Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dronn
/drūɴ/, ach bíonn /drun/ ar an Achréidh
ainmfhocal, fireann (níor chuala mé baineann é)
ginideach uatha: an droinn
uimhir iolra: dronna
 cruit, boiric mhór, crotaíl, droim amach, boilsceantacht.
+
Tá dronn ar an tyre sin. An bhfuil píosa taobh istigh dhó?
Tá dronn rómhór ar an bpíosa sin. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an tiúb amach ann théis do dhíchill. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é, arsa tusa
TUILLEADH (10) ▼
Is diabhlaí an dronn a tháinig ar an mballa sin le gairid. Is gearr gur tabhairt uaidh ar fad a dhéanfas sé
Tá dronn air — an bithiúnach — lena bhfuil d'éadach air. Is ceart dó siúd an-scráibneart a bheith ann
D'fhága sé dronn ar an mbróig ansin, ach chreidim diabhal neart a bhí aige air. Is ait a chruthaigh sé agus a dhéanamh chomh maith sin féin, agus chomh caite agus a bhí sí
Sin drochshlata. An bhfeiceann tú an dronn atá ar an gcliabh ansin, mura sa gcaoladóireacht a bhí sé
Mo chreach an tuíodóir muis. An bhfaca tú an dronn a d'fhága sé ar an teach i lár an stráca. Níl sé in ann tuí ar bith a chur
Is deas uaidh cruach choirce a dhéanamh go deimhin! Ní raibh é a ligean suas ar chruach ar bith. Breathnaigh ar an gcruach sin amuigh agus an dronn a d'fhága sé uirthi. Níl díon deoir inti
Tá dronn ar a shrón — cruit uirthi ina lár
Bainfidh mise an dronn de do shrón le iarraidh. Ní bheidh sé tada níos lú agat
Céard a chuir an dronn ar an gceaintín sin? Níl millteanas ar bith ag dul ó chuid de na daoine. Agus chomh daor agus atá ceaintíní. Dheamhan clár a ghabhfas air sin go deo aríst. Tá sé réidh leis!
Níl aon ghaisce leis ina fhear ceirde ina dhiaidh sin. Breá nár mhínigh sé amach an dronn sin

Féach freisin

dronn in iontrálacha eile (50+)

 
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon araoid ormsa. Tá an faitíos mór air ón uair údan ar bhuail mé dual na droinne air
 
Is furasta a aithinte nach n-airíonn siad aon duine ina n-aice a choinneodh aon chló stiúrtha orthu nó ní bheidís ar an gceird sin. Dual na droinne a theastódh a bhualadh orthu sin. Ní chomhairleodh a mhalrait iad.
 
biorach 1
Má thaobhaíonn tú isteach an teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfaidh tú é gan dual na droinne a fháil. Rinne tú do cheart millteanais an oíche faoi dheireadh agus gan a bheith ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh anocht.
 
borr
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt dó. Dhá mbuailtheá dual na droinne air, ní bheadh sé ach ag borradh leis.
 
Bhuail muid dual na droinne uirthi agus bhí sí ag broimseáil ina dhiaidh sin.
 
aer
Tugann an máistir dual na droinne dhó chuile lá san aer ag an scoil, agus má thugann féin, tá sé ag cinnt air aon bhlas múineadh a chur air
 
Níl tada dhá aiféala orm gur thug mé dual na droinne dhó — níl aon aiféala orm gur bhuaileas go breá é.
 
Bhuail sé dual na droinne air, ach dheamhan maith a bhí ann ina dhiaidh sin — chaithfeadh sé a bhealach fhéin a fháil.
 
amach
Tá dronn amach ar an gcoca féir (ar rotha an rothair srl.)
 
Titfidh an seanteach siúd lá ar bith. Tá an balla ar forbhás. Féacha an dronn atá amach air
 
Tá dronn isteach ar an mballa — tá slis isteach ar fiar air (dronn = corr; rud a bheith crotach; drúnn adeirtear faoi Chois Fharraige agus Conamara siar ach dronn ar an Achréidh)
 
Bhí fios na faille ag J. ach sin rud nach raibh ag ceachtar againne. Ní inseodh sé dhúinn go raibh an dream thiar ag faire orainn le dual na droinne a bhualadh orainn. Níorbh fhearr le J. cleas dúinn
 
Is beag dhá chuid faltanais dom an iarraidh sin. Ar ndóigh bhuail mé dual na droinne air cupla bliain ó shin i nG.
 
Ná lig é sin suas ag déanamh na cruaiche. Níl ann ach fleascach. Beidh dronn soir agus dronn siar uirthi ina dhiaidh — agus chuile dhronn ach an dronn ceart.
 
fuar 2
Ba í an oíche a ndeachaigh sé ina chosa fuara siar ar bhainis Sh. Mh. a ghiorraigh leis. Ní raibh aon fhear sa teach an oíche sin nár thug dual na droinne dhó. Má ba é S. Ó B. féin é, bhí sé ag gabháilt air le leathmhaide croise
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
 
dealbh 1
'Dar brí na mionn,' mar adeir C. an Ph., 'má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is trua Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na droinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é'
 
deara
Ní thabharfaidh an t-athair aon ní dhár dhealbh an ghrian faoi deara má ghníonn tusa do ghnaithe go cuibhiúil. Ach tarrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na droinne má bhraitheann sé thú
 
deis
Dhá bhfaighinnse deis air, thabharfainn dual na droinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfaighidh mé deis air. Ní mé an dtaobhaíonn sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
 
Deir siad gur fear doscúch a bhí ansin aimsir na mBlack and Tans. Bhí sé ar a chaomhúint agus aithne mhaith acu air, agus oíche amháin ina dhiaidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth acu ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé san airdeall orthu nó go raibh a dtromlach scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbogmheisce. Shiúil sé amach ansin de mhaoil a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na droinne orthu. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
 
dris
Bhí an cine céanna — Clainn Mhac C. — ina ndris chosáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh gair acu a dhul siar nach mbeidís éirithe rompu le dual na droinne a bhualadh orthu, agus ar an gcóir chéanna dá dtéidís soir idir ord agus inneoin
+
dual 2
Buaileadh dual na droinne air — fuair sé an-lascadh; fuair sé liúradh Chonáin; buaileadh an oiread air agus a bhuailfí ar dhual lín
TUILLEADH (28) ▼
Buailfidh mé dual na droinne ort mura lige tú dhom
Buaileadh dual na droinne air sin agus é ag éirí suas, ach dheamhan maith a bhí ann. Ghreamaigh an ábhailleacht dhó ina dhiaidh sin
Séard a bhí a dhéanamh leis sin, ná duine ar bith eile a bheadh ar a chuid cainte, dual na droinne a thabhairt dó. 'Sé atá sé a thuaradh dhó fhéin ar aon chor
Chaith sé ucht eicínt (cainte) leis an bhfear seo thíos ag dul thar an teach agus d'éirigh sé seo thíos amach agus thug sé dual na droinne dhó
Beidh tú ar siúl nó go bhfaighe tú dual na droinne uathu siúd. Nach ort atá an bheith le go gcaithfidh tú a bheith ag siocadh leo
Ní fhaca mé aon lá ag an scoil ariamh an ceann céanna nach mbuailfí dual na droinne air. Ní raibh meabhair ar bith ann le tada a thógáil
Chuaigh sé abhaile agus thug sé dual na droinne don bhean, agus thug sé leis páipéar deich bpunt ansin agus níor tháinig sé abhaile go raibh a dheireadh ólta aige
Tuilleadh diabhail aige má fhaigheann sé dual na droinne. Chaith mé dhá uair ag tuineadh leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach ní raibh aon mhaith ann. Ní éadáil mhór an dream atá cruinnithe air anois
Tugadh dual na droinne de bhualadh dhó ann, agus ná raibh Dia leis murar mhaith an oidhe sin air
Thug muintir na háite thiar dual na droinne dhá ndeachaigh siar as seo ann. Níor fhéad aon duine acu teach na bainse a thaobhachtáil i gcaitheamh na hoíche ach sáite i bpoill agus i bprochógaí taobh amuigh
Thug sé seo thuas dual na droinne don chliamhain an oíche faoi dheireadh. Tháinig an cliamhain aniar ag iarraidh an chapaill air, ach sílim i leaba an chapaill a fháil go raibh an tseamair Mhuire aige nach bhfuair sé rud a mbeadh cuimhne aige air. Ach thuill sé é. Ba bheag beag an náire a bhí air agus a thaobhachtáil chor ar bith agus a ndearna sé de mhailís cheana air
Tá dual na droinne de shneachta caite aige a mhic ó. Diabhal mé go bhfuil muca sneachta suas ansin agus go dtiocfá go dtí do mhuineál iontu — go leor sneachta
Tuilleadh diabhail ag an tír anois mura bhfuil dual na droinne de shneachta faighte aici. Agus ní tús ná deireadh fós dó. Tá sé ag biathú as aríst. Níl aon éan ann ar chaoi ar bith!
Tá dual na droinne de bháisteach air. Is furasta a aithinte ar na mótaí sin thiar é: na tóineanna dubha sin atá siar aneas
Níor mhór dó dual na droinne de bháisteach a dhéanamh anois shula bheadh díol na ndaoine ann. Tá chuile shórt spalptha. Níl aon bhord ag gabháil liom ansiúd suas nach bhfuil scáinte
Chaith sé dual na droinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise soir ansin ag dul thar bruach. An bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar
Ná bac leis sin, ach mise a fuair dual na droinne de bháisteach an oíche sin. Ní raibh snáth thuas ar mo chraiceann nach raibh ina líbín
Gheobhaidh tú dual na droinne di. Ag athrú aimsire atá an toirneach seo agus tabharfaidh sí léithe an bháisteach. Is gártha na scaltrachaí atá sé a chaitheamh
Rinne muid dual na droinne de dhamhsa aréir — go leor
Gheobhaidh sé dual na droinne de phoitín ansin anois. Gheobhaidh sé an oiread dó ar chaoi ar bith agus go ngráineoidh sé aríst air go ceann píosa
Gheobhaidh sé dual na droinne den chúirtéireacht shula éireos sé aisti. Nach aige atá an tóir uirthi! Bhí buannaíocht eicínt acu sin uileag le na mná
Beidh sé ag dul ar na tórraíochaí nó go bhfaighe sé dual na droinne dhíobh. Ní fhaca mé a leithide de scabhaitéirín ariamh i láthair coirp. An oíche a raibh an tseanbhean sin thiar dhá tórramh, chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhom éirí agus é a thabhairt isteach ar an smut dó
Bhí dual na droinne acu ann — go leor daoine srl.
Chruinnigh dual na droinne ann ar an bpointe boise
Ara beannacht Dé dhuit! Bhí dual na droinne de dhaoine ann. Cérb as a dtáinig an mathshlua siúd ar fad
Bhí dual na droinne ar an tsochraide inniu. Shílfeá nach ndlífeadh an oiread siúd sochraide ann. Ní fhaca mise ag mórán sochraideachaí é féin ariamh
Bíonn dual na droinne istigh ansin chuile oíche ag imirt chártaí. Dheamhan gail den tine a fuair mé ó tháinig an t-airneán ná cuid de ghail
Bhí dual na droinne d'fhámairí soir anseo inniu. Sin é a gceird anois aríst nó go bhfeice tú an tSamhain seo chugainn. Ní féidir siúl síos ansin acu. Tá siad caite ina srathrúchaí i chuile áit ann