Isteach
1.
a.
+–
Tá sé ag teacht isteach (sa teach).
Ní thiocfa mé isteach sa teach s'agaí(b)se níos mó.
TUILLEADH (6) ▼
Tháinic sé isteach ar uair na h-athchuinge = casadh isteach ar uair na h-athchuinge é; tháinic sé isteach go tráthamhail nuair a bhíothas ag cainnt faoi, nó nuair a bhíothas ag tnuthán le'na theacht.
Ní bhfaghainn ó mo chlaonta a dhul isteach ann, mar tá cut crochta romham ann = ní bhfuighinn ionam féin a dhul isteach, mar tá'n chloch sa muinchille ag muinntir an tighe dhom (tá rud eicín ann i m'aghaidh) (cut crochta — féach crochta)
'Sé bhí conórach a dhul isteach annsin (féach conórach)
Bíonn a chosa ag sciorradh uaidh ag dul isteach ann = áit a mbeadh an-fhonn ar dhuine a dhul ann.
Níl aon-chall 'iarraidh air bealadh a chuir faoi'n ioscadaí a' dhul isteach ann (féach ioscadaí)
Bhí sé ar adhastar aice (ar stropadh aice) ag dul isteach = bhí sé in a diaidh aniar, agus é umhal di.
+–
Tháinic sí isteach idir chlár agus chuinneog = tháinic sí isteach an dorus
Seo isteach é idir chlár agus chuinneog
TUILLEADH (1) ▼
Chugainn isteach é idir chlár agus chuinneog (féach clár)
+–
Tháinic sé isteach orm agus mé ag ithe ceaille, agus ní raibh an oiread náire ariamh orm = níor thaithnigh leis go bhfeicfí ag ithe ceaille é, agus tháinic fear eicín a raibh cás aige ann isteach faoi'n teach, agus é in éadan an cheaille (ceaille = fataí bruighte brúighte, agus oinniúin, im, leamhnacht agus rl. thríotha).
Má thagann sé siúd isteach oraibh agus sibh ar an gceird sin, ní chomhnó(cha) sé go gcuire sé a gcáil faoi'n tír = má thagann sé isteach sa teach, agus sibh ag plé leis an obair sin, cuirfe sé cáil na h-oibre sin amach oraí(bh) is 'chuile áit.
TUILLEADH (2) ▼
Nar bheag an dochar daoibh náire a bheith oraí(b) dá dteagadh aon-duine 'steach oraí(b) agus sibh ag sglamhthairt mar sin.
Ar tháinic sí isteach ort? = ceist le fhaghail amach a dtáinic bean áithrid isteach, chomh uain's bhí an bhean eile ag deanamh rud eicínt, nár mhaith léithi a leigean amach le na daoine
+–
Is beag a theigheann(s) isteach aige anois (siopadóir) = is rí-chorr chuisliméara a thaobhuigheann(s) é; is beag trácht' atá sé a fhághail.
Ní racha mé isteach aríst (ch)uige le mo bheo ná mo mharbh, le congnamh Dé = isteach go dtí siopadóir le earraidhthe a cheannacht uaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá na daoine uilig u' fanacht amach uaidh anois. Duine sa gcéad a theighea(nn)s isteach aige = siopadóir
Is beag a bhéarfadh orm a dhul isteach go dtí leic an teallaigh aige agus é 'fhiafruighe dhe = tá an-fhonn orm etc.
+–
Bhí sé isteach faoi'n dorus againn, shul dá raibh am againn tada a chrapadh = bhí sé istigh sa dorus, sul a raibh ionbhadh againn, na rudaí nar mhaith linn a 'sbáint dó, a chur i leath-taobh nó de leithrigh.
Sé'n conórtas a thug isteach ann é
TUILLEADH (1) ▼
Sé'n cúram a thug isteach ann é (féach cúram)
·
Má chuaidh sé siúd isteach, níl stróbh ar bith orainne = duine a chaith a shaoghal le dreabhlás agus le droch-shaothar, agus nach raibh aon-cheapadh go bhfaigheadh sé na Flaithis.
Is fada isteach i bhFlaithis Dé cheana é = duine a bhí ar a mhine ghéire ag déanamh lóin na bhFlaitheas. Duine a bhí a' tabhairt a shaoghail le urnaighe agus guidhe (déarfaí le greann go minic é)
b.
+–
Teirigh isteach abhaile = isteach in do theach fhéin
Is fada aréir, a thighearna, go dtáinic sé isteach abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n mhaith a bheith ag iarraidh maitheasa ar fhear nach dtiocfa isteach abhaile go mbí an oidhche caithte thar druím = ní gar a bheith ag tnuthán go ndéanfa duine nach dtiocfa abhaile go dtí deireadh (deireamh adeirtear annseo ingioll ar ghuth a bheith idtús an chéad fhocail eile: féach talamh íochtair) oidhche.
·
Ná taobhuigh isteach an teach sin, nó bfhéidir gurab í an aicíd a thiubhrá in do chrioslaigh leat = ná teirigh isteach ann nó b'fhéidir go dtóigfeá an droch-thinneas atá ann {{(aicíd = "droch"-thinneas fearacht fiabhrais, nó an galra breac agus rl.)
Dheamhan a chos ná a chnámh a thaobhuigh isteach muid le bliadhain mhóir fhada = ní raibh sé istigh againn (istigh sa teach againn) le tuille agus bliadhain.
c.
Cliamhain isteach agus rl = fear a phósfadh isteach idteach an chailín: fear a thiocfadh in a chomhnuidhe sa teach a gcomhnuigheann an cailín nó'n bhean ann a phós sé.
+–
Cliamhain isteach é sa teach sin.
Cliamhain isteach a bheidheas sé siúd a iarraidh dhá inghin agus ní fleár (fuláir?) dhó airgead a bheith aige.
TUILLEADH (11) ▼
Níor mhaith liom a bheith in mo chliamhain isteach aige = níor mhaith inghean a phósadh, agus comhnuidhe in aon-teach leis (duine a mbeadh cáil an uilc amuigh air)
Fuair sé a dhíol de chliamhain isteach = bhí an fear a phós a inghean sáthach saidhbhir, sáthach measamhail aige, le dhul a' comhnuidhe in aon-theach leis.
Beidh a sháith do'n tsaoghal ag an gcliamhain isteach, mar tá'n t-athair luath, láidir droch-mhúinte fós = an fear a phósfas isteach sa teach ann, is fear idteannta é, mar tá an t-athair láidir agus olc fós, agus beidh sé in éadan an chliamhain go síorruidhe.
Bior in aon-tsúil í, agus cliamhain isteach a thiocfas ann = níl aon-duine cloinne sa teach ach í, agus nuair a phósfas sí, tiocfa a fear in a chomhnuidhe fréithi i dteach a muinntire féin.
Chaith an cliamhain isteach an droch-cheann le na h-athair 'sa máthair = chuir an fear a phós isteach sa teach aca an droch-bhail ar athair agus máthair a mhná (níor thug sé ceart ná cóir dóibh; leag sé isteach acu)
Marach chomh soineannta agus a bhí an cliamhain isteach, is fadó an lá a dhéanfadh sé corr do'n bhodach is athair di.
Níl saoghal fhata imbéal muice ag an gcliamhain isteach idir an inghean 's a mháthair.
Bhainfeá ceart do'n inghin, ach is olc an t-eallach a máthair do chliamhain isteach.
Má's cliamhain isteach anois é, is gearr gur cliamhain amach é = is gearr go gcaithfe athair agus máthair a mhná, a gcliamhain amach; is gearr go dtuga siad bóthar a's bata dhó.
's breagh áirgeamhail, éadálach an teach é ag cliamhain isteach.
Tá giodán deas talmhan ann, ag cliamhain isteach.
d.
An fear isteach = fear a fheiceas tú 'dul isteach i dteach, i scioból in árus, nó idteálta ar bith, i bpáirc, ingluaisteán etc, agus ní a' cainnt faoi (a chodarsna sin = an fear amach).
+–
Céard dubhairt a' fear isteach leat
Ní éadáil mhór a' bith é an fear isteach.
TUILLEADH (15) ▼
Ba bheag a' luath agad aon-aighneas a chuir ar a' bhfear isteach, agus cuirfe tú aighneas maith ormsa, mar airigheann tú gan aon teannadh ar mo chúl san áit seo mé.
Céard a chas an fear isteach annseo.
Feicfe tú féin air nach suaímhneach a bheidheas an áit seo, agus a' fear isteach a chasachtáil ann.
Ní aithnighim a' fear isteach, beag ná mór.
Cá'idé ó tháinig a' bhean isteach ar an talamh = cá'ide ó tháinig sí annseo?
Marach go n-airigheann a' fear isteach tomsacht eicínt ann (istigh sa teach) ní taobhochadh sé é (tomsacht = solamar, beaduidheacht, soláthar nó brabach eicínt fearacht óil, ná eile)
Ní mórán fáilte a bheidheas ag Seán roimh an mbean isteach.
Tá ceart ag a' bhfear isteach a bheith sáthach tuirseach, má b'éigin dó an bealach ar fad a shiubhal.
Níl gnaoi ar bith sa teach sin ar a 'bhfear isteach; ag brughadh ar a' doicheall atá an fear isteach.
Tá'n fear isteach sáthach bréan dó fhéin anois.
Níl aon ghna(ithe) tada a iarraidh ar an leaduidhe sin isteach
Seachain thú fhéin ar a' mbodach sin isteach (ar a' mbodach sin istigh — (dhá mbeadh sé istigh)
Ab é an luisneachán sin isteach, a bhí tarraing achrainn?
Anois céard deir tú leis a' mbréagadóir sin isteach — nach deas uaidh agús a chuir igcainnt?
Ná géill do'n nathuigheadóir sin isteach.
+–
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa = daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí fharra's an baile a raibh an damhsa ann.
Marach a raibh thar baile isteach ann, b'fhurasta iad a chomhaire(amh).
TUILLEADH (2) ▼
Ní ceart daoine thar baile isteach a leigean a' súdaireacht thart annseo.
Ní leigfeadh an faitchíos d'aonduine thar baile isteach a shrón a shéideadh ariamh ann = bheadh faitchíos ar strainséaraí an áit a thaobhachtáil.
+–
Fear thar baile isteach é = ní as an mbaile seo é.
Duine thar tír isteach é = ní as an gceanntar nó as an límistéar seo é.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé tíorthamhail (tíreamhail) chor ar bith. Caithfe sé gur thar tír isteach é = níl sé Gaedhealach agus caithfe sé gur as ceanntar eile é.
+–
Níl cead isteach ná amach ag an gcailín ata aca(b) = níl cead a coise aice; táthar déan (dian) uirre; caitheann sí fanacht istigh.
Níl mórán fonn isteach orm = níl aonfhonn orm a dhul isteach (i dteach etc)
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh fonn isteach orm ghabhfainn (ghó-inn) isteach gan iarraidh ar bith (ní bheadh aon chall iarratais orm)
Cé'n chruadhóg isteach atá ort? = cé'n chall atá dhuit a dhul isteach sa teach nó 'san áit sin.
Cé'n chall isteach atá dhuit?
e.
+–
Tá sé isteach agus amach arís = duine a bhí buailte suas, agus tá sé anois ag corruighe amach arís.
Níl isteach ná amach ionnam, hébrí (pé'r bith) céard tá orm = níl mé indon a dhul isteach ná amach; tá mé buailte suas
TUILLEADH (2) ▼
Níl isteach ná amach ionnam ag na scoilteachaí = tá mé buailte suas ag na scoilteachaí.
Is gearr a bheidheas mé indon a dhul isteach ná amach má mhaireann dom = is gearr a bheidheas mé indon corruighe amach as an teach, má chothuigheann an galra, an tinneas seo etc mé.
f.
+–
Bíonn sé isteach 's amach againn go minic = bíonn sé ar a chuairt againn go minic; is minic a bhíonn sé ag cuartaidheacht againn.
Is beag 'steach ná 'mach a rinne sé annseo, le fada = corr-uair a thagann sé a' cuartaidheacht chugainn
TUILLEADH (5) ▼
Níl muid ag iarraidh a chuid 'steach ná 'mach = b'fhearr linn uainn é.
Rinne muid gno(ithe) maith, nuair nach mbíodh sé 'steach ná amach chor ar bith againn.
Ní mórán 'steach ná 'mach a rinne mise tigh na gCeallach le blianta (le na cianta) = is annamh a thaobhuighim tigh Mhuinntir' Cheallaigh
Máire: Cé'n chaoi' bhfuil tú; Cáit: Bím isteach 's amach; 'sa crochadóireacht liom
Tá siad i gcomhnuidhe isteach 's amach in a n-amhuis ag líonadh a mbuilg = bíonn siad istigh ag ithe i gcomhnuidhe.
g.
·
Bhí an lá geal isteach orainn = bhí sé in a lá. Thugadar sin faoi deara agus iad istigh.
2.
a.
+–
Chuir sé isteach sa mbeo ionnam é = sa bpáirt de'n fheoil a ngortóchadh sé mé.
Chuaidh an tairnge isteach go cnáimh ionnam (isteach go feirc, go smior, go leathar etc)
TUILLEADH (2) ▼
Ní leigfeadh sé isteach in a chloigeann beag ná mór é = ní thillfeadh sé in a cheann chor ar bith.
Chuaidh sé isteach go dtí na corrógaí ann = síos ibp[ui]tigh, nó i linn.
b.
+–
Is beag fheamuinn a tháinic isteach chor ar bith imbliadhna
Nach fada isteach an bád = gar do'n chladach.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sí gar isteach do chladach
Tá sí tornáil isteach = bád.
Bhí an luing a' doirtim (druidim?) isteach, ariamh, ariamh gur bhuail sí cloch (clo adeirtear i gcomhnuidhe san leagan seo, agus in a mhacsamhail a mbíonn an chuid sin de'n chladach igceist) = bhí sí ag teannadh isteach gur tháinic sí ar an gcuid sin de'n chladach atá faoi chlocha, agus b'éigin di fanacht annsin, mar ní raibh a dhul as aice, de bharr tanuidheachain.
Tá'n bád isteach go maith faoi chladach
Tá'n bhó isteach go maith sa ngarraidhe = tamall ó'n áit.
Tá Port Omna fada go maith isteach sa tír.
·
Bíonn sé isteach 's amach Gaillimh i gcomhnuidhe = síorruidhe 'dul go Gaillimh
D'imthigh sé isteach Gaillimh ar maidin go moch.
c.
·
Nuair a bhí muid a' tarraingt isteach ar Ghaillimh tháinic sé in a bháisti(gh) = thosuigh sé a' báisteach agus muid in aice na Gaillimhe.
A' tarraingt isteach dúinn ar Árainn, shéid sé in a ghála.
d.
+–
Chuir sé an dorus isteach dhe = chuaidh sé isteach an dorus.
Chuir sé Gaillimh isteach dhe, moch go leor ar maidin = chuaidh sé go Gaillimh.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé Seán isteach dhe = bhrúgh sé Seán isteach nó thairis.
e.
+–
Bhí sé a' brughadh isteach ar mo chuid-se (móin, feamuinn nó eile) = ' teacht gan "aireachtáil" agus dhá h-árdú leis; a' déanamh a chuid féin dhe, gan aon chead uaimse, cé go ndéanfadh sé é as comhair mo dhá shúl (ní goid é)
Mara bhfuil sib indon a gceart a choinneál sa gcladach, brúghfa sí siúd isteach orraí(b).
TUILLEADH (8) ▼
Ná tugaighidh cead dóibh brúghadh isteach oraí(bh).
Mise imbannaí, nach mbrúghfa sé isteach ar chuid duine ar bith eile, ach ar a gcuid se'agaí(bh) se, mar airigheann sé go dona sib = níl sibh indon a gceart a choinneál, agus é a ruaigeadh, agus dhá bh(r)ithin sin, tá sé a' glacadh binne ar 'ur gcuid feamuinne nó eile.
Nach bocht nach mbrughfadh sé isteach oraí(bh) agus sib a' tabhairt a chead dó.
Sin í an cheird a bhí air sin chuile lá ariamh, ní dhá roinnt leis é, a' brúghadh isteach ar chuid na comharsan (féach "ceird", agus "roinnt")
Bhí suaimhneas againn, an fhad's d'fhan sí uainn, ach tá sí brughadh isteach arís = ní bhíodh achrann ná troid ann an fhad's nar thaobhuigh sí muid, ach tá sí ag brughadh orainn arís agus a' stocaireacht (ag teacht isteach sa teach, agus a' déanamh mórtais linn, agus ag iarraidh agus a' glacadh a bhfuighe sí)
Tá sí sin chomh spleádhach, agus má leigeann tú di brughadh isteach chor ar bith, gur gearr go mbí an teach fúithe féin aice = tá sí subháilceach laetheamhail mar dhóigh dhe, agus má fhaghann sí cead a cinn a theacht isteach, is gearr gur léithe fhéin an teach.
Gheobhfá ceird ní ba shamhaoinighe, ná a bheith ag iarraidh brúghadh isteach orra(b) siúd = gheobhfá obair a mbeadh luach-saothair ní b'fhearr dhá barr, ná 'dhul i gcleitheamhnas le brabach a fhághail ar na daoine údan; tá na daoine údan cruadh, coinneálach, agus is beag an bhrabach atá orra(b)
Ní mór dhuit an tseamair Mhuire, má's leat a dhul a' brughadh isteach orra(b) siúd = caithfe tú buadh ar leith a bheith agad le brabach ar bith a fhaghail orra.
·
Tá sé a' briseadh isteach ar mo chuid-se = tá sé ag leagan na gclaidhtheacha agus na bhfál, agus a' cur a chuid beithidheach ar mo chuid-se talmhan.
f.
+–
Beir isteach air a leasca (a chladhaire, a chailleach) = seo é an rud adéarfadh duine a bheadh a 'saghdadh duine eile le dhul a' carruidheacht. ("breith isteach" = do dhá láimh a chur siar thíos faoi phuill ascallaí do chéile carruidheachta agus snaidhm a chuir ar a dhruim. Ach cialluigheann sé go minic breith íochtarach ar dhuine, cuirimigcás faoi na lár.")
TUILLEADH (12) ▼
Má bheirim isteach ort, tiubharfa mé taobh na bpoll dhuit = cuirfe mé ar shlatrachaí do dhroma thú ar an talamh, sínfe mé thú etc.
Má bheireann sé siúd isteach ort, is air nach mbeidh an mhoill (is beag an mhoill air, is beag an tolgán dó (nó air), is gearr air, is furasta dhó, is éasca leis, ní mórán stróbh air etc.) talamh a thabhairt dhuit.
Má leigeann tú dhó breith isteach ort, tiubharfa sé talamh dhuit de do bhuidheachas
Ná beireadh sé isteach ort, nó leagfa sé thú = ná tabhair deis dhó breith isteach ort nó má bheireann leagfa sé thú.
Is maith a bheidheas tú ar do mhaidí, deirimse leat, má bheireann sé siúd isteach ort, nó tiubharfa sé tala(mh) dhuit = is ait a chruthóchas tú má bheireann sé isteach ort, nó leagfa sé thú.
Níl aon-chinneamhaint air a' carruigheacht má fhéadann sé breith isteach ort = níl aon-righeachan leis etc.
Bí ar t'áirdeall féin, agus ná leig dó breith isteach ort.
Fainic ambéarfadh sé isteach ort, nó cinnfe ort é a chuir dhíot.
Ní hé an ribín réidh é siúd le breith isteach air = is deacair ceart a bhaint dhe; tá sé doiligh é a leagan le breith isteach air.
Tá sé chomh suidhte agus nar mhór dhuit breith isteach go maith (go daingean) air le na chuir in aer = tá sé chomh tacamhail, chomh cuimseardha agus chomh teann in a sheasamh, nar mhór dhuit a dhul isteach faoi go maith le na leagan.
Má bheireann sé isteach ort, leagfa sé ort go bínn = má bheireann sé isteach ort, tiubharfa sé faoi na fabhraí go maith dhuit é (tiubharfa sé fút)
Is cruadh an greim atá aige le breith isteach ort.
·
Níl aon-charruidhe go h-éag (go h-iomdha) ach é, má fhaghann sé greim isteach (nó má fhaghann sé deis breithe isteach) ar dhuine.
Tabhair na h-ailt (dornaí) amach dó, mar má fhaghann sé greim isteach ort, sínfe sé thú.
·
Tháinic sé isteach fúm, agus thug sé taobh cúl mo chinn dhom ar an talamh = tháinic sé in íochtar faoi mo lár, agus chuir sé siar mé gur leag sé mé ar mo dhruím.
g.
·
Teann isteach leis (biadh nó bord bídh)
h.
téarmaí i gcártaí.
+–
Cuir isteach faoi (adéarfaí le duine, a mbeadh an imirt ag dul thairis, ag moladh dó mámh a chaitheamh síos faoi'n duine a mbeadh an imirt ag dul chomh fada leis. "cuir isteach leis" = an rud céadna)
Má chuireann tú isteach liomsa, ní racha leat = buailfe mé an cárta a chaithfeas tú fúm.
TUILLEADH (16) ▼
Seán: Cuirfe mé isteach leat (fút); Pádraic: Cuir feiceamuist! Do dhubhshlán
Múinfe mise dhuit, nach gcuirfe tú isteach fúm aríst.
Níl aon-chárta go maidin, dá gcuirinn isteach faoi, nach mbeadh a mháighistir aige (nach mbeadh cárta a bhárrtha aige).
Is baramhail an t-imreoir thú, 'cuir isteach faoi (le) do pháirtidhe (baramhail = greannmhar).
D'airigh tú feidheartha mise, nó ní chuirfeá isteach ann = thuig tú, nach raibh aon-bhrigh mámhaisí agam.
Ó thug mé an eang liom, an uair sin, is fada aríst go gcuirfe mé isteach fút = ó tháinig mé slán; ó rug mé cúig; ó d'eirigh le mo chárta téaltú leis, gan bualadh uait.
Dhá mbeadh fhios agam go raibh a bhualadh agad, chomh tráthamhail, ní chuirfinn isteach leat.
Má chuireann tú isteach fúmsa, beidh tú in aithmhéala.
Chuile mhíle cárta dhá gcuirtear isteach faoi, tugann sé snaidhm dóibh = gach cárta dhá gcuirtear isteach leis, buaileann sé é.
Shíl mé gur caithte idtraipisí a bhí sé agam, nuair a chuir mé isteach leat é, ach d'eirigh cúig leis in a dheidh sin = shíl mé nach raibh mé ach dhá chaitheamh uaim, ach rug sé cúig in a dheidh sin.
Dhá mbeadh a mhaltraid (mhalairt) agam, ní taobh leis an dó a chur isteach a dhéanfainn = chuirfinn cárta níos fhearr ná'n dó isteach, ach ní raibh sé agam.
Ab é sméar-mhullaigh do ghlaice a chuirfeas tú isteach = ab é an cárta is fhearr in do láimh a chaithfeas tú fúm.
Ná bí braithteoireacht. Cuir isteach faoi = ná bí idir dhá chomhairle a' gcuirfe tú faoi nó nach gcuirfe.
Dhá gcuirteá do chuileata isteach fúmsa, dhéanfainnse lá soir uirre = bhuailfinn í, dá dtagadh sí isteach fúm.
Ní fhaca tú aon-lá de'n ádh ariamh, ach gan cur isteach.
Níor mhór dhuit! Dá gcuirtheá isteach, thabhairfinnse faoi na fabhraí dhuit é = bhuailfinn an cárta a chuirfeá fúm mar bhí togha an mháimh agam.
+–
Tuige nár sháith tú an mámh sin a bhí agad isteach faoi? (páirtidhe a' ceisniú a chomh-pháirtidhe tharéis na h-imeartha)
Nach aigeanta uait an dó beag, a sháitheadh isteach fúm.
TUILLEADH (2) ▼
Múinfe sin thú, gan a bheith chomh sáithteach isteach aríst = déarfadh imreoir é seo, nuair a bhuailfeadh sé mámh a chuirfeadh imreoir roimhe faoi.
Sin é an deasú air! Ní sháithfe (sacfa, cuirfe) sé isteach é, aríst = 'déarfadh ceachtar de na h-imreoirí é, nuair a bhuailfeadh imreoir cárta a cuireadh faoi go h-áirid, dá mbadh droch-imirt cur faoi.
·
Beannócha mé de do dhicheall, nuair a thiocfas sé isteach fúm = labhrochaidh mé leis an gcárta is fhearr dhá bhfuil in do ghlaic; buailfe mé an cárta is fhearr dá bhfuil agad.
Bí buidheach nach bhfuil tada agamsa, nó dhá mbeadh, ní thiocfá isteach aríst ann = dá mbeadh a bhualadh agamsa, bhuailfinn an cárta a chuir tú fúm.
+–
Leig tú dó muileata isteach biorach agus fhusacht duit a bualadh = bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach in a leaba sin scaoil sé thairis gnóithte (biorach) é, go dtí an té a raibh an imirt a' teacht chuige.
Leig tú a pháirtidhe isteach biorach = scaoil sé cártaí páirtidhe amháin gnóithte chomh fada leis an bpáirtidhe eile agus ughdar a bhuailte in a ghlaic.
TUILLEADH (5) ▼
Cé'n sórt ciméar a bhí ort a' scaoileadh na bainrioghna isteach, gan í a chriogadh (ciméar = mearbhall)
Is dona a frítheadh mé, agus go mb'éigin dom deich triuf a leigean isteach biorach = is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé indon deich triuf a bhualadh ag dul tharm.
Tá'n buille feill sa gcúinne. Ní dheacha aon-chárta isteach anocht ann nar buaileadh = imreoir tráthamhail, a mbíodh bualadh chuile chárta dhá gcuirtí faoi aige a bhí ag imirt sa gcúinne.
Is fada isteach ormsa a thug tú 'aghaidh, ach má theigheann leis, castar leis é = níor cheart duit cur isteach fúmsa, ach buailfe mé é.
Is ag brughadh ar an doithcheall do do rí é a theacht isteach annseo = buailfear é.
3.
a.
+–
Tá dronn isteach ar an mballa = tá slis isteach, ar fiar air (dronn = corr; rud a bheith crotach; drúnn adeirtear faoi Chois Fhairrge agus Conamara siar, ach dronn ar an Achréidh)
Tá gob isteach ar an gcloi(ch) = tá spuaic di ag síneadh isteach.
TUILLEADH (2) ▼
Tá barr isteach ar an tairnge, agus lotfa sé mo chois
Bíonn cruach choirce a' feithiú isteach as a barr.
b.
·
Tá ceann an tighe lioctha isteach de bharr na h-oidhche = tá pluic isteach ar cheann an tighe de bharr stoirme na h-oidhche.
4.
+–
Is fada isteach a thug do chosa thú! = níor cheart dhuit a dhul isteach sa teach, san áit, sa ngiodán bog etc sin (déarfaidhe le duine é a rachadh in áit nó idteach narbh é a leas a dhul ann; nó le capall nó beithidheach a rachadh in áit a rachaidís dhá mbáthadh, nó in ascar nó narbh fhéidir iad a shroicheachtáil)
Is maith fada isteach a chuir tú do lámh ann, ach an oiread le rud = duine a chuirfeadh a lámh in áit nach bhféadfadh sé í a tharraingt as, agus bheadh duine eile ag tabhairt milleáin dó gur chuir sé chomh fada sin isteach í.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith fada isteach ar do mhéir atá sé (fáinne)
Is maith fada isteach a choinnigh sé ar leath-taobh an bhóthair.
5.
teacht isteach (rith isteach) a' téaltú isteach, ag éalú isteach, a' sceinneadh isteach = an t-am dhá chaitheamh; an aimsir ag imtheacht.
+–
Is gearr a bheidheas sí 'teacht isteach (ag éalú isteach, ag rith isteach, a' sceinneadh isteach, a' téaltú isteach, a' bordáil isteach agus rl.) = is goirid go mbí sí (an Nodlaic, an Cháisc nó am ar bith eile) ar faghail.
Níl achar a' bith go dtaga an bhliadhain nuadh isteach anois
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr an samhradh a' teacht isteach = is gearr a' teacht é.
Beidh an Nodlaic istigh in a' mullach gan aireachtáil = ní fada go mbí an Nodlaic againn (ar faghail, ar an talamh) anois.
Ó chraptar an Foghmhar, ní bhíonn [moill] a' bith ar an ngeimhreadh a' teacht isteach.
Fhobair go dtiocfadh sí isteach (an Nodlaic) ingan fhios = déarfaidhe nuair nach mbeithí ag cuimhniú cé'n fhad a bhí an Nodlaic, agus annsin go meabhróchthaidhe é.
Is roighin uaidh (ó'n) seagal a theacht isteach = is roighin a aipighea(nn)s sé.
Ní aireochamuid an lá breagh a' teacht isteach anois
+–
Is gearr a bheidheas an lá cáirde a 'téaltú isteach = ní fada go dtaga an lá a raibh sé socruighthe, cíos nó eile a íoc, nó rud eicín a dhéanamh nó seilbh a thabhairt suas etc.
Ó chaithtear an Fhéil San Seáin, is beag an mhoill ar an bhfoghmhar téaltú isteach.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gearr a Thighearna (a chighearna adeirtear annseo) a bhí sí ag éalú isteach (an Nodlaic) agus go bhfuil sí ar ghort abhaile anois = tá an Nodlaic ionann's ar fághail anois, agus is gearr a bhí sí a' teacht.
6.
le cois, de bhiseach, de bhronntanas, in aisce.
+–
Thug sí an méid sin isteach dom, nuair a cheannuigh mé cuid na Nodlag = thug sí an méid sin le cois dom, nuair a cheannuigh mé earraidhthe na Nodlag.
Is beag a fhagha(nn)s duine isteach anois le cuid nuaidheacht' na saoire = is beag a thugas na siopadóirí de bhronntanas nó in aisce, nuair a cheannuigheas daoine earraidhthe nó tralaí na Nodlag.
TUILLEADH (19) ▼
Ní leigfe sí mórán isteach le duine = is beag a thuga(nn)s sí le cois; is beag a thuga(nn)s sí in aisce.
Thug sé an leath-phunt dhom, isteach le mo chion = thug sé an leath-phunt dom le cois an méid a bhí a' teacht dom ó cheart.
Ní thiubharfadh sí ionga ná ordlach isteach duit = ní thiubharfadh sí oiread na frighde fhéin le cois duit.
Chaillfí leis an gcantal í dá dtugadh sí an méid sin isteach dhom.
Tá sí chomh gortach sin, agus nach dtiubharfadh sí uisce na bhfataí isteach dhuit.
Cheannuigh mé féin dhá phunt tae in aice a bhfuair mé isteach uaithi = cheannuigh mé dhá phunt tae eile idteannta ar thug sí in aisce, nó de bhronntanas dom.
Is mairg a bheadh a' súil le tada isteach ó na siopadóirí céadna.
Aindeoin go raibh mé a' déileáil ann, ó thús bliadhna, dheamhan a shúil (a dhath, oiread na frighde, an oiread a's d'iomchurochthá ar do bhois etc) a fuair mé isteach = bhí mé a' ceannacht mo chuid earraidhthe ann ó thosach na bliadhna, ach níor tugadh tada de bhronntanas dom.
Bhínn isteach 's amach ann, ar feadh na bliadhna, ach bhí fhios agam go maith, nach bhfaighinn tada isteach
Máire: Fuair tú an méid sin isteach; Cáit: Fuair (fuir adeirtear go minic) muise! Is daor, dochar[ach] féin, ab'éigin dom íoc air.
Marach an t-einneach (oineach) a bheith sa láimh aice, ba bheag an baoghal di an méid sin a thabhairt isteach duit = marach í a bheith gnaoidheamhail, rabairneach, flaitheamhail ní thiubharfadh sí an méid sin in aisce duit (deirtear é le siopadóir flaitheamhail, ach is minic adeirtear é le frith-mhagadh agus fonóid freisin, nuair narbh fhiú cainnt ar an méid a gheobhfadh duine in aisce)
Is diabhaltaidhe an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croidhe mór fairsing.
Níl fhios agam, céard a bhain di, agus í tabhairt an oiread sin, isteach imbliadhna fharru's bliadhain ar bith eile. Ag iarraidh gnaoi na ndaoine a tharraingt uirre féin atá sí.
Is cuma dhá dtugadh sí a bhfuil faoi chaolach an tsiopa aici isteach anois, ní thaobhóchthá aon chuisliméara í (ní fhanócha aon-chuisliméara aice)
Má iarrann tú aon-cheo isteach uirre faoi'n Nodlaic, bíonn an béal bocht uirre i gcomhnuidhe.
Ag iarraidh rud' isteach air siúd! Is cruaidhchte (cruaidhe) é ná na clocha glasa.
D'ól muid trí phionta an fear (an duine) agus fuair muid deoch isteach uaidh fhéin (ó'n óstóir) annsin.
Tá cion punt' tobac faighte isteach agam uaidh le mí. Ní bhacann sé le na ghearradh má bhíonn sé de bhrabach ar an meadhchan = nuair a theighim ag iarraidh tobac air le mí anuas, chuile uair dá mbíonn ionga ná ordlach ar an tomhas a iarraim, ní ghearrann sé de'n phíosa a mheadhann sé é, agus dhá bh(r)ithin sin, tá chomh maith le punt tobac faighte agam uaidh le cois, nó in aisce.
Má's a' tnuthán le rud a fhaghail isteach atá tú, tá faitchíos orm go mbeidh tú dhá uireasbha (go ndéanfa tú dhá uireasbha, go gcaithfe tú thoidheacht dhá uireasbha)
7.
+–
Isteach leat abhaile! = teirigh isteach abhaile.
'Steachaighidh libh = teigidh isteach.
TUILLEADH (2) ▼
'Steachaighidh (séimhiú amannta ar an g agus amannta nach mbíonn. Go h-iondamhail bíonn séimhiú i gCois-Fhairrge agus a mhalrait sin in Iarthair Chonamara) líb (líb — Cois Fhairrge — lib = Iarthair Chonamara, ach nach leantar an nós ro-dhlúth. Ní bhíonn an b séimhighthe in aon-áit) agus ná deallruighidh sibh fhéin annsin imbéal na doininne (imbéal na báistighe, na gaoithe etc.) = tagaidh isteach sa teach (sa scioból, sa teálta) agus ná cailligidh sibh fhéin leis an bhfuacht annsin ar cheart-aghaidh na gaoithe.
Isteach leat faoi, agus ná bíodh faitchíos ar bith ort roimhe.
8.
i bpáirt, i gcomhar, a ladar aige ann.
a.
+–
Níl láimh isteach ar bith agam leis = níl mo ladar 'sna gnaithí sin chor ar bith; níl baint ar bith agam leo; níl mé i gcomhar nó i bpáirt chor ar bith leis an duine sin.
Ná bíodh láimh isteach ar bith agad le na Seáiníní, nó cuirfe siad imbealach do bhasctha thú.
TUILLEADH (18) ▼
Aon-duine dhá raibh aon-láimh-isteach aige leo(b) ariamh, ní raibh sé buidheach dhá mhargadh.
Níl baint ná páirt ná láimh isteach agam le muinntir an bhaile thiar.
Má ghlacann tú comhairle ó dhuine doscudhach, ní bheidh baint ná páirt ná láimh-isteach ar bith agad leo(b) = má ghlacann tú comhairle do leasa (comhairle ó dhuine a bhfuil cleachta aige orra(b), nó a bhí a' scríobadh leo cheana, nó a' bhfuil eolus aige ar a' saoghal) ní thaobhócha tú iad; ní bheidh do phlé chor ar bith leo; seachnócha tú iad.
Má tá an láimh isteach agad leis sin, beidh láimh-isteach agad le cneámhaire maith.
Ní fhéadfadh sé an méid sin a leigean thairis, gan láimh isteach a bheith aige ann.
Ní bheadh an oiread sin fhéin ag imtheacht ingan-fhios dó, nach gcaithfeadh sé láimh-isteach a bheith aige ann = ní bheadh rud ar bith sa saoghal nach gcaithfeadh sé a ladar a bheith aige ann.
Níl láimh isteach a' bith agam leis, agus is maith an scéal dom fhéin nach bhfuil = níl mé i bpáirt chor ar bith leis, agus is amhla is fhearr dhom é.
Tá láimh isteach eicínt aige sa "dole" = tá baint eicínt aige leis.
Má tá aon-láimh isteach aige sin leis, ní fhéadfadh sé imtheacht díreach = má tá aon-bhaint ag an duine sin leis an ngnotha, nó má [tá] aon-chomhairle aige air, ní bheidh an gnotha cneasta.
B'fhurasta aithinte go n-imtheochadh sé cam, agus an té a raibh láimh isteach aige leis.
Ní mórán dó a shroichfeas (shréitheas adeirtear i gCois-Fhairrge — shrochas — siar faoi Chonamara) mise, agus an té a bhfuil láimh isteach aige ann = is beag a gheobhfas mise de, agus an duine a bhfuil comhairle aige air.
Is beag an láimh isteach atá agamsa leis chor ar bith = is beag an chomhairle atá agamsa air.
Aon-duine a mbeidh sé isteach leis, is fear bánuighthe é = má bhíonn sé i gcomhar, i bpáirt, nó mór leat, scriosfa sé thú, arae beidh an ceann-reamhar de'n bhalachtáil aige fhéin.
Ba samhaoinighe dhom gan é a bheith istigh chor ar bith liom = ba h-éadálaighe dhom, gan é, a bheith ibpáirt chor ar bith liom, nó mór liom.
Is mairg a bheadh isteach leis beag ná mór.
Is olc an t-ughdar é siúd, le bheith isteach le duine = tá'n chneamhaireacht nó faltanas a' siubhal leis agus b'fhearr do dhuine gan a bheith mór leis, ná i bpáirt leis.
Má tá aon-láimh-isteach agad sa 'dole', roínn go cneasta é = má tá aon-chomhairle agad air.
Marach go bhfuil láimh isteach eicínt aca(b) le Sasana, ní bheidís chomh h-anshóighteach fúithi agus 'tá siad = marach go bhfuil siad i gcomhar le Sasana, ní chuirfeadh sí an — oiread imnidhe orra(b).
b.
+–
Tá sé chomh mór isteach ar Ghaillimh leis an mbaile anois = tá sé chomh cleachtach ar Ghaillimh agus atá sé ar an mbaile anois.
Is fada go mbí tú chomh mór isteach air liomsa (ar áit)
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfadh sé gan a bheith isteach air, faoi seo, agus an fhad's 'tá sé ann.
Isteach in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
TUILLEADH (5) ▼
Le neart an fhaitiais a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaidh sé isteach béal an dorais
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
Cuirfidh mé isteach san gcró é, agus dúinfidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná aimhreas
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
→
feadhnóg
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
+
→
fearúint
Bhí sé ag fearúint ar a thiacht isteach dom. B'ait liom an chith a leigint tharm. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
→
feáin
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
+
→
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (3) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé in a lom gaoithe adtuaidh anois = a theacht isteach ar tír ag tornáil
Cuirfidh mé geall leat go dtiúrfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé is chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
+
→
fios
Is fuide leis ná fios a shaoil go n-imighe an ceann eile as an teach go dteighe sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam, agus gur dhúirt sé gur thusa a [chur] chugam é
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad-bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'aimhreas a dtiocfadh sé isteach
+
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh san gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharabógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindigh liomsa ní raibh ann ach sbogán nar cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an seairsint é. Ní dhéanann an seáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phuinnte
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon-chaidéis orra sin. Leigfidh siad isteach annsiúd cho follasach as comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a leigfidís lá den tseachtain
→
fothair
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
→
freagair
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha, agus choinnigh sé greim uirri sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? Sí atá freochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhighis uirre a thiacht isteach annseo. Dheamhan é muis
+
→
froigisí
Is iontach an lear frugaisí atá san seomra siúd aice. Is seomra urnáilte é. Ní leigfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
TUILLEADH (2) ▼
Ach cén sórt fruigisí atá sé [seo] thíos a chur ar an teach? … Rud l'aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! San saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideógaí agus cam! Tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoilíochaí ag eirí inDomhnach!
Ní thaithníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is fruigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae, gan biodáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
Marach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudarnéis seo san teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
+
→
fág
Fág seo isteach go n-ólamuid cupla pionnta ó a chas Dia a luach chugainn
TUILLEADH (3) ▼
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Fág fataí tugha isteach annsin l'aghaidh cuid na mbeithioch shul a gcorraí tú
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
+
→
fáinne
Chuaigh sé isteach ag ceannacht an fháinne pósta
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
+
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
→
fána
Chaith sé amach é féin le fánaidh na céibhe agus shnámh sé isteach ar an tráigh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí muid ag dórtadh le fánaidh. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seól ach má chuir fhéin bhí sé in a fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht in a chreatalach
Caith ar an luighe theig í, nó go gcuireamuid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomh uain's bhéas sí ag doirtim le fánaidh mar seo (an bád)
Bhí an-bháirí scadán annseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fánaidh. Isteach faoi na sean-chladaigh se'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad annseo aríst gan mórán achair.
+
→
fánach
Tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna = ní chúiteóidh forú an trathnóna faillí an chuid eile den lá
TUILLEADH (1) ▼
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna