Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
finne
Ainmfhocal Teibí
+
Sí bláth na finne í = planndóig mná
Síleann sí fhéin gurb í bláth na finne í, ach ní shíleann aonduine eile é = spéir na gréine
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé as fhéin anocht. Cár fhága sé craobh na finne = bean bhreá; ach níl annseo ach fonóid. Le fonóid adeirtear na rudaí seo anois
Th'anam ón diabhal dóirt isteach le cúl na finne!
Cés fhearr leat scéimh na finne ná scéimh na doinne = an fearr leat bean fhionn ná bean donn (bean ghruaige dhuinne); do you prefer a blonde to a brunette?
B'fhearr liom fhéin scéimh na finne i mbean
Cé uaidh ar thug sí sin scéimh na finne. Bhí a máthair cho geal le easóig
Buí a bhí sí chun tosaigh agus tá sí ag dul 'un finne anois = tá gruaig fhionn ag teacht uirre; is beag a bhíos eatorra
+
Tá an coirce ag dul chun finne = ag buíochan; scathamh th'éis a dhul i ndéis dó
Is gearr eile a gheobhas sé anois, nó go dtosuighe sé ag dul 'un finne. Is breagh an déas atá amuigh ag an ngarraí sin thíos
TUILLEADH (2) ▼
Beidh moill ar an bhFómhar i mbliana shul a dteighe sé i bhfinne. Ní bhfuair sé a dhóthain gréine.
Tá an chruithneacht i bhfinne ach níl sí in alt a bainte mar sin fhéin

finne in iontrálacha eile (22)

 
fána
Tá bealach na Bó Finne imithe le fánaidh na nÁirde (fc. Bealach)
 
Má thuiteann a' bhornóig sin ar meisce orainn, ar gceann finne, ní bheidh indon é 'iomchur abhaile.
 
buinne 2
'Go dteaga bláth buidhe ar an eorna, a's go dtosuighe an Foghmhar a' dul 'un finne; Is deas lághach an rud í an óige, a's indiaidh mo stóirín atá mise' (As "Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndeana Dia maith air! — gur "imbuinne" a bhí annseo ó cheart, i leaba "'un finne", ach ní mheasaimse gurb eadh. Ar aon-chor teigheann an foghmhar 'un finne, ach is fada indiaidh a dhul 'un buinne dhó é).
+
fionn 2
Sí is finne dheise dhá bhfaca mé ariamh = bean shlachtar
TUILLEADH (1) ▼
Sí an bhean is finne dheise í dhár chuir aghaidh le aer ariamh
 
Ná tugaighí cead dó feistiú faoi thoir ar an mbaile agaibh chor ar bith nó 'ur gceann finne ní chuirfidh as é
 
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann-finne, ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bun-righeachaí a bhí air
 
Tá mé cho daingnighthe istigh ins an sé pighne sin, agus nach gcuirfidh do cheann finne as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bocáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom 'chuile "thrip"
 
deamhan 1
Dheamhan é! Do cheann finne ní thriomódh aon-fhód móna ar an aimsir seo
 
deara
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosuighe ag "beaiceáil" chor ar bith, do cheann-finne ní chuirfidh faoi ndeara di tarraint choidhchin. An bhfuil a fhios agad "an-phleain" ag capall a bhíos ag "beaiceáil". Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac in a cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an "bheaiceáil" a bhéas uirre annsin. Féach léithe é, go bhfeicidh tú
 
dearc
Tá an-dearcadh isteach thar claidhe ag an mbideach seo, mar adeir fear Árann. Má fhaghann sí blas na h-áite sin do cheann-finne ní choinneochaidh as í. Tá an-fhéar anois ann
 
dearg 2
Do cheann finne ní chuirfeadh an spaidealach sin ag deargadh. Ach nach bhfuil sí in a bog eibhinn
 
ding
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
dlús
Is rud í an fhoghluim má chuireann duine dlúthas léithe go mbeidh sí aige. Ach bhí na gasúir a bhíodh fadó ann, an-doscúch. Ní chuirfeadh do cheann finne ag an scoil iad, mara dtogruighidís féin é = caithtear luighe le fonn leis an bhfoghluim agus gan siléig ar bith a leigean innte
 
An bhfuil sé ag dochtúireacht leis an "mbicycle" fós? Cinnfidh sé ar a cheann-finne aon-chaoi a chur air
 
dreas 2
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá is na portaigh sin aghainne, ní chuirfeadh grian na n-Indiachaí aon-dreas uirre. Chonnaic mé annsin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataigh ó'n ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann finne ní lasfadh í in a dheidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil marach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh 'chuile mhaidin
 
Tá an gamhain druimfhionnach sin ag M. imighthe aríst. A cheann finne ní choinneochaidh é siúd anois, ach ag dul siar 'san áit ar ceannuigheadh as é
 
déan 1
Is maith a ghníos tú a gcur amach. Má thaithíonn siad san áit sin do cheann finne ní choinneóidh as ar ball iad
 
dóigh 1
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé cho maith leigean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon-mhaith amháin é. Buaileadh dual na druinne air, fuair sé éadach nuadh; bicycle, "sweets", chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin annsin uirre aríst, agus do cheann finne ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rádh go ndíbreochadh sé amach ar an móin imbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
 
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach 'sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh annsiúd agus ní bhainfidh a cheann-finne iad. Ach beidh sé siúd ag tuineamh leo nó go gcuiridh sé as ar uain nó ar éigin iad. Tá sé an-dubhshlánach nuair a chaitheas sé rud in a chloigeann
 
Tá an bruimfhéar seo an-dubhshlánach. Do cheann finne ní thiubharfadh as an talamh é.
 
Má theigheann sé ar amhráin anois, do cheann finne ní stopfaidh é