualach: a dhul faoi ar an talamh agus éirí faoi agus é ar do dhroim, nó go mbeifeá i gcruth siúil faoi)
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhíreodh sé faoi leathchéad, ní áirím dhá chéad: an séacla bocht
 
dorú
Dhá gcuirfeá dorú leis anois, ní fhéadfadh sé a bheith níos dírí
 
Buaileadh griúillín súí anuas díreach ar chaincín na sróine orm: dhá mba urchar é, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath ní ba dírí
+
droim
Níl mé in ann mé féin a dhíriú chor ar bith le tinneas droma le cupla lá. Tá mé thart aige. Neamhchleachta a rinne é is dóigh. Níor chuir mise aon tsúileoig fhataí le dhá bhliain déag go dtí an tseachtain seo caite. Diabhal bréag nach maith a shaothraíos an droim an bolg ar chuma ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Dírigh suas thú féin agus buail faoi. An bhfuil smior ar bith i gcnáimh do dhroma?
 
Dírigh suas thú féin a ghamail bhradaigh agus ná bí ag dul amach ar do bhéal mar sin. Ní ghlacfaí in aon arm faoin domhan leat