Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dídean
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh agus geineamhnach uathaidh = dídin.
díon, fascadh, clúdach, árus, teach, bráca, bothán, lóistín.
+
Níl an fascadh féin ann ní áirighim dídean (fc. fascadh)
Ní bhfuair muid fascadh ná dídean
TUILLEADH (1) ▼
'Nuair a theighimse ag cúirtéaracht, ní shásóchadh fascadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil cho maith. Is breagh an rud brat maith tuighe easca as do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
+
Dhéanfadh dídean ar bith duine ins an samhradh. Bím féin an-bhruithte istigh. Dhá mbeadh ceann de na cábáin sin agam a bhíos ag na saighdiúir bhainfinn an-cheart dhe, le codladh amuigh
Tá sé gan dídean muis má's i dtuilleamaí an tighe siúd atá sé. Teach mo léan! Ní h-eadh ná ainm tighe. Nach bhfuil 'chuile dheoir dhá bhfuil amuigh istigh aige!
TUILLEADH (5) ▼
Níl dídean ná teálta annseo againn leis an oíche a chur tharainn. Má tá ní fheicimse é
Níl dídean ná a dhath ag an duine bocht anois ach lorg cois na bó ar an gcneangaire. Is deacair dhó aon-chaoi a bheith air, agus an bhail a chuaidh air
Tá sé feidheartha críochnuighthe anois, gan dídean le fáil i bhfus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leath-chóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona
Is olc an aghaidh ar an gceann céadna aon-dídean a thabhairt dó. Dhá gcastaí muid in a líon, is maith daoitheamhail a bheadh sé
Níl de dhídean aige anois ach dídean an tincéara: brat idir é féin agus an t-aer
+
Gheobhaidh sé dídean na h-oíche ann, agus céard eile a bheadh sé a iarraidh
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí aca ní raibh siad doicheallach. Gheobhfadh sé dídean na h-oíche ann, agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé ro-mhór ann féin le fanacht imbráicín mar sin. Is dona a chuaidh an leithead dó muis, ní dhá roint leis é
TUILLEADH (2) ▼
Níl mé 'iarraidh ach dídean na h-oíche. Sínfidh mé annseo ar an teallach nó go ndéanaidh sé lá. Annsin greadfaidh mé liom.
"An dtiubharfá dídean na h-oíche dhom" arsa mise. "Tá mé go géar in a chall".

Dídean in iontrálacha eile (3)

 
Cé'n fáth a dtiubharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Má's dona annseo é tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claidhe ná fál leis, ná fascadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcneagaire
 
díon 1
Go bhféachaidh an t-Athair Síorraí muis ar an gcábán sin, leithide na h-oíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh ins na cupla stráca siúd atá as a gcíonn. Nach mb'fhearr dóib na ceirteacha siúd a dheasú in a dtimcheall, agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúibinn claidhe, áit a mbeadh fascadh aca, ná a bheith annsiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcneagaire
 
Rachadh sé thríot na daoine bochta sin a fheiceál. Chuaidh sé thríom-sa ar aon-chor. Níl dídean na h-oíche féin aca, ach síneadh siar ar "shate" (seat), nó iad a fhéin a chaitheamh ar an bhféar agus codladh annsin ar feadh na h-oíche