Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drámh
/drāw/
ainm-fhocal: fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh: dráimh
uimhir iolraidh: drámhasaí Cois-Fhairrge agus annseo agus annsiúd taobh siar, dráití (/drāt′ī/): Achréidh, Árainn, na h-Oileáin scaithtí, Rosmuc, Muigh Cuilinn go minic agus rl. Deirtear dráimh freisin.
1.
an cárta nach mbíonn ionntuighthe dhó i gcuid mhaith de na cluichí cártaí i.e. cúig déag, cúig fichead agus rl.
a.
+
"Muileata mámh, is maith an drámh an triuf"
"Spéireata ó Loch Éirne agus drámh maith hairt"
TUILLEADH (30) ▼
"Righ hairt an drámh is fhearr i bpaca"
"H-aon muileata an drámh is measa i bpaca"
"Ní drámh go h-airt"
Drámhasaí ar fad a bhí amuigh. Ní fhaca mé mámh ar bith
Thug mé na drámhasaí (dráití) ar fad dom féin, agus na mámhasaí do 'chuile dhuine eile, ach is minic liom mé féin a fhágáil feidheartha nuair a ghním cártaí
Níl a dhath ag gabhail liom ach sean-drámhasaí brocach. Dheamhan a leithide de chóisir aca!
Mara dtugaidh tú mámh dom, tabhair drámh maith dhom
Cé'n fáth nachar thug tú do mhámh, agus dhá dhrámh mhaith agad? Ar ndú' ní imirt seisear í
Níl aon-cheann go dóín ann ach drámhasaí
Is maith an drámh atá ar aghaidh glaice agad: an togha
Chaith tú an-mhámh i dtraipísí annsin
Tá tú ag ceilt drámhasaí i gcaitheamh na h-oíche, agus níl a fhios agam nach bhfuil tú ag ceilt mhámhasaí freisin, dhá mbeadh na daoine sáthach áirdeallach
Seogaidh agaibh an sean-dráimhín beag bídeach seo. Níl aon-ghnatha agamsa a bheith dhá bhuachailleacht
Ná bac le mámh a bheith agam a mhic ó. Is dona ina ndrámh féin iad
Is maith a chuaidh mo dhéanamh-sa dhuit. Chuir mé in do dhrámh ceart thú
Caith trí mhámh asta, agus dhá dhrámh mhaith = a rádh le fear dhéanta
Cé'n chiall duit an drámh sin a leigint isteach biorach, agus mámh in do ghlaic agad … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na h-uibheachaí muis!
Ba dona an drámh a bhí annsin agam agus diabhal mé go dtug sé an eang leis in a dheidh sin
Seol leat! Is beag de mo chaillteamas-sa leis: dráimhín dona
Níor mhaith liom a gcaitheamh i bpaca, arae bhí cupla drámh maith ionnta
Ní raibh de dhrámh ar foghnamh agam ach bainríoghan triuf, agus d'imigh sí ar an Rí
Tabhairt an dráimh a dhéanfas é a bhuachaillí
Tuige ar thug tú an drámh. Breagh nachar lom tú é, ó bhí cosaint agad ar do chuileata
Cuir in mo mhámh mé a fhleascaigh nó i ndrámh maith
Nach ann atá na sac-ghadhair! Agus mise ag ceapadh go bhfuighinn cúig ar dhrámh!
Ní raibh mámh ná drámh agam ach mar a chonnaic sib anois.
Drámhasaí fré chéile a bhí agam, ach ba rí-chártaí uiliog iad, agus bhí mé ag ceapadh go bhfuigheadh ceann aca cúig ar a chorr
Bhí mé taobh le drámhasaí an iarraidh sin, ach uair bheag agus uair mhór a mhic ó!
Nach agad a bhí na drámhasaí thar cíonn!
"Casadh Bríd Ní Chearra orm, agus bhí sí ag gearradh cártaí; D'iompuigh sí na muilte, agus tharraing sí na dráití; D'aithnigh mé ar an ngearradh sin nach raibh fear ar bith indán di; Agus ólaigidh liom an crúiscín agus bíodh sé lán" (Sliocht as amhrán a fuair mé i Muigh Cuilinn — "ólamuid an chrúiscín")
b.
+
Ní thiubharfadh sé dhom é ar mhámh ná ar dhrámh = ní scarfadh sé leis ar rud ar bith, ná ar chonntar ar bith
Ní chuirfeadh sé an gamhain na deich scilleacha eile ar mhámh ná ar dhrámh. Ach diabhal a fhios agam nach raibh sé dhá chur a cheart. Níl aon-ordú 'e rath air
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an "jug" sin sa teach le na cianta cairbreacha agus ní thiubharfainn ar mhámh ná ar dhrámh é. Ach tá sé de gheis oraibh go gcaithfeadh sib a bhriseadh
An bhfeiceann tú an píopa sin anois. Ní scarfainn leis ar mhámh ná ar dhrámh. Tá sé agam le tuilleadh agus seacht mbliana. Sé an píopa is fhearr é, ar chaith mé gail thobac ariamh as
Tá maith dhó muis a bheith ag míoladóireacht timpeall uirre sin. Dheamhan é muis ach an oiread liomsa. Meastú an dtiubharfaidh S. M. a inghean dó sin. Ní thiubharfadh ar mhámh ná ar dhrámh
Ní rachainn siar ann ar mhámh ná ar dhrámh. Nach mé a shíleas tú a bheith conórach. Níor thug mise conórtas de'n tsórt sin abhaile liom
Déanaighidh-se a' (bhur) rogha rud, ach ní thaobhóchaidh mise é ar mhámh ná ar dhrámh. Sin é a bhfuil 'na thímpeall. Go deimhin ba chumaoin dom sin!
Ní eireochadh sé sin ar mhámh ná ar dhrámh go mbeadh sé an h-aon déag sa lá, nó gur imigh an dearbhráthair, ach dheamhan mochóireach ar an mbaile is fhearr ná é ó shoin
Ní dhíolfadh sé sin áit tighe leat ar mhámh ná ar dhrámh. Baoghal air. Is mó aige sin an leacaichín sin thíos, ná dhá mbadh í Gleann Aidhneach í (tá Gleann Aidhneach an-mholta ar a fheabhas. Deirtear gurb i gCondae an Chláir atá sé)
2.
caillteamas, a bheith siar le rud, lear, leathtrom.
a.
+
Pébí cé air ar shíl siad a dhéanamh, ormsa atá an drámh = mise atá síos leis; ormsa atá an caillteamas nó an lear; ormsa a rinneadh an millteanas
Ba chuma leis siúd cé air a mbeadh an drámh, ach ghoidfeadh sé an t-airgead. Thug sé slamannaí móra leis freisin. Nach raibh sé ag oscailt leitreachaí in imeacht bliana nó as a chionn, shul ar brathadh é.
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad féin íoctha go maith leis anois. Diabhal thiomanta fear ar an bhfeadhain aca nach bhfuil ag fáil a bheagán nó a mhórán pinsean. Ach orainne atá an drámh. D'ith siad agus d'ól siad a raibh againn, agus bhí a (ar) ndóthain buige shíneadh ionainne len a chaitheamh aca, mar dhóigh de go raibh muid ag déanamh leas do'n tír. Mo chreach an tír!
Ardóchaidh mise liom é seo ar chaoi ar bith, bíodh an drámh ar a rogha duine
Cuid mhaith de'n drámh atá ar mhuintir na h-áite seo, 'sé a gciontsiocair féin é. Breagh nach dtigeann siad le chéile, agus fear a chur in áit eicínt a labhairfeadh ar a son, agus gan 'chuile dhuine dhá dtiocfaidh an bealach a bheith indon a mbréagadh suas
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, aindeoin ar chaith sé dhá dhúracht ag déanamh diabhála (díobhála) ar dhaoine eile. Má's feall fillfidhear, adeir siad
Is cuma sa diabhal céard a dhéanfas tusa ar phóilí, ach is ort fhéin a bhéas an drámh faoi dheireadh thiar thall. Shílfeá go raibh fuighleach údair ag S. seo thiar do'n phóilí ruadh, ach féach nach bhfuair sé comhaireamh na shop sa gcúirt in a dheidh sin. Aon-mhuintir amháin iad muintir Árd-Raithin, adeir siad
b.
droch-mheas, tarcaisne, faoi ráta, faoi mhí-ghnaoi.
+
Tá sé faoi dhrámh ar fad anois = faoi dhroch-mheas, faoi ráta
Ba mhór i gceist iad muintir Mh. scathamh. Ceithearnaigh a bhí ionnta, ach tá siad faoi dhrámh uilig anois
TUILLEADH (3) ▼
Bhí beithidhigh bheaga agus gamhna faoi dhrámh uilig (faoi ráta), ach dar príosta bhí an-imeacht ar leath-bheithidhigh agus ar bheithidhigh reamhra. Níor fiafruigheadh dhíom cá raibh mé ag dul amháin
Go bhféachaidh Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaid' anois. Tá siad faoi dhrámh amach agus amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon-fhear ag eirghe indiallaid le mo chuimne ach P. Mh. Mh. agus shílfeá go bhfuil sé caithte in aer aige sin féin anois
Tá an teach ósta sin faoi dhrámh ar fad ó d'ionnsuigh an sagart ag gearradh air. Ní maith le duine ar bith a bhéal siúd a tharraint air fhéin, agus sin é an fáth a bhfuil siad ag fuireacht amach as
3.
locht, milleán.
·
Ormsa a bhí an drámh faoin a dtabhairt isteach ann = milleán, locht a chialluigh sé 'sa gcás seo agus ní caillteamas (fear as Camus)
Leig tusa de'n bhun a dhul amach ach orainne atá an drámh. Caithfidh muid cur amach aríst (airgead)

Drámh in iontrálacha eile (1)

 
Sé mo dhearg-ghráin an cineál dráimh a leagas tú = cuireann sé olc orm