Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
téigh ar
1.
a.
+
Chuaigh sé ar an bhfarraige (ar an gcriathrach, ar an gcnoc, ar an abhainn, ar an loch, ar an aonach, ar an mbainis, ar an tsochraide, ar an damhsa, ar an éirí amach, ar an gcúirt mhíosa, ar an mbáire, ar an spraoi, ar an tórramh, ar an gcleamhnas, ar an mbaisteadh, ar an Achréidh, ar an sliabh, ar an bhfoscadh, ar an leaba, ar an gcrann, ar an gclaí, ar an rothar, ar an mbus, ar an asal, ar an gcapall, ar an gcruaich, ar an teach, ar na áiléar, ar an gcloich, ar an gcathaoir, ar an mbord, ar an simléar, ar an oileán, ar an iargúil, ar cúlráid, ar meath, srl.)
Chuaigh sé ar an abhainn (ar an loch) — ag iascach nó ag saighdeadh
TUILLEADH (7) ▼
Chuaigh sé ar bhord soithigh
Chuaigh sé ar imirce
Chuaigh mé ar aistear (ar thuras, ar gheábh, ar ruaig, srl.)
Chuaigh sé ar bhád (ar loing, ar thraein) abhaile
Chuaigh sé ar iarraidh
Má leagann sibh ansin í gabhfaidh sí ar iarraidh
Tá sé le dhul ar aimsir (ar páí, ar a shláinte, ar cheansacht a chnámh srl.)
+
Chuaigh sé ar aghaidh
Chuaigh sé ceann ar aghaidh go dtí é
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh sé ar gcúl
Is mór a chuaigh sé ar gcúl le gairid
Tá sé ag dul ar gcúl go mór anois
Tá an rabharta ag dul ar gcúl ó inné (fc. ar gcúl)
+
Ní raibh a dhul ar aghaidh ná ar gcúl aige. Bhí sé sáinnithe
Ba fear i dteannta ceart mé. Ní raibh a dhul ar gcúl nó ar aghaidh agam. Bhí mé greamaithe do bhall na háite
TUILLEADH (6) ▼
Rug sé i lár an aonaigh air, agus ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige, ach é féin a chosaint chomh maith agus a d'fhéad sé
Deir tú leis a casadh orm i mbéal an tseoil. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam ach seasamh suas ag caint leis. Shíl mé go gcainteodh sé ar an lampa chuile phointe, ach dheamhan caintiú. Tharraing mé féin chuige é faoi dheireadh le neart náire
D'fhostaigh sé san áit chontráilte mé: istigh i ngeaird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine. Dhá dtéinn isteach sa teach, bhí cat crochta romham ann, agus dhá dtéinn amach doras an gheáird, d'áiteodh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom chomh maith agus a d'fhéad mé
Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam nó go dtugainn gealladh dhó go ngabhfainn ar chuairt aige. Chuaigh sé go bog agus go crua orm, agus dúirt mé go ngabhfainn sa deireadh
Dhá mbeadh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam ní sheasfainn ag caint leis chor ar bith, ach ní raibh. Rug sé thall orm, agus ní raibh aon ghair agam imeacht uaidh
Is beag an baol a bheadh ar A. cluais ar bith a thabhairt dó, murach gur aimsigh sé é istigh agus nach raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ach dheamhan mórán aird a thug A. ar a chuid spruschainte
+
Ní dheachaigh deoir óil ar a bhéal ó shin
Ní dheachaigh aon cheo beatha ar a smut le seachtain — beithíoch
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheachaigh greim ar a bhéal le mí
b.
+
Chuaigh sé ar an ól — thosaigh sé ag ól as éadan; rinne sé ráig óil a mhair scaitheamh maith nó scaitheamh réasúnta
Níl le déanamh ag duine ach a dhul ar an ól nuair a fheicfeas sé rud den tsórt sin
TUILLEADH (6) ▼
Is furasta leis an gceann céanna a dhul ar an ól. Is beag an t-ugach is call dó
Gabhfaidh sé ar an ól anocht go siúráilte. Ansin atá sé ag dul anois
Má théimse ar an ól, ní fheicfidh sibh mé go ceann coicíse. Bainim coicís as i gcónaí — ar a laghad ar bith
Shílfeá go ndeachaigh sé ar an ragairne ar fad le gairid
Chuaigh sé ar dhrabhlás an t-am a bhfuair a bhean bás, agus níor fhága sé bonn bán air féin. An chéad rud eile tháinig an sirriam air …
Chuaigh sé ar fán
c.
+
Nuair a bhí a (ár) ndóthain pórtair ólta againn, chuaigh muid ar phoitín, agus is beag bídeach nár chaill sé muid — athrú ó rud go dtí rud eile, nó tosaí ar rud
Níl aon ghnaithe agat a dhul ar fuisce anois, nó cuirfidh tú droch-chaoi ort féin. Ní theagann an dá ól sin le chéile
TUILLEADH (3) ▼
Gabhfaidh mé ar fuisce sílim. Ní fhaighim aon tsásamh ar an bpórtar sin. Tá sé rodta
Measaim go ngabhfaidh mé ar iasc. Tá mé gráinithe ar an bhfeoil — athrú go dtí iasc
D'imigh an diabhal oraibh má tá sibh thríd an máilín plúir go dtí sin, agus an saol atá ann. Cén chaoi a seasfaidh airgead libh? Caithfidh sibh a dhul ar na fataí anois go ceann trí seachtainí aríst ó tharla go ndearna sibh plaicín ghabhair den phlúr
+
B'éigean dúinn a dhul ar na buillí — bádóirí nuair a bheadh an ghaoth gann orthu, nó gan aon leide córach acu, chaithfidís a dhul ar na maidí rámha
Téadh muid ar na maidí rámha. Níl fleaim as aer
TUILLEADH (2) ▼
Bhí orainn a dhul ar iomramh (/ū:ᴍrə/) théis ár ndíchill. Murach go ndeachaigh, bheadh muid ar an bhfarraige fós. Bhí sé ina lagar chríochnaithe
Caithfidh muid a dhul ar chúrsaí sílim. Tá sí an-ghártha (fc. cúrsaí)
+
Beidh mé ag dul ar an bhfeamainn dearg amárach
An mbeidh tú ag dul ar na ronnaigh inniu — ag iascach ronnach
TUILLEADH (8) ▼
Ba mhaith an lá é le dhul ar na faoitíní — a dhul ag iascach faoitíní
Níor thaitnigh na bradáin leis. Chuaigh sé ar na mangaigh! Is fhearr leis an sáile ná an fíoruisce go ceann tamaill
Chuaigh sé ar na mná aríst — bhí sé éirithe astu tamall
Chuaigh sé ar dhamhsa aréir rud nach bhfaca mé a dhéanamh ariamh cheana é. Braon a bhí ar bord aige is dóigh — thosaigh sé ag damhsa
Má théann sé ar amhráin anois, do cheann fine ní stopfaidh é
hÉiríodh as an damhsa ar fad agus chuaigh an teach ar amhráin
Nuair a theagadh anbhá air, théadh sé ar Bhéarla ansin amantaí — d'athraíodh sé ón Ghaeilge go dtí an Béarla
Chuaigh sé ar Bhéarla liom ar an bpointe
+
Tá sé ag dul ar chríonnacht faoi dheireadh thiar thall, agus bhí sé in am sin aige. Chaith sé sách fada le díth céille
Más leat a dhul ar chríonnacht choíchin, tá sé in am agat feasta
TUILLEADH (3) ▼
Mura n-éirí leis ar an gcaoi sin, gabhfaidh sé ar ealaín agus meallfaidh sé uaidh é. Ní bheadh an diabhal suas leis sin
Is deas é, an tráth seo dhá shaol, a dhul ar dhíth céille. Nach bhfuil sé siúd suas is anuas le aois an phinsean
Ní raibh aon bhuachaill óg faoin mbogha bán ba chríona ná é sin, ach chuaigh sé ar dhíth céille uileag le scaitheamh
·
Mura bhfeile an fhírinne, ar ndóigh mo léan, is air nach bhfuil a mhairg a dhul ar bhréaga. Cú réidh (comhréidh) leis an bhréag agus an fhírinne
Tá an saol ag dul ar bhréaga ar fad thar is mar a bhíodh sé fadó, ach is cóir adeir siad: chuile líne ag dul chun míne agus chun bréige
+
Níl agat ach a dhul ar dhrochmhúineadh leis. Scanróidh sin é. Tá sé an-scáfar
Ní éistfeadh sé beag ná mór liom ach a dhul ar dhrochmhúineadh ar an toirt, agus tosaí ag rá go mbainfeadh sé na scairteachaí asam dhá ndéanainn a leithide de rud a shamhailt aríst leis
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a chinnfeas air le scamhailéireacht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleáchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
Ní dheachaigh sé ar bhladar liom dubh bán ná dubh buí mar bhí a fhios aige féin nár ghar é
Chuaigh sí ar choimhthíos liom ar fad ón oíche sin, té (cé) nár dhúirt mé aon cheo léithe, ná a dhath. Seachnaíonn sí anois mé i gcónaí
+
Níl somhaoine ar bith a dhul ar achrann. Is fhearr a bheith chomh mín agus a fhéadfas muid nó go bhfeice muid linn. Má bhíonn sé féin daoithiúil, níl aon dochar a bheith ag ligean corrbhíor faoi ansin
Gabhfaidh mise ar achrann leis má fhaighim aon fhocal uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Is éasca leis an gceann céanna a dhul ar achrann. Ní mórán údair a gheobhas sé nuair a bheas sé ina choileachín
+
B'éigean dom a dhul ar réiteach leis. Ní raibh maith ar bith scliúchas troda a tharraingt
Chuaigh sé ar réiteach liom nuair a chonaic sé go raibh mise chomh líofa ag achrann agus a bhí sé féin
TUILLEADH (4) ▼
Téirigh ar láíocht leis. 'Sé an beart is fhearr é sílim. Ní bhréagfaidh tú go deo é le drochmhúineadh
Ba mhaith spadhartha an mac é tamall, ach chuaigh sé ar mhíneadas ó thit an aois air. Ní mhaireann an rith maith don each i gcónaí, ar ndóigh
Tá sé ag dul ar fheabhas — tá sé ag dul chun feabhais
Nuair a théas sí ar bheagán (toitíní) ní thairgíonn sí d'aon dhuine iad — nuair a bhíos a lastas toitíní ídithe go dtí beagán, ní thugann sí d'aon duine iad
+
Ní dhéanfaidh tú le spreacadh é. Ní mór a dhul ar stuaim leis an mbuachaill seo. Cén chaoi ar lúb sé chomh mór sin é?
Téirigh ar stuaim leis. Is fearr stuaim ná neart
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh tú a dhul ar stuaim le bean chomh maith le chuile shórt eile. Má bhíonn tú danra léithe, ní bhainfidh tú ceart ar bith di
Rinne sé obair shlachtmhar an fhad is a chaith sé leis, ach ar an dá luath ar thosaigh sé ag dul ar éascaíocht, níor chuir sé cuma na muice air uaidh sin amach. Ag santú an airgid a bhí sé
Is maolscríobach an chaoi a chuir sé ar an gcruaich sin. Chuaigh sé ar éascaíocht léithe
+
Téann sé ag an aifreann chuile mhaidin ó phós sé. Tá sé ag dul ar naomhaíocht ar fad anois, murab í an bhean a d'athraigh é
Fear ar bith nach bhfuil aon bhuille oibre aige, ní bheadh beart ar bith ab fhearr dó ná fáscadh suas go Baile Átha Cliath agus a dhul ar ghadaíocht ann. Níl a fhios céard atá daoine a bhailiú ann le goid. Bíonn na páipéir fré chéile faoi laethantaí
TUILLEADH (4) ▼
Má théann tú ar chneámhaireacht ná ar imeartas anois, is maith gasta a ghabhfas do láimh i bpaca anseo
Shílfeá go bhfuil an bocaileá seo thíos ag dul ar sceaimhínteacht ar fad. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcónaí nuair a éiríos an t-ól i stuaic na mbacach
Éirigh as an gcaint sin anois. Is mór an ghráin é seo thall má théann sé ar gháirsiúlacht, agus ní mórán tsiocair a bhíos uaidh
Chuaigh mé ar cheilt as éadan i ndeireadh na hoíche, agus diabhal duine ná deoraí a bhraith mé ina dhiaidh sin
+
Gabhfaidh mé ar ghréasaíocht anois scaitheamh ó tháinig an lá fliuch. Tá cupla péire seanbhróg ansin a dteastódh caoi go géar uathu
D'éirigh sé as an scoil ar fad agus chuaigh sé ar thalmhaíocht. Deir sé féin gur mó atá dhá bharr aige ná de bharr na scoile
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé suas an talamh ar fad agus chuaigh sé ar shiúinéireacht. Tá sé ag fáil cuimse tráchta
Ó tharla an mhóin a bheith craptha, rachaidh mé ar iascach anois scaitheamh
+
D'éirigh sé as an ropaireacht ansin agus chuaigh sé ar chaitheamh na gcloch. D'éirigh Dia le S. nár dhonaigh sé é. Chuaigh cupla liagán réasúnta amach leis an gcluais aige — thosaigh sé ag caitheamh cloch; d'áitigh air ag caitheamh cloch
Nuair a théas sé ar ithe na bhfataí, is deacair a dhóthain a thabhairt dó
TUILLEADH (16) ▼
Shuigh sé síos agus chuaigh sé ar ithe na feola nó gur ith sé díol deichniúr di
Má théann sé seo ar imirt chártaí, ní éireoidh sé astu go maidin
Má théann tú ar ól an phoitín anois ní maith an dóigh dhuit é. Tá a gceart againn cheana. Níl aon mhaith dhúinn ionlaos phocaide a bheith ina (ár) mbolg ag dul abhaile
Má théann fear an chúinne ar rá an phaidrín, déanfaidh sé rann di mar a rinne Áine den fhaoistin. Ní bheidh deireadh leis go maidin
Chuaigh siad ar chur na bhfataí ansin, ach ní raibh dhá iomaire curtha acu tráthnóna
Má ghabhann tú ar dheasú an bhicycle, ní bheidh críochnaithe dhíot go mbeidh an dubh ar an oíche
Nach mb'fhearr dhúinn a dhul ar leagan na mbruachannaí anois. Ní bheidh siad romhainn
Tá sé luath fós a dhul ar bhaint an choirce. Is beag le i ndéis atá sé fós
Théis a (ár) ndinnéir, ghabhamar ar scaradh na feamainne agus ní mó ná réidh a bhí muid tráthnóna deireanach
Dhá dtéadh sibh ar cháitheadh an ghráinne coirce sin nuair a d'éirigh an bruíos (breeze), bheadh sé dhaoibh anois agaibh, ach tá sibh an-tsiléigeach
Dhá dtéidís ar bhaint na móna an uair sin, bheadh sí tirim anois. Bhí breith ar an lánú. Is minic ariamh nár lánaigh muid iad go mbeadh an Bhealtaine amuigh, agus níor dhonaide sin muid
Má théimse ar bhualadh an mhuintir anoir, beidh cuimhne air, beidh sin
Faigh leat anois! Cuirfidh mé geall leat go ngabhfaidh sé ar ghearradh fiacal le neart drochmhúineadh
Níl gnaithe ar bith agat a dhul ar léamh an pháipéir anois. Beidh breith mhaith agat air sin. Téirigh i gcoinne na mbeithíoch i dtosach
Ní bheadh ann ach diomalú dhom a dhul ar bhiorú claíochaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithíoch a ghabhfas i mbradaíl. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir
Chuile uair dhá dtéinn ar ardú na cloiche, theagadh driog ansin in mo ghualainn. B'éigean dom ligean di as a dheireadh
+
Chuaigh sé ar a dhícheall leis an gcloch a bhriseadh — thosaigh sé ag déanamh a dhíchill
Má théann tú ar do mhine ghéire, beidh sé réidh agat tráthnóna
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dtéinn ar mo neart ar fad, thabharfainn talamh dhó sílim, ach ní dheachas
+
Chuaigh sé ar a dhíocas ceart ina héadan — fear ag dul ag obair go dúthrachtach; fear in éadan mná; tarbh in éadan bó a bheadh faoi dháir srl.
Má théann sé siúd ar a dhíocas in éadan na gcloch, réiteoidh sé an chora sin thíos ag an gcladach, ní áirím clochairín den tsórt sin
TUILLEADH (2) ▼
Níl rud ar bith dá mbíonn sé a dhéanamh nach dtéann sé ar a dhíocas leis, más ag feadaíl féin é
Chuaigh sé ar a mhiotal ina éadan — chomh maith agus a bhí sé in ann; an oiread is a bhí sé in ann a dhéanamh
·
Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh mé a thabhairt leis, ach ní rachainn — chuaigh sé géar orm; bhí sé in m'éadan ar feadh i bhfad do m'iarraidh
+
Gabhfaidh sé ar triomach anois, agus cí Dia go bhfuil sé ina am sin aige — tiocfaidh triomach anois. Stopfaidh an drochuair
Chaith sé go leor báistí as gaoith aniar, agus chuaigh sé ar shioc ansin
TUILLEADH (11) ▼
Tá sé ag dul ar chlaochmú déarfainn. Más ea féin, ní dhéanfaidh an tuairt shneachta sin lá dochair
Is cosúil le uair í a bheadh ag brath air a dhul ar ghairfean. Nár chónaí sí go dté, le faitíos nach bhfuair muid a (ár) ndóthain gairfin le bliain! Ní fhéadfadh sé an ana sin féin a thabhairt uaidh faoi shásamh
B'aisteach an bhliain í sin. Bhí spalpadh ann ó Lá Bealtaine go dtí Lá Fhéil Shan Seáin, agus chuaigh sé ar ghála ansin: gaotalach bhradach as gaoith aniar aduaidh. Bhí garraí an tS. curtha agam faoi fhataí an bhliain chéanna, agus ní raibh barrann ag gabháil leis nach raibh scortha an chéad tseachtain de July
Dhá dtéadh sé ar ghlasreo beag seaca anois — glasreo beag mín — b'fhearrde an uair é thálta (ó tharla) nach bhféadfadh sé aon dochar a dhéanamh
Ná bac le bliain ar bith a bhfeicfidh tú ag dul ar shioc faoi Bhealtaine é. Tá maith na bliana sin ar iarraidh. Níl a fhios agam nach mb'fhéidir go srianfadh an cur óg thríd, ach tá an seanchur dóite ar fad áit ar bith a raibh sé thrí thalamh
Níl a fhios agam nach oíche í atá ag dul ar bháistigh. Is furasta a aithinte. Bhí an lá inniu ag tarraingt ar fad
Tá sé ag dul ar ghaoith aneas. Sin claochmú go siúráilte. Má ghníonn sé báisteach aisti seo, ní fheicfidh tú oiread agus puintín bioráin den tsneachta ar an talamh an t-am seo amárach
Is geall le lá é a ghabhfadh ar thoirneach. Tá na cupla lá seo anois an-mharbhánta, an-uaibhreach
Ní thaitníonn liom é a dhul ar na soinneáin seo aríst. Shílfeá go raibh aitealla breá aige le scaitheamh, ach níl an stoirm caite fós
Shíl mé nach rachadh sé ar na séideogaí seo aríst go ceann tamaill. Ach bhí saighneáin ann ar ball, agus tá sé ag caitheamh corrscail feothain. Tabharfaidh sé an ghealach seo uaidh anois. Cáid go mbeidh sí caite. Níor cheart di mórán achair a bheith uirthi anois. Ní raibh ann ach tóinghealach trí nó ceathair d'oícheantaí ó shin nuair a d'éirigh mé ag breathnú ar an mbó
Is diachta dhó nach ngabhfadh ar aimsir bhreá feasta. Tá sé ar an uair mhóir seo anois sách fada, ní ag ceasacht ar Dhia é
2.
a.
+
Bhí dul orthu; bhí ag dul orthu — bhí bua dhá bhreith orthu; bhíodar dhá gcloí
Tá ag dul ort a mhic ó. Níl tú in ann ag an bhfeoil chapaill. Má tá sí righin féin, chuirfeadh sleádóir maith aníos í. Sin iad na mná anois agat. Tá tú sceite ar fad orthu
TUILLEADH (7) ▼
Tá faitíos orm go bhfuil dul air. Ní dhéanfaidh sé aon chúis anois. Tá an iomarca aois air, ar aon chor
Ceal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, théis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agat air puca dhíot, déanfaidh sin
Bhí ag dul ar na báireoirí s'againne go dtí an leathuair deiridh, ach ansin bheoigh siad suas; agus bhuail siad an dream eile
Chreidim go bhfuil ag dul ar na Gearmánaigh bochta. Diabhal neart acu air. Is mór an seasamh acu é agus iad fréna chéile ina n-éadan. Ach níl tada le reic ag na Sasanaigh ná na Meiriceánaigh fós, léar (de réir) mar a chloisim
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaigheadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaigh i muinín mo chroí agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar i ndiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaigh seisean tharam amach de rite reathach. Níor liom féin ab fhaillí é. Tarraingím mo sheanchic air — isteach ansin ar an gceathrú …
Tá ag dul orainn sa gcluiche seo. Bioraigh amach. Níl muid ach deich agus tá siad seo eile fiche. Caith cíonán astu thú féin
Bhí ag dul ormsa nó go raibh seisean chúig cinn déag. Ansin fuair mise láimh istigh, agus ní dheachaigh mo láimh amach aríst gur rinne (go ndearna) mé sé cinn déag aisti. Ghnóthaigh mé air ina dhiaidh sin (báire binne)
+
B'fhada an scaitheamh go raibh dul againn ar an mbeirt eile — gur bhuachamar orthu; go raibh siad buailte againn
Níl aon dul aige ar mo mhadadhsa fós, má tá sé in íochtar féin. Fág ina chéile iad go ceann scaithimh eile
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh an bheirt ag coraíocht ó shin, ní bheadh dul ag ceachtar acu ar an gceann eile
B'fhada an t-achar a bhí siad ag bocsáil shul má bhí dul ag S. ar T. an T. Ach níor sheas an anáil do T. Ba geall le tarbh é sa deireadh leis an séideán a bhí ann
Bhí dul ag Céatach ar chuile ghaiscíoch dhár casadh leis ariamh
Murach an buille feill ní bheadh aon dul aige orm ó shin, ach is furasta do dhuine dul a bheith aige ar dhuine eile má dhonaíonn sé ar an gcaoi sin é
Diabhal dul ag an gcú ar an ngiorria fós, théis an choráil atá aici air. Má bheireann sé soir ar na heascaíochaí, beidh sí as
Is maith an tamall de lá a chaith an easóig leis an gcoinín shula bhí dul aici air. Ach chniog sí é sa deireadh ina dhiaidh sin. Fágann sí an coinín ag tabhairt na gcor i gcónaí, dhá gcaitheadh sí lá fada samhraidh leis
Ba snámhóir thar cionn é, ach bhí dul ag an bhfarraige air ina dhiaidh sin. Nach iomaí geábh mór a shnámh sé ariamh go ndéana Dia grásta air!
Tá scráibneart ann gan bhréag ar bith, ach tá dul ag fear na háite thiar air mar sin féin. Is diabhlaí an fathach é an fear thiar. Corránach ceart d'fhear é
+
Beidh dul againn orthu má ghlacann muid stuaim leo agus gan muid féin a mharú sa gcéad leathuair. Sin é an rud a d'fhága dul acu sin ar mhuintir Mh. Dé Domhnaigh seo caite. Ná bíodh scáth ar bith oraibh a dhul fúthu, agus fanaíodh chuile dhuine ar a thaighríocht féin. Níl aon mhaith a bheith ag leanacht na liathróide ar fud an páirce. Diabhal a dhath
Tá dul agam ort anois dhá fhad go dtí é. Tabharfaidh mé fút garbh anois é. Iarr pardún nó cniogfaidh mé thú. Seo, iarr pardún
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhí dul ag an ngaiscíoch ar an bhfathach, d'iarr an fathach cara agus coimrí air. 'A ghaiscígh is fhearr dhár rugadh ariamh,' adeir sé, 'lig mo cheann agus mo chamán beatha liom agus tabharfaidh mé dhuit a bhfuil tú a iarraidh'
b.
+
Tá tú ag iarraidh a dhul orm — tá tú ag iarraidh a dhul i scath leith orm; tá tú ag iarraidh a dhul i gcois dá leith orm; ag iarraidh imeartas orm; a dhul ag séideadh fúm, nó ag magadh fúm
Chuaigh sí air ceart má chreid sé é sin. Diabhal bréag nach ndeachaigh
TUILLEADH (4) ▼
Is maith an t-údar thú go dtugann tú cead do chuile dhuine a dhul ort agus amadáinín a dhéanamh dhíot mar sin. Nach raibh a fhios agat nach raibh sé ach ag iarraidh a raibh agat a mhealladh uait
Is maith éasca a rachadh sé sin suas ar dhuine dhá dtugadh sé aon aird air. Tá sé sin chomh críonna le na luchain agus chomh himeartha le fear na méaracán
Is maith nach mór duit a bheith ar do mhaidí nó gabhfaidh an dream sin suas ort. Is cuma leo sin é ach bearradh a bhaint díot, agus cead an diabhail a bheith agat ansin. Tá seanaithne agamsa orthu sin
Ní hé is measa ach thú fhéin a thug cead dó a dhul ort. Is beag dhá chuid cluanaíocht sin an obair sin. Ní mór dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin más leat cor ar an gcor a thabhairt dó sin
3.
+
Chuaigh sé uirthi — rinne sé í; rinne sé comhriachtain le bean
Tá sé ag dul uirthi istigh
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé a dhul (suas) uirthi as cosa i dtaca
Ní dheachaigh sé sin ar aon bhean ariamh
·
Chuaigh sé ar an gcraiceann aici — chuaigh sé uirthi
Is maith gasta a ghabhfadh sé sin ar an gcraiceann aici anois dá bhfaigheadh sé ugach ar bith
4.
a.
+
Chuaigh deich gclocha airsean, ach ormsa a chuaigh an dá chéad. Níor tholgán ar bith dhom a iompar dhá mbeadh aon deis agam air, ach ní raibh. Fear sioncaithe (seangaithe) a bhí ionam agus mé sa mbaile
Chuaigh tromlach an ualaigh ar mo chapallsa, agus má chuaigh féin, is uirthi nach raibh an mhairg a iompar
TUILLEADH (3) ▼
Téann tonna go leith uirthi chuile lá a mbíonn sé i nG. ag carraeireacht, ainneoin nach bhfaigheann sí le n-ithe uaidh ach cuid an bheagáin
"Chuaigh hochtar agus seacht gcéad de mhaoil ar an gceasach" (as seanscéal. Ní dheachaigh de mhaolóig ar an lucht móna ach dhá ualach)
Chuaigh trí troithe d'airde ar an mballa sin ó chonaic tú cheana é — cuireadh
+
Níl a fhios agam nach dteastaíonn an ola (dhéanach) a dhul air
Chuaigh an ola ar L. inniu — cuireadh an ola air
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr an ola a dhul air sílim
b.
+
Chuaigh dlí air faoi — cuireadh dlí air i ngeall air
Chuaigh athchúirt air — cuireadh ar athchúirt é
TUILLEADH (11) ▼
Gabhfaidh traíáil (trial) eile aríst air
Rachadh chúig phunt air murach a raibh de charaideachaí aige. Ach deir siad gur fearr caraid sa gcúirt ná bonn sa sparán
Ní dheachaigh air ach punt. Ar chuala tú a leithide de scéal ariamh? Ní fhaca mé fear poitín ag teacht amach ariamh chomh saor sin
Gabhfaidh príosún air go siúráilte, agus má théann féin, is beag an scéal é
Ghabhfadh bliain air murach an chaoi ar labhair oifigeach na bpóilíos, agus ar dhúirt sé nach raibh aon duine ina dhiaidh sa mbaile agus go mba bean fheiliúnach í an bhean
Chuaigh príosún lena ló air ach is maith a chuaigh sé as nár cuireadh dhá chois é. 'Sé Dia féin a bhí ina fhabhar agus an chaoi ar tugadh ón gcroich é. Bhí an chnáib bealaithe acu dhó
M'anam go ndeachaigh a cheart air má chuaigh dhá phunt air. Deamhan luach dhá phunt a bhí foghlaithe ariamh ag a chuid beithíoch ann
Chuaigh rud eicínt le cois deich bpunt orm le chuile chostas a chomhaireamh. Ba daor an buille é, ach diabhal mé go raibh a shásamh agam ina dhiaidh sin
Meas tú an ngabhfaidh faice air. Sílimse nach gcaithfear chor ar bith é: gurb é an ceann eile a chaithfear
Níl aon chúirt dhá mbíonn thoir ansin nach dtéann rud eicínt air, agus ní féidir a chomhairleachan ina dhiaidh sin
Chuaigh do dhíol ort a dhuine bhoicht, dhá mbeadh neart air, ach sin é an dlí i gcónaí
+
Chuaigh an deoch ormsa — b'éigean domsa deoch a ghlaoch nó a íoc
Bhí siad fhéin ag comórtas le chéile ach chuaigh an deoch orm féin as a dheireadh
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agam féin leisce na bréige, an ag ealaín a bhí sé, nó an raibh sé ar meisce dháiríre, ach tá a fhios agam ar chaoi ar bith go ndeachaigh a chion den bhus ormsa — díolaíocht
Le scéal fada a dhéanamh gearr, chuaigh an costas uilig ormsa. Pé ar bith cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é, arsa tusa
Cé air a ndeachaigh an carr. Ormsa. Deile. Síleann siad seo eile go bhfuair mise ciste in áit eicínt: nach bhfuil tús ná deireadh le mo chuid airgid — mise ab éigean an carr a íoc
Gabhfaidh luach an bhéilí anois air nó is cinniúint orainne é. Is beag a aireos sé é. Tá dalladh airgid aige
Chuaigh an crann ormsa — is mise a bhí leis an rud a dhéanamh, nó is mise a chaill an chreach srl.
+
Is daor a chuaigh an troid orm
Chuaigh an litir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú litir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh an craiceann daor go leor air: trí bliana i bpríosún. Fuaróidh sé tamall dhá uireasa anois muis
Má chaitheann tú an chloch sin, gabhfaidh sí daor ort
+
Chuaigh an milleán uilig air, théis nach ndearna sé tada
Gabhfaidh an locht ar fad ar Sheáinín. Tá a fhios acu go bhfuil sé an-ábhailleach
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh éagóir air. Ní raibh aon láimh aige ariamh ann — rinneadh éagóir air; dúradh rud leis san éagóir
Téann an trom trom air i gcónaí faoi chuile ní — an milleán
Téann an milleán air go minic agus gan é tuillte aige
c.
+
Chuaigh faitíos air — cuireadh faitíos air; chonaic sé rud eicínt ab údar faitíos dó
Chuaigh faitíos ormsa cheana san áit cheannann chéanna sin. Oíche dhá raibh mé ag teacht ó chuairt …
TUILLEADH (4) ▼
An uair deiridh a raibh sé anseo chuaigh faitíos air. Fuagraíodh air dá gcloistí ag glaomaireacht sna bólaí seo aríst é, go mbeadh scéal aige air
Gabhfaidh scanradh ar chapall Sh. má fheiceann sí an streachlán d'fhear bréige sin ar shúil an bhóithrín roimpi. Deasaigh isteach píosa eile sa ngort é
Chuaigh scanradh orm nuair a chuala mé an gleo go mb'fhéidir go mba í an óinsiúlacht a bhí dhá bhualadh seo thíos aríst
Rachaidh scáth air má fheiceann sé an triúr agaibh, agus ní thiocfaidh sé isteach
+
Chuaigh olc air inniu. Ní thaobhóidh sé muid aríst go ceann tamaill
Níl aon uair san aer dhá dteagann sé ag cuartaíocht anseo nach dtéann fearg air. Tosaíonn na gearrbhodaigh ag sáraíocht leis
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh múisiam eicínt air muis agus é a theacht abhaile chomh luath seo. Meán oíche na gcártaí a am chuile oíche
Fuaidh scothas air agus gan é a dhul go teach
Chuaigh buile orm nuair a chonaic mé an cleas a bhí sé a dhéanamh
+
Chuaigh codladh air le buille an oíche cheana. Bhí a raibh sa teach briste aige
Chuaigh fonn air imeacht leis an gcoiriúint a rinneadh ar an dream thiar. Murach sin, ba libh é go maidin — tháinig fonn imeachta air de bharr nár thaitnigh an chaint leis
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh náire air nuair a chonaic sé an mháthair ag dul i gcoinne na bhfataí agus ghread leis é féin ann
Ní dheachaigh aon aiféala air ariamh nó go bhfaca sé mise dhá hardú liom. Ansin a bhí sé líofa ceart ag a dhul in éindí léithe
Chuaigh imní orm faoi nach raibh sé ag teacht agus é an seacht a chlog
+
Ní dheachaigh aird ar bith air ann — níor tugadh aon aird air; níor cuireadh aon chomaoin air
Ní ghabhfadh aon araoid ar dhuine ann, dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ann, ach é féin a bheith lách feiliúnach. Ach ní hé chuile dhuine atá mar sin
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh mo dhóthain araoide orm; clocha a chaitheamh liom
Mura ndeachaigh aon araoid orm, ní dheachaigh aon chomaoin orm ach an oiread
Gabhfaidh comaoin ort má théann tú isteach chuig T. Mhac C.
+
Chuaigh iallach air an liathróid a thabhairt ar ais — cuireadh faoi ndeara dhó srl.
Tá an scéal ceart mura dté iallach air a dhul ag an scoil aríst. Tá siad ag rá nach bhfuil sé cheithre bliana déag fós
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh fainic eicínt air nuair nach bhfuil sé dhá tógáil inniu
Dhá dtéadh parúl faoi chéad air gan labhairt ar rud, is aon mhaith amháin é ina dhiaidh sin. Labharfaidh sé air, is cuma cén parúl a ghabhfas air
Chuaigh aithne air gan aon cheo a thabhairt le n-ithe don bhó, ach ar ndóigh mo chreach, ní raibh sí ina bolgán béice ariamh go dtí an oíche sin le féar tirim. Bhí a shliocht air: bhí sé gan bó faoi cheann trí lá
+
Chuaigh tuairisc air — cuireadh tuairisc faoi
Chuaigh fiafraí air, ach má chuaigh féin, chinn orthu a chiontú
TUILLEADH (11) ▼
Gabhfaidh fairnéis ar na caoirigh sin, feicfidh tú féin — cuirfear a dtuairisc; tórófar iad
Goideadh rud eicínt den bhóthar an tseachtain seo caite agus tá fairnéis ag dul air ó shin. D'fheicfeá na póilíos ag smúrthacht leo ansin i gcónaí
Chuaigh fios ar an athair ach bhí sí básaithe roimhe — cuireadh fios air
An ndeachaigh fios ar an gceap fós. Nach righin sibh
Tá sé thar am fios a dhul ar an sagart dó sin. Nach bhfeiceann sibh go bhfuil sé ar na preaba deireanacha
Ní dheachaigh aon fhios ar thobac dhom fós. An síleann sibh go dtroiscfidh mé go maidin
Téadh fios ar na póilíos ar an bpointe. Tá saochan air. Nach bhfeiceann tú chomh glórach agus atá na súile aige
Ní dheachaigh aon éileamh ar an gcíos fós ach is gearr go dté anois
Ní fhaca mé go ndeachaigh éileamh ar bith ar mhadraí i mbliana ach tiocfaidh sé orainn de sciotán lá eicínt
An ndeachaigh aon ghlaoch ar Sheán agá n-a dhinnéar fós. Tá an dó dhéag bainte aige
Téadh glaoch air go beo. Tá an bhodóig dhá báthadh i gclaise an tsrutha
+
Chuaigh drochbhail air seo thíos tigh J. aréir. Bhí sé le buile agus le báine — cuireadh drochbhail air
Gabhfaidh drochbhail air sa gcúirt mura socraí siad roimh ré é
TUILLEADH (3) ▼
Téann droch-chaoi air oíche ar bith dhá dteagann sé ar cuairt ann, agus ina dhiaidh sin féin, ní beo é gan a theacht — déantar bothae nó dóigh mhagaidh dhe
Chuaigh droch-chaoi air aréir. Síneadh i lár an tí é agus chuaigh a raibh ann ina mhullach
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé
+
Chuaigh dubhchomaoin air i gC. inné. Casadh isteach tigh Dh. na hA é agus fuair sé bia agus deoch gan cuntas ann.
Ghabhfadh comaoin orm dhá bhfanainn agus níor thráth moille é i bhfad ó bhaile
TUILLEADH (2) ▼
Níl baol ar bith nach rachadh fáilte romham dhá dtéinn isteach ann, ach céard a bhéarfadh isteach ann mé ach an oiread le scéal
Gabhfaidh fáilte roimhe sin go maith. Ach tuige nach ngabhfadh: fear ar fónamh. Go bhféacha Dia ar na scráibíní!
+
Ghabhfadh caoi air ach bhí muid dhá fhágáil ag ceapadh go saoirseodh rudaí faoi cheann scaithimh — cuirfí deis air; dheasófaí é
An ndeachaigh aon chaoi ar an gclog fós? Ar ndóigh mo léan ní dheachaigh
TUILLEADH (4) ▼
Ní ghabhfadh aon chaoi ar an teach go deo murach an iníon a theacht abhaile
Feicim nach ndeachaigh aon deis ar an talamh fós, agus beidh sé mar sin
Ní dheachaigh aon chuma déanta ar an teach sin chor ar bith
Is dona an déanamh a ghabh (chuaigh) ar an gcruach mhóna sin
+
Rinne sé é, mura bréaga a chuaigh air — murar cuireadh bréaga air
Is furasta le bréaga a dhul ar dhuine. Bíonn dream sa bhfaire ort i gcónaí, agus rud ar bith a fheicfeas siad, cuirfidh siad a seacht n-oiread air
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh bréaga ar an mbean sin, agus an dream a chuir uirthi iad, ní maith a chuaigh siad dóibh — ní maith sin
Chuaigh eascainí air — cuireadh eascainí air
Is minic a théas droch-cháil ar dhuine ar bheagán údair

Féach freisin

ar