Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deasú
briathar
deasuighim agus rl.
Deasú, Deisiú: ní mar a chéile an dá fhocal seo thríd agus thríd ar fud na Gaillimhe. Is ionann "deasú" agus rud a bhíos briste nó a mbíonn marach eicínt air a dhéanamh slán, nó a chur i gcruth imeachta, oibre, leasa nó eile. Níl an chiall atá le "deisiú" cho cruinn sin. Is ionann "deisiú" agus réidhteach nó feistiú nó gléasadh. Dheasóchthá an rothar nuair a bheadh rud eicínt briste ann, ach an rothar a dheisiú is ionann é cuirigcás agus dá mbeadh gach uile mhíle ball dhe slán, ach nach mbeadh sé amuigh le fada, agus go mbeadh sé bainte anuas. Len a dheisiú annsin, chuirfeá le chéile aríst é, chuirfeá ola, bealadh agus eile air, ghlanfá é agus rl., ach ní bheadh deasú ar bith ag teastáil uaidh, mar ní bheadh tada briste ann. An uair a bhíos duine ag dul ar aistir é féin a dheisiú a ghníos sé (é féin a ghléas agus rl.). Dheiseochthá do bhróga le snas a chur orra agus a nglanadh, agus iallacha a chur ionnta, ach ní dheasuighthear iad ach an uair a bhíos siad briste. Sin é an t-idir-dhealú i gcoitinne, ach deir daoine "deisiú" in áit "deasú" scaithtí, agus deirtear "deisiú" in áit "deasú" i gceanntarachaí ar an Achréidh as éadan. Ní abruighthear deasú in áit deisiú (an chiall réamhráidhte) in áit ar bith
1.
caoi a chur ar rud; rud a chur i riocht nó i gcruth maitheasa nó leasa; rud briste a dhéanamh slán.
+
Dheasuigh sé na bróga aréir.
Is géar a theastóchadh mo chuid sean-bhalcaisí a dheasú
TUILLEADH (24) ▼
Níor thug sé deasú ar bith ar an róthar
Tá sé ó dheasú anois. Nach shin é tuithte ó 'chéile uiliog é = tá a chuid deasú ar iarraidh anois agus rl.
Dheasóchadh fear stuama an "Kettle" sin fós, ach níor mhór dhó a bheith stuama agus stuama go maith
Is beag an deasú a d'iarrfadh sé mar chlog an uair a bheadh sé ar fheabhas
Tá sí réidh le deasú anois ó d'imigh an ciseadóir. Sin é an buachaill a dheasóchadh í. Dhéanfadh sé ciseog nuadh di
Tá do dhorus gan deasú muis, má bhí sé in a chleitheamhnas siúd. Nach fearr mé féin seacht n-uaire ná é sin
Beidh do chuinneog gan deasú muis, má's leat a bheith ag forcabhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-choimhlíonadh
Shílfeá má d'íoc tú é, go dtiubharfadh sé deasú thairis sin air. Ní bheidh an coiléar sin dhá lá choidhchin uirre go mbeidh an bhail chéadna aríst air
Tá an simléar le deasú aríst. Tá sé ag puthaighil as éadan
Is fhearr go mór an deasú a thugas T. Sh. Sh. ar thubáin agus ar chíléir ná an C. Ar scáth cupla scilling, níorbh fhiú dhuit a bheith do do mhearú féin leis an ngobán sin thuas
Má theighim ar dheasú na mbróg, ní chomhnóchaidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidthe le bróga éalannacha
Ní dheasóchadh sé poll a bheadh ar a threabhsar, ní áirighim "engine mótair" a dheasú
Cá'il fear dheasuighthe na mbróg
Ní mór an tlú sin a thabhairt ag an ngabha, nó ag fear deasuighthe eicínt go dtathuighthear an dá bhrionglán
Deir siad go bhfuil lucht dheasuighthe túirní in áit eicínt inGaillimh anois. Tá sean-túirne againne agus tá muid ag brath ar a dheasú aríst
Dheasóchadh sé a bhfuil de shean-chléibh in Éirinn ach sail a choinneál leis
Is gearr go dteastuighidh deasú ó'n mballa sin. Tá sé ag scáineadh.
Ag deasú sconnsaí soir annsin atá sé
Is olc an aimsir í ag deasú bóthair
Níor deasuigheadh an bóthar sin le mo chuímne
An bhfuil aon-rath ort ag deasú eangaighe? Tá sí le cur le súain agus na mogail le greamú
Cé'n chruadhóig deasuighthe atá air. Bainfidh sé scathamh eile amach mar tá sé
Is deasuighthe atá sé anois ná an chéad-uair = is fhearr an deasú atá air ná an chéad-uair
Tá sé ag deasú an urláir. Shílfeá go mb'fhearr dó an t-urlár siúd a chaitheamh amach uiliog agus urlár nuadh glan a chur isteach. Bhí an t-urlár siúd ann le línn na n-aithreachaí
+
Ní mór don teach sin deasú go goirid = brat tuí a chur air, mar a déantar in áiteachaí é (Rosmuc, Árainn agus rl.) le caghnaí agus ceathrúnaí. Ní mar sin a dhéantar in áiteachaí eile é, mar ní theigheann brat ar na tithe ach in éadan 'chaon deich mbliana nó mar sin
Cuirtear deasú orra 'chuile bhliain: na tithe a mbíonn na caghnaí agus na ceathrúnaí orra. Ní fuláir a ndeasú amach faoi Shamhain i gcóir an gheimhridh
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a bhíos an teach deasuithe, bíonn sé mar a bheadh mogaill lín ann
Tuí sheagail is mó a chuirtear de dheasú ar an tithe annseo. Buailtear thíos ar na h-uláin sin thíos í, agus deasaíonn muid na tithe léithe annsin. Níl de chailleadh uirre … Tá an tuí chruithneacht an-gháifeach
An bhfuil aon-rath leat ag deasú tighe. Teann aníos annseo go bhfeiceamuid an bhfuil
Chuaigh deasú ar an teach sin anuiridh, agus is géar a theastódh deasú eile uaidh anois mar sin fhéin. Má fhágann tú bliain ar bith gan deasú iad, teigheann siad i léig. Caithfidh tú caghnaí a chur treasna agus na ceathrúnaí anuas faoin a mhullach
Dheasaigh mé an cró sin thiar le glaicín thuí choirce an bhliain cheana, ach ní raibh buaineadas ar bith innte. Is fhearr an tuí sheagail go mór, ach gan leigean di críonadh sul a mbaintear í. Tá sé in acar le in am a dhul ag deasú anois muis
Ní dheasaíonn sibse na tithe cho minic agus a dheasaíos muide iad. Ach níl aon-chrúóig agaibhse leis. Tithe ceann slinne is mó atá amach an taobh se'agaibh-se anois. Siad is fhearr sógh freisin. Chuirfeadh na sean-tithe ceann tuí seo thar bharr do chéille tú dhá ndeasú chuile bhliain beó
·
Níor mhór na cocaí sin a dheasú suas beagán nó ólfaidh siad an bháisteach = a sceacháil suas; deis a chur orra
Deasuigh suas an tuighe sin amuigh nó déanfaidh asail cis ar easair di
2.
doirtim, teannadh, coinneál, brúghadh, crapadh.
a.
·
Deasuigh anuas ag an teine = doirt, teann, brugh anuas
Deasuigh anuas agus déan do ghoradh. Ní hí oíche an doruis dúinte í (ní oíche í le suidhe ag an dorus dúinte)
+
Dheasuigh sé isteach liom, agus shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air mé a bhualadh
Deasuigh isteach léithe a fhleasca(igh)! Bí ag baint corr-scealpóig as na calpaí (colpaí) aice. Is beag a aireochas sí é, bail ó Dhia uirre
TUILLEADH (13) ▼
Is maith gasta a dheasóchadh an grabairín sin isteach le cailín óg deirimse leat. Bíodh mná ar a son féin air sin
Is maith gasta a dheasóchadh sé isteach le pionta pórtair dá leagtaí in a mhiainis (fhiadhnuis) é, agus ní gasta ná a dheasóchadh sé suas le cúilfhionn mná
Deasuigidh isteach 'u' (bhur) gcosa. Caithfidh mé greallach theine a chur síos
Dheasuigh sé isteach ar cholbh an bhóthair, agus dheamhan mórán nach dtáinic an "lorry" salach air in a dheidh sin
Deasuigheadh muid isteach ar an bhfascadh. Phréachfadh an áit seo na fiadhannaí
Chuala mé go raibh tú ag brath ar deasú isteach leis an ascaill ag inghin Sh. Ph. Ch. Ab shin í an fhírinne … Huga leat anois
Deasuigh isteach leis an teine. Is ceart duit fuacht fhéin a bheith ort agus thú amuigh faoi'n sneachta ó mhaidin.
Deasuigh isteach faoi'n bpearasól. Cumhdóchaidh sé ó'n mbáistigh thú
Céad slán do'n tsaoghal a ndeasóchthá isteach faoi'n seál ag cailín óg! Dheamhan seál anois a d'fheicfeá ar aon-bhean óg dhá gcuirtheá slat ar an tír
Ní dheasóchadh sé isteach ins an "sate" (seat) le áit a thabhairt d'aon-duine eile dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Bhí sé in aon-ghillín amháin annsiúd agus sean-mhná dhá dtreascairt faoi agus thairis, agus ní chorróchadh sé. Tháinic "conductor" an bhus faoi dheireadh agus chuir sé faoi ndeara dhó deasú isteach, agus deifir air
Chuaidh mé ar mo ghlúine ag ceann an "desk", agus th'éis go raibh fuighleach áit' ann, dheamhan duine dhá raibh istigh ann a dheasóchadh isteach a dhath. Ní raibh an oiread sin de shoilgheas ionnta
Dheasuigh mé isteach leis an gcarr ins an tsáinn siúd go leiginn an lorry tharm
Dheasuigh muid isteach indorus siopa nó go raibh an ráig thart
·
Deasuigh amach uaim a bhleitheach mhóir, nó an rún atá agad suidhe orm uiliog
Deasuigh uaim do láimh. Tá sí ag dul i bhfoghail = cailín óg le buachaill
·
Deasuigh suas agus tabhair bínn de'n stól dom = brúgh
Deasuigh suas ins an leabaidh. An rún atá agad mise a chur ar an talamh?
+
Deasuigh i leith go bhfeicidh mé cé'n sórt meall é sin ar do leiceann. Níl aon-deagh-chosamhlacht air
Tá sé le deasú anuas in aice an bhóthair go goirid. Teach nuadh atá sé le dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Deasuigidh síos an chuinneoig sin i ngar do'n teine nó ní théachtfaidh sé choidhchin ar an aimsir seo
Deasuigh thart! Deasuigh thart adeirim. Is deacair dhom thú a bhleaghan mar seo = bean le bó
b.
+
Deasuigh ort go maith. Tá an oíche cruadh = cuir ort neart éadaigh
Deasuigh an chuilt seo timcheall ort. Coinneochaidh sí te thú
TUILLEADH (3) ▼
An uair a dheasuigh mé na pluideannaí go maith thart timcheall orm ins an leabaidh, dheamhan a dhath fuaicht a d'airigh mé níos mó
Diabhal fuacht a bheadh ort ar an "jaunt" siúd, dá ndeasuightheá an "rug" thart faoi do chosa
Deasuigidh na cótaí móra timcheall oraibh go maith. D'fheannfadh an bóthar siúd na príacháin (préacháin)
+
Dhá ndeasuigheadh sí go maith isteach faoi'n a seál í, ní bhrathfadh aonduine í, ach ar an gcaoi a raibh sí aice, níl aon-duine ins an tír nach dtiubharfadh an toirt faoi deara
Dheasuigh sé suas faoi'n a ascaill é agus ghread leis
TUILLEADH (1) ▼
Deasuigheadh sí isteach go maith faoi'n a seál é, agus cé'n chall ímní atá di faoi. Póilí ar bith a thiubharfas faoi deara é cá bhfios dó nach buidéal ola é

Féach freisin

Deasú in iontrálacha eile (24)

 
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chluig sin. Dhamnóchthá thú féin leis, agus badh aon-mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang de'n sparán agus fagh ceann nuadh. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
 
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin
 
déan 1
Tá fear faighte agam anois a bhfuil déanamh na ngnaithí ann: J. Dh. Níl cinneadh ar bith leis ag deasú simléir
 
dearg 1
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath agus a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg in a chuid fola. Ba shin é an deasú air
+
deasú
Sin é an deasú air! = sin é an gléas, an bhail, an chaoi le cur air; tá an rud sin sáthach maith aige anois; sin é a theastuigh uaidh
TUILLEADH (10) ▼
Cumadh lán a bhuilg de bhréaga dhó annseo anocht. Bailigheadh leis anois! Sin é an deasú air!
Ag dul ins na fir mhóra a mhic ó! Níl meas ar bith aige ar mhná fánacha. Agus h-eitigheadh é faoi inghin Ph. L. Tuilleadh diabhail anois aige! Sin é an deasú air!
Níor thug tú mórán sásaimh dhó. Ach sin é an riocht le cur air. Ro-mhaith a bhí sé aige. Sin é an deasú anois air!
Saghd na madraí suas an bóithrín ann. Bainighidh siubhal as! Tugaighidh gaoth bhuird suas dó. Sin é an deasú anois ar an asal sin!
Tá na Sasanaigh caithte amach aríst druim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orra! Sin é an deasú orra! B'fhéidir nach mbeadh a leath-oiread gaisce aca aríst go ceann scathamh
Shíl an madadh an greim a aimsiú as béal an chuit, ach deirimse leat gur gearr gur scaoil sé uaidh aríst é, 'nuair a chuir an cut crúca ann. Sin é an deasú anois air! Tá sé ro-amplúdhach ar fad
Gearr an dris fhireann sin. Is olc an éadáil ag cosa í sin — is olc sin! Sin é anois an deasú uirre! Ní stróicfidh sí aon-duine níos mó
Tá sí i bhfastós faoi dheireadh thiar thall, th'éis mé bheith créachta aice i gcaitheamh na bliana. Mo ghrádh thú a thrapa. Ba mhaith ab fhiú coróin thú! Ghiorruigh tú leis an gcailín seo ar chaoi ar bith. Sin é an deasú anois uirre! (Francach gabhtha i dtrapa)
Sin é an deasú anois ar an mbrothtuinn sin! Rath na raithnighe orra! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois aca!
Sin é an deasú ar na h-amhuis sin! Míle buidheachas le Dia go dtáinic sé ins an saoghal go raibh duine eicínt indon ceart a bhaint díob. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireacht' aca feasta agus a bhíodh
 
deis
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon-chois, agus scian nach ngearrfadh an t-ím
 
deois
Sheas sé i bhfus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin feai'nt an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteóig bhradach. Sháruigh sé sean-chailleach
 
dia 1
Chidh Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst = briseadh mo chois agus d'fhulainn mé léithe dhá deasú
 
Diabhal a fhios agamsa arbh fhuláir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú 'un tosaigh, má's ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclóchadh sé go breagh iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon-tslat ag gabhail léithe nach bhfuil críonta
 
Sin é a mhaith agus a mhaoin: ag imeacht ag dochtúireacht mar sin timpeall an tí, ag deasú doirse, agus ag cur pabhsaes.
 
dóigh 1
Is duine an-stuama é mar dhóigh dhe. Ní thiubharfainn an tsráid le deasú dhó
 
dol 2
Nuair a bhéas tú ag deasú tighe ní fuláir dol de na caghnaí a chur ar na ceathrúnaí i gcomhnaí. Ní dheasaíonn siad na tithe mar sin agaibhse chor ar bith. Sin é an bealach atá aca annseo muis
 
dorú
B'fhurast' aithinte dhuit nuair a chuaidh tú ag fágáil do rothair aige sin le deasú gur as dorugha a bheadh sé. Aineolaidhe é sin cho mór liom féin
 
druid 2
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile, go bhféadaidh na daoine deasú tímpeall na teine?