Díbheirgeach (díbhfeirgeach)
—aidiacht.
—
an-dóroinneach; droch-mhúinte; te bruithte feargach; brúisceamhail; coiligneach; fraochmhar; fealltach; díoghaltasach; franncuighthe; madramhail; gadharamhail; oilbhéasach; aicíseach.
+–
Rinne sé cleas díbheirgeach ar an duine bocht sin = rud nach mbeadh ceart; rud fealltach nó droch-mhúinte nó díoghaltasach agus rl.
Ní fhaca mé a mhacsamhail i gcaitheamh an tsaoghail ariamh, tá sé cho díbheirgeach sin. Chuaidh sicín linn soir anuiridh ins an ngarrdha gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair ins na naoi n-áird a thaobhuigheadh aon-chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóib a dhul ann ach a gcoinneál ruaigthe taobh siar i gcomhnuí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid th'éis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirbhshiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaidhe le m'ais agus í dícheannta. Nar fhága mé seo mara raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaidhe. "Coinneochaidh mise feoil libse" adeir sé "mara gcoinnighidh sibse u (bhur) gcuid cearc uaimse." Nar dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóchainn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aice, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfad sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirre. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ó'n dúid di
TUILLEADH (8) ▼
Bhí caoirigh againn annseo "trip" (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seidhrín ar 'chuile cheann beo aca. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth tuitim dhíob. Céard déarfá leis an mbitheamhnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seidhrín ar do chaora nach raibh sé cho maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éinfheacht. Badh é ba ghnaoidheamhla dhó
'Sé'n chaoi a raibh sé ins an am sin, bhí na tighearnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tighearnaí. 'Chaon dream aca ag baint barr dhá chéile. Bhí tighearna thoir annseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabhail leis nar speireadh aon-oíche amháin. Má speireadh féin leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go h-olc
Badh shin iad an dream a bhí díbheirgeach len a gcuid buachaillí. Mara mbeidís in a suidhe le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas in a n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor eirigh sé ar chuma ar bith an uair a glaodhadh air. Suas le sean-Sh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó ins an leabaidh. Diabhal asna de'n bhuachaill nar eirigh in a chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoigligheann faoi ins an leabaidh é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithidheach é marach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ó'n lá sin go ndeachaidh sé idtalamh, níor thóg sean-Sh. maide ag aon-bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
Deir siad gur duine sáthach díbheirgeach é an máistir óg seo a tháinig le goirid. Buaileann sé tuighe shrathair ar chuid de na scoláirí. Theastóchadh sin ó chuid aca, ach má bhíonn duine an-díbheirgeach críochnuighthe leo gránóchaidh siad ar an scoil uiliog. Le bheith lághach féin leo, is deacair le cuid aca a dhul ann
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
Tá an ceann céadna sáthach díbheirgeach má fhaghann sé an dó(igh). Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul ingeallta ins an gcladach anuiridh. Sin é é. Ní thóigfeá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionnsuigh sé M. B. Dubhairt sé leis go raibh sé ag baint na feamuinne thar teorainn. Dubhairt M. B. nach raibh, agus 'sbáin sé an teorainn dó. Dubhairt seisean narbh í, ach is gearr an tsáruigheacht a bhí ann an uair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamuinne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. "Má theagann tú níos goire do'n teorainn" adeir sé "ná tá tú, cuirfidh mise í seo báidhteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir annsin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sáthach díbheirgeach
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcomhnuí. Níl sé mórán le mí ó shoin — an bhfuil — ó leagadh na claidhtheachaí annseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte do'n tsáirsint an uair sin, agus dubhairt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nar chorruigh sé as go dtí an dó dhéag agus nar casadh aon-duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ar) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam annseo in a dteine bhruithte, agus chuaidh siad go bog agus go cruadh orm ag fiafruighe dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathuidheacht leo, agus níor leig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is annsin adubhairt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann cho maith liomsa atá pósta aice, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé in a dheidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ar) n-aghaidh siar, arae mara dteigheadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon-ghoir aige a rádh go rabh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphighne as do'n fhear chroidhe ariamh ach tá an aicís aige dhom in a dheidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhreám
Tá an bodach sin droch-mhúinte (m maon. Béim an ghotha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach d'eile cé'n chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon-duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nachar mharbhuigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoghail dhó ins an deireadh, agus ba bheag an scéal é 'ndéanaidh Dia grásta air. 'Sé an t-iongantas é, nacharbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoin a chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh aca
·
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh in a glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon-phighinn go deo uirre. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claidhe isteach ins an gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, marach go raibh sí istigh ar a chuid talmhana féin. Ach ní bhfuigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnóchadh sé siúd, ní dhá roint leis é, a dtáinic ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill