díbheirgeach (díbhfeirgeach)
—aidiacht
—
an-doghrainneach; drochmhúinte; te bruite feargach; brúisciúil; coilgneach; fraochmhar; fealltach; díoltasach; francaithe; madrúil; gadhrúil; oilbhéasach; aiciseach.
+–
Rinne sé cleas díbheirgeach ar an duine bocht sin — rud nach mbeadh ceart; rud fealltach nó drochmhúinte nó díoltasach srl.
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse a (bhur) gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di
TUILLEADH (8) ▼
Bhí caoirigh againn anseo trip (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
'Sé an chaoi a raibh sé san am sin, bhí na tiarnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tiarnaí. Chaon dream acu ag baint barr dhá chéile. Bhí tiarna thoir anseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabháil leis nár speireadh aon oíche amháin. Má speireadh féin, leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go holc
Ba in iad an dream a bhí díbheirgeach lena gcuid buachaillí. Mura mbeidís ina suí le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas ina n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor éirigh sé ar chuma ar bith nuair a glaodh air. Suas le seanSh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó sa leaba. Diabhal easna den bhuachaill nár éirigh ina chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoiglíonn faoi sa leaba é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithíoch é murach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ón lá sin go ndeachaigh sé i dtalamh, níor thóg seanSh. maide ag aon bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
Deir siad gur duine sách díbheirgeach é an máistir óg seo a tháinig le gairid. Buaileann sé tuí shrathair ar chuid de na scoláirí. Theastódh sin ó chuid acu, ach má bhíonn duine an-díbheirgeach críochnaithe leo gráineoidh siad ar an scoil uileag. Le bheith lách féin leo, is deacair le cuid acu a dhul ann
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá anseo ag an doras ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl agam. Bhí mé i ngreim. 'Ní théann tusa ag an aifreann a Ph.,' arsa seisean. 'Ní théim le gairid a Athair S.,' arsa mise. 'Ní airím ar fónamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad.' 'Níl aon bhualadh suas ort le do chuid oibre,' arsa seisean go beo drochmhúinte. 'Is beag a bhéarfadh orm snaidhm den mhaide seo' — bhí maide láimhe aige — 'a thabhairt ar na huillinneachaí dhuit agus bheifeá buailte suas as na lámha chomh maith le na cosa ansin.' M'anam gur dhúirt, agus go ndéanfadh. Bíodh chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is doghrainní agus is díbheirgí é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
Tá an ceann céanna sách díbheirgeach má fhaigheann sé an dóigh. Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul i ngeallta sa gcladach anuraidh. Sin é é. Ní thógfá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionsaigh sé M. B. Dúirt sé leis go raibh sé ag baint na feamainne thar teorainn. Dúirt M. B. nach raibh, agus 'speáin sé an teorainn dó. Dúirt seisean nárbh í, ach is gearr an tsáraíocht a bhí ann nuair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamainne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. 'Má theagann tú níos gaire don teorainn,' adeir sé, 'ná atá tú, cuirfidh mise í seo báiteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir ansin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sách díbheirgeach
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream
Tá an bodach sin drochmhúinte (m maon. Béim an ghutha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nár mharaigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoil dhó sa deireadh, agus ba bheag an scéal é go ndéana Dia grásta air. 'Sé an t-iontas é, nárbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoina chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh acu
·
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill