Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duileasc
/d′il′əsɡ/, fuaim /d′iʟəsɡ/ air in Árainn
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: duilisc
fás atá sa gcladach ó leath trá rabharta móir go dtí trá mhallmhuir. Ina chraobhóigíní a bhíos sé, dath dearg nó deargdhonn air, agus é fásta ar na diúilicíní atá ar na clocha. Creathnach diúilicíneach a thugas cuid de na daoine air. Baintear de na carraigreachaí é idir diúilicíní agus a bhfuil ann, agus d'íosfá as cúl do ghlaice é nó d'fhéadfá tuar cupla lá a thabhairt dó nó go mbeadh sé tirim agus a ithe ansin. Déantar a thriomú nuair a bhaintear fasair mhór dhe nó nuair a bhíos sé le cur de bhronntanas faoi shliabh nó ar an Achréidh. Tá an-fhollántas ann agus is mór an nuaíocht é do dhaoine nach gcónaíonn cois cladaigh. Is féidir a bhruith freisin agus gléas áirid a thabhairt air, nó deargán a dhéanamh dhe (fc. deargán). Sa samhradh nó sa bhfómhar is fhearr é. Tá an creathnach ag dul i gcosúlacht leis. Go deimhin is cineál den chreathnach é an duileasc (fc. creathnach). Is é an duileasc gearr mín é seo: duileasc an chladaigh. Ach tá cineál eile ann a dtugtar duileasc airde (/əird′ə/) air. Duileasc mór fada é sin a bhíos ar an domhain agus teagann sé isteach leis an bhfeamainn. Níl gair ar bith aige ar an duileasc eile. Go deimhin níl fás ar bith sa gcladach is mó solamar ná an duileasc. Is iomaí áit ar an gcladach a hainmníodh as an duileasc .i. Scailp an Duilisc; Lochán an Duilisc, Carraig an Duilisc, Carracáinín an Duilisc, Cloch an Duilisc srl.

Féach freisin

duileasc in iontrálacha eile (6)

+
Déan deargán den duileasc sin
TUILLEADH (2) ▼
Ó a stór, roimhe seo a bhíodh na rudaí ann! Ghníodh muid bacstaí agus prochógaí, agus deargán. Ghabhfá síos ag an gcladach agus bhainfeá glac dhuilisc, agus thabharfá abhaile é agus dhéanfá deargán dó (de), agus dheamhan anlann go héag mar é. Bhíodh an-hate air
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
Dhá dtiteadh an drandal aisti anois d'uireasa duilisc thuas ansiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaí ag duileasc, teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos ansin thíos. Is beag a bheadh ar a (ár) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá drandal sise. A dhul ag fágáilt a (ár) gcuid móna ansin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
 
dubh- 5
Bhí dubhthrá ann inniu. Bhí Carraig an Duilisc leis
 
dúil
Bíonn dúil ag chuile dhuine i nduileasc. Tuige nach mbeadh