Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúchán
ainmfhocal, fireann
iolra agus ginideach uatha: dúcháin
cruachín mhóna; goigín mór móna tuairim is ó cúig go dtí hocht nó naoi de throithe ar fad agus gan aon airde mhór inti. Mura mbíonn an bhliain nó na bealaí cóiriúil, cruachtar an mhóin ar an bportach ina dúcháin thar éis a baint as an athghróigeadh, nó as na goigíní. Ach tugtar dúcháin freisin go minic ar chruacha móra chois an bhóthair nó amuigh ar bhealach an chairr, agus cuid mhaith móna iontu.
a.
+
Tá cuid dhi ina hathghróigeadh agus cuid dhi ina dúcháin againn ar an bportach. Dá dteagadh an uair freagarthach chuirfeadh muid na dúcháin amach ar an mbóthar as láimh
Tá cúig nó sé de dhúcháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná brocthirim iad. Faraor nach síogáin fhada a rinne mé dhíobh mar a rinne mé ar an lagpholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farra sin a bhí ann le cupla lá thríothu, agus bhainfeadh sé deannach astu
TUILLEADH (4) ▼
Tá dúchán breá móna amuigh ar shúil an bhóthair aige, ach tá faitíos orm gur fada go bhfaighidh sé fear a fhiafraithe i mbliana. Níl imeacht ar bith ar mhóin — fós ar aon nós
"Taobh na láimhe clí den bhóthar dom sea a chonaic mé ná trí ní is mó a bhí ag déanamh bróin dom — na trí mhaistín mhóra — agus ba mhó an ceann ba lú acu ná trí chéad dúchán móna agus ná Sliabh Folláin, cé gur mór é! (As Aithrí Sheáin de Barra — deir na daoine gurb í Aithrí Sheáin de Barra í)
Tá mo dhúchánsa ina phlaicín gabhair, agus dheamhan briseadh ná bearna ar a dhúchán (cruach) féin fós. D'éireodh dhó. Tá mil ar mo dhúchánsa, ach tá nead easóige ina cheann féin (ní thaobhaíonn sé a dhúchán féin, ach goideann sé móin ó gach uile dhuine eile)
Níl aige ach dúcháiníní beaga
b.
·
'Sí an dúchán de bhean í — bean a bheadh suite nó gróigthe nó ina leathnóig; bean théagarthach nach mbeadh aon airde inti, ach a bheadh caithrithe amach
Má bhuaileann an dúchán siúd a cairín anuas air, dheamhan cor ná car a fhágfas sí sa scólachán bocht go ceann míosa. Ar ndóigh ní gnaithe atá aige siúd dá macasamhail de bhean. Tá b'fhéidir!

dúchán in iontrálacha eile (7)

 
Fág ag an deachma (nó an dul amú) an cosamar móna sin. Ní thoillfidh sí ar an dúchán, agus tá sí rómhionaithe le dhul ag déanamh aistir abhaile di. Ní fiú deich triuf í ar aon chor
 
deis
Cé a chuir an deis siúd ar an dúchán móna? D'fhága duine eicínt béal in airde é, agus níl deoir as aer nach bhfuil ólta aige. Is cuma le cuid de na daoine é, ach an t-ualach sin a thabhairt as agus é a fhágáil faoi thoil deona Dé ansin. Ní gan uí gan ó móin a fháil anois
 
Téirigh suas 'na phortaigh agus bíodh na goigíní agus na dúcháin siúd a thóg muid an lá faoi dheireadh giogáilte suas agat ach a sroiche mé féin suas amach sa lá. Bhí beithígh Sh. ag ruatharúch ann le teaspach inné agus nach bhfuil a fhios agat go maith gur chuir siad cuid acu in aer
 
Beidh ciall cheannaithe ag an bhfear a ghabhfadh ag tabhairt chúig phunta dhéag ar an díthreabhach de dhúchán sin. Ach ní bheidh, arae níl duine ar bith chomh beag a chiall agus go dtabharfadh sé sin uirthi
 
Tá droinnín beag de dhúchán móna ansin thuas aige ar Ch. an Gh. agus ní chuirfidh sé thar an Nollaig choíchin é. Dheamhan tiomanta fód eile ag gabháil leis. Déanfaidh sé goid ansin. 'Sé atá deas air
 
Tá mé leis an dúchán sin a dhúbailt. Cuirfidh mé an lagpholl sin thoir uileag air. Ba cheart go mbeadh trí lorry móna an uair sin ann
 
dún
Dúnaidh an chruach sin aríst nuair a bheas sibh réidh inti. Murach chomh mór agus a tháinig an lá, agus nach bhfuil sé in araíocht a dhul amach chomh fada le na dúcháin atá ar na portaigh, ní bhfaigheadh sibh cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é