Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dírigh faoi
·
Dhá bhfaghadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé indon díriú faoi'n gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agad-sa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an aghaidh mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (Díriú faoi ualach = a dhul faoi ar an talamh agus eirghe faoi agus é ar do dhruim, nó go mbeitheá i gcruth siubhail faoi)
Ní dhíreochadh sé faoi leath-chéad, ní áirighim dhá chéad: an séacla bocht.

Féach freisin

faoi

dírigh faoi in iontrálacha eile (3)

 
droim
Dírigh suas thú féin agus buail faoi. An bhfuil smior ar bith i gcnáimh do dhroma?
 
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreochadh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ó'n saoghal. Dhá leathchéad nachar mhór a chur siar faoi'n a mhuinéal i gcruth agus go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mara ndírigheadh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil len a anshógh féin. Tá sé in a chamalóid ro-mhór len a dhíriú choidhchin
 
Dírigh suas thú féin a ghamail bhradaigh agus ná bí ag dul amach ar do bhéal mar sin. Ní ghlacfaí in aon-arm faoi'n domhan leat