Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhachán
ainm-fhocal, fireann
iolraidh agus geineamhnach uathaidh = dubhacháin
Fuaim — dúchán
cruaichín mhóna; goigín mór móna tuairim agus ó cúig go dtí h-ocht nó naoi de throighthe ar fad agus gan aon-aoirde mhór innte. Mara mbíonn an bhliain nó na bealaigh cóireamhail, cruachtar an mhóin ar an bportach in a dubhacháin thar éis a baint as an aith-ghróigeadh, nó as na goigíní. Ach tugtar dubhacháin freisin go minic ar chruacha móra chois an bhóthair nó amuigh ar bhealach an chairr, agus cuid mhaith móna ionnta.
a.
+
Tá cuid dhi in a h-aithghróigeadh agus cuid dhi in a dubhacháin againn ar an bportach. Dá dteagadh an uair freagarthach chuirfeadh muid na dubhacháin amach ar an mbóthar as láimh
Tá cúig nó sé de dhubhacháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná broc-thirm iad. Faraor nach siogáin fhada a rinne mé dhíob mar a rinne mé ar an lag-pholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farradh sin a bhí ann le cupla lá thríotha, agus bhainfeadh sé deannach asta
TUILLEADH (4) ▼
Tá dubhachán breagh móna amuigh ar shúil an bhóthair aige, ach tá faitíos orm gur fada go bhfuighidh sé fear a fhiafruighthe i mbliana. Níl imeacht ar bith ar mhóin — fós ar aon-nús
"Taobh na láimhe clí de'n bhóthar dom seadh a chonnaic mé ná trí nídh is mó a bhí ag déanamh brúin (bróin) dom — na trí mhaistín mhóra — agus ba mhú (mhó) an ceann ba lugha aca ná trí chéad dubhachán móna agus ná Sliabh Folláin, cé gur mór é! (As aithrighe Sheáin De Barra — deir na daoine gurb í Aithrighe Sheáin de Barra í)
Tá mo dhubhachán-sa in a phlaicín gabhair, agus dheamhan briseadh ná bearna ar a dhubhachán (cruach) féin fós. D'eireochadh dhó. Tá mil ar mo dhubhachán-sa, ach tá nead easóige in a cheann féin (ní thaobhuigheann sé a dhubhachán féin, ach goideann sé móin ó gach uile dhuine eile)
Níl aige ach dubhacháiníní beaga
b.
·
Sí an dubhachán de bhean í = bean a bheadh suidhte nó gróigthe nó in a leathnóig; bean théagarach nach mbeadh aon-aoirde innte, ach a bheadh cairthighthe amach.
Má bhuaileann an dubhachán siúd a cairín anuas air, dheamhan cor ná car a fhágfas sí ins an scólachán bocht go ceann míosa. 'Ar ndú' ní gna(tha) atá aige siúd dá macsamhail de bhean. Tá b'fhéidir!

dubhachán in iontrálacha eile (3)

 
Fág ag an deachma (nó an dul amú) an cosamar móna sin. Ní thuillfidh sí ar an dubhachán, agus tá sí ro-mhionuighthe le dhul ag déanamh aistir abhaile di. Ní fiú deich triuf í ar aon-chor
 
deis
Cé a chuir an deis siúd ar an dubhachán móna? D'fhága duine eicínt béal in áirde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as, agus é a fhágáil faoi thoildeona Dé annsin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
 
Bhí dubhachán an bhóthair agus na páirce de dhaoine ann. Badh é an t-oireachtas is mó a facthas ariamh annseo é. Dhá dtuiteadh biorán beag is ar chloigeann duine a thuitfeadh sé