Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imigh ó
1.
·
D'imthigh sí uaim luath go maith sa ló; scaoil mé uaim í = dhíol mé í faoi na luach go maith, luath sa ló.
2.
·
Bhí na cosa ag imtheacht uaidh, le lagar ocrais = é sgrútuighthe leis an ocras.
Bhí na cosa ag imtheacht uaidh ag dul ar an mbainis, ach ní imtheochaidís leath chomh maith uaidh ag dul chuig a chuid oibre = bhí an-fhonn go deo ar a dhul chuig an mbainis, ach ní hé an oiread sin funn a bhí air a dhul ag obair

imigh ó in iontrálacha eile (50+)

 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithe a rinne an focal. Ní thiúrfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithe uaidh sin amach
 
Má chastar i dteach an óil chor ar bith é, imíonn an t-airgead uaidh in a fhraiseach
 
Tá gasúir an tí seo imithe ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! = cuirtear "fuiléimneach" agus "fiodarinnce" le chéile
+
fág i
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh in a dhiaidh ó shoin mé
TUILLEADH (1) ▼
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag tuitim dhá cheann
 
Nach fánach anois a d'imigh mo dhá scilling uaim? = ciotach; gan aon-cheó dhá bhárr
 
feac 2
Feacfaidh sé é féin an t-Earrach seo, ní hionann agus ariamh. Tá an cúnamh imithe uaidh anois = lúbfaidh sé é féin; caithfidh sé obair a dhéanamh
 
foras
Níl lá forais air ó d'imigh an deirshiúr uaidh = luainneach
 
Deir tú leis an gcailín a d'imigh uaim. Tá mé in mo bhambairne ceart na laetheanntaí seo. Níorbh fhiú trumpa gan teanga í, agus in a dheidh sin féin b'fhearr ann ná as í. Ní airíthear fascadh na tuime nó go mbaintear í, adeir siad
 
fostú
Bhí fastú agam ar an gconcar ar bhord na curaí, agus diabhal mé gur réab sí an dubhán agus gur imigh sí uaim in a dheidh sin. Bhí mo leas ar Dhia nach isteach san gcurach a tháinig sí!
 
fraigh
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
 
D'imigh páin uaim. Rinne sé lonnadh, ach ba bheag amharc a fuair mé air. Iomán a bhí ann. Fuair mé léarachan beag ar an bhfrith-ghob
 
D'imigh sé, agus tháinig sé aríst, agus go deimhin má d'imigh agus má tháinig bhí féirín leis ag teacht! Scearach a bhí air. Thóig an baile uaidh í, agus ba ar ín ar éigin a scar sí leo chor ar bith. Bhí breithiúnas báis ar T. Mh. aice
 
fiach 1
D'imigh an fiach uainn ar fad inniu = d'imigh ar dhúisigh muid de ghirriachaí etc. uainn
+
D'imigh an fhoighid uaim, ach ar bhris sé an chathaoir
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh a bhean agus beirt dhá chuid páistí uaidh. Bhí sé báite i bhfiacha. Ní raibh bonn bán air, agus in a dheidh sin fhéin, níor leig sé a mhaidí le sruth. Tá a shliocht air: sí an fhoighid a sháruigh an dubhchinniúint. Is maith saidhbhir an fear inniu é. Is cóir adeir siad go bhfaghann foighid fortún
 
fuath
Ní bheadh fios fuath ná fionnóige agad faoi mholt beag a d'imigh uaim, tá seachtain ó shoin. An comhartha cluas a bhí air: béim san gcluais dheas. Cloigeann dubh a bhí air, agus é i gcruth mhaith
 
Tá sé eirithe as na damhsaí. Is beag an dochar dhó sin. Dar príosta tá sé ag dul in aois, agus an croí ag imeacht uaidh. 'Ar ndú' nuair a stopas an síol stopann an foirseadh
 
Deirimse leat gur imigh mise, agus gur imigh mé sna fáscaí freisin. Agus níor mhiste liom é ó thug mé an ceann uaidh
 
Níl aon-fhear oibre faoi na broit a chinnfeadh air in imeacht uair an chloig, ach uaidh sin amach ná bac leis. Dhéanfadh páiste an oiread foghail leis. Níl ann ach an speidhear sin. Fuaraíonn sé san bpoll a dtéann sé
 
Ba dona a chruthaigh tú nachar fhan thiar. Ní raibh tú ach imithe go díreach nuair a tháinig T. Th. isteach, agus bhí fuarloch pórtair ann uaidh sin amach
 
dairt
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
 
dall 3
Ní leigfeadh sé uaidh mé nó go ndalladh sé mé marach gur imigh mé inganfhios dhó
 
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
 
deara
Thug sé faoi deara dhó féin a bheith ag caitheamh "feaigs" thuas ar an "scím" (móna) anuiridh, agus tá sé ag réabadh dhá n-iarraidh ó shoin. An lá nach mbeidh siad aige, bíonn súnás ag imeacht air. Ní bhíonn focal de'n chaint uaidh
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
deifir
Cuirfidh mise deifir ort ag imeacht mara n-imighidh tú uait féin
 
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoin a fhiacail, agus ag giorán (gearán) go neámhaí, agus thob ann agus thob as aige. D'eirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. "Mara bhfuil rún agad a thabhairt uait" arsa mise, "coinnigh é," agus amach liom an dorus
 
deis
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúinte le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, 'séard a bhí le déanamh leis a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Ro-mhaith a bheadh sé aige
 
diaidh
Ghread leis indiaidh a chinn roimhe. Bhí an oíche ag teacht air agus an lá ag imeacht uaidh nó gur tháinig sé go dtí teach scolóigín a bhí chois an bhóthair
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go dtugaidh Sib slán ó'n oíche agus ó'n mbliain, muid fhéin agus a' (ar) ndaoine, is 'chuile cheaird dhá bhfuil siad, agus go dtugaidh Sib an ghlóir shíorraidhe dhár imigh uainn ar shluagh na Marbh. Amén (deireadh an Pháidrín Pháirtigh)
 
Tá mé sáruighthe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaghainn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sáthadh bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastóchadh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoib féin, tá sin.
 
Is cuma dhó céard a dhéanfas sé. Is gearr an bás uaidh. Tá sé ag imeacht in a ghiocaichín leis an bhfuacht.
 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dligh
Ní dhligheann duine ar bith faoi chaolachaí an tighe seo ná aon-duine dhá bhfuil ag tarraint ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Teirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhligheas duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agad goirid ó shoin. Ach mise imbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt "warning" anois duit crapadh leat as seo cho beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeochaidh tú cho saor agus atá tú ag imeacht anocht
 
docht 1
'Sé'n chaoi a raibh sé ag dul domsa docht a bheith orm. Bhí a mh'anam in imeacht trí nó ceathair de laetheanta. Chuaidh mé siar ag an dochtúr, ach 'ar ndú', ba déanamh mo ghearáin le giolla gan truaighe é. Cé'n brigh ach bhí leisce orm a dhul ag caint faoi le aonduine. Diabhal easna dhó (dhe) nachar tháinig uaidh féin sa deireadh
 
Ba doiligh cur chuige ná uaidh lá de'n tsaoghal, ach d'imigh sin féin. Ní hé an oiread sin omóis atá dhó indiu thar duine ar bith eile
 
dona
Is iomdha airgead a rinne sé sin, agus ba mhaith uaidh, ach d'imigh sé go dona in a dheidh sin = ní dheachaidh aon-chaoi air
+
Ab é S. Sh.! Tá sé cho doscudhach indiu th'éis go bhfuil sé aois an phinsean agus a bhí sé an lá sin. Ar chuala tú faoi'n uair ar imigh sé in éindigh le bean an damhsa de Rástaí Bhaile Uí Bhriota. D'imigh mo choinsias. Bean a bhíodh ag damhsa ar chláirín. Chuaidh sé cho fada le Béal Átha na Sluaighthe in éinfheacht léithe. Tugadh faoi thar cionn annsin é. Tá colm i mbun na gruaige air fós dhá bharr …
TUILLEADH (2) ▼
'Chuile fhear aca sin dhá'r chaith seal i Sasana tá siad sáthach doscudhach. Siúd é an áit nar mhór duit a bheith doscúdhach deirimse leat. An té nach raibh indon imeacht agus a cheart a sheasamh, bhí sé ar deire. Daoine triollúsacha a dhéanfadh gnaithí annsiúd. Bhí mé ag caint le P. S. Dubhairt sé liom go ndéanfadh sé chuile shórt: bualadh rubáil agus eile. Níor dhubhairt sé leisce na bréige go marbhóchadh sé duine, ach ní bheadh claonadh ar bith uaidh aige, déarfainn. Tá sé le dhá bhliain ag imeacht ar a the(icheadh) ar fud Shasana le faitíos go gcuirfí amach ins an gcogadh é. Thiubharfá fear doscúdhach ceart air sin
Comhairle duine doscúdhach a thug mise dhuit; agus tá sé ráidhte nach bhfuil comhairle ar bith a chinnfeadh uirre. Bhí mise scathamh mar atá tusa anois, ag imeacht ar rothaí an tsaoghail agus ag caitheamh a mbeadh agam. Chuile dhuine mór liom agus ag brughadh orm agus ag dul siar in mo bhéal, a fhad agus a bhí rud agam. Ach ar an dá luath agus a bhfaca siad ag tabhairt uaim chor ar bith mé, d'imighidís as mo bhealach do mo sheachaint. Tá a fhios agamsa é a dhearbhráthair mo chroidhe. Fuair mé le léigheamh é, ní ag ceasacht ar Dhia é
+
Ba bheag an bheann a bheadh aca sin ar an saoghal marach cho drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa annsin thoir ag a n-athair agus níl nídh dhar dhealbh an ghrian nach bhfuightheá istigh faoin a chaolachaí. Thug sé scoil agus foghluim dóibh. Bhánuigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag árd-scoileannaí. Chuaidh siad 'un dreabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoghail ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geirthe dhó, agus chaith siad 'chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis aca. An uair a bhí a n-athair de dhruim tighe aca, b'éigin an áit a dhíol, agus bhí siad-san in a gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, an uair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siad-san gan pighinn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thiubharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios [cé] aca de'n bheirt — é féin nó a bhean ba dhrabhlásaighe a bhí. 'Ar ndú mo léan chuaidh sé i gcuingir leis an gceann ceart — inghean L. Uí C.
TUILLEADH (1) ▼
Nar chuala tú an sagart ag cur síos ar an mac drabhlásach siúd a bhí ann fadó nach ngéillfeadh do chomhairle athar ná máthar gur ghread leis. An uair a bhí a chuid caithte aige, bhí sé in ainriocht. Bhí sé ag tabhairt aire do mhuca agus bhíodh an oiread sin ocrais [air] agus go gcaitheadh sé cromadh síos ar a dhá ghlúin agus a dhul ag smalcadh cosamar na muc. Dheamhan leath an chirt a bhí leis nar fhan ins an áit a raibh sé i mbun a shátha. Tháinic sé abhaile aríst in a bhromachán bliana, ach dá mba mise an t-athair, is fada uaim amach a choinneochadh sé. Meastú an leigfinn isteach in mo theach é? Dheamhan é muis dá gcuireadh sé a bhundún amach … Ach níor éiligh sé imeacht aríst. Fuair sé luach a chuid drabhláis. Múineann an saoghal duine
 
dream
Ar imigh dream R. uaibh fós?
 
Tá an madadh sin drilleach ar fad ó a thosuigh an cuthach sin — na "fits" — ag tidheacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíob muise. Aithneochaidh tú air é, nuair a bhéas siad ar bheidhil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drilleach ar fud na sráide gan comhnaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
 
driull
Is gearr eile muise go dteagadh an driúll ar an dreall air. Shílfeá go raibh mío-shuaimneas dhá bhualadh, agus an chaint ag imeacht uaidh. 'Bhfaca tú ag dul amach 'sa dorus é, agus ag breathnú soir? Ba fear é a bhí ag déanamh cnaipí an uair sin. Bhí sé ag ceapadh nach dtiocfadh sí
 
droim
'Sí do chuid clabaireacht' a chuir de dhruim seoil mé. Tá sé ag dul 'un seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosuighidh mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin, nach raibh agam ó thús go deireadh scathamh. Ach tá an chuímne ag imeacht uaim uiliog anois
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé druiminn ort le a dtiubharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asad annsin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agad. Nach breagh nach mbeitheá cuibheamhail fearacht do leithide ar bith 'san tír, agus gan na daoine a náiriú
 
Ní raibh ughaim ná dromacán ná diallaid uirre ach í druimnochttha mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh annseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. Sé'n dromacán an gléas a bhíos uirre leis an gcéachta. Marab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?