Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feasach
+
Má tháinig sé an bealach seo ní feasach mise é. = níl a fhios agamsa é
Buaileadh é, ar buaileadh? Ní feasach dom é a mh'anam
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé tinn, adeir tú. Ní feasach mé go bhfuil muis = ní heólas dom
Ní feasach mé go bhfuil faoi aon-teach nuadh a dhéanamh.
An feasach thú go raibh muid annseo aréir do do thóraíocht?
Ní feasach do Sheán cáil an mac agus is rí-chuma leis. Cúl le abhras a thugas sé air i gcomhnaí
Síleann tusa gur féidir a dhéanamh. Ní feasach mise gur féidir. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é
Ní feasach mé san domhan brách cár cuireadh an sean-chorrán a bhíodh agam annsin anuiridh
B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh, ach ní feasach mé air má tá = níl a fhios agamsa é
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
·
Bhí sé i Sasana ab ea? Ní feasach liom é (ní feasach dom é, ní feasach mé é. Deirtear na trí rud, ach ní go minic a chloisfeá: "ní feasach liom". Measaim gur sórt truailliú é. "Feasach" agus ní "feas" adeirtear i gcomhnaí)

feasach in iontrálacha eile (41)

 
cailm
Dhá mbadh feasach mé go mbeadh aon-chailm air, ghabhfainn in éindigh leis. Ach ní chomhairim go bhfaighidís ionnta(b) fhéin, a dhul a' tabhairt áladh ar mhalrach mar é sin.
 
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
 
baile
Ní feasach mé faoi'n mbogha bán, cá'il sí — amuigh ná imbaile.
 
Cái'de an bealach sin leis? Níorbh fheasach mé go raibh sé achrannach chor a' bith = cái'de ó thug sé d'fhaisean dó fhéin a bheith a' troid a's ag achrann?
 
B'fhéidir go n-eireochadh leat coca a fhaghail ar a' leath-bhaile thiar. Ní feasach mé aon-cheann a bheith ar a' leath-bhaile i bhfus ar chaoi 'r bith.
 
beo 1
Ní feasach mé go ndeacha mac an bhéil bheo, as a' tamhna(igh) chéadna ariamh go Ameriocá. B'fhearr leo(b) fanacht sa mbaile, a' mucaireacht leo(b).
 
Ní feasach mé beo, cé'n chaoi 'bhfuil sé chomh múinte a's tá sé, a's gur tóigeadh é istigh i gceartlár na brothtuinne sin.
 
aer
Ní feasach mé ó aer go talamh, céard a bhí sé a dheanamh ann.
 
Is feasach mé gur h-olc an éadáil é, ach thiocfadh sé in aithmhéala orm, dhá dtóiginn mo láimh (ch)uige.
 
Dheamhan a' feasach a' dochtúr, céard tá air, ach an oiread linn fhéin, ach go bhfuil sé buailte síos.
+
buail
B'fheasach dhom go raibh sé do mo bhualadh aréir, a's chomh marbhthánta, a's bhí mé.
TUILLEADH (1) ▼
Ní feasach dom go barrainneach, céard is cor dhó a' siúinéaracht, ach is feasach dom, nach bhfuil a bhualadh ann le scaibhtéaracht.
 
amach
Tá'n Nodlaic amach romhainn go goirid, anois, agus ní feasach mé cá bhfaighe mé rud le na h-aghaidh.
 
Ní mise atá dhá rádh. Is feasach a' saoghal gur an-tlachán é.
 
anuas
Ní feasach mé ó fhlaitheas anuas cá'r chuir mé idtaisce é.
 
Is fada fiannach a chaith sé ag múineadh scoile annseo thíos. Ní feasach duit céard is cor dó chor ar bith anois, nó an maireann sé? Má mhaireann, is maith an aois atá aige
 
fiach 1
Tá an fiach dúisithe agamsa, ach ní feasach mé cá gcuirfidh mé é, mar gcuire mé soir go dtí M. Mh. Bh. san tSraith (ainm garraí) é = ní raibh baol ar Mh. Mh. Bh. a bheith críochnuithe san tSraith
 
fáth
Níor tháinig sé agus a fháth aige. B'fheasach é dhá mbeirtí sna bólaí seo air, go bhfuigheadh sé túirne Mháire
 
fód
Ní feasach aonduine cá mbíonn fód a bháis
 
'Sé Baile an Daighin é má cheannuigheann sé clog eili. Nach bhfuil an teach aige treannach ar tigh F. cheana le cluig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine cé an chóir chaithte a chuirfeas sé ar a chuid airgid
+
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
TUILLEADH (1) ▼
Féadfaidh sib an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt do'n deachma. 'Ar ndú' ní indon "ball" a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh aca. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traoiáil a n-aithreachaí fadó, an uair a bhíodh muid "dallta" annseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile aca; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaodhmaireacht' aca, an uair nach n-aireochaidís aon-fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt do'n dul-amú. Ní fhoghanfaidís do thada eile
 
Ní feasach dom cé'n fáth a gcaithfinn tobac. Ag leigean deatach le gaoith ab eadh? Is suarach an cheird a bheadh orm muis
+
deis
Shanntuigh sé an deis. Sin é an fáth ar chuir sé an inghean ann. Leabharsa ní raibh néal ar bith ar siúd. B'fheasach dó cá raibh an ciste gan aon-neach a theacht chuige!
TUILLEADH (1) ▼
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan forú mar sin a bheith ort. Is iomdha oíche ag an teampall orainn
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
+
Bhrisfinn leicín an doichill aige dhá mb'fheasach dom go bhfuighinn amharc ar an inghin siúd nach gcorruigheann amach. Deir siad gur mór an áilleacht í. Ní fhaca mé ariamh í, agus tá mé indiaidh a feiceál i gcomhnuí. Nach mór an feall nach bhfuil aon-toidheacht i láthair innte. Bheadh candáil ar a leithide anois. Tá cailíní deasa na tíre scuabtha go Sasana
TUILLEADH (1) ▼
Fanóchaidh mé as ar fad. Ní maith liom a dhul ag brughadh ar an doicheall. Is maith is feasach domsa nach bhfuil aon-ghnaoi aca sin orm.
 
droim
Bhí an bheirt sínte síos ar dhruim na trágha agus iad dhá n-ionnfairt féin ins an ngaineamh, agus gan falach orra ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad. Shílfeá go mba bheag an dochar dhá leithidí sin náire a bheith orra, ach dheamhan náire muis, ná cuid de náire. Is feasach dóib go maith nach n-aithneochaidh na daoine iad
 
dubh- 5
Caracháinín dubh-thaghdach é, le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé san domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na druinne air.
 
déan 1
Is feasach duit go maith nach mbeadh aon-ghoir ag an scriú sin na gnaithí a dhéanamh. Ar an gcéad iarraidh tá sé ro-lag. Is maith láidir féin an scriú nach mór annsin
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
 
díol 2
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …
 
díon 1
Níl díon ar bith ins na láimhíní seo, th'éis cúig déag a thabhairt orra … Tá baoghal air! Dheamhan iall leathair ag gabhail leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá ionnta. Ní feasach dom go bhfuil sé cho maith sin fhéin
+
dóigh 1
Réidhteach a dhuine! Réidhteach. T'anam ó'n Diabhal, ní fhéadfaidh tú dóigh a dhéanamh de'n scéal ceart críochnuighthe. Nach feasach duit féin cho maith agus is feasach domsa má ólann tú a leath sin, agus uisce a chur thríd an gcuid eile, go mbrathfaidh sé é. Is air nach mbeidh an mhoill. Nach furasta aithinte dhó é!
TUILLEADH (1) ▼
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharamhail. Nach maith atá a fhios agad gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cé'n chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
 
Cailín dóigheamhail í. Ach is feasach di sin
 
Ní leatsa atá mé ag caint beag ná mór. Nach feasach duit go bhfuil dhá Dhomhnall i gCúige Uladh
 
Ní feasach mé cé'n chaoi a mbeadh gaibhte fúithe chor ar bith marar ól sí an t-uisce, ach b'fhéidir go ndearna sí sin féin. Ní móide go ndeacha aon-chuma déanta uirre
+
téigh
Ghabhfainnse tuilleadh léithe, ach b'fheasach dom go maith nach raibh aon-tsamhaoine dhom a dhul ag margáil fúithe, nach leigfeadh sé as an airgead adubhairt sé í
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n fáth a dtiubharfainn breith do bhéil féin duit? Dhá mbeadh fataí dhá dhul sin, thiubharfainn duit é, ach is feasach duit féin cho maith liomsa nach bhfuil. Is fada uatha é