dóthain
—ainmfhocal, baineann
—dóthain agus sáith: dóthain an gnáthfhocal thríd iarthar na Gaillimhe thríd is thríd, cé is moite de Dhúiche Sheoigheach. Ó Ghaillimh go hUachtar Ard tá siad tuairim leath is leath, ach is coitianta sáith ná dóthain i logáin ansin. Sáith an gnáthfhocal ar an Achréidh, ach tuigtear é agus baintear leas as ar fud na Gaillimhe ar fad. Cuirtear díol i leaba sáith nó dóthain i ngach uile áit (fc. díol). Gach sampla mórán dá bhfuil faoi díol is féidir dóthain a chur i leaba díol ann, cé is moite de díol trua, díol magaidh agus a leithidí
—
sáith, díol, riar do cháis, díol do fhreastail, an oiread is a dhéanfadh thú díreach.
a.
+–
Níl leath do dhóthain agat
Tá a sheacht ndóthain aige
TUILLEADH (21) ▼
Is fada ó do dhóthain fós thú
Is beag le mo dhóthain atá agam
Níl do dhóthain agat — tada leis
Dá n-éiríodh cluiche eile mar sin linn, chuirfeadh sé go dtí ar ndóthain muid (fc. samplaí díol)
Sin é do dhóthain (fc. díol)
Tá mé gar go leor do mo dhóthain anois
Is beag é mo dhóthain
Dá laghad é a dhóthain ní fhaigheann sé é
Tá mo dhóthain féin ann agus dóthain an chapaill. Sin é ar chuir mise d' fhataí síos. Má tá fataí ag teastáil ó aon duine eile cuireadh sé síos iad
Tá móin a ndóthain acu — tá a ndóthain móna acu
Gheobhaidh sé airgead a dhóthain thall ansiúd
Beidh cead siúil a dhóthain ansiúd aici
Níl a dhóthain achrainn faighte fós aige
Fuair sé a dhóthain talúna lena bhean
Tá a dhóthain óil aige — é óltach
Tá fataí a dhóthain aige
Tá dóthain na coise tinne againn (fc. díol)
Tá dóthain triúr agat.
Bhí dóthain cúigear d'iasc ina mhínis (fhianais)
Tá dóthain dháréag de chaint aici. Níor miste gobán a chur inti
'Sí dóthain fear ar bith de bhean í
+–
Tá do dhóthain mhór agat anois — tá do dhóthain agat agus lena chois
Thug mé a dhóthain mhór airgid dó ag imeacht, más é a chaitheamh nó a chailleadh a rinne sé. Pé ar bith cén bhail a chuir sé air ar aon chor, ní raibh díol a fhreastail aige nuair a chuaigh an crú ar an tairne
TUILLEADH (2) ▼
Tá do dhóthain mhór coirce síl agat ansin le aghaidh an gharraí siúd. Dheamhan a fhios agamsa nach an iomarca atá agat. Ní hé an oiread sin a chuirfeas é dhuit
Bhí a dhóthain mhór glaomaireachta aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airíonn cuid ar a chéile acu an dream atá sna bólaí seo rómhacánta. Murach sin ba bheag é a gcuid glaomaireachta
+–
Tuige a dtiocfainn ar cuairt anseo. D'fhan mé in mo dhóthain san áit a raibh mé
Cén chiall duit a bheith ag iarraidh imeacht? Cheal nach bhfanfá in do dhóthain, fhad is atá tú in do dhóthain. Ar ball a chaoinfeas tú é
TUILLEADH (4) ▼
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain murach an dlús a bhí liom thíos. Ní raibh aon bhreith agam ar an áit thíos
Breá nár fhan sí ina dóthain lá is gur chas Dia ina dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ró-aerach agus an iomarca fonn amach uirthi. Sin é a d'fhága a cosa nite
D'fhága mise ina dhóthain é, fanadh sé ann nó ná fanadh. Ach is dóigh ar nós chuile shórt eile, go mbuailfidh uabhar é agus go ngráineoidh sé ar an áit a bhfuil sé
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé chuile dhuine den chlainn ina ndóthain. Ach scaip cuid acu é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthaigh. Tá sé sin anois chuile orlach chomh deisiúil agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin, is maith an oidhe air é
b.
+–
Gheobhaidh sé a dhóthain den obair fós — tá sé líofa ag obair, ach tiocfaidh an t-am a mbeidh sé bréan di, de bharr an iomarca di a dhéanamh. (Gheobhaidh sé a dhóthain oibre — an oiread is go bhféadfaidh sé a dhóthain airgid a shaothrú)
Fuair sé a dhóthain den fharraige
TUILLEADH (5) ▼
Fuair sé a dhóthain den talamh — an oiread is gur éirigh sé as an talmhaíocht ar fad, agus go ndeachaigh sé ag obair i nG. as a dheireadh
Tá a dhóthain go maith den tuíodóireacht aige anois — tá sé bréan den obair sin, de bharr a bhfuil déanta aige di
Tá a dhóthain den ól aige — é bréan de
Fuair sé a dhóthain go binn den troid
Ní bhfuair an t-asal a dhóthain den mhadadh fós
+–
Beidh a dhóthain le déanamh aige agus é a bhualadh freisin
Beidh a ndóthain le déanamh acu agus an garraí a bheith curtha acu faoi cheann seachtaine
TUILLEADH (6) ▼
Tabharfaidh sé a dhóthain le déanamh dhó agus srianadh siar
Thug sé a ndóthain le déanamh don chúigear acu é a cheansú
Bheadh ár ndóthain le déanamh ag an triúr againn a raibh ann a bhualadh, murach gur casadh cúnamh chugainn
Gheobhaidh sí a dóthain agus thú a aithneachtáil
Fuair sé a dhóthain agus a bhealach a dhéanamh abhaile
Faigheann sé a dhóthain agus a bhróga a dhúnadh, tá sé chomh hotraithe sin
Féach freisin
dóthain in iontrálacha eile (92)
→
daidhce
Daidhce air nó dhó (dhe) anois, caithfidh sé imeacht. Tá a (ár) ndóthain againn cheana, slán a bheas siad, agus gan a dhul ag beathú bromaire atá in ann a chuid féin a shaothrú
→
dáil
Cuirfidh an t-airgead sin anois i ndáil le go dtí n-a dhóthain é, ach is deacair é siúd a chur go dtí n-a dhóthain. Tá an drabhlás mór ann
→
dall 3
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mura bhfuil a dhóthain sa méid sin
→
dallacar
Níor shéid aon oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta chuile phointe, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
→
dán
Tiocfaidh fear eicínt fós a chailín ó, agus fáiscfidh sé dán ort, agus éireoidh tú as an gceird sin an uair sin, mar beidh do dhóthain ar t'aire dhá uireasa
+
→
deachma
Tá a dóthain aici thar an ngeospailín siúd. Ní aireodh sí ar iarraidh é an áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon nós, ní dhéanfaidh sé aon bhiseach go brách ach ina chrabadáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfadh sí é siúd a thabhairt don deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Sin í anois an chreach roinnte (conách iascaigh), cé is moite den dá bhod ghorma seo agus ní ghlacfaidh an cat féin iad. Tá ár ndóthain againn le tabhairt dó dhá bhfuireasa. Bíodh acu. Tá rud eicínt ag teastáil ón deachma. Caithfidh muid chuige iad. Caithfidh cheana. (Chaith siad uathu iad. Ní thabharfaidís abhaile iad)
→
dealaigh
Is deacair leis an gcasacht dealú leis. Tholg sé slaghdán cupla mí ó shin, agus ghreamaigh an chasacht dó ó shin. Shílfeá muis go bhfuil a dhóthain clúdaigh air, agus gur diachta di (don chasacht) greamú dó ar an gcaoi sin
→
dealg
Má tá a dhealg sáite ag an sáirsint ionat beidh sé ar siúl go deo go gcuire sé i dteannta thú. Sin é an sórt duine é. Tá an oirille ann. Féadfaidh daoine a rogha rud a dhéanamh ansin os comhair a dhá shúl, ach níl neart ag daoine eile an bóthar a shiúl nuair is mian leis iad a chur i bhfostós. Fuair mise mo dhóthain dó (de). Níl aon cheo dhá raibh ina chumhachta nach ndearna sé ormsa
→
déan 1
Gheobhaidh sé a dhóthain (a sháith, neart, cuid mhaith srl.) le déanamh agus a dhul go G. aríst choíchin. Níl a fhios agam céard adéarfainn leis ó tháinig ardú aríst air. Ní dea-chosúlacht ar bith é.
+
→
déan le
Níl mo dhóthain tobac ann amárach, hé brí céard a dhéanfas sé le mo dhóthain a bheith ann anocht
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sách mór léithe, lena pósadh — an uair sin go háirid. Bhí mo dhóthain aiféala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti ansin. Níl a fhios, adeir siad, cé is fhearr an luas nó an mhoill
→
déanta
Deir siad an dream atá ag imeacht sna báid aeir sin nach mbeadh luí ar bith acu le mótair ná le soithigh. Ní bheadh a ndóthain éascaíochta iontu dóibh. Chreidim gurb é an chaoi é, ó bheas duine déanta ar rud ar bith, nach mbíonn aon tsásamh aige ann dhá uireasa. Ní thuas iontu sin ab fhearr liom a bheith mar sin féin, agus gunnaí móra ag loscadh leat den talamh
→
dearg 1
Dar fia chaithfeadh sé nach raibh mórán meirse sa bpríosún air mar 'sé atá círíneach dearg ina dhiaidh. Fuair sé a dhóthain le n-ithe ar aon chor
→
déidín
Go sábhála Dia sinn: déidín tite aige. Má tá muise, is fear réidh é. Céard a d'éirigh dhó? Ar ndóigh ní hí an spalla a buaileadh air thoir anseo is ciontaí. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín titim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas anseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus ina dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thit aige. Murab in í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaiche aige siúd, deir siad
+
→
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
TUILLEADH (1) ▼
D'fuagair sé easnamh orm: an té a bheadh ag deilbh, agus dhá dteagadh duine isteach, d'fhuagródh an duine istigh 'mo chuid easnamh ort.' Dá mbeadh gan a dóthain snátha a bheith aici, bheadh easnamh uirthi
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agat feasta do dhóthain slaicht a bheith air. I nDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lú froigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agat. Is cuma é ach taobh na honóra a bheith go deas!
→
deoladh
Níl tada le tógáil ar ghasúir faoina ngoile. D'íosfaidís deoladh chuile ré solais. Sin é faisean aos óg. Ach shílfeá fir mhóra go n-íosfaidís a ndóthain — nó an oiread is go dtiocfaidís leis — go dtí am béilí aríst. Dar príosta is mó an ghoin atá ar na buachaillí óga seo agamsa anois, bail ó Dhia orthu, ná nuair a bhí siad ina ngasúir
+
→
dia 1
Tá Dia agus Muire ina cheann, agus sin é a dhóthain — duine a bhí leis fhéin
TUILLEADH (3) ▼
Ná raibh Dia leis anois mura bhfuair sé a dhóthain. Is fada aríst go dteaga sé feicfidh tú féin air! — rinneadh magadh nó fachnaoid faoi
Ná raibh Dia le tobac muise, mura bhfuil na daoine ag caitheamh a ndóthain dó!
Go deimhin is duine le Dia é mo dhuine bocht; sea sin. Níl leath a dhóthain guis ann
+
→
diaidh
Ní raibh a ndóthain acu féin leis an teach a chríochnú, ach chuir an deirfiúr siúd atá imithe ina dhiaidh, agus críochnaíodh ansin é. Chosain sé, idir chaon tsórt, trí chéad agus dá fhichead punt. Ba diabhaltaí an lab airgid é
TUILLEADH (4) ▼
Tá cuibhiúlacht mhór sna mná atá ann anois! Go bhféacha an tAthair Síoraí ort a mhic ó, níl ort ach breathnú i ndiaidh do ghualann ar dhuine acu agus tá sí agat ar sheol na braiche. Ach má chuireann sin an iomarca anró ort, níl call duit an oiread sin féin a dhéanamh ach fead a ligean. Sin é do dhóthain
Níl mo dhóthain lúid ionamsa feasta choíchin le dhul i ndiaidh capall agus carr. Tá sé in am ag duine agaibh féin anois a bheith in ann ceart a bhaint daob (díobh)
Níl a dhóthain aoise ag an stócach sin fós le dhul i ndiaidh capaill, dá mbeadh sí buille meargánta chor ar bith. Is beag an baol
Tá caitheamh i ndiaidh ag na daoine anois nár ól siad a ndóthain chomh uain is a bhí an t-ól saor. Ní fheicfidh tú an pionta anuas ar dhá phínn aríst go deo.
→
Diarmaid
Ní ghabhfainn isteach aríst ann dhá ndéanadh Dia Diarmaid díom. Fuair mise mo dhóthain den áit sin. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air, adeir siad
+
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
TUILLEADH (1) ▼
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
→
dícheall
Cinnfidh sé air théis a dhíchill. Níl a dhóthain stuaim ann, agus tá sé ró-uafásach le rud ar bith. Ní mór leis a dhéanamh de rith is de léim
→
díleá
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
+
→
díol 2
An bhfuair tú do dhíol, do riar agus do dhóthain? — leagan atá i gcleas a dtugtar Díol an Choirce nó Faic air (fc. Obair agus Luadhainn — Ó Gaora lch 227-229)
TUILLEADH (3) ▼
Deamhan mórán le cois aige, ach go bhfuil díol a fhreastail aige, agus nach in é a dhóthain. Caitheamh agus fáil beatha na naomh adeir siad — riar a cháis; an oiread is a dhéanfadh cúis dó le maireachtáil, ach gan tada thairis a bheith aige
Má tá díol do fhreastail d'airgead agat, tá do dhóthain agat. Níl maith ar bith a bheith dhá chur sa stoca go ndéana sé caonach liath!
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil i chuile áit, agus go mba díon déirce leis bean ar bith a fháil sa deireadh, dhá mba iníon ceannaí reaigeannaí féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol brá gill air, le go mbeadh mná sna cosa in airde ina dhiaidh. Ach thug siad uileag fuath dhó hé brí cén fáth a bhí leis
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
+
→
diomdha
Níl aon mhaith dhúinn craos a dhéanamh. Tá ar ndóthain ólta againn. Má ólann muid níos mó, diomdha a bheas orainn ar maidin
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhóthain diomdha air anois faoi nár imigh sé an fhad is a bhí a dheis aige
M'anamsa ná raibh ag an diabhal mura n-éirí tú as do chuid dhíomhaointis, agus creachlaois eicínt a dhéanamh, go n-íocfaidh tú ann. Má tá maith i ndíomhaointeas, tá do dhóthain dó déanta agat le bliain. Ach níl aon mhaith agat ann mura mbeidh tú d'acht is go háirid in do chónaí
→
díon 1
Ar chuala tú faoin teach sin ar inis S. Ó. C. dúinn faoi sa scéal. Díon de chlúmhach na n-éan a bhí air. Dar mo choinsias muise, is fada go mbeadh dóthain tí de dhíon agat óna bhfuil d'éanlaith ar an mbaile seo anois. Dheamhan é go dtí Lá Philip an Chleite. B'fhéidir dá dtóraíodh duine brocachaí na sionnaigh go mba mhór an chúnamh dhó é. Is acu atá clúmhach an bhaile ar aon chor
Tá a dhóthain talúna faoin mac seo aniar. Ach ní bheadh sé ina mhac ag S. L. mura mbeadh sé diongbháilte. Ba suimiúil an giota fir é a athair fhéin, an fhad is bhí lúd corraí amach ann
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
Corraigh amach. Ní mór dúinn an easca a bheith bailithe againn shul má théann an ghealach faoi. Tá sí ag diúltú dá solas anois féin. Is contúirt é an criathrach seo le cíocraí agus caochphoill. Fuair mé mo dhóthain cheana dhó …
Íoc do chuid dliteanais agus ná bí ag tuilleamaí le aon duine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlí ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) sa deireadh. Tá a dhonacht féin sa dlí i gcónaí
→
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
Má tá muid cúng, níl muid doicheallach. Sin é a bhí J. Ph. A. a rá an oíche ar pósadh é. 'Brúigí isteach a fhearaibh. Má tá muid cúng, níl muid doicheallach.' Bhí an teach sách cúng gan dabht, ach m'anam go raibh a dhóthain fairsingeachta ann freisin dhá mbeadh aon cheo le cur ann. Fliuchadh a (ár) mbéil féin níor éirigh linn i gcaitheamh na hoíche. Ó dheamhan an striog!
+
→
dol 1
Mura bhfaigheann sé é ach ina dholaí beaga fhéin, tá páí sheasta dó, agus is mór is fiú dhó é sin. Bíonn sé gearr scaití is dóigh, ach cuireann cupla seachtain go dtí n-a dhóthain é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhain sé corrdhol astu (as na bradáin) anuraidh, ach ní mheasaim gur bhuail sé fúthu chor ar bith i mbliana. B'annamh leis, arsa tusa, ach déarfainn go bhfuil a dhóthain faighte aige den fhíoruisce. Tá sé ag fuasaoid scoilteachaí agus is beag an dochar dhó
→
dol 2
Cheal nach bhfuil do dhóthain ruóige agat le dul timpeall faoi dhó sa dol air. Mura bhfuil muise, beidh sé rólag; agus dheamhan fad méire eile faoi chaolachaí an tí
Leacachaí uileag atá in íochtar an bhaile. Níl a ndóthain de dhoimhne (domhain freisin) iontu le cur
→
Domhnach
Gheobhaidh tú do dhóthain gogaí (uibheachaí) an Domhnach seo chugainn: Domhnach Chásc. Tuige nach mbeadh prochógaí agaibh mar a bhíodh againne fadó. Bhíodh muid dhá gcruinneáil (uibheachaí) ar feadh coicíse roimh ré
→
donacht
Is furasta a aithinte ar dhonacht na mbeathach nach bhfuair siad a leath ndóthain. Féacha na beithígh atá ag P. Sciorrfá dóibh, tá siad chomh sleamhain sin — drochordú; gan aon tógáil
+
→
drabhlás
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roinnt leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná thartu. Agus bhíodh an oíche caite thar droim nuair a thaobhaíodh sé an teach san am a dtaobhaíodh sé é. Gan éirí go headarshuth ansin, agus beithígh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearaíochaí dó (de). Nach in é do dhóthain
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh sé a dhóthain den drabhlás shul má bheas sé réidh leis. Féachann sé an chuid is fhearr acu a mhicócaí (a mhic ó) mo chroí
Bhí a dhóthain drabhláis sa gcoca murach go ndearnadh plaicín ghabhair i dtosach dó (de). Ar ndóigh ní sheasfadh féar na hairí libhse. Agus a rá ansin mar dhóigh dhe nach raibh aon drabhlás sa gcoca. Chuirfeadh sibh duine thar bharr a chéille, le aird a thabhairt oraibh. 'Sibh a chuirfeadh
→
drámh
Tá siad féin íoctha go maith leis anois. Diabhal thiomanta fear ar an bhfeadhain acu nach bhfuil ag fáil a bheagán nó a mhórán pinsean. Ach orainne atá an drámh. D'ith siad agus d'ól siad a raibh againn, agus bhí a (ár) ndóthain boige shíne ionainne lena chaitheamh acu, mar dhóigh de go raibh muid ag déanamh leas don tír. Mo chreach an tír!
→
drantán
Lig de do chuid drantáin anois. Tá muid ag cloisteáil a (ár) ndóthain dhó sin, dhá mbeadh maith ann
→
dreach
Tá dreach uirthi (ar an bhfarraige) ceart go leor inniu, ach is dreach sách colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois san áit a bhfuil na P., i leaba a dhul ar an meath mhóir, séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (curach) chomh beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá drochghotha ar an lá agus an fharraige róghuagach ag curachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deireadh an lae ina ghairfean, agus ní éadáil mhór do churach gairfean a theacht uirthi leath cuain. Fuair mise mo dhóthain den cheird sin cheana an lá ar shéid sé ina ghaoith aduaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlódh muid lena (ár) marthain. Thug muid an eang linn míle buíochas le Dia,ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir
→
dreancán
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
+
→
droim
Oibríodh sé leis. Ní bhacfaidh muide é. Gheobhaidh sé a dhóthain talúna ar ball: leithead a dhroma mar a gheobhas muid uileag. Diabhal ionga eile
TUILLEADH (3) ▼
Tá ár ndóthain talúna againn. Cén ghnaithe a bheadh againn dó. Má fhaigheann muid leithead a (ár) ndroma dhe bíodh muid buíoch … i bhfad uainn an anachain is mór a bháitear nó a dhóitear
Tá fíogach caite thíos ar dhroim na trá agus é lofa. Bhí sé thoir sa bhfearsaid, ach d'ardaigh buachaill báire eicínt anoir é agus chaith sé i mbéal an tseoil i gcosán na ndaoine é le faitíos nach mbeadh a dhóthain boladh bréan uaidh san áit a raibh sé
Thug sé breith is dá roghain dom margadh a dhéanamh liom lena díol faoina droim nó a meáchan. Facthas dom nach raibh mé ag fáil mo dhóthain dhá shásamh leis an méid a bhí sé a thairiscint dom uirthi faoina droim agus thug muid isteach sa yard í gur mheáigh muid í. Seacht gclocha déag gan a dhath aige ná uaidh a bhí sí ar a cois. Déarfá nach raibh aon chailleadh uirthi ina muic
→
dualgas
Deile céard a dhéanfadh sé. Thug sé é sin de dhualgas leis. M. C. a bhí ansin thoir, sheas sé oíche i mB. théis aonach na Faiche. Chreidim go raibh a dhóthain ólta aige agus é ró-mhíchuibhiúil lena chuid airgid. Bhí athair an ghearrbhodaigh sin anois istigh ann. Chuaigh sé amach. D'éirigh an fear amach den mhóinín bán taobh thiar de tigh S. Th. E. agus M. C. ag dul siar ann. Thug sé snaidhm de mhaide dhó agus níor fhága sé pínn rua ag gabháil leis. Níl baol ar bith nach é a bhí ann
D'éireodh staic de bhradán leat le duántacht chomh réidh le bealach ar bith eile, dhá dtéiteá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde acu. Bíonn siad ró-uafásach. Ní mór leo a gcniogadh de rith is de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-éiríodh leat a dhéanamh
→
dubh 1
Dheamhan mo chos a chuaigh ann dubh ná dath. Ar ndóigh bhí a ndóthain ann de m'uireasa, go lige Dia slán na daoine
→
dubh 2
Dá mbeadh dubh na fríde eile ann, bheadh a dhóthain faid ann, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil. Nach in é anois an aimléis!
→
dúil
Dhá bhfeicinnse feoil a bheadh an-gheal, chuirfeadh sí col orm. Ba é mo dhóthain é le mo dhúil a bhaint as feoil go bhfeicinn suim aimsire aríst. Chaith mé dhá bhliain cheana gan oiread is a dhath feola a chur ar mo bhéal an áit a bhfaca mé muiceoil ag an teach uair …
→
dún
Beidh greadadh ionú agat. Nach mbeidh tú críochnaithe roimh dhúnadh na hoíche, agus nach in é do dhóthain. Is suarach an cheird do dhuine ar bith a dhul ag déanamh éagóir air fhéin ag obair d'antlachán mar sin. Ní thabharfadh sé uisce na bhfataí dhuit, ní hé amháin a mhalrait
→
dúrúch
Diabhal dúrúch go héag mar atá air! Dúrúch óil! Dhá gcloiseadh sé go mbeadh iarraidh fuisce déanta i mB. na gC., dheamhan méir a bhainfeadh sé dhá shrón go seasfadh sé thuas ann. Nach bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil sé má chloiseann sé go mbíonn aon deoir phoitín i dteach ar bith, go mbíonn sé ar siúl go bhfaighe sé leithscéal eicínt a dhul isteach ann. Nach in é do dhóthain.
→
dúshlán
Níl a dhóthain guis ann! Níl b'fhéidir. Is maith atá sé sách gusúil le dúshlán a mháthar a thabhairt uair ar bith dhá mbagraíonn sí air. Is beag dhá chuid cluanaíochta sin an tseafóid bheag sin
+
D'ith mé mo dhóthain agus mo mhórdhóthain. Leis an bhfírinne a dhéanamh tá sé chomh maith dhom a rá gur ith mé an oiread is a chuir ceas orm
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé a dhóthain agus a mhórdhóthain. Dúirt sé an oiread ar chaoi ar bith agus a fhóbair a raibh in éindí leis a chur in adhastar an anró, murach gur casadh caraid sa gcúirt againn — go lige Dia a shláinte dhó!
+
→
téigh ar
Nuair a bhí a (ár) ndóthain pórtair ólta againn, chuaigh muid ar phoitín, agus is beag bídeach nár chaill sé muid — athrú ó rud go dtí rud eile, nó tosaí ar rud
TUILLEADH (3) ▼
Nuair a théas sé ar ithe na bhfataí, is deacair a dhóthain a thabhairt dó
Is cosúil le uair í a bheadh ag brath air a dhul ar ghairfean. Nár chónaí sí go dté, le faitíos nach bhfuair muid a (ár) ndóthain gairfin le bliain! Ní fhéadfadh sé an ana sin féin a thabhairt uaidh faoi shásamh
Chuaigh mo dhóthain araoide orm; clocha a chaitheamh liom
→
téigh do
Chaith sé an tráthnóna ag dul do Sh. ag iarraidh é a ardú leis, ach ní chorródh S. a chois. Fuair sé a dhóthain den áit sin cheana. An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air adeir siad
+
→
téigh le
Ní liomsa a chuaigh tú. Dhá mba ea, ní thiocfá abhaile den aonach gan do dhóthain a bheith ólta agat. D'ól mé mo dhóthain agus thug Dia rud dom ina dhiaidh sin. Deir siad go dtugann sé do chroí a chaite é. Le muintir do mháthar atá tú ag dul. Ní fhaca mé ariamh iad nach ina gcreagairí a bheidís, ní fhaca sin
TUILLEADH (1) ▼
Má théann sé lena sheanathair, beidh a dhóthain cóirí catha aige ar chuma ar bith
Ní raibh ag dul síos linn an uair sin ach ceol agus spóirt agus mí-ádh. Dhá gcloiseadh muid go mbeadh damhsa áit ar bith idir seo agus U. níorbh fhéidir muid a choinneáil as. Nach é an cnáimh a lúb ó shin! Is furasta a (ár) ndóthain damhsa a thabhairt dúinn anois faraor