Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dícheannadh
ainm-fhocal, fireann; ainm-bhriathar.
Ciall a 2 is mó a bhíos i gceist igcaint anois. Tá ciall a 1 ag seirgeadh
1.
an ceann a bhaint de dhuine nó de rud.
+
Ní hé a chrochadh a rinneadh ach a dhícheannadh. A ndícheannadh ar fad a déantaí fadó.
Ar an dá luath agus a dtáinig sé i láthair, d'orduigh sé 'chuile dhuine ar an bhfeadhain aca a dhícheannadh. Sin é an puicéara a raibh an droch-chroidhe aige
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim th'éis an corp a fhágáil dó …
Is fhearr an dícheannadh féin ná an crochadh; ach is measa an dóghadh ná ceachtar aca. Dícheannadh nach h-eadh atá is in bhFrainc. 'Seadh measaim
2.
íosbairt, sléacht nó mí-nós a dhéanamh; a bheith in do dhroch-cheann do dhaoine.
+
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht in a rógaire reatha. An áit a bhfuigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scruball ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídeamhlacht ar bith a gcuimhneochadh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé's moite de shean-bhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghreideall a bhí ann, agus chuir sé ar an teine é, agus rug sé ar an tsean-bhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uiliog go dona …
Bhí an Rí mór ag déanamh dícheannadh ar dhaoine bochta. Dar fiadh dubhairt an gaiscidheach ó Éirinn go gcuirfeadh sé féin dá chois é nó go gcaillfeadh sé leagan leis …
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh diabhail anois aca! Ba mhaith uatha féin dícheannadh a dhéanamh scathamh. B'iomdha dícheannadh a rinne siad ins an tír seo ariamh. Gheobhaidh siad rud ar a shon anois. Tuilleadh biseach ar an German. Mo ghrádh é!
Bhí an tubaiste orra sin an uair a bhí an "power" aca. Na máistirí (tighearnaí) a bhí orainne, dheamhan a raibh daorbhasctha dhóib. Ní dhéanfaidís aon-dícheannadh ná aon-chréatúlacht ar a gcuid tionóntaí mar a ghnídís-sean. Diabhal mé na tighearnaí seo thoir go mb'fhurasta a theacht uatha

dícheannadh in iontrálacha eile (8)

 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
 
Má rinne sé dícheannadh mar sin is mór atá le freagairt aige, go bhfoire Dia air!
 
Is olc an cheird atá air, inDomhnach: ag déanamh dícheannadh de'n tsórt sin ar an duine bocht sin
 
droim
Meastú cá'id go dteighidh druim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh, nó an ngabhfaidh go bráth. Is fusa é a rádh ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh cho geanntáilte sin ann, agus go dtóigfidh sé aimsir a gcur de dhruim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rúmhánaigh (Rómhánaigh = Caitlicigh) thíos ann, nach ndéanann. Ó tá rútaí Chromail go daingean annsin fós
+
Ní fhaca mé a mhacsamhail i gcaitheamh an tsaoghail ariamh, tá sé cho díbheirgeach sin. Chuaidh sicín linn soir anuiridh ins an ngarrdha gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair ins na naoi n-áird a thaobhuigheadh aon-chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóib a dhul ann ach a gcoinneál ruaigthe taobh siar i gcomhnuí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid th'éis am dinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirbhshiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaidhe le m'ais agus í dícheannta. Nar fhága mé seo mara raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaidhe. "Coinneochaidh mise feoil libse" adeir sé "mara gcoinnighidh sibse u (bhur) gcuid cearc uaimse." Nar dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóchainn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aice, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfad sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirre. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ó'n dúid di
TUILLEADH (1) ▼
Bhí caoirigh againn annseo "trip" (uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seidhrín ar 'chuile cheann beo aca. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth tuitim dhíob. Céard déarfá leis an mbitheamhnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seidhrín ar do chaora nach raibh sé cho maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éinfheacht. Badh é ba ghnaoidheamhla dhó
 
Ar chuala tú ariamh é: díoghaltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóib féin ar aon-chor, ní ag tabhairt bhreithe orra é — nar leigidh Dia go mbadh eadh. Ní hé leath-chóir Dé anois an bhail sin a bheith orra, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tsean-lánamhuin a bhí annsin rúb (rómpab)
 
dóirt
A Thighearna Dé nach h-iomdha fuil atá dóirtthe ó'n gcéad lá ariamh ar sheas an Sasanach in Éirinn. Nach h-iomdha fear maith a chuir siad dhá chois, ní áirmhighim an dícheannadh a rinne siad ar mhná agus ar pháistí. Ná raibh Dia leo anois mara bhfuil siad fhéin dhá fáil garbh