Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
isteach
1.
a.
+
Tá sé ag teacht isteach (sa teach)
Ní thiocfaidh mé isteach sa teach s'agaibhse níos mó
TUILLEADH (6) ▼
Tháinig sé isteach ar uair na hachainí — casadh isteach ar uair na hachainí é; tháinig sé isteach go tráthúil nuair a bhíothas ag caint faoi, nó nuair a bhíothas ag tnúthán lena theacht
Ní bhfaighinn ó mo chlaonta a dhul isteach ann, mar tá cat crochta romham ann — ní bhfaighinn ionam féin a dhul isteach mar tá an chloch sa muinchille ag muintir an tí dhom (tá rud eicín ann i m'aghaidh; cat crochta — fc. crochta)
'Sé a bhí cunórach a dhul isteach ansin (fc. cunórach)
Bíonn a chosa ag sciorradh uaidh ag dul isteach ann — áit a mbeadh an-fhonn ar dhuine a dhul ann
Níl aon chall a iarraidh air bealadh a chur faoina ioscadaí ag dhul isteach ann (fc. ioscaid)
Bhí sé ar adhastar aici (ar strapa aice) ag dul isteach — bhí sé ina diaidh aniar agus é umhal di
+
Tháinig sí isteach idir chlár is chuinneog — tháinig sí isteach an doras
Seo isteach é idir chlár is chuinneog
TUILLEADH (1) ▼
Chugainn isteach é idir chlár is chuinneog (fc. clár)
+
Tháinig sé isteach orm agus mé ag ithe ceaile agus ní raibh an oiread náire ariamh orm — níor thaitnigh leis go bhfeicfí ag ithe ceaile é agus tháinig fear eicín a raibh cás aige ann isteach faoin teach agus é in éadan an cheaile (ceaile = fataí bruite brúite agus oinniúin, im, leamhnacht srl. thríothu)
Má thagann sé siúd isteach oraibh agus sibh ar an gceird sin, ní chónóidh sé go gcuire sé a gcáil faoin tír — má thagann sé isteach sa teach agus sibh ag plé leis an obair sin, cuirfidh sé cáil na hoibre sin amach oraibh i chuile áit
TUILLEADH (2) ▼
Nár bheag an dochar daoibh náire a bheith oraibh dá dteagadh aon duine isteach oraibh agus sibh ag sclamhairt mar sin
Ar tháinig sí isteach ort? — ceist le a fháil amach an dtáinig bean áirid isteach chomhuain is a bhí an bhean eile ag déanamh rud eicínt nár mhaith léithe a ligean amach le na daoine
+
Is beag a théanns isteach aige anois (siopadóir) — is rí-chorrchuisliméara a thaobhaíonns é; is beag tráchta atá sé a fháil
Ní rachaidh mé isteach aríst chuige le mo bheo ná mo mharbh, le cúnamh Dé — isteach go dtí siopadóir le earraithe a cheannacht uaidh
TUILLEADH (2) ▼
Tá na daoine uilig ag fanacht amach uaidh anois. Duine sa gcéad a théanns isteach aige — siopadóir
Is beag a bhéarfadh orm a dhul isteach go dtí leic an teallaigh aige agus é a fhiafraí dhe — tá an-fhonn orm srl.
+
Bhí sé isteach faoin doras againn shul dá raibh am againn tada a chrapadh — bhí sé istigh sa doras sula raibh ionú againn na rudaí nár mhaith linn a 'speáint dó a chur i leataobh nó de leithrigh
'Sé an cunórtas a thug isteach ann é
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an cúram a thug isteach ann é (fc. cúram)
·
Má chuaigh sé siúd isteach, níl stró ar bith orainne — duine a chaith a shaol le drabhlás agus le drochshaothar agus nach raibh aon cheapadh go bhfaigheadh sé na flaithis
Is fada isteach i bhflaithis Dé cheana é — duine a bhí ar a mhine ghéire ag déanamh lóin na bhflaitheas. Duine a bhí ag tabhairt a shaoil le urnaí agus guí (déarfaí le greann go minic é)
b.
+
Téirigh isteach abhaile — isteach in do theach fhéin
Is fada aréir, a thiarna, go dtáinig sé isteach abhaile
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith a bheith ag iarraidh maitheasa ar fhear nach dtiocfaidh isteach abhaile go mbí an oíche caite thar droim — ní gar a bheith ag tnúthán go ndéanfaidh duine nach dtiocfaidh abhaile go dtí deireadh (deireamh adeirtear anseo i ngeall ar ghuth a bheith i dtús an chéad fhocail eile: fc. talamh íochtair) oíche
·
Ná taobhaigh isteach an teach sin nó bfhéidir gurb í an aicíd a thabharfá in do chrioslaigh leat — ná téirigh isteach ann nó b'fhéidir go dtógfá an drochthinneas atá ann (aicíd = droch-thinneas fearacht fiabhrais nó an galra breac srl.)
Dheamhan a chos ná a chnámh a thaobhaigh isteach muid le bliain mhóir fhada — ní raibh sé istigh againn (istigh sa teach againn) le tuilleadh agus bliain
c.
cliamhain isteach srl.: fear a phósfadh isteach i dteach an chailín; fear a thiocfadh ina chónaí sa teach a gcónaíonn an cailín nó an bhean ann a phós sé.
+
Cliamhain isteach é sa teach sin
Cliamhain isteach a bheas sé siúd a iarraidh dhá inín agus ní fleár (foláir) dhó airgead a bheith aige
TUILLEADH (11) ▼
Níor mhaith liom a bheith in mo chliamhain isteach aige — níor mhaith iníon a phósadh agus cónaí in aon teach leis (duine a mbeadh cáil an oilc amuigh air)
Fuair sé a dhíol de chliamhain isteach — bhí an fear a phós a iníon sách saibhir, sách measúil aige, le dhul a cónaí in aon theach leis
Beidh a sháith don tsaol ag an gcliamhain isteach mar tá an t-athair luath láidir drochmhúinte fós — an fear a phósfas isteach sa teach ann, is fear i dteannta é mar tá an t-athair láidir agus olc fós agus beidh sé in éadan an chliamhain go síoraí
Bior in aon tsúil í, agus cliamhain isteach a thiocfas ann — níl aon duine clainne sa teach ach í agus nuair a phósfas sí, tiocfaidh a fear ina chónaí fréithi i dteach a muintire féin
Chaith an cliamhain isteach an droch-cheann lena hathair agus a máthair — chuir an fear a phós isteach sa teach acu an drochbhail ar athair agus máthair a mhná (níor thug sé ceart ná cóir dóibh; leag sé isteach acu)
Murach chomh soineanta agus a bhí an cliamhain isteach, is fadó an lá a dhéanfadh sé corr don bhodach is athair di
Níl saol fhata i mbéal muice ag an gcliamhain isteach idir an iníon agus a mháthair
Bhainfeá ceart don inín, ach is olc an t-eallach a máthair do chliamhain isteach
Más cliamhain isteach anois é, is gearr gur cliamhain amach é — is gearr go gcaithfidh athair agus máthair a mhná a gcliamhain amach; is gearr go dtuga siad bóthar agus bata dhó
Is breá áirgiúil éadálach an teach é ag cliamhain isteach
Tá geadán deas talúna ann ag cliamhain isteach
d.
an fear isteach: fear a fheiceas tú ag dul isteach i dteach, i scioból, in áras, nó i dteálta ar bith, i bpáirc, i ngluaisteán srl., agus ní ag caint faoi (a chodarsna sin: an fear amach).
+
Céard adúirt an fear isteach leat
Ní éadáil mhór ar bith é an fear isteach
TUILLEADH (15) ▼
Ba bheag an lua agat aon aighneas a chur ar an bhfear isteach, agus cuirfidh tú aighneas maith ormsa mar airíonn tú gan aon teannadh ar mo chúl san áit seo mé
Céard a chas an fear isteach anseo
Feicfidh tú féin air nach suaimhneach a bheas an áit seo agus an fear isteach a chasachtáil ann
Ní aithním an fear isteach beag ná mór
Cáide ó tháinig an bhean isteach ar an talamh — cáide ó tháinig sí anseo?
Murach go n-airíonn an fear isteach tiomsacht eicínt ann (istigh sa teach), ní taobhódh sé é (tiomsacht = solamar, beadaíocht, soláthar nó brabach eicínt fearacht óil ná eile)
Ní mórán fáilte a bheas ag Seán roimh an mbean isteach
Tá ceart ag an bhfear isteach a bheith sách tuirseach má b'éigean dó an bealach ar fad a shiúl
Níl gnaoi ar bith sa teach sin ar an bhfear isteach; ag brú ar an doicheall atá an fear isteach
Tá an fear isteach sách bréan dó fhéin anois
Níl aon ghnaithe tada a iarraidh ar an leadaí sin isteach
Seachain thú fhéin ar an mbodach sin isteach (ar an mbodach sin istigh — dhá mbeadh sé istigh)
Ab é an luisneachán sin isteach a bhí ag tarraing achrainn?
Anois céard adeir tú leis an mbréagadóir sin isteach — nach deas uaidh agús a chur i gcaint?
Ná géill don nathaíodóir sin isteach.
+
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa — daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí tharas an baile a raibh an damhsa ann
Murach a raibh thar baile isteach ann, b'fhurasta iad a chomhaireamh
TUILLEADH (2) ▼
Ní ceart daoine thar baile isteach a ligean ag súdaireacht thart anseo
Ní ligfeadh an faitíos d'aon duine thar baile isteach a shrón a shéideadh ariamh ann — bheadh faitíos ar strainséaraí an áit a thaobhachtáil
+
Fear thar baile isteach é — ní as an mbaile seo é
Duine thar tír isteach é — ní as an gceantar nó as an limistéar seo é
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé tíorthúil (tíriúil) chor ar bith. Caithfidh sé gur thar tír isteach é — níl sé Gaelach agus caithfidh sé gur as ceantar eile é
+
Níl cead isteach ná amach ag an gcailín atá acub — níl cead a coise aice; táthar déan (dian) uirthi; caitheann sí fanacht istigh
Níl mórán fonn isteach orm — níl aon fhonn orm a dhul isteach (i dteach srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh fonn isteach orm, ghabhfainn (ghó-inn) isteach gan iarraidh ar bith (ní bheadh aon chall iarratais orm)
Cén chruóg isteach atá ort? — cén chall atá dhuit a dhul isteach sa teach nó san áit sin
Cén chall isteach atá dhuit?
e.
+
Tá sé isteach is amach arís — duine a bhí buailte suas agus tá sé anois ag corraí amach arís
Níl isteach ná amach ionam, hé brí (pé ar bith) céard atá orm — níl mé in ann a dhul isteach ná amach; tá mé buailte suas
TUILLEADH (2) ▼
Níl isteach ná amach ionam ag na scoilteachaí — tá mé buailte suas ag na scoilteachaí
Is gearr a bheas mé in ann a dhul isteach ná amach má mhaireann dom — is gearr a bheas mé in ann corraí amach as an teach má chothaíonn an galra, an tinneas seo srl. mé
f.
+
Bíonn sé isteach is amach againn go minic — bíonn sé ar a chuairt againn go minic; is minic a bhíonn sé ag cuartaíocht againn
Is beag isteach ná amach a rinne sé anseo le fada — corruair a thagann sé ag cuartaíocht chugainn
TUILLEADH (5) ▼
Níl muid ag iarraidh a chuid isteach ná amach — b'fhearr linn uainn é
Rinne muid gnaithe maith nuair nach mbíodh sé isteach ná amach chor ar bith againn
Ní mórán isteach ná amach a rinne mise tigh na gCeallach le blianta (le na cianta) — is annamh a thaobhaím tigh Mhuintire Cheallaigh
Máire: Cén chaoi a bhfuil tú; Cáit: Bím isteach is amach; agus ag crochadóireacht liom
Tá siad i gcónaí isteach is amach ina n-amhais ag líonadh a mboilg — bíonn siad istigh ag ithe i gcónaí
g.
·
Bhí an lá geal isteach orainn — bhí sé ina lá. Thugadar sin faoi deara agus iad istigh
2.
a.
+
Chuir sé isteach sa mbeo ionam é — sa bpáirt den fheoil a ngortódh sé mé
Chuaigh an tairne isteach go cnáimh ionam (isteach go feirc, go smior, go leathar srl.)
TUILLEADH (2) ▼
Ní ligfeadh sé isteach ina chloigeann beag ná mór é — ní thoillfeadh sé ina cheann chor ar bith
Chuaigh sé isteach go dtí na corrógaí ann — síos i bpuitigh, nó i linn
b.
+
Is beag fheamainn a tháinig isteach chor ar bith i mbliana
Nach fada isteach an bád — gar don chladach
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sí gar isteach do chladach
Tá sí tornáil isteach — bád
Bhí an loing ag doirtim (druidim?) isteach ariamh ariamh gur bhuail sí cloch (clo adeirtear i gcónaí sa leagan seo, agus ina mhacasamhail a mbíonn an chuid sin den chladach i gceist) — bhí sí ag teannadh isteach gur tháinig sí ar an gcuid sin den chladach atá faoi chlocha, agus b'éigean di fanacht ansin, mar ní raibh a dhul as aici de bharr tanaíochain
Tá an bád isteach go maith faoi chladach
Tá an bhó isteach go maith sa ngarraí — tamall ón áit
Tá Port Omna fada go maith isteach sa tír
·
Bíonn sé isteach is amach Gaillimh i gcónaí — síoraí ag dul go Gaillimh
D'imigh sé isteach Gaillimh ar maidin go moch
c.
·
Nuair a bhí muid ag tarraingt isteach ar Ghaillimh tháinig sé ina bháistigh — thosaigh sé ag báisteach agus muid in aice na Gaillimhe
Ag tarraingt isteach dúinn ar Árainn, shéid sé ina ghála
d.
+
Chuir sé an doras isteach dhe — chuaigh sé isteach an doras
Chuir sé Gaillimh isteach dhe moch go leor ar maidin — chuaigh sé go Gaillimh
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé Seán isteach dhe — bhrúigh sé Seán isteach nó thairis
e.
+
Bhí sé ag brú isteach ar mo chuidse (móin, feamainn nó eile) — ag teacht gan aireachtáil agus dhá hardú leis; ag déanamh a chuid féin dhe gan aon chead uaimse, cé go ndéanfadh sé é os comhair mo dhá shúl (ní goid é)
Mura bhfuil sibh in ann a gceart a choinneáil sa gcladach, brúfaidh sí siúd isteach oraibh
TUILLEADH (8) ▼
Ná tugaidh cead dóibh brú isteach oraibh
Mise i mbannaí, nach mbrúfaidh sé isteach ar chuid duine ar bith eile ach ar a gcuid s'agaibhse, mar airíonn sé go dona sibh — níl sibh in ann a gceart a choinneáil agus é a ruaigeadh, agus dhá bh(r)íthin sin, tá sé ag glacadh binne ar bhur gcuid feamainne nó eile
Nach bocht nach mbrúfadh sé isteach oraibh agus sibh ag tabhairt a chead dó
Sin í an cheird a bhí air sin chuile lá ariamh, ní dhá roinnt leis é, ag brú isteach ar chuid na comharsan (fc. ceird agus roinnt)
Bhí suaimhneas againn an fhad is a d'fhan sí uainn, ach tá sí brú isteach arís — ní bhíodh achrann ná troid ann an fhad is nár thaobhaigh sí muid, ach tá sí ag brú orainn arís agus ag stocaireacht (ag teacht isteach sa teach agus ag déanamh mórtais linn, agus ag iarraidh agus ag glacadh a bhfaighidh sí)
Tá sí sin chomh spleách, agus má ligeann tú di brú isteach chor ar bith, gur gearr go mbí an teach fúithi féin aici — tá sí suáilceach laethúil mar dhóigh dhe, agus má fhaigheann sí cead a cinn a theacht isteach, is gearr gur léithe fhéin an teach
Gheofá ceird ní ba shomhaoiní ná a bheith ag iarraidh brú isteach orthub siúd — gheofá obair a mbeadh luach saothair ní b'fhearr dhá barr ná a dhul i gcleithiúnas le brabach a fháil ar na daoine údan; tá na daoine údan crua coinneálach agus is beag an bhrabach atá orthub
Ní mór dhuit an tseamair Mhuire más leat a dhul ag brú isteach orthub siúd — caithfidh tú bua ar leith a bheith agat le brabach ar bith a fháil orthu
·
Tá sé ag briseadh isteach ar mo chuidse — tá sé ag leagan na gclaíocha agus na bhfál agus ag cur a chuid beithíoch ar mo chuidse talún
f.
+
Beir isteach air a fhleascaigh (a chladhaire, a chailleach) — seo é an rud adéarfadh duine a bheadh ag saighdeadh duine eile le dhul ag coraíocht. (breith isteach = do dhá láimh a chur siar thíos faoi phoill ascallaí do chéile coraíochta agus snaidhm a chur ar a dhroim. Ach ciallaíonn sé go minic breith íochtarach ar dhuine, cuirim i gcás faoina lár)
Rug sé isteach; thug sé cor coise dhó, agus shín sé é (fc. cor agus sín)
TUILLEADH (12) ▼
Má bheirim isteach ort, tabharfaidh mé taobh na bpoll dhuit — cuirfidh mé ar shlatrachaí do dhroma thú ar an talamh, sínfidh mé thú srl.
Má bheireann sé siúd isteach ort, is air nach mbeidh an mhoill (is beag an mhoill air, is beag an tolgán dó (nó air), is gearr air, is furasta dhó, is éasca leis, ní mórán stró air srl.) talamh a thabhairt dhuit
Má ligeann tú dhó breith isteach ort, tabharfaidh sé talamh dhuit de do bhuíochas
Ná beireadh sé isteach ort nó leagfaidh sé thú — ná tabhair deis dhó breith isteach ort, nó má bheireann, leagfaidh sé thú
Is maith a bheas tú ar do mhaidí, deirimse leat, má bheireann sé siúd isteach ort nó tabharfaidh sé talamh dhuit — is ait a chruthós tú má bheireann sé isteach ort nó leagfaidh sé thú
Níl aon chinniúint air ag coraíocht má fhéadann sé breith isteach ort — níl aon ríochan leis srl.
Bí ar t'airdeall féin agus ná lig dó breith isteach ort
Fainic a mbéarfadh sé isteach ort nó cinnfidh ort é a chur dhíot
Ní hé an ribín réidh é siúd le breith isteach air — is deacair ceart a bhaint dhe; tá sé doiligh é a leagan le breith isteach air
Tá sé chomh suite agus nár mhór dhuit breith isteach go maith (go daingean) air lena chur in aer — tá sé chomh tacúil, chomh cuimseartha agus chomh teann ina sheasamh, nár mhór dhuit a dhul isteach faoi go maith lena leagan
Má bheireann sé isteach ort, leagfaidh sé ort go binn — má bheireann sé isteach ort, tabharfaidh sé faoi na fabhraí go maith dhuit é (tabharfaidh sé fút)
Is crua an greim atá aige le breith isteach ort
·
Níl aon charraí go héag (go hiomaí) ach é má fhaigheann sé greim isteach (nó má fhaigheann sé deis breithe isteach) ar dhuine
Tabhair na hailt (dornaí) amach dó, mar má fhaigheann sé greim isteach ort, sínfidh sé thú
·
Tháinig sé isteach fúm agus thug sé taobh cúl mo chinn dhom ar an talamh — tháinig sé in íochtar faoi mo lár agus chuir sé siar mé gur leag sé mé ar mo dhroim
g.
·
Teann isteach leis (bia nó bord bídh)
h.
téarmaí i gcártaí
+
Cuir isteach faoi (adéarfaí le duine, a mbeadh an imirt ag dul thairis ag moladh dó mámh a chaitheamh síos faoin duine a mbeadh an imirt ag dul chomh fada leis. cuir isteach leis = an rud céanna)
Má chuireann tú isteach liomsa, ní rachaidh leat — buailfidh mé an cárta a chaithfeas tú fúm
TUILLEADH (16) ▼
Seán: Cuirfidh mé isteach leat (fút); Pádraic: Cuir feiceamuist! Do dhúshlán
Múinfidh mise dhuit nach gcuirfidh tú isteach fúm aríst
Níl aon chárta go maidin dá gcuirinn isteach faoi nach mbeadh a mháistir aige (nach mbeadh cárta a bharrtha aige)
Is barrúil an t-imreoir thú ag cur isteach faoi (le) do pháirtí (barrúil = greannmhar)
D'airigh tú feidheartha mise nó ní chuirfeá isteach ann — thuig tú nach raibh aon bhrí mámhaisí agam
Ó thug mé an eang liom an uair sin, is fada aríst go gcuirfidh mé isteach fút — ó tháinig mé slán; ó rug mé cúig; ó d'éirigh le mo chárta téaltú leis gan bualadh uait
Dhá mbeadh a fhios agam go raibh a bhualadh agat chomh tráthúil, ní chuirfinn isteach leat
Má chuireann tú isteach fúmsa beidh tú in aiféala
Chuile mhíle cárta dhá gcuirtear isteach faoi, tugann sé snaidhm dóibh — gach cárta dhá gcuirtear isteach leis, buaileann sé é
Shíl mé gur caite i dtraipisí a bhí sé agam nuair a chuir mé isteach leat é, ach d'éirigh cúig leis ina dhiaidh sin — shíl mé nach raibh mé ach dhá chaitheamh uaim, ach rug sé cúig ina dhiaidh sin
Dhá mbeadh a mhalrait agam, ní taobh leis an dó a chur isteach a dhéanfainn — chuirfinn cárta níos fhearr ná an dó isteach, ach ní raibh sé agam
Ab é sméar mhullaigh do ghlaice a chuirfeas tú isteach — ab é an cárta is fhearr in do láimh a chaithfeas tú fúm
Ná bí ag braiteoireacht. Cuir isteach faoi — ná bí idir dhá chomhairle an gcuirfidh tú faoi nó nach gcuirfidh
Dhá gcuirteá do chuileata isteach fúmsa, dhéanfainnse lá soir uirthi — bhuailfinn í dá dtagadh sí isteach fúm
Ní fhaca tú aon lá den ádh ariamh ach gan cur isteach
Níor mhór dhuit! Dá gcuirtheá isteach, thabhairfinnse faoi na fabhraí dhuit é — bhuailfinn an cárta a chuirfeá fúm mar bhí togha an mháimh agam
+
Tuige nár sháigh tú an mámh sin a bhí agat isteach faoi? (páirtí ag ceisniú a chomhpháirtí thar éis na himeartha)
Nach aigeanta uait an dó beag, a shá isteach fúm
TUILLEADH (2) ▼
Múinfidh sin thú gan a bheith chomh sáiteach isteach aríst — déarfadh imreoir é seo nuair a bhuailfeadh sé mámh a chuirfeadh imreoir roimhe faoi
Sin é an deasú air! Ní sháfaidh (sacfaidh, cuirfidh) sé isteach é aríst — déarfadh ceachtar de na himreoirí é nuair a bhuailfeadh imreoir cárta a cuireadh faoi go háirid, dá mba drochimirt cur faoi
·
Beannóidh mé do do dhícheall nuair a thiocfas sé isteach fúm — labhróidh mé leis an gcárta is fhearr dhá bhfuil in do ghlaic; buailfidh mé an cárta is fhearr dá bhfuil agat
Bí buíoch nach bhfuil tada agamsa, nó dhá mbeadh, ní thiocfá isteach aríst ann — dá mbeadh a bhualadh agamsa, bhuailfinn an cárta a chuir tú fúm
+
Lig tú dó muileata isteach biorach agus a fhusacht duit a bualadh — bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach ina leaba sin scaoil sé thairis gnóite (biorach) é go dtí an té a raibh an imirt ag teacht chuige
Lig tú a pháirtí isteach biorach — scaoil sé cártaí páirtí amháin gnóite chomh fada leis an bpáirtí eile agus údar a bhuailte ina ghlaic
TUILLEADH (5) ▼
Cén sórt ciméar a bhí ort ag scaoileadh na banríona isteach gan í a chniogadh (ciméar = mearbhall)
Is dona a frítheadh mé agus go mb'éigean dom deich triuf a ligean isteach biorach — is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé in ann deich triuf a bhualadh ag dul tharam
Tá an buille feill sa gcúinne. Ní dheachaigh aon chárta isteach anocht ann nár buaileadh — imreoir tráthúil a mbíodh bualadh chuile chárta dhá gcuirtí faoi aige a bhí ag imirt sa gcúinne
Is fada isteach ormsa a thug tú aghaidh, ach má théann leis, castar leis é — níor cheart duit cur isteach fúmsa, ach buailfidh mé é
Is ag brú ar an doicheall do do rí é a theacht isteach anseo — buailfear é
3.
a.
+
Tá dronn isteach ar an mballa — tá slis isteach ar fiar air (dronn = corr; rud a bheith crotach; drúnn adeirtear faoi Chois Fharraige agus Conamara siar ach dronn ar an Achréidh)
Tá gob isteach ar an gcloich — tá spuaic di ag síneadh isteach
TUILLEADH (2) ▼
Tá barr isteach ar an tairne agus lotfaidh sé mo chois
Bíonn cruach choirce ag féithiú isteach as a barr
b.
·
Tá ceann an tí lioctha isteach de bharr na hoíche — tá pluic isteach ar cheann an tí de bharr stoirme na hoíche
4.
+
Is fada isteach a thug do chosa thú! — níor cheart dhuit a dhul isteach sa teach, san áit, sa ngeadán bog srl. sin. Déarfaí le duine é a rachadh in áit nó i dteach nárbh é a leas a dhul ann; nó le capall nó beithíoch a rachadh in áit a rachaidís dhá mbáthadh nó in ascar, nó nárbh fhéidir iad a shroicheachtáil
Is maith fada isteach a chuir tú do lámh ann ach an oiread le rud — duine a chuirfeadh a lámh in áit nach bhféadfadh sé í a tharraingt as agus bheadh duine eile ag tabhairt milleáin dó gur chuir sé chomh fada sin isteach í
TUILLEADH (2) ▼
Is maith fada isteach ar do mhéir atá sé (fáinne)
Is maith fada isteach a choinnigh sé ar leataobh an bhóthair
5.
teacht isteach (rith isteach), ag téaltú isteach, ag éalú isteach, ag scinneadh isteach: an t-am dhá chaitheamh; an aimsir ag imeacht
+
Is gearr a bheas sí ag teacht isteach (ag éalú isteach, ag rith isteach, ag scinneadh isteach, ag téaltú isteach, ag bordáil isteach srl.) — is gairid go mbí sí (an Nollaig, an Cháisc nó am ar bith eile) ar fáil
Níl achar ar bith go dtaga an bhliain nua isteach anois
TUILLEADH (6) ▼
Is gearr an samhradh ag teacht isteach — is gearr ag teacht é
Beidh an Nollaig istigh ina mullach gan aireachtáil — ní fada go mbí an Nollaig againn (ar fáil, ar an talamh) anois
Ó chraptar an fómhar, ní bhíonn moill ar bith ar an ngeimhreadh ag teacht isteach
Fhóbair go dtiocfadh sí isteach (an Nollaig) i ngan fhios — déarfaí nuair nach mbeifí ag cuimhniú cén fhad a bhí an Nollaig, agus ansin go meabhrófaí é
Is righin uaidh (ón) seagal a theacht isteach — is righin a aibíonns sé
Ní aireoidh muid an lá breá ag teacht isteach anois
+
Is gearr a bheas an lá cairde ag téaltú isteach — ní fada go dtaga an lá a raibh sé socraithe cíos nó eile a íoc, nó rud eicín a dhéanamh, nó seilbh a thabhairt suas srl.
Ó chaitear an Fhéil San Seáin, is beag an mhoill ar an bhfómhar téaltú isteach
TUILLEADH (1) ▼
Nach gearr a Thiarna (a chighearna adeirtear anseo) a bhí sí ag éalú isteach (an Nollaig) agus go bhfuil sí ar ghort an bhaile anois — tá an Nollaig ionann is ar fáil anois agus is gearr a bhí sí ag teacht
6.
le cois, de bhiseach, de bhronntanas, in aisce.
+
Thug sí an méid sin isteach dom nuair a cheannaigh mé cuid na Nollag — thug sí an méid sin le cois dom nuair a cheannaigh mé earraithe na Nollag
Is beag a fhaigheanns duine isteach anois le cuid nuaíochta na saoire — is beag a thugas na siopadóirí de bhronntanas nó in aisce nuair a cheannaíos daoine earraithe nó tralaí na Nollag
TUILLEADH (19) ▼
Ní ligfidh sí mórán isteach le duine — is beag a thuganns sí le cois; is beag a thuganns sí in aisce
Thug sé an leathphunt dhom isteach le mo chion — thug sé an leathphunt dom le cois an méid a bhí ag teacht dom ó cheart
Ní thabharfadh sí ionga ná orlach isteach duit — ní thabharfadh sí oiread na fríde fhéin le cois duit
Chaillfí leis an gcantal í dá dtugadh sí an méid sin isteach dhom
Tá sí chomh gortach sin agus nach dtabharfadh sí uisce na bhfataí isteach dhuit
Cheannaigh mé féin dhá phunt tae in aice a bhfuair mé isteach uaithi — cheannaigh mé dhá phunt tae eile i dteannta ar thug sí in aisce nó de bhronntanas dom
Is mairg a bheadh ag súil le tada isteach ó na siopadóirí céanna
Ainneoin go raibh mé ag déileáil ann ó thús bliana, dheamhan a shúil (a dhath, oiread na fríde, an oiread agus a d'iomprófá ar do bhois srl.) a fuair mé isteach — bhí mé ag ceannacht mo chuid earraithe ann ó thosach na bliana ach níor tugadh tada de bhronntanas dom
Bhínn isteach is amach ann ar feadh na bliana, ach bhí a fhios agam go maith nach bhfaighinn tada isteach
Máire: Fuair tú an méid sin isteach; Cáit: Fuair (fuir adeirtear go minic) muise! Is daor dochrach féin ab éigean dom íoc air}}
Murach an t-oineach a bheith sa láimh aici, ba bheag an baol di an méid sin a thabhairt isteach duit — murach í a bheith gnaíúil rabairneach flaithiúil, ní thabharfadh sí an méid sin in aisce duit. Deirtear é le siopadóir flaithiúil ach is minic adeirtear é le frithmhagadh agus fonóid freisin nuair nárbh fhiú caint ar an méid a gheobhadh duine in aisce
Is diabhaltaí an lastar a thug sí isteach duit, ach ba dual di an croí mór fairsing
Níl a fhios agam céard a bhain di agus í ag tabhairt an oiread sin isteach i mbliana tharas bliain ar bith eile. Ag iarraidh gnaoi na ndaoine a tharraingt uirthi féin atá sí
Is cuma dhá dtugadh sí a bhfuil faoi chaolach an tsiopa aici isteach anois, ní thaobhófá aon chuisliméara í (ní fhanóidh aon chuisliméara aice)
Má iarrann tú aon cheo isteach uirthi faoin Nollaig, bíonn an béal bocht uirthi i gcónaí
Ag iarraidh ruda isteach air siúd! Is cruaichte (crua) é ná na clocha glasa
D'ól muid trí phionta an fear (an duine) agus fuair muid deoch isteach uaidh fhéin (ón óstóir) ansin
Tá cion punta tobac faighte isteach agam uaidh le mí. Ní bhacann sé lena ghearradh má bhíonn sé de bhrabach ar an meáchan — nuair a théim ag iarraidh tobac air le mí anuas, chuile uair dá mbíonn ionga ná orlach ar an tomhas a iarraim, ní ghearrann sé den phíosa a mheánn sé é, agus dhá bh(r)íthin sin, tá chomh maith le punt tobac faighte agam uaidh le cois nó in aisce
Más ag tnúthán le rud a fháil isteach atá tú, tá faitíos orm go mbeidh tú dhá uireasa (go ndéanfaidh tú dhá uireasa; go gcaithfidh tú a theacht dhá uireasa)
7.
+
Isteach leat abhaile! — téirigh isteach abhaile
Isteachaidh libh — téigí isteach
TUILLEADH (2) ▼
Isteachaidh (séimhiú amanta ar an g agus amanta nach mbíonn. Go hiondúil bíonn séimhiú i gCois Fharraige agus a mhalrait sin in iarthar Chonamara) libh (líb — Cois Fharraige; lib — iarthar Chonamara, ach nach leantar an nós ródhlúth. Ní bhíonn an b séimhithe in aon áit) agus ná deallraidh sibh fhéin ansin i mbéal na doininne (i mbéal na báistí, na gaoithe srl.) — tagaidh isteach sa teach (sa scioból, sa teálta) agus ná cailligí sibh fhéin leis an bhfuacht ansin ar cheart-aghaidh na gaoithe
Isteach leat faoi, agus ná bíodh faitíos ar bith ort roimhe
8.
i bpáirt, i gcomhar; a ladar aige ann.
a.
+
Níl láimh isteach ar bith agam leis — níl mo ladar sna gnaithí sin chor ar bith; níl baint ar bith agam leo; níl mé i gcomhar nó i bpáirt chor ar bith leis an duine sin
Ná bíodh láimh isteach ar bith agat le na Seáiníní nó cuirfidh siad i mbealach do bhasctha thú
TUILLEADH (18) ▼
Aon duine dhá raibh aon láimh isteach aige leob ariamh, ní raibh sé buíoch dhá mhargadh
Níl baint ná páirt ná láimh isteach agam le muintir an bhaile thiar
Má ghlacann tú comhairle ó dhuine doscúch, ní bheidh baint ná páirt ná láimh isteach ar bith agat leob — má ghlacann tú comhairle do leasa (comhairle ó dhuine a bhfuil cleachtadh aige orthub, nó a bhí ag scríobadh leo cheana, nó a bhfuil eolas aige ar an saol) ní thaobhóidh tú iad; ní bheidh do phlé chor ar bith leo; seachnóidh tú iad
Má tá an láimh isteach agat leis sin, beidh láimh isteach agat le cneámhaire maith
Ní fhéadfadh sé an méid sin a ligean thairis gan láimh isteach a bheith aige ann
Ní bheadh an oiread sin fhéin ag imeacht i ngan fhios dó nach gcaithfeadh sé láimh isteach a bheith aige ann — ní bheadh rud ar bith sa saol nach gcaithfeadh sé a ladar a bheith aige ann
Níl láimh isteach ar bith agam leis, agus is maith an scéal dom fhéin nach bhfuil — níl mé i bpáirt chor ar bith leis agus is amhlaidh is fhearr dhom é
Tá láimh isteach eicínt aige sa dole — tá baint eicínt aige leis
Má tá aon láimh isteach aige sin leis, ní fhéadfadh sé imeacht díreach — má tá aon bhaint ag an duine sin leis an ngnaithe, nó má tá aon chomhairle aige air, ní bheidh an gnaithe cneasta
B'fhurasta a aithinte go n-imeodh sé cam agus an té a raibh láimh isteach aige leis
Ní mórán dó a shroichfeas shréitheas adeirtear i gCois Fharraige — shrochas siar faoi Chonamara) mise agus an té a bhfuil láimh isteach aige ann — is beag a gheobhas mise de agus an duine a bhfuil comhairle aige air
Is beag an láimh isteach atá agamsa leis chor ar bith — is beag an chomhairle atá agamsa air
Aon duine a mbeidh sé isteach leis, is fear bánaithe é — má bhíonn sé i gcomhar, i bpáirt, nó mór leat, scriosfaidh sé thú, arae beidh an ceann ramhar den bhalachtáil aige fhéin
Ba somhaoiní dhom gan é a bheith istigh chor ar bith liom — ba héadálaí dhom gan é a bheith i bpáirt chor ar bith liom nó mór liom
Is mairg a bheadh isteach leis beag ná mó
Is olc an t-údar é siúd le bheith isteach le duine — tá an chneámhaireacht nó faltanas ag siúl leis agus b'fhearr do dhuine gan a bheith mór leis ná i bpáirt leis
Má tá aon láimh isteach agat sa dole, roinn go cneasta é — má tá aon chomhairle agat air
Murach go bhfuil láimh isteach eicínt acub le Sasana, ní bheidís chomh hanóiteach fúithi agus atá siad — murach go bhfuil siad i gcomhar le Sasana, ní chuirfeadh sí an oiread imní orthub
b.
+
Tá sé chomh mór isteach ar Ghaillimh leis an mbaile anois — tá sé chomh cleachtach ar Ghaillimh agus atá sé ar an mbaile anois
Is fada go mbí tú chomh mór isteach air liomsa (ar áit)
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfadh sé gan a bheith isteach air faoi seo, agus an fhad is atá sé ann

isteach in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí an dubhfhaitíos air ag dul isteach
+
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air ina dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithe. Diabhal easna den deartháir nach dteagann isteach agus nach mbeireann air …
TUILLEADH (5) ▼
Le neart an fhaitís a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaigh sé isteach béal an dorais
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
Cuirfidh mé isteach sa gcró é, agus dúnfaidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná amhras
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
 
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
+
Bhí sé ag fearúint ar a theacht isteach dom. B'ait liom an chith a ligint tharam. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
 
Tá an drioball tite di go feimín isteach
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
 
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
+
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach é a bheas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (3) ▼
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat. Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé ina lom gaoithe aduaidh anois — a theacht isteach ar tír ag tornáil
Cuirfidh mé geall leat go dtabharfaidh sé fiar dó fhéin soir anois, agus gurb ón taobh thoir a ghabhfas sé isteach ann. Ar bhoird mar sin a theagas sé i chuile theach. Is dóigh gur briotais é atá aige
+
fios
Is faide leis ná fios a shaoil go n-imí an ceann eile as an teach go dté sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh fios rúin ná soiscéil agamsa cé a bhí ann, ach gur bhuail sé isteach chugam agus gur dhúirt sé gur thusa a chuir chugam é
Dhá mbeadh fios rúin ná broscáin aige gur mise an chéad bhall a d'fheicfeadh sé roimhe, is mór m'amhras a dtiocfadh sé isteach
 
Teara isteach ón bhfliuchán — duine ina sheasamh amuigh nó ag obair faoi bháistigh
+
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhaide. 'Gabhfaidh mise isteach anseo ag iarraidh canta aráin,' adeir S. Ní raibh mise in ann a dhul isteach ann. Bhí titim feoir ionam leis an ocras.
 
Tá stoiricín ag freagairt amuigh i lár na locha agus choinnigh sé greim uirthi sin nó gur tháinig cúnamh a thug isteach é
 
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? 'Sí atá friochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhthís uirthi a theacht isteach anseo. Dheamhan é muis
+
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
TUILLEADH (2) ▼
Ach cén sórt froigisí atá sé (seo) thíos a chur ar an teach? … Rud le aghaidh solais a thabhairt isteach ann! An n-éistfidh tú liom! Solas mar atá sna tithe i nGaillimh, nach bhfuil ort ach cnaipe a chasadh agus beidh sé lasta! Muise muise! Sa saol a tháinig sé! Agus nach raibh aige go dtí an bhliain cheana ach fáideogaí agus cam! Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoilíochaí ag éirí i nDomhnach!
Ní thaitníonn an bhean chéanna chor ar bith liom. Is froigisí í ar fad. Ní fhéadfadh sí a iarraidh ort suí isteach ag cupán tae gan beadáin a dhéanamh faoi. Diabhal a leithide de chaoi!
+
Murach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudairnéis seo sa teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
 
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
+
fág
Fág seo isteach go n-óla muid cupla pionta ó chas Dia a luach chugainn
TUILLEADH (3) ▼
Ba dona an teach a bhí ansin nó go ndeachaigh inín S. Th. isteach ann. Má tá brá gill orthu inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Fág fataí tugtha isteach ansin le aghaidh cuid na mbeathach shula gcorraí tú
Chuaigh sé isteach sa mbainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é — cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh. Bainfear obair aisti ansin. Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
+
Chuaigh sé isteach ag ceannacht an fháinne pósta
TUILLEADH (1) ▼
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
 
Chaith sé an-fhada ag mháinneáil ar an tsráid sula ndeachaigh sé isteach
+
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
fána
Chaith sé amach é féin le fána na céibhe agus shnámh sé isteach ar an trá
TUILLEADH (3) ▼
Bhí muid ag dórtadh le fána. Chuir muid cúrsaí isteach agus barróg ar an seol ach má chuir fhéin, bhí sé ina fhaitíos orainn, mar bhí sé ag teacht ina chreatlach
Caith ar an luí chuige í nó go gcuire muid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomhuain is bheas sí ag doirtim le fána mar seo (an bád)
Bhí an-bháirí scadán anseo le cupla lá. Arú inné, bhí an fharraige salach leo. Ach tá siad gaibhte le fána. Isteach faoi na seanchladaí s'agaibhse atá siad anois. Buailfidh siad anseo aríst gan mórán achair.
+
Tá sé fánach obair an drochlae a thabhairt isteach tráthnóna — ní chúiteoidh furú an tráthnóna faillí an chuid eile den lá
TUILLEADH (1) ▼
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an drochlae a thabhairt isteach tráthnóna