Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dul ar
1.
a.
+
Chuaidh sé ar an bhfairrge (ar an gcriathrach, ar an gcnoc, ar an abhainn, ar an loch, ar an aonach, ar an mbainis, ar an tsochraide, ar an damhsa, ar an eirghe-amach, ar an gcúirt-mhíosa, ar an mbáire, ar an spraoi, ar an tórradh, ar an gcleamhnas, ar an mbaisteadh, ar an Achréidh, ar an sliabh, ar an bhfascadh, ar an leabaidh, ar an gcrann, ar an gclaidhe, ar an rothar, ar an mbus, ar an asal, ar an gcapall, ar an gcruaich, ar an teach, ar na áiléar, ar an gcloich, ar an gcathaoir, ar an mbord, ar an simléar, ar an oileán, ar an iargcúil, ar cúlráid, ar meath, agus rl.)
Chuaidh sé ar an abhainn (ar an loch) = ag iascach nó ag saghdadh
TUILLEADH (7) ▼
Chuaidh sé ar bhord soithigh
Chuaidh sé ar imirce
Chuaidh mé ar aistear (ar thuras, ar gheábh, ar ruaig, agus rl.)
Chuaidh sé ar bhád (ar luing, ar thraen) abhaile
Chuaidh sé ar iarraidh
Má leagann sib annsin í gabhfaidh sí ar iarraidh
Tá sé le dhul ar aimsir (ar páighe, ar a shláinte, ar cheannsacht a chnámh agus rl.)
+
Chuaidh sé ar aghaidh
Chuaidh sé ceann ar aghaidh go dtí é
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh sé ar gcúl
Is mór a chuaidh sé ar gcúl le goirid
Tá sé ag dul ar gcúl go mór anois
Tá an rabharta ag dul ar gcúl ó indé (fc. ar gcúl)
+
Ní raibh a dhul ar aghaidh ná ar gcúl aige. Bhí sé sáinnighthe
Ba fear i dteannta ceart mé. Ní raibh a dhul ar gcúl nó ar aghaidh agam. Bhí mé greamuighthe do bhall na h-áite
TUILLEADH (6) ▼
Rug sé i lár an aonaigh air, agus ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige, ach é féin a choisint cho maith agus a d'fhéad sé
Deir tú leis a casadh orm i mbéal an tseoil. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam ach seasamh suas ag caint leis. Shíl mé go gcainnteochadh sé ar an lampa 'chuile phuínte, ach dheamhan caintiú. Tharraing mé féin chuige é faoi dheireadh le neart náire
D'fhastuigh sé ins an áit chontráilte mé: istigh i ngeáird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá theine Bhealtaine. Dhá dteighinn isteach ins an teach, bhí cut crochta romham ann, agus dhá dteighinn amach doras an gheáird, d'áiteochadh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom cho maith agus a d'fhéad mé
Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam nó go dtugainn gealladh dhó go ngabhfainn ar chuairt aige. Chuaidh sé go bog agus go cruaidh orm, agus dubhairt mé go ngabhfainn, ins an deireadh
Dhá mbeadh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam ní sheasfainn ag caint leis chor ar bith, ach ní raibh. Rug sé thall orm, agus ní raibh aon-ghoir agam imeacht uaidh
Is beag an baoghal a bheadh ar A. cluais ar bith a thabhairt dó, marach gur aimsigh sé é istigh, agus nach raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ach dheamhan mórán áird a thug A. ar a chuid sprus-chainte
+
Ní dheachaidh deoir óil ar a bhéal ó shoin
Ní dheachaidh aon-cheo beatha ar a smut le seachtain = beithidheach
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheachaidh greim ar a bhéal le mí
b.
+
Chuaidh sé ar an ól = thosuigh sé ag ól as éadan; rinne sé ráig óil a mhair scathamh maith nó scathamh réasúnta
Níl le déanamh ag duine ach a dhul ar an ól 'nuair a fheicfeas sé rud de'n tsórt sin
TUILLEADH (6) ▼
Is furasta leis an gceann céadna a dhul ar an ól. Is beag an t-ugach is call dó
Gabhfaidh sé ar an ól anocht go siúráilte. Annsin atá sé ag dul anois
Má theighimse ar an ól, ní fheicfidh sib mé go ceann coicíse. Bainim coicís as i gcomhnaí — ar a laghad ar bith
Shílfeá go ndeachaidh sé ar an ragairne ar fad le goirid.
Chuaidh sé ar dhrabhlás an t-am a bhfuair a bhean bás, agus níor fhága sé bonn bán air féin. An chéad rud eile tháinic an sirriam air …
Chuaidh sé ar fán
c.
+
An uair a bhí a (ar) ndóthain pórtair ólta againn, chuaidh muid ar phoitín, agus is beag bídeach nachar chaill sé muid = athrú ó rud go dtí rud eile, nó tosuighe ar rud
Níl aon-ghnatha agad a dhul ar fuisce anois, nó cuirfidh tú droch-chaoi ort féin. Ní theag[ann] an dá ól sin le chéile
TUILLEADH (3) ▼
Gabhfaidh mé ar fuisce sílim. Ní fhaghaim aon-tsásamh ar an bpórtar sin. Tá sé rodtha
Measaim go ngabhfaidh mé ar iasc. Tá mé gránuighthe ar an bhfeoil = athrú go dtí iasc
D'imigh an diabhal oraibh má tá sib thríd an máilín plúir go dtí sin, agus an saoghal atá ann. Cé'n chaoi a seasfaidh airgead lib? Caithfidh sib a dhul ar na fataí anois go ceann trí seachtainí aríst ó thárla go ndearna sib plaicín ghabhair de'n phlúr
+
B'éigin duinn a dhul ar na buillí = bádóirí nuair a bheadh an ghaoth gann orra, nó gan aon-leide córach aca, chaithfidís a dhul ar na maidí rámha
Teigheadh muid ar na maidí rámha. Níl flam as aer
TUILLEADH (2) ▼
Bhí orainn a dhul ar iomramh (/ū:ᴍrə/) th'éis ar ndichill. Marach go ndeachaidh, bheadh muid ar an bhfairrge fós. Bhí sé in a lagar chríochnuighthe
Caithfidh muid a dhul ar chúrsaí sílim. Tá sí an-ghártha (fc. cúrsaí)
+
Beidh mé ag dul ar an bhfeamainn dearg ambáireach
An mbeidh tú ag dul ar na ronnaigh indiu = ag iascach ronnach
TUILLEADH (8) ▼
Ba mhaith an lá é le dhul ar na faidhtíní = a dhul ag iascach faidhtíní
Níor thaithnigh na bradáin leis. Chuaidh sé ar na mangaigh! Is fhearr leis an sáile ná an fíor-uisce go ceann tamaill
Chuaidh sé ar na mná aríst = bhí sé eirighthe asta tamall
Chuaidh sé ar dhamhsa aréir rud nach bhfaca mé a dhéanamh ariamh cheana é. Braon a bhí ar bord aige is dóigh = thosuigh sé ag damhsa
Má theigheann sé ar amhráin anois, do cheann finne ní stopfaidh é
h-Eirigheadh as an damhsa ar fad agus chuaidh an teach ar amhráin
Nuair a theagadh anbhá air theigheadh sé ar Bhéarla annsin amanntaí = d'athraíodh sé ón Ghaeilge go dtí an Béarla
Chuaigh sé ar Bhéarla liom ar an bpuinnte
+
Tá sé ag dul ar chríonnacht faoi dheire thiar thall, agus bhí sé in am sin aige. Chaith sé sáthach fada le dícéille
Má's leat a dhul ar chríonnacht choidhchin, tá sé in am agad feasta
TUILLEADH (3) ▼
Mara n-eirighidh leis ar an gcaoi sin, gabhfaidh sé ar ealadhain agus meallfaidh sé uaidh é. Ní bheadh an diabhal suas leis sin
Is deas é, an tráth seo dhá shaoghal, a dhul ar dhícéille. Nach bhfuil sé siúd suas agus anuas le aois an phinsean
Ní raibh aon-bhuachaill óg faoi'n mbogha bán ba chríona ná é sin, ach chuaidh sé ar dhícéille uiliog le scathamh
·
Mara bhfeilidh an fhírinne, 'ar ndú mo léan, is air nach bhfuil a mhairg a dhul ar bhréaga. Cú réidh (có-réidh) leis an bhréag agus an fhírinne
Tá an saoghal ag dul ar bhréaga ar fad thar agus mar a bhíodh sé fadó, ach is cóir adeir siad: 'chuile líne ag dul 'un míne agus 'un bréige
+
Níl agad ach a dhul ar dhrochmhúineadh leis. Scanróchaidh sin é. Tá sé an-scáthmhar
Ní éistfeadh sé beag ná mór liom ach a dhul ar dhroch-mhúineadh ar an toirt, agus tosuighe ag rádh go mbainfeadh sé na scairteachaí asam, dhá ndéanainn a leithide de rud a shamhailt aríst leis
TUILLEADH (3) ▼
'Nuair a chinnfeas air le scaimhléaracht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleádhchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
Ní dheachaidh sé ar bhladar liom dubh bán ná dubh buidhe mar bhí a fhios aige féin nachar ghar é.
Chuaidh sí ar choimhigheas liom ar fad ó'n oíche sin, té (cé) nachar dhubhairt mé aon-cheo léithe, ná a dhath. Seachnuigheann sí anois mé i gcomhnaí
+
Níl samhaoine ar bith a dhul ar achrann. Is fhearr a bheith cho mín agus a fhéadfas muid, nó go bhfeicidh muid linn. Má bhíonn sé féin daoitheamhail, níl aon-dochar a bheith ag leigean corr bhíor faoi annsin
Gabhfaidh mise ar achrann leis, má fhaghaim aon-fhocal uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Is éascaidh leis an gceann céadna a dhul ar achrann. Ní mórán údair a gheobhas sé nuair a bhéas sé in a choileaichín
+
B'éigin dom a dhul ar réidhteach leis. Ní raibh maith ar bith scliúchas troda a tharraint
Chuaidh sé ar réidhteach liom nuair a chonnaic sé go raibh mise cho líomhtha ag achrann agus a bhí sé féin
TUILLEADH (4) ▼
Teirigh ar lághaidheacht leis. 'Sé an beart is fhearr é sílim. Ní bhréagfaidh tú go deo é le droch-mhúineadh
Ba mhaith speidheartha an mac é tamall, ach chuaidh sé ar mhíneadas, ó a thuit an aois air. Ní mhaireann an rith maith do'n each igcomhnaí, 'ar ndú'
Tá sé ag dul ar fheabhas = tá sé ag dul 'un feabhais
Nuair a theigheas sí ar bheagán (toitíní) ní thairgíonn sí d'aon-dhuine iad = nuair a bhíos a lastas toitíní ídithe go dtí beagán ní thugann sí d'aonduine iad
+
Ní dhéanfaidh tú le spreacadh é. Ní mór a dhul ar stúaim leis an mbuachaill seo. Cé'n chaoi ar lúb sé cho mór sin é?
Teirigh ar stuaim leis. Is fearr stuaim ná neart.
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh tú a dhul ar stuaim le bean cho maith le 'chuile shórt eile. Má bhíonn tú danra léithe, ní bhainfidh tú ceart ar bith di
Rinne sé obair shlachtar an fhad agus a chaith sé leis, ach ar an dá luath ar thosuigh sé ag dul ar éascaidheacht, níor chuir sé cuma na muice air uaidh sin amach. Ag santú an airgid a bhí sé
Is maoilscríobach an chaoi a chuir sé ar an gcruaich sin. Chuaidh sé ar éascaidheacht léithe
+
Teigheann sé ag an Aifreann 'chuile mhaidin ó a phós sé. Tá sé ag dul ar naomhaidheacht ar fad anois, marab í an bhean a d'athruigh é
Fear ar bith nach bhfuil aon-bhuille oibre aige, ní bheadh beart ar bith ab fhearr dó ná fáisceadh suas go Baile Átha Cliath agus a dhul ar ghadaidheacht ann. Níl a fhios céard atá daoine a bhalú ann le goid. Bíonn na páipéir fré chéile faoi laetheantaí
TUILLEADH (4) ▼
Má theigheann tú ar chneamhaireacht ná ar imeartas anois, is maith gasta a ghabhfas do láimh i bpaca annseo
Shílfeá go bhfuil an bocaileáth seo thíos ag dul ar sceaimhínteacht ar fad. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcomhnaí nuair a eirigheas an t-ól i stuaic na mbacach
Eirigh as an gcaint sin anois. Is mór an ghráin é seo thall má theigheann sé ar ghársamhlacht, agus ní mórán tsiocair a bhíos uaidh
Chuaidh mé ar cheilt as éadan indeireadh na h-oíche, agus diabhal duine ná deoraidhe a bhraith mé in a dheidh sin
+
Gabhfaidh mé ar ghréasaidheacht anois scathamh ó a tháinic an lá fliuch. Tá cupla péire sean-bhróg annsin a dteastóchadh caoi go géar uatha
D'eirigh sé as an scoil ar fad agus chuaidh sé ar thalmhaidheacht. Deir sé féin gur mó atá dhá bhárr aige, ná de bharr na scoile.
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé suas an talamh ar fad agus chuaidh sé ar shiúinéaracht. Tá sé ag fáil cuimse tráchta
Ó thárla an mhóin a bheith craptha rachaidh mé ar iascach anois scathamh
+
D'eirigh sé as an ropaireacht annsin agus chuaidh sé ar chaitheamh na gcloch. D'eirigh Dia le S. nachar dhonuigh sé é. Chuaidh cupla liagán réasúnta amach leis an gcluais aige = thosuigh sé ag caitheamh cloch; d'áitigh air ag caitheamh cloch
An uair a theigheas sé ar ithe na bhfataí, is deacair a dhóthain a thabhairt dó
TUILLEADH (16) ▼
Shuidh sé síos agus chuaidh sé ar ithe na feola, nó gur ith sé díol deichneabhar di
Má theigheann sé seo ar imirt chártaí, ní eireochaidh sé asta go maidin.
Má theigheann tú ar ól an phoitín anois ní maith an dóigh dhuit é. Tá a' gceart againn cheana. Níl aon-mhaith dhuinn únlaoighis (ionlaoighis) phocaide a bheith in a' (ar) mbolg ag dul abhaile
Má theigheann fear an chúinne ar rádh an phaidrín, déanfaidh sé rann di mar a rinne Áine de'n fhaoistean. Ní bheidh deireadh leis go maidin
Chuaidh siad ar chur na bhfataí annsin, ach ní raibh dhá iomaire curtha aca trathnóna
Má ghabhann tú ar dheasú an "bhicycle", ní bheidh críochnuighthe dhíot, go mbeidh an dubh ar an oíche
Nach mb'fhearr dhuinn a dhul ar leagan na mbruachannaí anois. Ní bheidh siad romhainn
Tá sé luath fós a dhul ar bhaint an choirce. Is beag le indéis atá sé fós
Th'éis a' (ar) ndinnéir, ghabhamar ar scaradh na feamainne agus ní mó ná réidh a bhí muid trathnóna deireannach
Dhá dteigheadh sib ar cháthadh an ghráinne coirce sin nuair a d'eirigh an braos (breeze), bheadh sé dhaoib anois agaibh, ach tá sib an-tsiléigeach
Dhá dteighidís ar bhaint na móna an uair sin, bheadh sí tirm anois. Bhí breith ar an lánú. Is minic ariamh nachar lánuigh muid iad go mbeadh an Bhealtaine amuigh, agus níor dhonaide sin muid
Má theighimse ar bhualadh an mhuintir anoir, beidh cuímne air, beidh sin
Faigh leat anois! Cuirfidh mé geall leat go ngabhfaidh sé ar ghearradh fiacal le neart droch-mhúineadh
Níl gnatha ar bith agad a dhul ar léigheamh an pháipéir anois. Beidh breith mhaith agad air sin. Teirigh i gcoinne na mbeithidheach idtosach
Ní bheadh ann ach diomallú dhom a dhul ar bhiorrú claidheachaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithidheach a ghabhfas i mbradghail. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir
'Chuile uair dhá dteighinn ar árdú na cloiche, theagadh driog annsin in mo ghualainn. B'éigin dom leigean di as a dheireadh
+
Chuaidh sé ar a dhicheall leis an gcloch a bhriseadh = thosuigh sé ag déanamh a dhichill
Má theigheann tú ar do mhine-ghéire, beidh sé réidh agad trathnóna
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dteighinn ar mo neart ar fad, thiubharfainn talamh dhó sílim, ach ní dheachas
+
Chuaidh sé ar a dhíocas ceart in a h-éadan = fear ag dul ag obair go dúthrachtach; fear in éadan mná; tarbh in éadan bó a bheadh faoi dháir agus rl.
Má theigheann sé siúd ar a dhíocas in éadan na gcloch, réidhteochaidh sé an chora sin thíos ag an gcladach, ní áirighim clochairín de'n tsórt sin
TUILLEADH (2) ▼
Níl rud ar bith dá mbíonn sé a dhéanamh nach dteigheann sé ar a dhíocas leis, má's ag feadghail féin é
Chuaidh sé ar a mhiotal in a éadan = cho maith agus a bhí sé indon; an oiread agus a bhí sé indon a dheanamh
·
Chuaidh sé go bog agus go cruaidh orm ag iarraidh mé a thabhairt leis, ach ní rachainn = chuaidh sé géar orm; bhí sé in m'éadan ar feadh i bhfad dom' iarraidh
+
Gabhfaidh sé ar triomach anois, agus cidh Dia go bhfuil sé in a am sin aige = tiocfaidh triomach anois. Stopfaidh an droch-uair
Chaith sé go leor báistighe as gaoith aniar, agus chuaidh sé ar shioc annsin
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé ag dul ar chlaochmú déarfainn. Má seadh féin, ní dhéanfaidh an tuairt shneachta sin lá dochair
Is cosamhail le uair í a bheadh ag brath air a dhul ar ghairbhthean. Nar chomhnuighidh sí go dteighidh, le faitíos nach bhfuair muid a' (ar) ndóthain gairbhthin le bliain! Ní fhéadfadh sé an anna sin féin a thabhairt uaidh faoi shásamh
B'aisteach an bhliain í sin. Bhí spalpadh ann ó Lá Bealtaine go dtí Lá Fheil Shan Seáin, agus chuaidh sé ar ghála annsin: gaothtalach bhradach as gaoith aniar adtuaidh. Bhí garrdha an tS. curtha agam faoi fhataí an bhliain chéadna, agus ní raibh barrann ag gabhail leis nach raibh scurtha an chéad-tseachtain de "July"
Dhá dteigheadh sé ar ghlasreodh beag seaca anois — glasreodh beag mín — b'fhearrdiú an uair é, thálta (ó thárla) nach bhféadfadh sé aon-dochar a dhéanamh
Ná bac le bliain ar bith a bhfeicfidh tú ag dul ar shioc faoi Bhealtaine é. Tá maith na bliana sin ar iarraidh. Níl 'fhios agam nach mb'fhéidir go srianfadh an cur óg thríd, ach tá an sean-chur dóighte ar fad, áit ar bith a raibh sé thrídh thalamh
Níl fhios agam nach oíche í atá ag dul ar bháistigh. Is furasta 'aithinte. Bhí an lá indiu ag tarraint ar fad
Tá sé ag dul ar ghaoith andeas. Sin claochmú go siúráilte. Má ghníonn sé báisteach aisti seo, ní fheicfidh tú oiread agus puintín bioráin de'n tsneachta ar an talamh an t-am seo ambáireach.
Is geall le lá é a ghabhfadh ar thoirneach. Tá na cupla lá seo anois an-mharbhthánta, an-uaibhreach
Ní thaithnigheann liom é a dhul ar na sinneáin seo aríst. Shílfeá go raibh aithdeala breagh aige le scathamh, ach níl an stoirm caithte fós
Shíl mé nach rachadh sé ar na séideogaí seo aríst go ceann tamaill. Ach bhí saighneáin ann ar ball, agus tá sé ag caitheamh corr-scail feoithin. Tiubharfaidh sé an ghealach seo uaidh anois. Cá'id go mbeidh sí caithte. Níor cheart di mórán achair a bheith uirre anois. Ní raibh ann ach tóin-ghealach trí nó ceathair d'oicheanntaí ó shoin 'nuair a d'eirigh mé ag breathnú ar an mbó
Is diachta dhó nach ngabhfadh ar aimsir bhreagh feasta. Tá sé ar an uair mhóir seo anois sáthach fada, ní ag ceasacht ar Dhia é
2.
a.
+
Bhí dul orra; bhí ag dul orra = bhí buadh dhá bhreith orra; bhíodar dhá gclaoidheadh
Tá ag dul ort a mhic ó. Níl tú indon ag an "bhfeoil chapaill". Má tá sí roighin féin, chuirfeadh sleaghdóir maith aníos í. Sin iad na mná anois agad. Tá tú sceithte ar fad orra
TUILLEADH (7) ▼
Tá faitíos orm go bhfuil dul air. Ní dhéanfaidh sé aon-chúis anois. Tá an iomarca aois air, ar aon-chor
Ceal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, th'éis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agad air puca dhíot, déanfaidh sin
Bhí ag dul ar na báireoirí se'againne go dtí an leathuair deireadh, ach annsin bheodhuigh siad suas; agus bhuail siad an dream eile.
Chreidim go bhfuil ag dul ar na Gearmánaigh bochta. Diabhal neart aca air. Is mór an seasamh aca é agus iad frén a chéile in a n-éadan. Ach níl tada le reic ag na Sasanaigh ná na Meiriocánaigh fós, léar (de réir) mar chloisim
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaghadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon-chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaidh i muinín mo chroidhe agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar indiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaidh seisean tharm amach de rithte reathach. Níor liom féin ab fhaillighe é. Tarraingighim mo shean-chic air — isteach annsin ar an gceathramhadh …
Tá ag dul orainn ins an gcluiche seo. Biorruigh amach. Níl muid ach deich agus tá siad seo eile fiche. Caith cíonán asta thú féin
Bhí ag dul ormsa nó go raibh seisean chúig cinn déag. Annsin fuair mise láimh istigh, agus ní dheachaidh mo láimh amach aríst, gur rinne (go ndeárna) mé sé cinn déag aisti. Ghnothuigh mé air ina dheidh sin (báire binne)
+
B'fhada an scathamh go raibh dul againn ar an mbeirt eile = gur bhuachamar orra; go raibh siad buailte againn
Níl aon-dul aige ar mo mhadadh-sa fós, má tá sé in-íochtar féin. Fág in a chéile iad go ceann scathamh eile
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh an bheirt ag caruidheacht ó shoin, ní bheadh dul ag ceachtar aca ar an gceann eile
B'fhada an t-achar a bhí siad ag "bacsáil" shul má bhí dul ag S. ar T. an T. Ach níor sheas an anáil do T. Ba geall le tarbh é ins an deireadh leis an séideán a bhí ann
Bhí dul ag céadtach ar 'chuile ghaiscidheach dhár casadh leis ariamh
Marach an buille feill ní bheadh aon-dul aige orm ó shoin, ach is furasta do dhuine dul a bheith aige ar dhuine eile má dhonuigheann sé ar an gcaoi sin é
Diabhal dul ag an gcú ar an ngirrfhiadh fós th'éis an choráil atá aice air. Má bheireann sé soir ar na h-eascaidheachaí, beidh sí as
Is maith an tamall de lá a chaith an easóig leis an gcoinín shul a bhí dul aice air. Ach chriog sí é ins an deireadh, in a dheidh sin. Fágann sí an coinín ag tabhairt na gcor i gcomhnaí, dhá gcaitheadh sí lá fada samhraidh leis
Ba snámhóir thar cionn é, ach bhí dul ag an bhfairrge air in a dheidh sin. Nach iomdha geábh mór a shnámh sé ariamh go ndéanaidh Dia grásta air!
Tá scráib-neart ann gan bhréag ar bith, ach tá dul ag fear na h-áite thiar air, mar sin féin. Is diabhlaí an fathach é an fear thiar. Corránach ceart d'fhear é
+
Beidh dul againn orra, má ghlacann muid stuaim leo, agus gan muid féin a mharbhú ins an gcéad leath-uair. Sin é an rud a d'fhága dul aca sin ar mhuintir Mh. Dé Domhnaigh seo caithte. Ná bíodh scáth ar bith oraibh a dhul fútha, agus fanuigheadh 'chuile dhuine ar a thaighridheacht féin. Níl aon-mhaith a bheith ag leanacht na liathróide ar fud an páirce. Diabhal a dhath
Tá dul agam ort anois dhá fhad go dtí é. Tiubharfaidh mé fút garbh anois é. Iarr párdún, nó criogfaidh mé thú. Seo iarr párdún
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhí dul ag an nGaiscidheach ar an bhfathach, d'iarr an fathach cara agus coimrighe air. "A ghaiscidhigh is fhearr dhá'r rugadh ariamh" adeir sé "leig mo cheann agus mo chamán beatha liom, agus tiubharfaidh mé dhuit a bhfuil tú a iarraidh"
b.
+
Tá tú ag iarraidh a dhul orm = tá tú ag iarraidh a dhul i scath leith orm; tá tú ag iarraidh a dhul i gcois dá leith orm; ag iarraidh imirteas orm; a dhul ag séideadh fúm, nó ag magadh fúm
Chuaidh sí air ceart, má chreid sé é sin. Diabhal bréag nach ndeachaidh
TUILLEADH (4) ▼
Is maith an t-údar thú, go dtugann tú cead de 'chuile dhuine a dhul ort agus amadáinín a dhéanamh dhíot mar sin. Nach raibh a fhios agad nach raibh sé ach ag iarraidh a raibh agad a mhealladh uait
Is maith éascaidh a rachadh sé sin suas ar dhuine, dhá dtugadh sé aon-áird air. Tá sé sin cho críonna le na luchain agus cho h-imeartha le fear na méaracán
Is maith nach mór duit a bheith ar do mhaidí, nó gabhfaidh an dream sin suas ort. Is cuma leo sin é, ach bearradh a bhaint díot, agus cead an diabhail a bheith agad annsin. Tá sean-aithne agamsa orra sin
Ní hé is measa ach thú fhéin a thug cead dó a dhul ort. Is beag dhá chuid cluanaidheacht sin an obair sin. Ní mór dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin má's leat cor ar an gcor a thabhairt dó sin
3.
+
Chuaidh sé uirre = rinne sé í; rinne sé coimhriachtan le bean
Tá sé ag dul uirre istigh
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé a dhul (suas) uirre as cosa idtaca
Ní dheachaidh sé sin ar aon-bhean ariamh
·
Chuaidh sé ar an gcraiceann aice = chuaidh sé uirre
Is maith gasta a ghabhfadh sé sin ar an gcraiceann aice anois, dá bhfaghadh sé ugach ar bith.
4.
a.
+
Chuaidh deich gclocha airsean, ach ormsa a chuaidh an dá chéad. Níor tholgán ar bith dhom a iomchar dhá mbeadh aon-deis agam air, ach ní raibh. Fear sioncuighthe (seangthuighthe) a bhí ionnam agus mé ins an mbaile
Chuaidh tromlach an ualaigh ar mo chapall-sa, agus má chuaidh féin, is uirre nach raibh an mhairg a iomchar.
TUILLEADH (3) ▼
Teigheann tonna go leith uirre 'chuile lá a mbíonn sé inG. ag carraeracht, aindeoin nach bhfaghann sí len ithe uaidh ach cuid an bheagáin
"Chuaigh h-ochtar agus seacht gcéad de mhaoil ar an gceasach" (as sean-scéal) (Ní dheachaidh de mhaolóig ar an locht móna ach dhá ualach)
Chuaigh trí troithe d'airde ar an mballa sin ó a chonnaic tú cheana é = cuireadh
+
Níl a fhios agam nach dteastuigheann an ola (dhéidheannach) a dhul air
Chuaidh an ola ar L. indiu = cuireadh an ola air
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr an ola a dhul air sílim
b.
+
Chuaidh dlí air faoi = cuireadh dlí air ingeall air
Chuaidh ath-chúirt air = cuireadh ar ath-chúirt é
TUILLEADH (11) ▼
Gabhfaidh "traoiáil" (trial) eile aríst air
Rachadh chúig phunt air, marach a raibh de charaideachaí aige. Ach deir siad gur fearr caraid ins an gcúirt ná bonn ins an sparán
Ní dheachaidh air ach punt. Ar chuala tú a leithide de scéal ariamh? Ní fhaca mé fear poitín ag teacht amach ariamh cho saor sin
Gabhfaidh príosún air go siúráilte, agus má theigheann féin, is beag an scéal é
Ghabhfadh bliain air, marach an chaoi ar labhair oificeach na bpóilíos, agus ar dhubhairt sé nach raibh aonduine in a dhiaidh ins an mbaile, agus go mbadh bean fheilmheanach í an bhean
Chuaidh príosún len a ló air, ach is maith a chuaidh sé as nachar cuireadh dhá chois é. 'Sé Dia féin a bhí in a fhabhar agus an chaoi ar tugadh ó'n gcroich é. Bhí an chnáib bealuighthe aca dhó
M'anam go ndeachaidh a cheart air, má chuaidh dhá phunt air. Deamhan luach dhá phunt a bhí foghluighthe ariamh ag a chuid beithidheach ann
Chuaidh rud eicínt le cois deich bpunt orm le 'chuile chostas a chomhaireamh. Ba daor an buille é, ach diabhal mé go raibh a shásamh agam in a dheidh sin
Meastú an ngabhfaidh faice air. Sílimse nach gcaithfear chor ar bith é: gurb é an ceann eile a chaithfear
Níl aon-chúirt dhá mbíonn thoir annsin nach dteigheann rud eicínt air, agus ní féidir a chomhairleachan in a dheidh sin
Chuaidh do dhíol ort a dhuine bhoicht dhá mbeadh neart air, ach sin é an dlí i gcomhnaí
+
Chuaidh an deoch ormsa = b'éigean domsa deoch a ghlaodhach nó a íoc
Bhí siad fhéin ag comártas le chéile, ach chuaidh an deoch orm féin as a dheireadh
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agam féin leisce na bréige an ag ealadhain a bhí sé, nó an raibh sé ar meisce dháiríre, ach tá a fhios agam ar chaoi ar bith go ndeachaidh a chion de'n bhus ormsa = díolaidheacht
Le scéal fada a dhéanamh gearr, chuaidh an costas uilig ormsa. Pé'r bith cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é, arsa tusa
Cé air a ndeachaidh an carr. Ormsa. 'D'eile. Síleann siad seo eile go bhfuair mise ciste in áit eicínt: nach bhfuil tús ná deireadh le mo chuid airgid = mise ab éigin an carr a íoc
Gabhfaidh luach an bhéilí anois air, nó is cinneamhaint orainne é. Is beag a aireochas sé é. Tá dalladh airgid aige
Chuaidh an crann ormsa = is mise a bhí leis an rud a dhéanamh, nó is mise a chaill an chreach agus rl.
+
Is daor a chuaidh an troid orm
Chuaidh an leitir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú leitir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh an craiceann daor go leor air: trí bliana i bpríosún. Fuaróchaidh sé tamall dhá fhuireasbhaidh anois, muis
Má chaitheann tú an chloch sin, gabhfaidh sí daor ort
+
Chuaidh an milleán uilig air, th'éis nach ndearna sé tada
Gabhfaidh an locht ar fad ar Sheáinín. Tá a fhios aca go bhfuil sé an-ámhuilleach
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh éagcóir air. Ní raibh aon-láimh aige ariamh ann = rinneadh éagcóir air; dubhradh rud leis ins an éagcóir
Teigheann an trom-trom air i gcomhnaí faoi 'chuile nídh = an milleán
Teigheann an milleán air go minic agus gan é tuillte aige
c.
+
Chuaidh faitíos air = cuireadh faitíos air; chonnaic sé rud eicínt ab údar faitíos dó
Chuaidh faitíos ormsa cheana ins an áit cheanann chéadna sin. Oíche dhá raibh mé ag teacht ó chuairt …
TUILLEADH (4) ▼
An uair deireadh a raibh sé annseo chuaidh faitíos air. Fuagruigheadh air, dá gcloistí ag glaodhmaireacht ins na bólaí seo aríst é, go mbeadh scéal aige air
Gabhfaidh scanradh ar chapall Sh. má fheiceann sí an striochlán d'fhear bréige sin ar shúil an bhóithrín roimpe. Deasuigh isteach píosa eile ins an ngort é
Chuaidh scanradh orm nuair a chuala mé an gleo, go mb'fhéidir go mbadh í an óinseamhlacht a bhí dhá bhualadh seo thíos aríst
Rachaidh scáth air, má fheiceann sé an triúr agaibh, agus ní thiocfaidh sé isteach
+
Chuaidh olc air indiu. Ní thaobhóchaidh sé muid aríst go ceann tamaill
Níl aon-uair ins an aer, dhá dteagann sé ag cuartaidheacht annseo nach dteigheann fearg air. Tosuigheann na gearr-bhodaigh ag sáruidheacht leis
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh múisiam eicínt air muis agus é a theacht abhaile cho luath seo. Meán-oíche na gcártaí a am 'chuile oíche
Fuaidh scóthas air agus gan é a dhul go teach
Chuaidh buile orm nuair a chonnaic mé an cleas a bhí sé a dhéanamh
+
Chuaidh codladh air le buille an oíche cheana. Bhí a raibh ins an teach briste aige
Chuaidh fonn air imeacht, leis an gcoireamhaint a rinneadh ar an dream thiar. Marach sin, ba lib é go maidin = tháinic fonn imeachta air de bharr nachar thaithnigh an chaint leis
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh náire air, nuair a chonnaic sé an mháthair ag dul i gcoinne na bhfataí, agus ghread leis é féin ann
Ní dheachaidh aon-aithmhéala air ariamh nó go bhfacaidh sé mise dhá h-árdú liom. Annsin a bhí sé líomhtha ceart ag a dhul in éindigh léithe
Chuaidh imní orm faoi nach raibh sé ag teacht agus é an seacht a chlog
+
Ní dheacha áird ar bith air ann = níor tugadh aon-áird air; níor cuireadh aon-chumaoin air
Ní ghabhfadh aon-araoid ar dhuine ann, dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoghail ann, ach é féin a bheith lághach feilmheanach. Ach ní hé 'chuile dhuine atá mar sin
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh mo dhóthain araoid' orm; clocha a chaitheamh liom
Mara ndeachaidh aon-araoid orm, ní dheachaidh aon-chumaoin orm ach an oiread
Gabhfaidh cumaoin ort, má theigheann tú isteach chuig T. Mhac C.
+
Chuaidh iallach air an liathróid a thabhairt ar ais = cuireadh faoi ndeara dhó agus rl.
Tá an scéal ceart mar dteighidh iallach air a dhul ag an scoil aríst. Tá siad ag rádh nach bhfuil sé cheithre bliana déag fós
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh fainic eicínt air, 'nuair nach bhfuil sé dhá tógáil indiu.
Dhá dteigheadh pearúl faoi chéad air gan labhairt ar rud, is aon-mhaith amháin é, in a dheidh sin. Labhairfidh sé air, is cuma cé'n pearúl a ghabhfas air
Chuaidh aithne air, gan aon-cheo a thabhairt len ithe do'n bhó, ach 'ar ndú' mo chreach, ní raibh sí in a bolgán béice ariamh go dtí an oíche sin le féar tirm. Bhí a shliocht air: bhí sé gan bó, faoi cheann trí lá
+
Chuaidh tuairisc air = cuireadh tuairisc faoi
Chuaidh fiafruighe air, ach má chuaidh féin, chinn orra a chionntú
TUILLEADH (11) ▼
Gabhfaidh fáirnéis ar na caoirigh sin, feicfidh tú féin = cuirfear a dtuairisc; tóróchthar iad
Goideadh rud eicínt de'n bhóthar an tseachtain seo caithte agus tá fáirnéis ag dul air ó shoin. D'fheicfeá na póilíos ag smúracht leo annsin i gcomhnaí
Chuaidh fios ar an athair, ach bhí sí básuighthe roimhe = cuireadh fios air
An ndeachaidh fios ar an gceap fós. Nach roighin sib
Tá sé thar am fios a dhul ar an sagart dó sin. Nach bhfeiceann sib go bhfuil sé ar na preaba deireannacha
Ní dheachaidh aon-fhios ar thobac dhom fós. An síleann sib go dtroiscfidh mé go maidin
Teigheadh fios ar na póilíos ar an bpuinte. Tá saobhchan air. Nach bhfeiceann tú cho glórach agus atá na súile aige
Ní dheachaidh aon-éiliú ar an gcíos fós, ach is gearr go dteighidh anois
Ní fhaca mé go ndeachaidh éiliú ar bith ar mhadraí imbliana, ach tiocfaidh sé orainn de sciotán lá eicínt.
An ndeachaidh aon-ghlaodhach ar Sheán agán a dhinnéar fós. Tá an dó-dhéag bainte aige
Teigheadh glaodhach air go beo. Tá an bhudóig dhá báthadh i gclaise an tsrotha
+
Chuaidh droch-bhail air seo thíos tigh J. aréir. Bhí sé le buile agus le báine = cuireadh droch-bhail air
Gabhfaidh droch-bhail air ins an gcúirt, mara socruighidh siad roimh-ré é
TUILLEADH (3) ▼
Teigheann droch-chaoi air oíche ar bith dhá dteagann sé ar cuairt ann, agus in a dheidh sin féin, ní beo é gan a theacht = déantar bothae nó dóigh mhagaidh dhe
Chuaidh droch-chaoi air aréir. Síneadh i lár an tighe é agus chuaidh a raibh ann in a mhullach
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimnigh go bhfuil mise dhá rádh leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé
+
Chuaidh dubh-chumaoin air i gC. indé. Casadh isteach tigh Dh. na h-A é, agus fuair sé biadh agus deoch gan cuntas ann.
Ghabhfadh cumaoin orm dhá bhfanainn, agus níor thráth moille é i bhfad ó bhaile
TUILLEADH (2) ▼
Níl baol ar bith nach rachadh fáilte romham dhá dteighinn isteach ann, ach céard a bhéarfadh isteach ann mé ach an oiread le scéal
Gabhfaidh fáilte roimhe sin go maith. Ach tuige nach ngabhfadh: fear ar foghnamh. Go bhféachaidh Dia ar na scráibíní!
+
Ghabhfadh caoi air, ach bhí muid dhá fhágáil ag ceapadh go saoirseochadh rudaí faoi cheann scathamh = cuirfí deis air; dheasóchthaí é
An ndeachaidh aon-chaoi ar an gclog fós? 'Ar ndú' mo léan, ní dheachaidh
TUILLEADH (4) ▼
Ní ghabhfadh aon-chaoi ar an teach go deo marach an inghean a theacht abhaile
Feicim nach ndeachaidh aon-deis ar an talamh fós, agus beidh sé mar sin
Ní dheachaidh aon-chuma déanta ar an teach sin chor ar bith
Is dona an déanamh a ghabh (chuaidh) ar an gcruach mhóna sin
+
Rinne sé é, mara bréaga a chuaidh air = marar cuireadh bréaga air
Is furasta le bréaga a dhul ar dhuine. Bíonn dream ins an bhfaire ort i gcomhnaí, agus rud ar bith a fheicfeas siad cuirfidh siad a seacht n-oiread air
TUILLEADH (3) ▼
Chuaidh bréaga ar an mbean sin agus an dream a chuir uirre iad, ní maith a chuaidh siad dóib — ní maith sin
Chuaidh eascainí air = cuireadh eascainí air
Is minic a theigheas droch-cháil ar dhuine ar bheagán údair

Féach freisin

ar