Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dídean
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra agus ginideach uatha: dídin
díon, foscadh, clúdach, áras, teach, bráca, bothán, lóistín.
+
Níl an foscadh féin ann, ní áirím dídean (fc. foscadh)
Ní bhfuair muid foscadh ná dídean
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a théimse ag cúirtéireacht, ní shásódh foscadh chor ar bith mé. Ní mór dom dídean a fháil chomh maith. Is breá an rud brat maith tuí easca os do chionn féin agus do ghearrchaile mná!
+
Dhéanfadh dídean ar bith duine sa samhradh. Bím féin an-bhruite istigh. Dhá mbeadh ceann de na cábáin sin agam a bhíos ag na saighdiúir, bhainfinn an-cheart dhe le codladh amuigh
Tá sé gan dídean muis más i dtuilleamaí an tí siúd atá sé. Teach mo léan! Ní hea ná ainm tí. Nach bhfuil chuile dheoir dhá bhfuil amuigh istigh aige!
TUILLEADH (5) ▼
Níl dídean ná teálta anseo againn leis an oíche a chur tharainn. Má tá ní fheicimse é
Níl dídean ná a dhath ag an duine bocht anois ach lorg cois na bó ar an gcnangaire. Is deacair dhó aon chaoi a bheith air agus an bhail a chuaigh air
Tá sé feidheartha críochnaithe anois, gan dídean le fáil abhus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leathchóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona
Is olc an oidhe ar an gceann céanna aon dídean a thabhairt dó. Dhá gcastaí muid ina líon, is maith daoithiúil a bheadh sé
Níl de dhídean aige anois ach dídean an tincéara: brat idir é féin agus an t-aer
+
Gheobhaidh sé dídean na hoíche ann agus céard eile a bheadh sé a iarraidh
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí acu, ní raibh siad doicheallach. Gheobhadh sé dídean na hoíche ann agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé rómhór ann féin le fanacht i mbráicín mar sin. Is dona a chuaigh an leithead dó muis, ní dhá roinnt leis é
TUILLEADH (2) ▼
Níl mé a iarraidh ach dídean na hoíche. Sínfidh mé anseo ar an teallach nó go ndéana sé lá. Ansin greadfaidh mé liom
'An dtabharfá dídean na hoíche dhom,' arsa mise. 'Tá mé go géar ina chall'

Féach freisin

dídean in iontrálacha eile (11)

 
Is beag an dochar dhó a bheith sínte fhéin, má bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ar feadh an lae mar sin, agus gan foscadh ná dídean aige ach mar a bheadh lorg coise na bó ar an gcnagaire (fc. cnagaire)
 
"Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabháltas; Cruithneacht is eorna le gearradh; Min ins an gcomhra agus tine tráthnóna; Agus dídean d'fhear bóthar is bealaigh" (Raiftearaí — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
 
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
 
Buailfidh mé romham agus gheobhaidh mé dídean na hoíche in áit éicint. Is fhearr dhom é ná a bheith reicthe ag paicle istigh anseo nach dtabharfaidh aon suaimhneas dom maidin ná tráthnóna.
+
Níl foscadh ná dídean aige — teach ná áras. Bíonn teach, cró, seid nó teálta foirginte i gceist le "dídean" i gcónaí, ach ní bhíonn i gceist le foscadh ach lúbainn claí nó sceiche nó a leithide
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon áit faoi bhéal an aeir aige anois a bhfaighidh sé foscadh ná dídean ann. Is beag an trua é a lig a bhráicín fhéin í léig
Ní raibh d'fhoscadh ná de dhídean aige ach lúbainn an chlaí ar feadh na hoíche
 
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
díon 1
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire
 
Rachadh sé thríot na daoine bochta sin a fheiceáil. Chuaigh sé thríomsa ar aon chor. Níl dídean na hoíche féin acu ach síneadh siar ar shate(seat), nó iad a fhéin a chaitheamh ar an bhféar agus codladh ansin ar feadh na hoíche