Dínáire
—
gan náire; gan a bheith náireach; mí-chuibheamhlacht, triollús thar mar is cuibheamhail do dhuine.
+–
An bhfaca tú dínáire ariamh go dtí í
Ní raibh tada de'n dínáire seo fadó ann. Dhá bhfeictí cailín óg ag leádrán ar bhóithrí 'san oíche an uair sin, mara mbeadh a gnatha ann, dheamhan brat pósta a ghabhfadh go deo uirre. Is orra sin atá candáil anois
TUILLEADH (2) ▼
Seo é saoghal na dínáire ar chuma ar bith! Chonnaic mé cluiche gearrchaileadha óga dhá n-ionnfairt féin thíos ar an tráigh annsin thíos an lá faoi dheireadh, agus [gan] falach orra ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad
Cá'r fhága tú an dínáire? Dar fiadh d'iarrfadh sí siúd airgead ar an bPápa dhá gcastaí in a bealach é