Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóthain
ainmfhocal, baineann
dóthain agus sáith: dóthain an gnáthfhocal thríd iarthar na Gaillimhe thríd is thríd, cé is moite de Dhúiche Sheoigheach. Ó Ghaillimh go hUachtar Ard tá siad tuairim leath is leath, ach is coitianta sáithdóthain i logáin ansin. Sáith an gnáthfhocal ar an Achréidh, ach tuigtear é agus baintear leas as ar fud na Gaillimhe ar fad. Cuirtear díol i leaba sáithdóthain i ngach uile áit (fc. díol). Gach sampla mórán dá bhfuil faoi díol is féidir dóthain a chur i leaba díol ann, cé is moite de díol trua, díol magaidh agus a leithidí
sáith, díol, riar do cháis, díol do fhreastail, an oiread is a dhéanfadh thú díreach.
a.
+
Níl leath do dhóthain agat
Tá a sheacht ndóthain aige
TUILLEADH (21) ▼
Is fada ó do dhóthain fós thú
Is beag le mo dhóthain atá agam
Níl do dhóthain agat — tada leis
Dá n-éiríodh cluiche eile mar sin linn, chuirfeadh sé go dtí ar ndóthain muid (fc. samplaí díol)
Sin é do dhóthain (fc. díol)
Tá mé gar go leor do mo dhóthain anois
Is beag é mo dhóthain
Dá laghad é a dhóthain ní fhaigheann sé é
Tá mo dhóthain féin ann agus dóthain an chapaill. Sin é ar chuir mise d' fhataí síos. Má tá fataí ag teastáil ó aon duine eile cuireadh sé síos iad
Tá móin a ndóthain acu — tá a ndóthain móna acu
Gheobhaidh sé airgead a dhóthain thall ansiúd
Beidh cead siúil a dhóthain ansiúd aici
Níl a dhóthain achrainn faighte fós aige
Fuair sé a dhóthain talúna lena bhean
Tá a dhóthain óil aige — é óltach
Tá fataí a dhóthain aige
Tá dóthain na coise tinne againn (fc. díol)
Tá dóthain triúr agat.
Bhí dóthain cúigear d'iasc ina mhínis (fhianais)
Tá dóthain dháréag de chaint aici. Níor miste gobán a chur inti
'Sí dóthain fear ar bith de bhean í
+
Tá do dhóthain mhór agat anois — tá do dhóthain agat agus lena chois
Thug mé a dhóthain mhór airgid dó ag imeacht, más é a chaitheamh nó a chailleadh a rinne sé. Pé ar bith cén bhail a chuir sé air ar aon chor, ní raibh díol a fhreastail aige nuair a chuaigh an crú ar an tairne
TUILLEADH (2) ▼
Tá do dhóthain mhór coirce síl agat ansin le aghaidh an gharraí siúd. Dheamhan a fhios agamsa nach an iomarca atá agat. Ní hé an oiread sin a chuirfeas é dhuit
Bhí a dhóthain mhór glaomaireachta aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airíonn cuid ar a chéile acu an dream atá sna bólaí seo rómhacánta. Murach sin ba bheag é a gcuid glaomaireachta
+
Tuige a dtiocfainn ar cuairt anseo. D'fhan mé in mo dhóthain san áit a raibh mé
Cén chiall duit a bheith ag iarraidh imeacht? Cheal nach bhfanfá in do dhóthain, fhad is atá tú in do dhóthain. Ar ball a chaoinfeas tú é
TUILLEADH (4) ▼
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain murach an dlús a bhí liom thíos. Ní raibh aon bhreith agam ar an áit thíos
Breá nár fhan sí ina dóthain lá is gur chas Dia ina dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ró-aerach agus an iomarca fonn amach uirthi. Sin é a d'fhága a cosa nite
D'fhága mise ina dhóthain é, fanadh sé ann nó ná fanadh. Ach is dóigh ar nós chuile shórt eile, go mbuailfidh uabhar é agus go ngráineoidh sé ar an áit a bhfuil sé
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé chuile dhuine den chlainn ina ndóthain. Ach scaip cuid acu é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthaigh. Tá sé sin anois chuile orlach chomh deisiúil agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin, is maith an oidhe air é
b.
+
Gheobhaidh sé a dhóthain den obair fós — tá sé líofa ag obair, ach tiocfaidh an t-am a mbeidh sé bréan di, de bharr an iomarca di a dhéanamh. (Gheobhaidh sé a dhóthain oibre — an oiread is go bhféadfaidh sé a dhóthain airgid a shaothrú)
Fuair sé a dhóthain den fharraige
TUILLEADH (5) ▼
Fuair sé a dhóthain den talamh — an oiread is gur éirigh sé as an talmhaíocht ar fad, agus go ndeachaigh sé ag obair i nG. as a dheireadh
Tá a dhóthain go maith den tuíodóireacht aige anois — tá sé bréan den obair sin, de bharr a bhfuil déanta aige di
Tá a dhóthain den ól aige — é bréan de
Fuair sé a dhóthain go binn den troid
Ní bhfuair an t-asal a dhóthain den mhadadh fós
+
Beidh a dhóthain le déanamh aige agus é a bhualadh freisin
Beidh a ndóthain le déanamh acu agus an garraí a bheith curtha acu faoi cheann seachtaine
TUILLEADH (6) ▼
Tabharfaidh sé a dhóthain le déanamh dhó agus srianadh siar
Thug sé a ndóthain le déanamh don chúigear acu é a cheansú
Bheadh ár ndóthain le déanamh ag an triúr againn a raibh ann a bhualadh, murach gur casadh cúnamh chugainn
Gheobhaidh sí a dóthain agus thú a aithneachtáil
Fuair sé a dhóthain agus a bhealach a dhéanamh abhaile
Faigheann sé a dhóthain agus a bhróga a dhúnadh, tá sé chomh hotraithe sin

Féach freisin

dóthain in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí bhur ndóthain tae agaibh? Shílfeá go raibh agus roinnt d'fharasbarr. Tá taoscán sa gceaintín seo fós
+
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaigh a ndóthain leasú orthu agus tá a shliocht orthu
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfaigheadh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh murach a chuid ealaíne. Nach raibh a ndóthain acu fhéin ann, má bhí fonn oibre orthu
 
Tá a dhóthain le freagairt ag chuile dhuine agus freagairt ar a shon fhéin (.i. i láthair Dé) gan bacadh le duine ar bith eile
 
ceal 1
Baol ormsa a bheith in ann an chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le déanamh dhom aon cheart a bhaint den tsaill fhéin.
 
Ná bíodh coimhthíos ná cúthaileadas ort anseo, ach ith suas do dhóthain.
 
Níor thug sé a dhóthain coirpéise chor ar bith don teach sin. Sách cúng a bheas an chisteanach, feicfidh tú féin, nuair a bheas seomra bainte as chaon cheann dhe.
 
Dheamhan ceo ceirde aige ach an oiread liomsa murach na goití, ach nach in é a dhóthain. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
+
Tá a dhóthain (a sháith, a dhíol, fuílleach, neart srl.) bealaigh aige má tá sé ag iarraidh a dhul amach — réiteach ag gluaisteán srl. le dhul thar chairt ar bhóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfidh na motors sin do dhóthain bealaigh leat lena dhul thartub chor ar bith. Is mian leob an bóthar a bheith fúthub fhéin ar fad.
 
beart
Má tá tú in ann do bheart a dhéanamh, sin é do dhóthain.
 
coiric
B'fhurasta a aithinte ar S. Mh. Ph. go raibh braoinín sa gcoiric aige inné. Ná bac leis, má fheiceann tú ag cur láimhe ar bith ar a shróin é. Sin é do dhóthain.
 
Tá mo phíobán calcaithe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deireadh dhó mura bhfuil ag Dia.
 
bocht 1
Tá a dhóthain ar a aire thairis anois, an duine bocht.
 
Deirimse leat, dhá bhfaigheadh an bollaire sin, cupla cniogaide maith isteach ar an mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainte a thabhairt dó.
 
Má tá aon bhrabach aoil ansin agat, tabhair dhomsa é, arae b'éigean dom cuid den bhinn a fhágáil i mo dhiaidh an lá faoi dheireadh an áit nach raibh mo dhóthain aoil agam le cur uirthi — aol le cois; tuilleadh agus díol do fhreastail.
 
Dhá bhfaigheadh sé a dhóthain gréine is beag an baol a bheadh air breochan (nó breo) mar sin.
 
Fuair mise mo dhóthain den aicearra sin cheana.
+
Bhí a dhóthain (a sháith, a dhíol, lán a chruite, lán a chraicinn srl.) aiféala air aríst, nuair a chuimhnigh sé air féin.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a d'ól a dhóthain go breá aréir, ach tá mé ag ceapadh gur fear in aiféala é inniu.
 
Deir daoine gurb iad an slua sí — diúltaí muide dóibh! — a bhuail faoi oíche a raibh sé ag teacht abhaile deireanach, agus gur shearg a láimh anuas ón dúid dhá mbarr. Más siad nó nach iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é
 
Dhá mbeadh a dóthain lonnadh sa bhfarraige, bheadh níos mó bualadh ar an iasc.
 
aire
'Dá bhfaigheadh sé a dhóthain (a sháith, a dhíol) aire,' adeir an dochtúr, 'thiocfadh sé as.'
 
anáil
Ní mó ná dhá gcuireadh sé cupla cúrsa eile ar an mballa go mbeadh a dhóthain anála ag an teach.
 
ascar
Casadh in ascar mé ar an tulaigh agus fuair mé mo dhóthain le déanamh agus a theacht as
+
Is beag an fhianaise do dhóthain i rud den tsórt sin. Ag an dochtúr atá a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá beirt fhianaise agam gur bhuail sé mé. Nach in é mo dhóthain
 
finne
Beidh moill ar an bhfómhar i mbliana shula dté sé i bhfinne. Ní bhfuair sé a dhóthain gréine.
+
Tá do dhóthain foirinn agat i gcurach má tá beirt iomróirí maithe inti
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhóthain gualach agam le aghaidh foireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ródhaor ar fad
 
Chuir sí cupla foracún fola amach. Nach in é do dhóthain. Eitinn
 
fuadar
Ara muise nach faoi atá an fuadar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air
 
fuagra
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghártha sin ina thaobh. Ach bhí an iomarca sainte aige sa saol le luí. Tá aiféala anois air — fuair sé le n-inseacht go raibh an tinneas ag teacht
 
furú
Is faoi atá an forra pósta. Shílfeá go mbeadh a dhóthain breithe aige air
 
imir
Imir as do láimh fhéin — déarfaí é nuair a bheadh duine ag cur iomarca cronaí i gcártaí na n-imreoirí eile, agus rómhuiníneach as a pháirtí, agus nach mbeadh sé 'baint a dhóthain leasa as a chuid cártaí féin.
 
Níl aon duine a bhí ag ionsaí ariamh nach bhfuair a dhóthain di sa deireadh
 
lig
Tá mo dhóthain ligean reatha sa méid seo le dhul glanoscartha thar an gclaí (freisin amantaí, an méid tosaigh a tabharfaí do dhuine thar dhuine nó daoine eile i gcoimhlint nó i rása, nó i ngeábh coisíochta)
 
Tá an áit sin fada fairsing acu anois lena ndóthain le n-ithe a fháil ann — an-fhairsing
+
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin iontu (i mbróga nua) ar chaoi ar bith. Is fhearr rófhairsing ná róchúng iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuanaí Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bheas sibh bliain ó inniu
 
fia
Ba cheart duit cearc mar sin a fhágáil píosa maith ar an uibh: a dóthain ionú a thabhairt di théis breith. Mura dtuga, sáróidh sí thú le luí fia. Bhí sé ar na cearca seo ar fad anuraidh.
 
fill
Níl do dhóthain fillíochaí (filltíochaí) agat ar an gcoirleach sin. Bord leadhbach a bheas agat
 
Níor mhór dhuit an seanleasú sin anois a fholach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! Nuair a bhí an garraí sin curtha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasaithe air
 
fonsa
Níl a dhóthain tearra ar an gcurach sin. Ná bac le ceann ar bith a mbeidh na fonsaí leis mar sin inti. Níorbh fholáir trí bhrat a dhul os cionn a chéile uirthi sin — na clárachaí ina gcineál buinne nó na hoops atá trasna faoi chreatlachaí na curaí. Bíonn na liúrachaí taobh istigh dhíobh sínte ar a bhfad
 
Is againn a bheas an sagart i mbliana agus m'anam go bhfuil ar ndóthain eile thairis le freastal againn — tá díolaíocht seachas costas an tsagairt le n-íoc againn
 
fuath
Dheamhan fios fuath ná feannóige agamsa a dheartháir mo chroí thú, cé a ghoid do chuid rópaí. Duine eicínt atá ag iarraidh thú a shaighdeadh. Cén ghnaithe a bheadh agamsa de do chuid rópaí. Tá mo dhóthain acu agam fhéin ar scáth a ndéanaim leo
 
fuin
Dhá bhreácha í Máire Eoin, ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leor má bhíonn a dóthain airgid aici. 'Sé an t-airgead an bhreácha
+
Níor chuir tú a dhóthain fuinnimh sa súgán — le súgán a dhéanamh téann fear istigh i mbun coca tuí nó féir, nó bíonn sé ar a dhearnachaí in áit a mbíonn glac thuí nó fhéir nó a leithidí. Beireann sé ar shlám agus déanann sé dlaoi dhó agus láimh aige i ngach aon cheann dó. Cuireann an fear eile corrán nó cor shúgáin i ngreim sa slám agus tosaíonn sé ag casadh an acra seo chuige agus ag déanamh rópa dhe nó go mbíonn sé sách fada aige. "Ag cur fuinnimh ann" a bhíos sé leis an gcasadh sin. Ligeann an fear eile an súgan dó .i. coinníonn sé ag cur tuí nó féir isteach ina cheann as an gcarnán
TUILLEADH (1) ▼
Ní dheachaigh a leath ndóthain fuinnimh sna súgáin sin. B'fhurasta a aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
 
Théis gurb é lár an tsamhraidh a bhí ann agus go raibh an uair breá brothallach, ní fhéadfaí a leath dhóthain clúdadh a thabhairt dó. Ar ndóigh ba geimhreadh an áit seo le hais na réigiúin a d'fhága seisean