Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dícheannadh
ainmfhocal, fireann; ainm briathartha
ciall a 2 is mó a bhíos i gceist i gcaint anois. Tá ciall a 1 ag seargadh
1.
an ceann a bhaint de dhuine nó de rud.
+
Ní hé a chrochadh a rinneadh ach a dhícheannadh. A ndícheannadh ar fad a déantaí fadó
Ar an dá luath is a dtáinig sé i láthair, d'ordaigh sé chuile dhuine ar an bhfeadhain acu a dhícheannadh. Sin é an puicéara a raibh an droch-chroí aige
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim théis an corp a fhágáil dó …
Is fhearr an dícheannadh féin ná an crochadh; ach is measa an dó ná ceachtar acu. Dícheannadh nach ea atá sa bhFrainc. Sea measaim
2.
 íospairt, sléacht nó mínós a dhéanamh; a bheith in do dhroch-cheann do dhaoine.
+
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht ina rógaire reatha. An áit a bhfaigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scrupall ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídiúlacht ar bith a gcuimhneodh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé is moite de sheanbhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghrideall a bhí ann, agus chuir sé ar an tine é, agus rug sé ar an tseanbhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uileag go dona …
Bhí an rí mór ag déanamh dícheannadh ar dhaoine bochta. Dar fia dúirt an gaiscíoch ó Éirinn go gcuirfeadh sé féin dá chois é nó go gcaillfeadh sé leagan leis …
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh diabhail anois acu! Ba mhaith uathu féin dícheannadh a dhéanamh scaitheamh. B'iomaí dícheannadh a rinne siad sa tír seo ariamh. Gheobhaidh siad rud ar a shon anois. Tuilleadh biseach ar an German. Mo ghrá é!
Bhí an tubaiste orthu sin nuair a bhí an power acu. Na máistrí (tiarnaí) a bhí orainne, dheamhan a raibh daorbhasctha dhóibh. Ní dhéanfaidís aon dícheannadh ná aon chréatúlacht ar a gcuid tionóntaí mar a ghnídís-sean. Diabhal mé na tiarnaí seo thoir go mb'fhurasta a theacht uathu

dícheannadh in iontrálacha eile (6)

+
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dhinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse a (bhur) gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di
TUILLEADH (1) ▼
Bhí caoirigh againn anseo trip(uair, babhta) ar an sliabh, agus tháinig siad uair eicínt anuas i mbarra garbha Sh. Mh. Nach diabhaltaí díbheirgeach anois a bhí sé agus gur bhuail sé seirín ar chuile cheann beo acu. Níor thug muid faoi deara iad ariamh go raibh na cosa i gcruth titim dhíobh. Céard adéarfá leis an mbithiúnach sin. 'Sé is mó mailís ar an mbaile sin. Fear a chuirfeadh seirín ar do chaora nach raibh sé chomh maith dhó a dhul agus a dícheannadh in éineacht. Ba é ba ghnaíúla dhó
 
Ar chuala tú ariamh é: díoltas Dé, bíonn sé mall ach bíonn sé trom. 'Sé a thuar siad dóibh féin ar aon chor, ní ag tabhairt bhreithe orthu é — nár lige Dia go mba ea. Ní hé leathchóir Dé anois an bhail sin a bheith orthu, agus an dícheannadh a rinne siad féin ar an tseanlánúin a bhí ansin rúb (rompub)
 
dóirt
A Thiarna Dé nach iomaí fuil atá dóirte ón gcéad lá ariamh ar sheas an Sasanach in Éirinn. Nach iomaí fear maith a chuir siad dhá chois, ní áirím an dícheannadh a rinne siad ar mhná agus ar pháistí. Ná raibh Dia leo anois mura bhfuil siad fhéin dhá fáil garbh
 
Is olc an cheird atá air, i nDomhnach: ag déanamh dícheannadh den tsórt sin ar an duine bocht sin
 
droim
Meas tú cáid go dté droim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh nó an ngabhfaidh go brách. Is fusa é a rá ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh chomh geantáilte sin ann agus go dtógfaidh sé aimsir a gcur de dhroim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rómhánaigh (Caitlicigh) thíos ann nach ndéanann. Ó, tá rútaí Chromail go daingean ansin fós