Dóthain
—ainm-fhocal, buineann.
—Dóthain agus sáith. "Dóthain" an gnáth-fhocal thríd Iarthair na Gaillimhe thríd agus thríd, cé's móite de Dhúithche Sheoigeach. Ó Ghaillimh go hUachtar Árd tá siad tuairim leath agus leath, ach is coitianta "sáith" ná "dóthain" i logáin annsin. "Sáith" an gnáth-fhocal ar an Achréidh, ach tuigtear é agus baintear leas as ar fud na Gaillimhe ar fad. Cuirtear "díol" i leabaidh "sáith" nó "dóthain" is gach uile áit. Féach díol. Gach sompla, mórán dá bhfuil faoi "dhíol" is féidir "dóthain" a chur i leabaidh "díol" ann, cé's móite de "dhíol truaighe", "díol magaidh" agus a leithidí.
—
sáith, díol, riar do cháis, díol do fhreastail, an oiread agus a dhéanfadh thú díreach.
a.
+–
Níl leath do dhóthain agad
Tá a sheacht ndóthain aige
TUILLEADH (21) ▼
Is fada ó do dhóthain fós thú
Is beag le mo dhóthain atá agam
Níl do dhóthain agad — tada leis
Dá n-eirigheadh cluiche eile mar sin linn, chuirfeadh sé go dtí ar ndóthain muid (fc. somplaí díol)
Sin é do dhóthain (fc. díol)
Tá mé gar go leor do mo dhóthain anois
Is beag é mo dhóthain
Dá laghad é a dhóthain ní fhaghann sé [é]
Tá mo dhóthain féin ann agus dóthain an chapaill. Sin é ar chuir mise d' fhataí síos. Má tá fataí ag teastáil ó aonduine eile cuireadh sé síos iad
Tá móin a ndóthain aca = tá a ndóthain móna aca
Gheobhaidh sé airgead a dhóthain thall annsiúd
Beidh cead siubhail a dhóthain annsiúd aice
Níl a dhóthain achrainn faighte fós aige
Fuair sé a dhóthain talmhana len a bhean
Tá a dhóthain óil aige = é óltach
Tá fataí a dhóthain aige
Tá dóthain na coise tinne againn (fc. díol)
Tá dóthain triúr agad.
Bhí dóthain cúigear d'iasc in a mhiainis (fhiadhnuis)
Tá dóthain dháréag de chaint aice. Níor miste gobán a chur innte
'Sí dóthain fear ar bith de bhean í
+–
Tá do dhóthain mhór agad anois = tá do dhóthain agad agus len a chois.
Thug mé a dhóthain mhór airgid dó ag imeacht, má's é a chaitheamh nó a chailleadh a rinne sé. Pé'r bith cé'n bhail a chur sé air, ar aon-chor, ní raibh díol a fhreastail aige an uair a chuaidh an crudh ar an tairnge
TUILLEADH (2) ▼
Tá do dhóthain mhór coirce síl agad annsin l'aghaidh an gharrdha siúd. Dheamhan a fhios agamsa nach an iomarca atá agad. Ní hé an oiread sin a chuirfeas é dhuit
Bhí a dhóthain mhór glaodhmaireacht' aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonnaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airigheann cuid ar a chéile aca an dream atá ins na bólaí seo ro-mhacánta. Marach sin ba bheag é a gcuid glaodhmaireacht'
+–
'Tuige a dtiocfainn ar cuairt annseo. D'fhan mé in mo dhóthain ins an áit a raibh mé
Cé'n chiall duit a bheith ag iarraidh imeacht? 'Cheal nach bhfanfá in do dhóthain, 'fhad agus atá tú in do dhóthain. Ar ball a chaoinfeas tú é
TUILLEADH (4) ▼
D'fhanfainnse muise in mo dhóthain marach an dlúthas a bhí liom thíos. Ní raibh aon-bhreith agam ar an áit thíos.
Breagh nar fhan sí in a dóthain lá agus gur chas Dia in a dóthain í. Ach ní fhanfadh. Bhí sí ro-aerach agus an iomarca fonn-amach uirre. Sin é a d'fhága a cosa nighte
D'fhága mise in a dhóthain é, fanadh sé ann nó ná fanadh. Ach is dóigh ar nós 'chuile shórt eile go mbuailfidh uabhar é agus go ngránóchaidh sé ar an áit a bhfuil sé
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé 'chuile dhuine de'n chloinn in a ndóthain. Ach scaip cuid aca é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthuigh. Tá sé sin anois 'chuile orlach cho deiseamhail agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin is maith an aghaidh air é
b.
+–
Gheobhaidh sé a dhóthain de'n obair fós = tá sé líomhtha ag obair, ach tiocfaidh an t-am a mbeidh sé bréan di, de bharr an iomarca di a dhéanamh. (Gheobhaidh sé a dhóthain oibre = an oiread agus go bhféadfaidh sé a dhóthain airgid a shaothrú)
Fuair sé a dhóthain de'n fhairrge
TUILLEADH (5) ▼
Fuair [sé] a dhóthain de'n talamh — an oiread agus gur eirigh sé as an talmhuidheacht ar fad, agus go ndeachaidh sé ag obair inG. as a dheireadh
Tá a dhóthain go maith de'n tuigheadóireacht aige anois = tá sé bréan de'n obair sin, de bharr a bhfuil déanta aige di
Tá a dhóthain de'n ól aige = é bréan de
Fuair sé a dhóthain go binn de'n troid
Ní bhfuair an t-asal a dhóthain de'n mhadadh fós
+–
Beidh a dhóthain le déanamh aige agus é a bhualadh freisin.
Beidh a ndóthain le déanamh aca agus an garrdha a bheith curtha aca faoi cheann seachtaine
TUILLEADH (6) ▼
Tiubharfaidh sé a dhóthain le déanamh dhó agus srianadh siar
Thug sé a ndóthain le déanamh do'n chúigear aca é a cheannsú
Bheadh ar ndóthain le déanamh ag an triúr againn a raibh ann a bhualadh, marach gur casadh congnamh chugainn
Gheobhaidh sí a dóthain agus thú a aithneachtáil
Fuair sé a dhóthain agus a bhealach a dhéanamh abhaile
Faghann sé a dhóthain agus a bhróga a dhúnadh, tá sé cho h-otruighthe sin
Féach freisin
Dóthain in iontrálacha eile (50+)
Bhí ur ndóthain tae agaibh? Shílfeá go raibh agus roint d'fhearasbár. Tá taoscán san gceaintín seo fós
+
→
fearacht
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaidh a ndóthain leasú orra, agus tá a shliocht orra
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
→
freagair
Tá a dhóthain le freagairt ag chuile dhuine agus freagairt ar a shon fhéin (.i. i láthair Dé) gan bacadh le duine ar bith eile
→
fág
An té is cumhang (nó "ar cumhang") leis fágadh = an té a shíleas nach bhfuil a dhóthain réitigh aige, imíodh sé; an té a shíleas go bhfuil doicheall roimhe ná fanadh sé mar a dtaithníonn leis
→
ceal 1
Baoghal ormsa a bheith indon a' chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le deanamh dhom aon-cheart a bhaint de'n tsaill fhéin.
→
coirpéis
Níor thug sé a dhóthain coirpéise chor a' bith de'n teach sin. Sáthach cumhang a bheidheas a' chisteanach, feicfidh tú féin, nuair a bheidheas seomra bainte as 'chaon cheann dhe.
Dheamhan ceo ceirde aige, ach an oiread liomsa, marach na goithtí, ach nach shin é a dhóthain. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
+
→
bealach
Tá a dhóthain (a sháith, a dhíol, fuighleach, neart etc) bealaigh aige má tá sé ag iarraidh a dhul amach = réidhteach ag gluaisteán etc le dhul thar chairt ar bhóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Ní leigfe na 'motors' sin do dhóthain bealaigh leat le na dhul tharta(b) chor a' bith. Is mian leo(b) a' bóthar a bheith fútha(b) fhéin ar fad.
→
coiric
B'fhurast 'aithinte ar S. Mh. Ph. go raibh braoinín sa gcoirric aige indé. Ná bac leis, má fheiceann tú 'cur láimh' a' bith ar a shróin é. Sin é do dhóthain.
Tá mo phíobán calcuighthe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deire dhó, mara bhfuil ag Dia.
→
bollaire
Deirimse leat, dhá bhfaghadh an bollaire sin, cupla criogaide maith isteach ar a' mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainnte a thabhairt dó.
→
brabach
Má tá aon-bhrabach aoil annsin agad, tabh'r (dh)om-sa é, arae b'éigin dom cuid de'n bhínn a fhágáil i mo dhiaidh an lá faoi (dh)eire, in áit nach raibh mo dhóthain aoil agam, le cuir uirre = aol le cois; tuille a's díol do fhreastail.
→
breoigh
Dhá bhfaghad sé a dhóthain gréine is beag a' baoghal a bheadh air, breodhchan (nó breodhadh) mar sin.
+
→
aiféala
Bhí a dhóthain (a sháith, a dhíol, lán a chruite, lán a' chraicinn etc) aithmhéala air aríst, nuair a chuimhnigh sé air féin.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé a d'ól a dhóthain go breagh aréir, ach tá mé 'ceapadh gur fear in aithmhéala é indiu.
Deir daoine gurb' iad an sluagh sidhe — diúltuigheamuide dóibh! — a bhuail faoi, oidhche a raibh sé 'teacht abhaile deireannach, a's gur shearg a láimh anuas ó'n dúid dhá mbarr. Má's siad nó nach h-iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é.
→
anáil
Ní mó ná dhá gcuireadh sé cupla cúrsa eile ar a' mballa go mbeadh a dhóthain anála ag a' teach.
+
→
fianaise
Is beag an fhiainise do dhóthain i rud den tsórt sin. Ag an dochtúr atá a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá beirt fhiainise agam gur bhuail sé mé. Nach shin é mo dhóthain
→
finne
Beidh moill ar an bhFómhar i mbliana shul a dteighe sé i bhfinne. Ní bhfuair sé a dhóthain gréine.
+
→
foireann
Tá do dhóthain fuirinn agad i gcurrach má tá beirt iomróirí maithe inte
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhóthain gualach agam l'aghaidh fuireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ro-dhaor ar fad
→
fuadar
Ara muise nach faoi atá an fudar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air
→
fuagra
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghárha sin in a thaobh. Ach bhí an iomarca saint' aige san saol le luighe. Tá aiféala anois air = fuair sé len innseacht go raibh an tinneas ag teacht
→
lig
Tá mo dhóthain leigean reatha sa méid seo le dhul glan-easgartha thar an gclaidhe (freisin amanntaí, an méid tosaigh a tiubharfaí do dhuine thar dhuine nó daoine eile i gcoimhlinnt nó i rása, nó ingeábh coisidheachta).
+
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin ionta (i mbróga nuadh) ar chaoi ar bith. Is fhearr ro-fhairsing ná ro-chumhang iad
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuannuighe Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bhéas sib bliain ó inniu
→
fia
Ba cheart duit cearc mar sin a fhágáil píosa maith ar an uibh: a dóthain ionú a thabhairt di th'éis breith. Mara dtuga sáróidh sí thú le luighe fia. Bhí sé ar na cearca seo ar fad anuiridh.
→
fill
Níl do dhóthain fillíochaí (filltíochaí) agad ar an gcoirrleach sin. Bord leadhbach a bhéas agad
→
folaigh
Níor mhór dhuit an sean-leasú sin anois a fhalach le ceobáinín beag aoiligh. Dhéanfadh sin thú! An uair a bhí an garraí sin curha faoi dheireadh bhí a dhá dhóthain leasuithe air
→
fonsa
Níl a dhóthain teara ar an gcurach sin. Ná bac le ceann ar bith a mbeidh na fonnsaí leis mar sin inte. Níorbh fhuláir trí bhrat a dhul as cionn a chéile uirre sin = na clárachaí in a gcineál buinne, nó na "hoops" atá treasna faoi chreatlachaí na curaí. Bíonn na liúrachaí taobh istigh dhíob, sínte ar a bhfad
Is againn a bhéas an sagart i mbliana, agus m'anam go bhfuil ar ndóthain eile thairis le freastal againn = tá díolaíocht seachas costas an tsagairt len íoc againn
→
fuath
Dheamhan fios fuath ná fionnóige agamsa a dheárthair mo chroí thú, cé a ghoid do chuid rópaí. Duine eicínt atá ag iarraidh thú a shaghdadh. Cén ghnatha a bheadh agamsa de do chuid rópaí. Tá mo dhóthain aca agam fhéin ar scáth a ndéanaim leó
→
fuin
Dhá bhreácha í Máire Eóin ní fhuinfeadh sí cáca gan min. Beidh an bhean ceart go leór, má bhíonn a dóthain airgid aice. Sé an t-airgead an bhreácha
Níor chuir tú a dhóthain fuinneamh san súgán = le súgán a dhéanamh teigheann fear istigh i mbun coca tuighe nó féir, nó bíonn sé ar a dhearnachaí in áit a mbíonn glac thuí nó fhéir nó a leithidí. Beireann sé ar shlam agus déanann sé dlaoi dhó, agus láimh aige is gach aon cheann dó. Cuireann an fear eile corrán nó cor shúgáin i ngreim san slám agus tosaíonn sé ag casadh an acara seo chuige agus ag déanamh rópa dhe nó go mbíonn sé sách fada aige. "Ag cur fuinneamh ann" a bhíos sé leis an gcasadh sin. Leigeann an fear eile an súgan dó .i. coinníonn sé ag cur tuí nó féir isteach in a cheann as an gcárnán