Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Duileasc
/d′il′əsɡ/, fuaim /d′iʟəsɡ/ air in Árainn
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: duilisc.
fás atá isan gcladach ó leath-tráigh rabharta móir go dtí tráigh mhallmhuir. In a chraobhóigíní a bhíos sé, dath dearg nó dearg-dhonn air, agus é fásta ar na diúilicíní atá ar na clocha. Creannach diúilicíneach a thugas cuid de na daoine air. Baintear de na carraigreachaí é idir diúilicíní agus a bhfuil ann, agus d'íosfá as cúl do ghlaice é, nó d'fhéadfá tuar cupla lá a thabhairt dó nó go mbeadh sé tirm agus a ithe annsin. Déantar a thriomú nuair a bhaintear fasair mhór dhe nó nuair a bhíos sé le cur do bhrontanas faoi shliabh nó ar an Achréidh. Tá an-fhollántas ann agus is mór an nuaidheacht é do dhaoine nach gcomhnuigheann cois cladaigh. Is féidir a bhruith freisin agus gléas áirid a thabhairt air, nó deargán a dhéanamh dhe (fc. deargán). Is an samhradh nó is an bhfoghmhar is fhearr é. Tá an creannach ag dul i gcosamhlacht leis. Go deimhin is cineál de'n chreannach é an duileasc (fc. creannach). Is é an duileasc gearr mín é seo: duileasc an chladaigh. Ach tá cineál eile ann a dtugtar duileasc airde (/əird′ə/) air. Duileasc mór fada é sin a bhíos ar an domhainn, agus teagann sé isteach leis an bhfeamainn. Níl goir ar bith aige ar an duileasc eile. Go deimhin níl fás ar bith is an gcladach is mó solamar ná an duileasc. Is iomdha áit ar an gcladach a h-ainmnigheadh as an duileasc .i. Scailp an Duilisc; Lochán an Duilisc, Carraig an Duilisc, Caracáinín an Duilisc, Cloch an Duilisc agus rl.

Féach freisin

Duileasc in iontrálacha eile (5)

+
Déan deargán de'n duileasc sin
TUILLEADH (2) ▼
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghnidheadh muid bocstaí agus pruchógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc agus thiubharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan annlann go h-éag mar é. Bhíodh an-"hate" air
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
 
Dhá dtuiteadh an dranndal aisti anois d'fhuireasbhaidh duilisc thuas annsiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaidhe ag duileasc teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos annsin thíos. Is beag a bheadh ar a' (ar) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá dranndal-sise. A dhul ag fágáilt a' (ar) gcuid móna annsin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
 
dubh- 5
Bhí dubh-thráigh ann inniu. Bhí Carraig an Duilisc leis