Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóghadh
Briathar, Ainm-bhriathar.
Dóighim agus rl.
Ainmneacha áiteacha: An Teach Dóighte, an Baile Dóighte agus rl.
1.
a.
loisceadh, ídiú le teine nó le teas.
+
Tá an cáca dóighte
Ná tabhair an cáca dóighte sin d'aonduine
TUILLEADH (15) ▼
Dhóigh tú na fataí sin len ar thug tú de bhruith dóib
Dóighfidh tú do bhróga mara gcoinnighidh tú aníos as an ngríosa(igh) iad
B'éigin a raibh d'éadach ins an teach a dhóghadh: déantar i gcomhnaí i dtighthe fiabhrais é
Ab iad a dhóghadh a rinne tú (bróga). Tá siad réidh ó'n bhfeire amach ar aon-chor
Dóighfidh tú do chóta mór mara ndeasuighidh tú aníos ó'n teine. Is maith é an goradh cúl cos sin, má bhaineann tú dhíot an cóta mór
Diabhal easna dhó nachar dhóigh an teach
Dóigheadh an teach air.
Dhóigh duine eicínt an iothlainn air
Dhóigh siad an féar ar fad air anuiridh
Ná dóighidh an leabhar sin orm. Teastóchaidh sí uaim
Tá sliabh ag dóghadh in áit eicínt. 'Bhfeiceann tú an lasair
Cá'il an loscadh sléibhe … D'eile céard é ach fraoch atá ag dóghadh
Dhóighfeadh an fraoch sin anois mar a bheadh barrach ann
"Tá Sliabh na mBan dhá dhóghadh," adeir an bhean abhrais. "Túirne agus cárla uaimse ann" adeir bean aca, "túirne agus cárla uaimse ann" adeir bean eile … (As scéal — (Bréidín Chailleach na n-Adharc)
Tá aiteann dhá dhóghadh suas annseo
+
Tá baladh an dóghadha in áit eicínt; tá baladh an dóighte in áit eicínt (ach is coitianta an chéad leagan)
Tá baladh an dóghadha ar an gcáca sin
TUILLEADH (5) ▼
An ar do chuid éadaigh atá baladh an dóghadha? Tá sé in áit eicínt ar chuma ar bith — agus go láidir
An cailín a d'airigh baladh an dóghadha idtosach. Marach a fheabhas agus a thapuigh sí é, bheadh dubh-dhóighteán ann
Cá'il baladh an dóghadha. Fainic ab é an madadh sin a chuirfeadh na sean-cheirteachaí thrídh lasadh
Chídhtear dhom go bhfuil baladh an dóghadha ar rud eicínt. Breathnuigidh fúib agus tharaib annsin. Maran aon-smiochóid ó'n teine a ghabhfadh ins an gcárnán arbhair
D'aithneochadh sé an rud a mbeadh baladh an dóghadha air istigh i gceartlár Ifrinn. Is cumasach an tsrón atá air. Ach sin é a mhaith agus a mhaoin, ag smúracht thart timcheall mar sin
+
Sin teach atá ag dóghadh móna = ag ídiú móna
Dhóighfeadh an bhean sin a bhfuil de mhóin ar Dh. an Bh. Ach is beag dhá cuid féin a dhóighfeas sí
TUILLEADH (5) ▼
Tá a raibh de mhóin annsin dóighte
Ná dóigidh níos mó móna anocht. Déanaigidh réidhteach léithe. Caithfidh an scaipiúch sin sib a chur thar an lá ambáireach
Tá sí sin luath-lámhach deirimse leat! 'Sí a dhóigh ar bhain mé de mhóin i mbliana. D'eireochadh dhi, agus dhá theine ar siubhal i gcomhnaí aice
Is gearr a bhí an feánnach móna sin dhá dhóghadh
Níl maith ar bith leis an adhmad sin le dóghadh. Tá an iomarca súghlaigh ann
+
Tá airgead le dóghadh aige = tá airgead in a chocaí beaga aige; níl cinneadh ar bith len a chuid airgid
Is beag a aireochas sé sin "radio" a chur isteach. Tá airgead le dóghadh aige
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh sé buidheach do'n udhachta, nó ní fhéadfadh [sé] céad punt spré a thabhairt dá inghin. Ach is beag 'e mheas atá aige anois ar dhaoine dona, ó tá airgead le dóghadh aige féin
+
An té a bheadh dhá bháthadh, b'fhearr leis dhá dhóghadh, agus an té a bheadh dhá dhóghadh b'fhearr leis dhá bháthadh = thiubharfadh duine donacht nó cruadhchás na h-uaire ar dhonacht nó ar chruadhchás eicínt ba sheacht measa ná é, dá bhféadadh sé
B'fhearr leis i bpríosún 'nuair a bhí sé ar a theicheadh. Sin é an chaoi a mbíonn sé ag duine i gcomhnaí: an té a bhíos dhá bháthadh b'fhearr leis dhá dhóghadh
TUILLEADH (2) ▼
B'fhearr liom go fada ag caitheamh brící ná an cheird atá orm, ach chreidim an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhóghadh. Dubhradh 'chuile lá ariamh é
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoi'n domhan a bheith orm an puínte seo de ló ná an t-anshógh atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhóghadh. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
+
Dá ndóightí an teach ba le bean an tighe an luath (luaithre) (sean-fhocal) = is leis an uainéara gach uile thairbhe — dhá laghad é — dá mbaineann leis an uainéaracht
Má tá sé tuithte féin, is liom na clocha. Chuala tú ariamh é: má dhóightear an teach, is le bean an tighe an luath
TUILLEADH (2) ▼
Is linne an lóchán. Níl aon-bhaint ag aonduine eile dhó. Má dhóightear an teach is le bean an tighe an luath
Tabhair leat na sceidíní ar aon-chor. Ná fág ag aonduine eile iad. Ó thárla go raibh sé de smál orainn a bhriseadh, níl aon-mhaith dhuinn a bhrabach a fhágáil ag aonduine. Dhá ndóightí an teach badh le bean an tighe an luath
+
Ní poll dóighte ar mo chóta-sa an leas-ainm sin a thabhairt orm = ní údar droch-mheasa dhom go dtugtar an leas-ainm sin orm
Ní shin poll dóighte chor ar bith ar a chóta. Mara bhfuil le casadh leis ach go mbadh gliomadóir é, is beag atá le casadh leis. Ní údar náire ar bith d'aonduine a bheatha a shaothrú
TUILLEADH (1) ▼
Má sin poll dóighte ar a chóta muis, go bhfóiridh Dia ar thuilleadh. Mara bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuidhe, 'séard adéarfainnse: "má's peacadh a bheith buidhe tá na mílte damanta". Cá'il an té nachar ith an dream a bhain leis min bhuidhe
b.
scalladh, ruadh-loscadh.
+
Tá mé dóighte
Tá mé dóighte bruithte ag an uisce fiuchta sin
TUILLEADH (9) ▼
Nach tú an laisceach gur leig tú an splainc síos in mo bhróig. Tá mé dóighte bruighte aice
Dia aithnightear! Coinnigh amach ó'n bpota sin, nó is gearr gur dóighte bruithte a bhéas tú
Is gearr a bheadh an t-uisce sin do do dhóghadh agus do do bhruth
Níor airigh sí an gasúr dhá dhóghadh
Dóigh as amach iad (creagáin ar chosa)
Tá mé dóighte ag an ngréin
Tá an craiceann ar fad dóighte ar mo lámha ó'n ngréin.
Cuir ort balcais eicínt. Tá an ghrian do do dhóghadh
Ní dhóigheann an cut é féin, ach ní bhíonn an sean-chab mar sin (sean-fhocal)
+
Tá na cosa dóighte aice de bharr na teine
Is beag é a maith ná a maoin sin ach a dhá ladhar le teine aice dhá ndóghadh
TUILLEADH (2) ▼
Nach fearr í ná bean a mbeadh a spreangaidí ins an teine aice dhá ndóghadh
Diabhal luach leithphighne a ghníos sé sin ó mhaidin go faoithin ach a chosa insan teine aige dhá ndóghadh
·
Gabh amach as sin a ioscadaí dóighte! = le gasúr nó duine a bheadh i gcomhnaí ag breacadh a luirgne ins an teine
Ara níl déantús maitheasa ar bith in ioscadaí dóighte siud. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a luirgne chois na teine
·
An dóghadh a d'fhága na lorgachaí sin; sin lorgachaí dóghadha; sin lorgaí dóighte
Ní cuilm ná sean-ghearraidheachaí iad sin chor ar bith, ach lorgaí ó dhóghadh
+
Tá mo chosa dóighte ag na bróga = dá mbeadh bróga cumhanga ann, nó dá gcaithteá aistear fada a shiubhal, bheadh do chosa bruithte ins na bróga
Tá mo theanga dóighte aige (poitín)
TUILLEADH (4) ▼
Tá a chroidhe dóighte ag an bhfuisce
Bhí sé dóighte uiliog in a stéigeachaí de bharr "cigarattes"
Tá mo stéigeachaí dóighte len ar ól mé de phoitín ag bainseachaí le coicís
Níl ball dóghadh ná loiscthe air (cf. ball)
+
Cé an chaoi a bhféadfá gan do chuid fataí a bheith in a ngruth. Tá an talamh dóighte agad le feamuinn dearg. Talamh ar bith atá dhá leasú le feamuinn ar a h-aghaidh féin, is talamh dóighte é
Tá a bhfuil de thalamh annseo as éadan dóighte ag an bhfeamuinn. Níl bráid ar bith ar foghnamh le cladach. B'fhéidir dhá ndoirteá suas i mbéalmhachaí na mbarra garbha sin ins an áit a bhfuil an riasc stalcanta, agus giollaidheacht mhaith a thabhairt dó, go mbainfeá barr ar foghnamh dó (de)
TUILLEADH (1) ▼
Sé'n fáth is mó a ndéanann siad cur bréige in áiteacha, mar bíonn faitíos orra go ndóghfadh an fheamuinn na síolta
c.
sceadtha, ruaidhte seargtha ag teas.
+
Talamh ar bith atá fóduighthe ar an aimsir seo, tá sé dóighte ar fad (ag an aimsir bhreagh agus ag an tiormach). Feicim na buird atá thuas annsin insan bP. Á. Dar mo choinsias duit, tá siad faoi scáineadhachaí as éadan
Tá sean-chur réasúnta, ach ná bac le cur óg. Tá sé sin dóighte ar chuma ar bith. Is beag an dochar dhó agus gan deoir (bháistighe) a bhualadh air ó'n aonach beag
TUILLEADH (3) ▼
Tá 'chuile áit dóighte ag an spalpadh seo. Má mhaireann dó dar Dia beidh beithidhigh thart cheal uisce
Dar príosta, is suarach an t-iongnadh na barrannaí a bheith dóighte agus an t-achar atá sé ó a fuair siad aon-bhraon báistighe. Feicim an sean-chur atá annsin thoir agam ag seargadh. Níl an cur óg leath cho buailte leis, ach tá a bhfuil de chur óg agam i ngiodáin ghleannacha, agus bheadh a bheagán nó a mhórán fliucháin aige
Níl aon-ghnatha na beithidhigh a chur amach ar an gcriathrach dóighte siúd. Ach beidh cimín súighte ann fós ach a bhfaghaidh sé ionbhadh fás
·
Cuireadh cuileann gan dóghadh léithe (cf. cuileann)
d.
cor géar nó searbh i bhfataí agus rl.
+
Tá na fataí sin dóighte ag an sioc = fuair siad an sioc agus thug sé blas orra
Níor cheart poll ar bith a bhriseadh ins an gcloigeann ó thuaidh, ach ins an taobh ó dheas. 'Bhfeiceann tú na fataí sin anois. Tá siad dóighte ag an sioc, th'éis go raibh an poll clúduighthe go maith. Ach theangmhuigh gaoth an tseaca leo in a dheidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh fata de bhláth bliana ins an ngarrdha sin againn anuiridh nach raibh dóighte ag sioc. Ní raibh sé ionrásta aon-cheann amháin aca a ithe. Bhí blas orra as éadan
Níl fata ar a fhaghaltas i mbliana ach fata a dhóigh an sioc. Níor thapuigh sé a ghnatha in am. Leig sé ro-fhada gan baint iad
+
Tá an poitín sin dóighte ar fad. Is furasta 'aithinte ar a bhlas é. Droch-chruadhchan a rinne é sin anois cheapfainn
Ní éadáil mhaith é sin a ól. Tá sé dóighte ar fad. 'Deile cé'n chaoi a mbeadh sé agus a theacht ó Ph. Níor mhinic leis an braon ar foghnamh a bheith aige — níor mhinic sin
TUILLEADH (1) ▼
Scread mhaidne ar a chuid poitín dóighte!
e.
an ga a chuireas neanntóg ionnad agus rl.
+
Tá sé dóighte bruithte ins na neanntógaí. (dóghadh a tugtar ar an "nga" a chuireas neanntóg ionnad)
Chaith siad an oíche aréir ag éagcaoineadh in áit ar dhóigh siad féin agus clann Mh. Ph. Sh. a chéile le neanntógaí ag teacht ó'n scoil
TUILLEADH (5) ▼
An mháistreás mhór — céad slán di — ní bhuailfeadh sí chor ar bith thú ach thú a dhóghadh le neanntóig. Níor mheasa beirthe é, arsa tusa. B'fhearr linn go fada muid a bhualadh ná muid a dhóghadh. Bhí a shliocht uirre: tugadh áird ar na leabhra cho uain agus mhair séasúr na neanntóg. 'Sé a raibh call di a rádh "te te", agus d'fheicfeá muid féin ar 'u' (ar) mine-ghéire ag fóghluim
Ní hé an bualadh a fuair sé a dhonuigh é amach agus amach, ach i dteannta 'chaon tsórt thuit sé in a phleibistín isteach i dtom neanntógaí thiar ag boithrín Sh. Ú. agus dóigheadh agus bruitheadh é. An uair a baineadh dó (de) thiar ag an teach, idir neanntógaí agus gearraidheachaí agus brúghannaí, ní raibh orlach bacaird slán in a chorp
Nach h-iad na h-aidhbheirseoirí gan choinsias anois iad! An bhfuil a fhios agad céard a rinne siad, asal le P. Mh. a raibh deargadh tiaraighe air a thabhairt leo, agus sean-tiarach a chur air agus neanntógaí a chur faoin a dhrioball innte. An uair a dhóigh na neanntóga an t-asal bocht, chuaidh sé ingealta. Ar éigin agus ar arach a ceannsuigheadh chor ar bith é. Is minic ariamh a thóig muid neanntóg le asal roighin a dhóghadh faoi bhun an driobaill, ach má seadh ní asal deargadh tiaraighe é
Dóghadh ó neanntóig na guiríní sin. Is tinn an rud dóghadh neanntóige
Má fhaghann tú dóghadh ó neanntóig, tá sé cho bioránach le rud ar bith. Is measa go mór é ná na daethachaí (doightheachaí fiacal)
·
Chaith tusa curraintín ag dul in éindigh leis an mbean sin. Níor dóigheadh thú mar a dóigheadh B. Bh. Bh. = samhail ó'n neanntóig. Níor imir sí an cluiche claonach ort? Níor bhreodh sí do chroidhe agus thú a chaitheamh i gcártaí annsin?
f.
breoidhte, searbh, leanndubhasach.
+
"Bím ins an oíche ag ól: bím ins an ló in mo leabaidh; Bíonn mo chroidhe dhá dhóghadh nuair a bhíos mo phócaí falamh"
Tá a croidhe dhá dhóghadh ó d'imigh sé = tá sí leanndubhasach brónach; tá guirín ar a croidhe ó d'imigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Feicfidh tú croidhe dóighte aige 'nuair a chloisfeas sé go bhfuair tusa cuireadh agus nach bhfuair sé féin é
Dhóigh sin a chroidhe ar fad muis, 'nuair a chuala sé go ndeachaidh sí abhaile in éindigh leis-sean, agus nach dtiubharfadh sí comhaireamh na sop dó féin
2.
fastuighthe, aimsighthe, gabhtha, i ngreim, curtha ó dheis etc.
+
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
Tá tú dóighte. Caithfidh tú cromadh.
TUILLEADH (5) ▼
Dhóigh mé thú. Níl aon-mhaith dhuit dhá shárú anois
Tá an comlán se'againne ar fad ó dheis. Dóigheadh T. shul má bhí sé ar an daoradh teacht abhaile
Dóigh é a fhleascaigh, dóigh é. Cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith. Shíl mé go raibh rath eicínt ort thairis sin. Beidh sé "ins an mbaile" shul a bhéas an liathróid caithte agad. Tá cor tuaithbheall in do láimh. Chlis tú go dona air!
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire ins an gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roint. Anois caith suas uiliog iad, agus ionntuigh do láimh agus tóig iad ar chúl do láimhe. Mara gcoinnighidh tú ceann, beidh tú dóighte (beidh tú as)
Seo é an chaoi le na "rástaí gearra" a dhéanamh. Leag mar seo indiaidh a chéile iad. Ná cuir cho fada sin ó chéile iad. Anois caithfidh tú an ceann seo atá in do láimh a chaitheamh ins an aer, agus an chuid eile ar fad a thógáil i dteannta a chéile. Má chinneann ort, beidh tú dóighte

Féach freisin

deis

dóghadh in iontrálacha eile (23)

 
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé "ins an mbaile" mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóighte, ach dheamhan dóghadh ná dóghadh. Bhí mé istigh ar an daoradh shul ár theangmhuigh sí liom
+
déan 1
Dóghadh an pháipéir a rinne tú. Marab é, cá'il sé?
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh an dóghadh sin puchóid. Séidfidh sé
Ní fhaca mé aon-fhata ariamh ar an gcnocán sin nach ndéanfadh dóghadh-gréine
 
Deatach le spóirt é agus is mairg nachar dóghadh é, mar adeir P. Sh. fadó agus an teach thrí lasadh
+
deis
Bhí sé láidir go maith indeis cheana, ach neartuigh sé tuilleadh ó chuaidh an chlann i bpostaí. Tá airgead le dóghadh aige anois
TUILLEADH (2) ▼
An dóghadh ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí h-uaire. Tá boc ag S. Mh. cho cam le cois deireadh cuit
Is diabhlaí go deo an pleota thú. Nachar dhubhairt muid leat cheana má aimsighthear an liathróid ins an aer indiaidh do dheise go bhfuil dóghadh ann. Ní mian le[at] in a dheidh sin gan a cur isteach i láimh an "tset" eile
 
Is fhearr an dícheannadh féin ná an crochadh; ach is measa an dóghadh ná ceachtar aca. Dícheannadh nach h-eadh atá is in bhFrainc. 'Seadh measaim
 
Bhíodh an ghráin dhíobhálach aige sin ar mhná fadó. Ní bheadh goir ar bith agad a dtarraint anuas as a chomhair. Ach chuir na Cáiteannaí an Chluain Mhuimhneach (buidhneach?) air. Is ann atá móin dhá dóghadh dhó anois. Is beag é a fhoghail i ngort ná ingarraí ó a thaithigh sé san teach sin
 
díol 2
Tá a díol triomaigh ar an móin sin len a dóghadh thrídh mhóin mhaith
+
1
Sin dóghadh a d'eirigh dhó. Tá sé as a chomharaidheacht ar fad
TUILLEADH (10) ▼
Níl dóghadh teine leath cho dona le dóghadh uisce. Cneasuigheann an dóghadh tine gan aon-stró mar is dóghadh glan é, ach is drochlot é an dóghadh eile. Bíonn an oiread learsachaí (leasrachaí) agus puchóideachaí in a dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon-rath le teanga an tsionnaigh ar dhóghadh. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
Shílfeá go bhfuil dóghadh gréine ort = dóghadh ó'n ngréin
Mo léan dóighte 'sé nach bhfuil an dóghadh gréine air. Ach d'eireochadh dhó. Ní fhaca sé siúd an áit amuigh le ráithe
Níl dóghadh gréine ná spuaic láighe air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon-amharc a fháil ar an ngréin le leath-bhliain, mara bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láighe …
D'eirigh dóghadh gréineach annseo dhom an bhliain cheana, agus tá scoilteachaí ann ó shoin. Th'éis an moladh a bhíos ag daoine ar neart gréine, diabhal a gceapfainn féin go bhfuil an iomarca di go maith
Seo é mo mhaicín bán gan scríb chaorach, dóghadh gréine ná gearradh láighe = gan marach ar bith (bean adubhairt ag moladh a mic).
Tá dóghadh gréine ar an bhfata seo = fataí a bhíos leis ins an gcreafóig, agus a ndóghann an ghrian iad, nó nach mbíonn orra ach clúdú fánach ins an gcréafóig. Bíonn blas orra len ithe
Diabhal dóghadh gréine ann i mbliana ná cuid de dhóghadh gréine, mar nach raibh aon-ghrian ann
Tá dóghadh croidhe orm = cineál dóghadha nó seirbhthean a bhíos ins an gcliabhrach cf. Foclóir an Duinnínigh "dóghadh"
Bíonn dóghadh croidhe air i gcomhnaí, agus is olc é an dóghadh croidhe sin má sheadaigheann sé duine
 
Ara tá muintir Ch. an-drabhlásach agus bhí 'chuile lá ariamh. Cho luath agus a bhéarfaidís ar an scilling, bheadh sí ag dóghadh a bpócaí go gcaithidís aríst í. Sílim nach bhfuil an líne óg atá ag eirghe suas ann mórán níos fearr ná na sean-daoine ach oiread. Ach céard a dheanfadh mac an chuit ach luch a mharbhú