Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drámh
/drāw/
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: dráimh
uimhir iolra: drámhasaí Cois Fharraige agus anseo agus ansiúd taobh siar, dráití /drāt′ī/: Achréidh, Árainn, na hOileáin scaití, Ros Muc, Maigh Cuilinn go minic srl. Deirtear dráimh freisin.
1.
an cárta nach mbíonn iontaithe dhó i gcuid mhaith de na cluichí cártaí .i. cúig déag, cúig fichead srl.
a.
+
"Muileata mámh, is maith an drámh an triuf"
"Spéireata ó Loch Éirne agus drámh maith hairt"
TUILLEADH (30) ▼
"Rí hairt an drámh is fhearr i bpaca"
"hAon muileata an drámh is measa i bpaca"
"Ní drámh go hairt"
Drámhasaí ar fad a bhí amuigh. Ní fhaca mé mámh ar bith
Thug mé na drámhasaí (dráití) ar fad dom féin, agus na mámhasaí do chuile dhuine eile, ach is minic liom mé féin a fhágáil feidheartha nuair a ghním cártaí
Níl a dhath ag gabháil liom ach seandrámhasaí brocach. Dheamhan a leithide de chóisir acu!
Mura dtuga tú mámh dom, tabhair drámh maith dhom
Cén fáth nár thug tú do mhámh, agus dhá dhrámh mhaith agat? Ar ndóigh ní imirt seisear í
Níl aon cheann go dóín ann ach drámhasaí
Is maith an drámh atá ar aghaidh glaice agat: an togha
Chaith tú an-mhámh i dtraipisí ansin
Tá tú ag ceilt drámhasaí i gcaitheamh na hoíche, agus níl a fhios agam nach bhfuil tú ag ceilt mhámhasaí freisin dhá mbeadh na daoine sách airdeallach
Seoigí agaibh an seandráimhín beag bídeach seo. Níl aon ghnaithe agamsa a bheith dhá bhuachailleacht
Ná bac le mámh a bheith agam a mhic ó. Is dona ina ndrámh féin iad
Is maith a chuaigh mo dhéanamhsa dhuit. Chuir mé in do dhrámh ceart thú
Caith trí mhámh astu, agus dhá dhrámh mhaith — a rá le fear dhéanta
Cén chiall duit an drámh sin a ligint isteach biorach agus mámh in do ghlaic agat … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na huibheachaí muis!
Ba dona an drámh a bhí ansin agam agus diabhal mé go dtug sé an eang leis ina dhiaidh sin
Seol leat! Is beag de mo chaillteamas-sa leis: dráimhín dona
Níor mhaith liom a gcaitheamh i bpaca, arae bhí cupla drámh maith iontu
Ní raibh de dhrámh ar fónamh agam ach banríon triuf, agus d'imigh sí ar an rí
Tabhairt an dráimh a dhéanfas é a bhuachaillí
Tuige ar thug tú an drámh. Breá nár lom tú é ó bhí cosaint agat ar do chuileata
Cuir in mo mhámh mé a fhleascaigh, nó i ndrámh maith
Nach ann atá na sac ghadhair! Agus mise ag ceapadh go bhfaighinn cúig ar dhrámh!
Ní raibh mámh ná drámh agam ach mar a chonaic sibh anois
Drámhasaí fré chéile a bhí agam, ach ba ríchártaí uileag iad agus bhí mé ag ceapadh go bhfaigheadh ceann acu cúig ar a chorr
Bhí mé taobh le drámhasaí an iarraidh sin, ach uair bheag agus uair mhór a mhic ó!
Nach agat a bhí na drámhasaí thar cionn!
"Casadh Bríd Ní Chearra orm agus bhí sí ag gearradh cártaí; D'iompaigh sí na muilte agus tharraing sí na dráití; D'aithnigh mé ar an ngearradh sin nach raibh fear ar bith i ndán di; Agus ólaigí liom an crúiscín agus bíodh sé lán" (Sliocht as amhrán a fuair mé i Maigh Cuilinn — Ólfaidh muid an chrúiscín)
b.
+
Ní thabharfadh sé dhom é ar mhámh ná ar dhrámh — ní scarfadh sé leis ar rud ar bith, ná ar chuntar ar bith
Ní chuirfeadh sé an gamhain na deich scilleacha eile ar mhámh ná ar dhrámh. Ach diabhal a fhios agam nach raibh sé dhá chur a cheart. Níl aon ordú a rath air
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an jug sin sa teach le na cianta cairbreacha agus ní thabharfainn ar mhámh ná ar dhrámh é. Ach tá sé de gheis oraibh go gcaithfeadh sibh a bhriseadh
An bhfeiceann tú an píopa sin anois. Ní scarfainn leis ar mhámh ná ar dhrámh. Tá sé agam le tuilleadh agus seacht mbliana. 'Sé an píopa is fhearr é ar chaith mé gail thobac ariamh as
Tá maith dhó muis a bheith ag míoladóireacht timpeall uirthi sin. Dheamhan é muis ach an oiread liomsa. Meas tú an dtabharfaidh S. M. a iníon dó sin. Ní thabharfadh ar mhámh ná ar dhrámh
Ní rachainn siar ann ar mhámh ná ar dhrámh. Nach mé a shíleas tú a bheith cunórach. Níor thug mise cunórtas den tsórt sin abhaile liom
Déanaidhse a (bhur) rogha rud, ach ní thaobhóidh mise é ar mhámh ná ar dhrámh. Sin é a bhfuil ina thimpeall. Go deimhin ba chomaoin dom sin!
Ní éireodh sé sin ar mhámh ná ar dhrámh go mbeadh sé an haon déag sa lá nó gur imigh an deartháir, ach dheamhan mochóireach ar an mbaile is fhearr ná é ó shin
Ní dhíolfadh sé sin áit tí leat ar mhámh ná ar dhrámh. Baol air. Is mó aige sin an leacachín sin thíos ná dhá mba í Gleann Eidhneach í (tá Gleann Eidhneach an-mholta ar a fheabhas. Deirtear gurb i gContae an Chláir atá sé)
2.
caillteamas, a bheith siar le rud, lear, leatrom.
a.
+
Pébí cé air ar shíl siad a dhéanamh, ormsa atá an drámh — mise atá síos leis; ormsa atá an caillteamas nó an lear; ormsa a rinneadh an millteanas
Ba chuma leis siúd cé air a mbeadh an drámh, ach ghoidfeadh sé an t-airgead. Thug sé slámannaí móra leis freisin. Nach raibh sé ag oscailt litreachaí in imeacht bliana nó os a chionn shular braitheadh é
TUILLEADH (5) ▼
Tá siad féin íoctha go maith leis anois. Diabhal thiomanta fear ar an bhfeadhain acu nach bhfuil ag fáil a bheagán nó a mhórán pinsean. Ach orainne atá an drámh. D'ith siad agus d'ól siad a raibh againn, agus bhí a (ár) ndóthain boige shíne ionainne lena chaitheamh acu, mar dhóigh de go raibh muid ag déanamh leas don tír. Mo chreach an tír!
Ardóidh mise liom é seo ar chaoi ar bith, bíodh an drámh ar a rogha duine
Cuid mhaith den drámh atá ar mhuintir na háite seo, 'sé a gciontsiocair féin é. Breá nach dtigeann siad le chéile, agus fear a chur in áit eicínt a labharfadh ar a son agus gan chuile dhuine dhá dtiocfaidh an bealach a bheith in ann a mbréagadh suas
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, ainneoin ar chaith sé dhá dhúthracht ag déanamh díobhála ar dhaoine eile. Más feall fillfear, adeir siad
Is cuma sa diabhal céard a dhéanfas tusa ar phóilí, ach is ort fhéin a bheas an drámh faoi dheireadh thiar thall. Shílfeá go raibh fuílleach údair ag S. seo thiar don phóilí rua, ach féach nach bhfuair sé comhaireamh na shop sa gcúirt ina dhiaidh sin. Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, adeir siad
b.
drochmheas, tarcaisne, faoi ráta, faoi mhíghnaoi.
+
Tá sé faoi dhrámh ar fad anois — faoi dhrochmheas, faoi ráta
Ba mhór i gceist iad muintir Mh. scaitheamh. Ceithearnaigh a bhí iontu, ach tá siad faoi dhrámh uilig anois
TUILLEADH (3) ▼
Bhí beithígh bheaga agus gamhna faoi dhrámh uilig (faoi ráta), ach dar príosta bhí an-imeacht ar leathbheithígh agus ar bheithígh ramhra. Níor fiafraíodh dhíom cá raibh mé ag dul amháin
Go bhféacha Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaite anois. Tá siad faoi dhrámh amach is amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon fhear ag éirí i ndiallait le mo chuimhne ach P. Mh. Mh., agus shílfeá go bhfuil sé caite in aer aige sin féin anois
Tá an teach ósta sin faoi dhrámh ar fad ó d'ionsaigh an sagart ag gearradh air. Ní maith le duine ar bith a bhéal siúd a tharraingt air fhéin agus sin é an fáth a bhfuil siad ag fuireacht amach as
3.
locht, milleán.
·
Ormsa a bhí an drámh faoina dtabhairt isteach ann — milleán, locht a chiallaigh sé sa gcás seo agus ní caillteamas (fear as Camus)
Lig tusa den bhun a dhul amach ach orainne atá an drámh. Caithfidh muid cur amach aríst (airgead)

drámh in iontrálacha eile (1)

 
'Sé mo dhearg-ghráin an cineál dráimh a leagas tú — cuireann sé olc orm